Foinse agus Lá Nua in áit Foinse V Lá Nua

Eureka!   An é seo an moladh a thabharfaidh nuachtán amháin toirtiúil, maraon le seirbhís nuachta laethúil, le dealramh do phobal na Gaeilge? 

Ag deireadh na bliana seo, beidh conarthaí foilsitheoireachta Foinse agus Lá Nua ag teacht chun deiridh. Idir seo agus sin am na cinniúna acu agus ag Foras na Gaeilge.   Cén crot a bheidh ar  iriseoireacht chló na Gaeilge sna blianta atá romhainn?  

Tá moladh déanta agam ar shuíomh eile, ar Slugger, go ndéanfar conascadh idir an dhá nuachtán seo le go mbeadh nuachtán amháin le dealramh ann ag an deireadh seachtaine agus seirbhís nuachta is cúrsaí reatha ar an idirlíon ar http://www.nuacht.com gach lá le linn na seachtaine, sé sin seacht lá na seachtaine in áit an chúig atá ann faoi láthair.   

Sa tslí seo a thabharfar le chéile an dhá shnath le rud níos fearr ná an bheirt a chur ar fáil don phobal, pobal atá a leitheid sin tuillte acu.   Bheadh traidisiún fada Lá/Lá Nua ann, maraon le cur chuige dúshlánach an nuachtáin sin, á phósadh ar shaibhreas iriseoireachta Foinse.    Faoi mar atá sé, tá an cúinne bheag sa mhargadh atá á roinnt ag an dhá nuachtán seo ag eirí níos lú de bharr leathnú an Bhéarla sna meáin.  

Aon duine a chreideann nach fiú a leitheid a dhéanamh, nach fiú tabhairt faoi athshamhlú a dhéanamh ar iriseoireacht chlóite na Gaeilge, is ionann é agus go bhfuil siad ag geilleadh an chluiche iomlán ar son na teanga.

10 dtuairim ar “Foinse agus Lá Nua in áit Foinse V Lá Nua

  1. séamus Mac Seáin

    smaoineamh ar dóigh.An bhfuil aon duine taobh istigh de Fhoras na Gaeilge a thógfadh sin ar bord agus a rachadh a’ dh’obair air idir seo agus am na gconarthaí nua don dá phaipéar? Nar dheas nuacht na maidne a bheith againn ar líne gach lá ( sin mar a léim Lá Nua gach lá anois gidh go mbíonn cóip clóite agam chomh maith) agus páipéar maith domhnaigh a bheith againn a thiocfadh linn a cheannacht sa siopa.

    Freagra
  2. aonghus

    Táimse ar mhalairt tuairim.

    Is dóigh liom gur fiú an dá nuachtán clóite a bheith ann.
    (Is mór an spraoi an t-iomaíocht/spocadh/… eathartha, fiú!).

    Ach ba cheart bunús fiúntach airgid a chuir faoi Lá Nua, chun go mbeadh ar a gcumas nuachtán toirtiúl laethíul a chuir ar fáil.

    Is féidir le daoine mé a fhescint ag léamh Lá ar an nDart, á éileamh sna siopaí agus rl (sin an toisc nach usáidim an leagan ar líne, cé go mbeadh sin níos saoire).

    Freagra
  3. igaeilge Údar an Ailt

    Maith dhom é, a Aonghais, ach is fánach an dóchas é bheith ag súil go mbeadh ‘bunus mhaith airgid’ faoi Lá Nua. Ní bheidh a leitheid faoi Lá Nua go brách mar ar eigean go mairfidh sé an bliain seo mar atá sé. Níl bunús mhaith airgid faoi Foinse, cé go bhfuil sé níos sláintiúla ná Lá Nua. Tá siad araon in áit na leath phingine i gcomparáid le nuachtáin an Bhéarla – tá bealach ann le teacht timpeall ar sin, ach caithfear céim siar nó sleasa a ghlacadh chun imeacht chun tosaigh. Creidim go fóill gur fearr an seift é bogadh go dtí eagrán idirlíne ná fánacht mar nuachtán chlóite cloíte. Ní doigh liom gur fiú an imreas idir Lá Nua agus Foinse gan teacht le cheile chun an fíor chluiche a imirt le go mbeidh nuachtán amháin Ghaeilge agus seirbhís nuachta den scoth, den 21ú aois, ag pobal na Gaeilge.

    Freagra
  4. aonghus

    Ag caint ar
    a) deontas fiúntach ón bhFOras, nó más gá ó chul doras Eamon Ó Cuiv, i., ciste na Gaeilge, a bhí mé.
    maraon le
    b) Fograíocht chiallmhar ón stáit thuaidh agus theas.
    maraon le
    c) Fograíocht eile. Is sáinmhargadh lucht na gaeilge freisin.

    Is dócha go bhfuilim ró idéalach, ach ní maith liom sin a bheith ag dúnadh geataí an gheiteo orainn féin.

    Freagra
  5. séamus Mac Seáin

    a Aonghuis
    Ainneoin fiúntas Lá agus Foinse ar aon is trua nach bhfuil páipéar maith mór téagartha againn le léamh Dé Domhnaigh. ar an dart? ( mór bhilleog dá m’fhéidir é).Mar a deir “iGhaeilge” ní dóiche go mbeidh go leor airgid a choiche ag ceachtar den dá pháipéar le sin a dhéanamh, ach le conascadh, cá fios?.Ní hionann áthrú agus cúlú i gcónaí

    Freagra
  6. igaeilge Údar an Ailt

    Aonghus, ní h-é nach bhfuil an rud a deir tú praicticiúil agus ciallmhar. Ach ni h-é sin mar a smaoiníonn an Fhoras, dream nár eirigh leo Tuarascáil bhliantúl a fhoilsú ó bhí 2003 ann, an aon íontas é nach dtuigeann siad gnó na foilsitheoireachta? Ar fhoilsíodh oiread is leabhar amhain Ghaeilge ó ceapadh iad le dul i mbun cúraim Bhord na Leabhar Gaeilge?
    Ar aon nós, tá an rud a deir tú ídéalach agus tá an rud a deirimse ídéalach fosta. Smaointe maithe iad – ach ní chuirfear i bhfeidhm iad go brách. Ní chreidim go mbeidh conascadh ann idir Lá Nua agus Foinse ar go leor cuinsí ach creidim gurb é an t-aon seans atá ann go dtiocfaidh rud eigean fónta slán. Nilimid laidir – ní foláir dúinn bheith glic.
    Fuair Eamon agus daoine eile an seans tacú le Lá Nua níos luaithe i mbliana, in am an ghatair, ach níor tháinig siad i gcabhair uirthi. Leitheidí Séamus Mac Seáin a chuir a lámha ina bpócaí chun cuidiú leis an nuachtán. Ar an droch uair, is léir domsa nach bhfuil sa chabhair seo ach síneadh ama i gcilín an bháis do Lá mar ní fheictear domsa go bhfuil aon phrainn ar an bhForas teacht i gcabhair ar an nuachtán le deontas ceart is fiúntach. Gan sin ní féidir lei maireachtáíl. Is é an spleachas seo ar dhream ar nós an Fhorais an lámh marbh ar thodhchaí Lá – agus nuair a bheidh Lá faoin fhód, tiocfar le h-aghaidh Foinse….. Le cheile, ní tharlóidh sin chomh h-éasca.

    Freagra
  7. Fearn

    Dar ndóigh ní smaoineamh nua atá ann. bhí sé ann riamh mar éiteach aon uair a bhí dhá nuachtán Gaeilge ann agus iad ar an ngannchuid cheal éitheorií is airgid m/sh. Inniu agus Amárach.
    Shíl daoine dar ndóigh 1+1=2.
    Ach ní hé i saol na Gaeilge. Sílim ar an mórgóir go bhfuil na léitheoirí chéanna ag LÁ NUA agus FOINSE.
    Mar sin 1×1=1

    Éagsúlacht iriseoireacht na Gaeilge a bhéas thíos

    Freagra
  8. igaeilge Údar an Ailt

    Ar ndóigh ní smaoineamh nua é, Fearn, tá’n ceart agat. Ach sílim go bhfuil am an smaoinimh seo tagtha. Cé go mbeadh nuachtán amháin imithe dá bharr, bheadh seirbhís nuachta agat ina áit agus nuachtán níos téigeartha ag an deireadh seachtaine. Ba mhaith liom nuachtán laethúil bheith ann – ach níl an leath bhulóg uaim nios mó. Ní doigh liom go bhfuil forbairt i ndán do Lá Nua mura dtugann sé aghaidh ar straitéis nua chun maoiniú a mhealladh. Ní féidir dul go dtí an Fhoras i gcónaí – níl cáirde ag Lá Nua ansin gur fiú cáirde a thabhairt orthu, feictear domsa. Mura dtagann Lá Nua agus Foinse le chéile, an moladh atá agam, beidh moladh radacach de short eigean de dhíth chun aghaidh a thabhairt ar an dtodhchaí ar bhealach atá folláin agus dúshlánach seachas go leibideach leathbhácáílte.

    Freagra
  9. Fearn

    Ócé! meafar eile.
    Dhá shiopa sa sráidbhaile. Síleann daoine má tháthann siad le chéile go mbeadh siopa mór maith acu seachas dhá shiopa bheaga.

    Is annamh a mbíonn: le imeacht an chomórtais, imíonn an spionnadh a fhéachann le barr feabhais. Sin nadúr daonna. Fágtear an sráidbhaile sa bhfaopach

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s