Fairytale agus Foinse

Fear óg ag dul ag snámh

Níl iriseoireacht fiosrathach marbh in Éirinn.  Sin mo bhreithiúnas tar éis an méid a léigh mé in eagrán na deireadh seachtaine d’Fhoinse inar deineadh cíoradh ar ábhar ar cuireadh ar fáil don nuachtán ó Bhórd Scannán na hÉireann faoin scéal ar chúl na gceamraí ar an scannán conspóideach, Fairytale of Kathmandu. 

San alt ag eagarthóir Foinse, Seán Tadhg  O Gairbhí, iriseoir cló na bliana de reir Oireachtas na Gaeilge le dhá bhliain anuas agus ní íontas é da fheabhas is atá a shaothar sna h-ailt seo, deintear cioradh ar an mbuairt a bhí ar Neasa Ní Chianáin, déantóír Fairytale, go raibh RTÉ ag cur brú uirthí clúmhilleadh a dhéanamh ar an bhfile, Cathal  O Searcaigh.  

Táim féin ar an dtaifead roimhe seo. Creidim gur ón stábla céanna a tháinig Fairytale agus a tháinig High Society.  Ní ar Vinegar Hill, comhlacht léirithe Fairytale, a chuirim an locht as seo ach ar RTÉ, a rinne, chomh fada agus go bhfeictear domsa, cinnte de go mbeadh scannán acu a bheadh conspóideach agus i mbéal an phobail.  Ba lú leo an fhírinne ná na cinnlínte conspóideacha a bheadh mar thoradh ar an scannán seo. 

Tá sé in am d’ard cheannasaithe an chraoltóra náisiúnta eirí as.  Léiríonn an méid a bhí le léamh agam inniu i bhFoinse go bhfuil amhras ar go leor eile, go leor in RTÉ agus i Vinegar Hill faoin scannán seo, agus sa chás sin ní raibh ceart acu é a chraoladh.  Rinne siad é a chraoladh in ainneoin an amhrais. 

Ar ndóigh má bhí amhras ar Vinegar Hill faoin scannán seo a chraoladh, bhí siad ag iarraidh bheith cinnte go mbeadh sé ar fáil le h-aghaidh feiltí scannáin san Eoraip, mar theastaigh uatha an deis ‘to build our careers’. 

Is cinnte go bhfuil ‘careers’ acu anois.  Ach an fiú é?  Sin í an cheist? 

An scúp ag Foinse.  Maith thú a Sheáin Thaidhg!

 

Aon tuairim amháin ar “Fairytale agus Foinse

  1. Ping: RTÉ: An Craoltóir Cam « iGaeilge

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s