Siúlóid ar son na scoile

Fáilte go Cúil Aodha i nGaeltacht Mhúsgra�

Léargas eigean ar an slí ar cuireadh amú saibhreas an Tiogair Cheiltigh é go raibh idir tuismitheoirí agus daltaí Scoil Náisiúnta Chúil Aodha/Barr d’Inse ar shiulóid inniu (Dé Domhnaigh) ar mhaithe le h-airgead a bhailiú chun trealamh tabhachtach don scoil a cheannach. 

An Clár Bán atá i gceist, clár/riomhaire ar leith atá deartha ar nós an sean clár sláta a bhíodh ag gach dálta agus ar a ndeinfídis a gcuid oibre sa scoil.  Tá an clár seo ceangailte go leictreonach le riomhaire agus teilgeoir a chuireann an obair a dheineann an dalta ag a shuiochán ar scailean mhór sa seomra ranga.  Deirtear gur áis íontach múinteoireachta atá ann agus tugann sé deis don mhúinteoir abhar a chuir os comhair an ranga ar bhealach tarraingteach is speísiúl, le griangrafanna, scannán is eile. 

Ba cheart go mbeadh ceann ag gach scoil cheapfá, mar chuid dá gnath trealamh.  Ach níl, agus mar sin cé go bhfuil gá leis, go h-áirithe i Scoil Gaeltachta, de bharr go mbionn siad gann ar na leabhair is na h-áiseanna a bhionn ar fáil i scoileanna eile ceal cúnaimh ón Roinn,  tá ar dhaoine dul agus an t-airgead a bhailiú ar a son féin.  Dá mbeidís ag feitheamh ar an Roinn, bheadh fánacht fada orthu. 

Níl a fhios agam cé mhéid ar bailíodh inniu – gach seans nach leor é ach le h-aghaidh an éarlais ar a leitheid de threalamh – costas €5,000 de ghnath ceaptar.  Ach bhain gach a bhí i láthair an oiread suilt as an siúlóid sé mhíle suas na Mílini, Inse Mhór, Barr d’Inse, Screathan agus ar ais trí Doire’n Chuilinn go Halla Chúil Aodha.  Bhain siad sult freisin as na soláistí a bhí rompu in Aras Eamoinn Mhic Suibhne (an Halla) a bhí ullmhuithe ag tuismitheoirí agus daltaí.  Buiochas ar leith saothruithe ag Sadhb Ní Riada as ucht a cuid toirtíní uill le h-uachtar (bhí siad ró bhlasta d’fhear atá ag iarraidh meachan a chailliúint!).  

 

Aon tuairim amháin ar “Siúlóid ar son na scoile

  1. Ping: Cúig Mholadh Éasca III « iGaeilge

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s