Músgraí ar shon na Gaeltachta

Lán go doras.  B’íontach go deo an tinreamh ar an gcruinniú poiblí areir chun deis a thabhairt do thaighdeoirí torthaí anailís a deineadh ar sláínte Gaeltachta Mhúsgraí a chur i lathair pobal Ghaeltachta Chorcaí.  An Staidéar Teangaeolaíoch ar Usáid na Gaeilge sa Ghaeltacht an anailís atá i gceist agam, anailís réasúnta chuimsitheach i gcodarsnacht leis an chineál anailíse éadoimhin a fhoilsítear ó am go cheile i nuachtáin Ghaeilge. 

Agus b’údar dochais an líon daoine óga a bhí i lathair, i bhfianaise an méid atá ráite sa Tuarascáil nach speis leis an nglúin óg an Ghaeilge a labhairt. 

De reir na h-anailíse atá déanta ag taighdeoirí na hAcadaimh Ollscolaíochta Gaeltachta ar fhigiúirí an dhaonairimh agus ar thorthaí Scéim Labhairt na Gaeilge/Gaoluinne, tá dhá toghroinn i nGaeltacht Mhúsgraí i gceantar B agus an chuid eile i gceantar C.   Gort na Tiobratan (Cúil Aodha san áireamh) agus Béal Atha an Ghaorthaidh Thuaidh na ceantaracha B. 

Cé go raibh roinnt a thóg ceist faoin modheolaíocht – mar shampla, an raibh na figiúirí ar fáil le h-aghaidh gach Baile Fearainn? – bhí glacadh leis na torthaí.   Mar gheall ar na mbailte fearainn, is cosúil go bhfuil an t-eolas ar fáil ag an Lár Oifig Staidrimh ach, de bharr go bhfuil an t-eolas chomh mion sin, bheadh a fhios ag cuid de na taighdeoiri cé go direach a bhí i gceist dá ndeirfí leo, mar shampla, go raibh an duine amháin a bhí ina gcónaí i mBaile Fearainn X ina Bhéarlóir, nach bhféadfaí é a sceitheadh, gabh mo phardún, é a scaoileadh leis na taighdeoirí.   Is mór an trua é sin agus is bearna é inár gcuid eolais cinnte. 

Ar aon nós, nuair a sceitheadh príomh chonclúid an tuarascála seo i bhFoinse, le linn Samhradh na bliana seo chaite, b’é a dúradh go raibh 15-20 bliain fagtha ag an nGaeilge mar theanga bheo sa Ghaeltacht.   Nior fhoilsíodh an tuarascáil go h-oifigiúil go dtí mí na Samhna agus d’fhograíodh go raibh fo choiste Rialtais ceaptha, le Brian O Comhainn mar chathaoirleach air, chun plean a chumadh chun dul i ngleic leis an meid a dúradh sa tuarascáil.  Nior glacadh le moladh ar bith ón dtuarascáil go fóill agus ní raibh a gcéad chruinniú ag an gcoiste seo go dtí 5 Aibreán, naoi mhí ón am ar sceitheadh an tuarascáil.  Níl ach sé mhí fagtha acu, go dtí mí na Samhan 2008, go dtí go mbeidh an bliain caite, an bliain ar thug an Aire O Cuiv do féin plean a ullmhú.   An bhfuil sé réasúnta a cheapadh go dtiocfaidh plean san am sin?  Cuimhnigh, fán am sin, nach mbeidh ach 14-19 bliain fagtha ag an nGaeilge mar theanga bheo sa Ghaeltacht (más fíor).   Dá mba rud é gur ag fáil bháis a bhí an Ghaeilge sa Ghaeltacht agus go raibh práinn dá reir le teacht ar phlean tarrthála, cén fath nach bhfuil níos mó dithnis ann faoi plean a chumadh agus a chur i bhfeidhm.   Bí cinnte  de seo, nuair a chumfar plean, beidh proiseas fada comhairliúcháin ann sara gcuirfear i bhfeidhm é.   Seans go mbeidh sé 2010/11 sara mbeidh aon rud ag titim amach de bharr na tuarascála seo. 

Tá go leor bearnai, dar liom, sa rud a chur Acadamh na hOllscolaíochta Ghaeilge os ár gcomhair.  B’údar diomá dom é, mar shampla, nar deineadh aon scagadh ar ról na meáín sa phlean seo.  Cén difir a dheanfadh sé don Ghaeilge ní h-amháin sa Ghaeltacht dá mbeadh leitheidí 2FM na Gaeilge ann, dá mbeadh sceideal iomlán tarraingtheach Ghaeilge ann ar TG4, leitheidí Seacht is cluichí ceannais na hÉireann trí mheán na Gaeilge ann, dá mbeadh nuachtán laethúil Ghaeilge ann leis an tacaíocht cheart chun dul i mbun scéalta na Gaeilge is na Gaeltachta a chur i lathair an phobail, dá mbeadh réimse irisí ann don aos óg – agus doibh san nach bhfuil chomh h-óg – le deiseanna a thabhairt do dhaoine pleisiúr a bhaint as an nGaeilge.   Creidim go bhfuil sé maith go leor bheith ag caint ar fhoirmeacha mhótair chánach a bheith ann i nGaeilge – ach creidim go bhfuil sé chomh tabhachtach céanna ar a laghad go mbeadh iris mhaith CLG/Spórt ann i nGaeilge le go mbeinn ábalta léamh faoi chúrsaí spoirt.   Dúirt Aoife Ní Shé, duine de na taighdeoirí a rinne scagadh ar leith ar shuirbhé a rinneadh i measc an aosa óig, go bhfuil deacracht ag lucht óg na Gaeltachta a gcuid mothúcháín – leitheidí grá agus fearg a chur in iúl i nGaeilge.   Gan dabht tá sé seo fíor – mar ní fheiceann siad a leitheid ar an dteilifís nó sna h-irisí.  Tá siad gan treoir….

Is é mo bharúil nach bhfuiltear chun glacadh le moltaí an Acadaimh mar gheall ar cheist an airgid is an mhaoiniú.  Níl Brian O Comhain nó cibé Aire Airgeadais a thiocfaidh i gcomharbacht air chun €5,000 a thabhairt do gach teaghlach a eiríonn leo i Sceim Labhairt na Gaeilge.   Níl sin chun tarlú san aeráid eacnamúil atá ann faoi láthair…..

Tá gá le plean anois – agus ní i gceann sé mhí nó bliain – agus creidim féin go bhfuil gá ag gach pobal Gaeltachta dul i gcomhairle chun a bplean féin a chur in eagar agus ansan tosnú ar é a chur i bhfeidhm.  Is fiú go mór an scéim atá ceaptha ag Udarás na Gaeltachta, Spreagadh Pobail, a úsáid mar an spreagadh nó an sprioc chuige seo, dar liom.  Is ar ár son féin atáimíd ag obair má chuirimíd pleán le cheile agus má thosnaímíd ar fheidhmiú an phlean sin laithreach – agus b’fheidir go bhfaigheadh an pobal duais ag deireadh an phroisis.  Anuas ar sin, áfach, bheadh ar cibé pleán a bheith ag an gCoiste Comhaireachta tacú leis na pleananna sin, seachas teacht rompu ar bhealach ar bith.   Bheadh orthu an aeráid a fheabhsú ar son na Gaeilge sa Ghaeltacht – tabhairt faoi rudaí ar nós téacsleabhair mar is ceart a chur ar fáil sna scoileanna mar shampla, siollabais Ghaeilge ar leith a fhorbairt don dalta Gaeltachta.   

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s