Ceo pholatúil eagarthóir Ghaeilge an Irish Times

Dá fhad é lá tagann oíche.  Le faid gach fhaid tá an Irish Times, páirtí mór na liobrálach ar an oileán seo (dar lei féin), tar éis naimhdeas agus fuacht a léiriú d’Fhianna Fáil ach is cosúil, anois, go bhfuil údar faighte ag an nuachtán le tacú le h-Eite na Deise [mo leagan féin d’Fhianna Fáil]. 

Nó i gcolún Tuarascáil an lae inniu [An léann Geraldine Kennedy, Eagarthóir an Irish Times é sara bhfoilsítear é, ní fheadar?], tá eagarthóir Ghaeilge an Irish Times agus blagadóir ar an mblag SDLPach El Blogador, Pól  O Muirí, ag tabhairt le fios gur fada leis an lá go mbeidh Fianna Fáil ag seasamh i dtoghcháín ó thuaidh, gualainn ar ghualainn leis an SDLP.  A n-aidhm chomónta: Sinn Féin a threascairt.   Ní h-aon tacaí de chuid SF é O Muirí ar ndóigh agus san alt seo daingníonn sé a sheasamh frith Shinn Féineach.   Ní h-aon tacaí de chuid SF mé féin – b’ea trath go dtí go bhfaca mé an tréas a rinne an bpairtí sin ar an nGaeilge agus iad i gcumhacht ó thuaidh maidir le tréigint na Ciste Craoltóireachta Ghaeilge agus dallmallóg na hAchta Gaeilge.  Ar ndóigh táim ó dheas den teorainn anois agus tá i bhfad nios mó éagsúlachta ann ó thaobh na polataíochta de agus i bhfad níos fosa dá bharr gan tacú le SF!   O am go cheile agus mé ag léamh colúin Ghaeilge an Irish Times, tugaim faoi ndeara an ceo pholatúil seo ag titim ar gach a scríobhtar ann.  Bhí trath den tsaol a chuireadh sé fearg orm – nó b’é ‘pholaitiú na Gaeilge’ agus ‘claontacht pholatúil’ an rud ba mhó a bheadh á lua ag leitheidí Uí Mhuirí le Lá/Lá Nua roimhe (nuair a luafadh sé an nuachtán ar chorr ar bith) – ach anois feictear dom chomh h-amaideach is a bhí mé bheith buartha faoi mhaslaí amaideacha agus fhimíneacha óna leitheid. 

Táim féin ar shon go mór go mbeadh Fianna Fáil ag seasamh ó thuaidh den teorainn.  Creidim go gcuirfidh a leitheid d’eispearas béasaí orthu gan talamh tirim a dhéanamh de vótai ar bith ón bpobal.  In ainneoin a chreideann Pól O Muirí – “creidim go seasfaidh morán Ultach go fonnmhar leo” – sílim go mbeidh sé cruaigh ar FF ó thuaidh den teorainn agus, mura n-eiríonn leo socrú a dhéanamh leis an SDLP agus, fiú, má dheineann siad socrú dá réir, gur in iomaíocht le Pairtí Caomhach na Breataine a bheidh siad ag bun an chairn pholatúil ó thuaidh seachas ag baint suiocháin ó Shinn Féin.  Agus é ag tabhairt chun cuimhne amhrán a chanadh a shean aintín – We’re on the one road, sharing the one load, we’re on the road to God Knows Where – [oíche i gcuideachta na Wolfe Tones a thugann sé chun cuimhne domsa!], deir O Muirí go mbeidh ‘morán daoine ag canadh nuair a thiocfas Fianna Fáil‘ ach nach doigh leis ‘go mbeidh Gerry [Adams] nó Martin [McGuinness] ina measc‘.

Dá mba Gael thuaisceartach mise, ba dheas liom dá mbeadh FF ag seasamh ó thuaidh.  Thabharfadh sé deis dom dian cheistiú a dhéanamh ar Airí Rialtais ar nós an Aire Ghnóthai Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta, a bhfuil cuid dá chúram ó thuaidh den teorainn i bpearsa Fhoras na Gaeilge, faoin chur chuige atá aige i leith na teanga, idir geallúintí agus comhlíonadh geallúintí.  Ar chuairteanna cuirtéise a bhíodh sé go dtí seo, gan morán conspóide, ach thabharfainn an leabhar go mbeadh níos mó de chealg ina chuairteanna amach anseo dá mba amhlaidh go raibh sé ag freagairt ceisteanna crua ó thoghtóirí FF ó thuaidh.   Ghlacfadh sé nios mó ná geallúint go gcoireófaí bóthar in iarthar na Gaillimhe chun iad a shasamh – agus b’fheidir go mbeadh ar an Aire míniú a thabhairt cén fath go bhfuil an maoiniú do thograí Ghaeilge go fóill íseal go maith.  Bheadh ar míniú a thabhairt freisin ar cá h-áit go díreach atá na cultúrlainn a gheall sé ag Oireachtas na Gaeilge i nDoire bliain go leith ó shin agus, le cois sin, cad atá ar bun aige go díreach chun brú a chur ar an Aire Cultúr, Edwin Poots, an Chiste Craoltoíreachta a chur ar ais ar a bhonnaibh arís mar is ceart agus cén fath nach bhfuil aon toradh ar a chuid oibre go fóíll. 

Ceisteanna iad seo a chuirfinn ar aon aire Fhianna Fáileach a thabharfadh an bóthar ó thuaidh air nó uirthi féin ar mhaithe le tacú le h-iarrthóirí FF i dtoghchán ar bith ó thuaidh.  

Níl a fhios agam an dtarlóidh sé – bheadh sé suimiúil dá mbeadh cónascadh eigean idir an SDLP agus FF in am do thoghchán Phairlimint na hEorpa an bhliain seo chughainn.  Theip glan ar an SDLP iarrthóír inchreidte a chur chun tosaigh an uair dheireannach agus ní raibh Martin Morgan ábalta sarú a dhéanamh ar iarrthóir lag an UUP, Jim Nicholson, chun triú shuiochán an tuaiscirt a bhaint.  Tuigeann FF áfach go mbeidh siad thíos leis an laghdú suiocháin ó dheas den teorainn agus gur deas seo suiochán amháin a bhaint ó thuaidh, suiochán bónais, agus gur féidir go n-eireoidh le comhiarracht uatha féin agus an SDLP an cathaoir a bhaint ó faoi thóin Nicholson.  Tá sé deacair a thuar cé acu an dtabharfaí faoi ndeara ann nó as Nicholson. 

Cé nach dtagaim le Sinn Féin ar cheist na teanga, ní h-ionann sin agus a rá nach bhfuil daoine fónta ann atá ar son na Gaeilge, leitheidí Bairbre de Brún agus go leor eile.  Ach níl an lamh in uachtar acu sa phairtí – is ag dream atá ar son na Gaeilge a úsáid, creidim, mar uirlis pholatúil chun cur le tacaíocht an phairtí.  Deintear sin tre bheith ag caoineadh uiscí a gcinn faoin éagóir is déanai a deintear ar an nGaeilge, bheith ag tacú leis an dream óg a bhionn ag agóid in éadan a leitheid agus ansan na daoine sin a slogadh isteach sa phairtí.  Is iomaí ‘bandwagon’ Ghaeilge a raibh á thiomáint ag SF (nó iad sa chúl shuiochán ag iarraidh an rud a stiuradh ar a laghad) ach nár shroich ceannscríbe riamh.  

Is blag neamhspleach é seo ó thaobh na polataíochta.  Níl aon phairti á thacú againn – cé go n-aithním go bhfuil daoine maithe agus tacaíoch don Ghaeilge i ngach phairti.  Is í cur chun cinn na Gaeilge – nó na Gaoluinne mar atá á chur i gcuimhne dhom i Músgraí – an t-aon chnamh sparainne agam.  Is é sin a threoróidh sinn tríd an cheo pholatúil atá inár dtimpeall….

 

3 thuairim ar “Ceo pholatúil eagarthóir Ghaeilge an Irish Times

  1. Fearn

    B’fhéidir nach bhfuil aon rud níos binibe ná Cogadh na gCarad seachas Cogadh na nGaolta, agus ós rud é go bhfuil FF in a pháiste gréine ag SF, agus ag iarraidh suí ina áitse ní hionadh go bhfuil faltanas thar na beara eatharthu.

    Ar an láimh eile, seo daonlathar ar obair!

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Ní doigh liom go bhfuil morán atá daonláthach nó, fiú, daonna ag baint leis an méid a thiteann amach idir Sinn Féin agus Fianna Fáil….

    Níl ann ach ceist ama idir an trath gur chuir an dhá phairti uatha a gcuid gunnaí – má chuir – agus is cinnte go bhfuil ceisteanna le freagairt acu araon mar gheall ar an módh a dheintear maoiniú orthu….

    Ní aontaím, áfach, le Pól Ó Muirí bheith ag baint feidhme as cholún Gaeilge san Irish Times chun bheith ag ionsaí pairtí amháin nó ag tacú le pairtí ar bith. Is cuma liom SF ann nó as ach cheapas i gcónai gur árdán don Ghaeilge abea Tuarascáíl seachas ardán do thuairimí pholatula Ui Mhuirí nó, fiú, tuariscí ar a chuid garradóireachta.

    Freagra
  3. Fearn

    Fhad is nach mbíonn poiliteoiríní ag sléachtadh a chéile, is daonlathas é.

    Shíl mé riamh gurb é ba bhun le do cholún fhéin a bheith agat: do chuid rámhaillífhéin a scaipeadh gan dul ag an tabhairne lena dhéanamh?

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s