Aer Lingus – aerlíne gan anam, gan teanga

 

An bhfuil ceann acu seo ag teastáil ón Aerlne náisiúnta?

Ní miste, is dócha, roinnt schadenfreude a léiriú i leith priacal Aer Lingus faoi láthair.  Tá an aerlíne faoi íonsaí ó Phat ‘Fearg I Mo Ghlór’ Kenny agus Joe Duffy mar gheall ar an bhfeall a rinne siad ar na gcustaiméirí a ghlac le tairiscint uatha ar thicéad fillte go Meirceá ar €5 ar an gCéadaoin.   Céad rud a tharla maidin Déardaoin gur thug fear caidrimh phoiblí Aer Lingus le fios ar Morning Ireland gur botún a bhí ann – agus gur cheart go mbeadh sin iontuigthe nó ní bheadh Aer Lingus ag díol ticéid fillte go SAM ar €5, gan bacaint le ticéid fillte den chéad grád ar fiú €1,750+ iad.  Masla a bhí ansan don dream a ghlac leis an dtairiscint mar gur chuir sé in iúl gur amadain a bhí iontu. 

Tá comhbhá agam leis an dream atá fagtha ar an dtrá folamh ag Aer Lingus – agus, is Gael mé, mar sin níl aon comhbhá ar chorr ar bith agam le hAer Lingus, dream atá ag tabhairt a gcúl don Ghaeilge ar mhaithe le cúpla Aondachtóir a mhealladh ar bórd an aerlíne i mBéal Feirste.   Ní chreidim go dtarlóidh sé.   B’aisteach, áfach, go bhfuil an oiread san ama tugtha ag Pat agus Joe don scéal nó is léir gur rud é a chuireann ás dóibh, lucht urlabhra na mean aicmí, go mbeadh a leitheid ag tarlú dá dtoghtóirí.  Ar ndóigh ba bheag a dúirt siad nuair a dhein Aer Lingus feall ar an nGaeilge….

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s