Ag dianshaothrú an bháis


Ag an deireadh seachtaine craoladh agallamh ar RTÉ 1 atá mar abhar cainte ó shin is cosúil.  An scríobhnóir, Nuala O Faoláin, a bhí ag caint le Marian Finucane.   Thug sí le fios go raibh ailse aici agus ná raibh aon teacht as, tá sí chun bás a fháil go luath. 

Beag duine nach bhfuil a fhios acu an méid seo, nó bhí an scéal ar gach nuachtán Dé Domhnaigh, an príomh scéal ag cuid acu, agus tá sé leite pleite ar na aerthonnta.

Is cinnte gur bean cróga í Nuala O’Faoláin agus í ag tabhairt aghaidh ar an anbhás seo.  Le linn an agallaimh thug sí le fios gur dúradh lei go bhféadfadh faoiseamh de short eigean bheith i ndán di dá ngabhfadh sí tré chúrsa teiripé cheimiceach – an cheimeo –  ach, dar lei, dá bhfaigheadh sí tréimhse breis ama as seo, ní bhainfeadh sí aon tairbhe as an am sin.  “Chuaigh gach maitheas a bhí san saol as nuair a thuig mé go raibh mé ag saothrú an bháis,” dúirt sí.  Thuigfeá di. 

Ní h-amhlaidh an scéal, áfach, leis na meáin cumarsáide atá ag cíoradh gach gné den tragóid.  Tá siad á úsáid chun nuachtáín a dhíol.  Ar maidin inniu bhí iar leannán Nuala, Nell McCafferty, le clos ar Morning Ireland agus í ag míniú a léamh ar an scéal agus bhí sí le clos níos moille ar Newstalk.  Bhí an scéal á chioradh freisin ar Liveline.   Is tú á léamh seo, b’fheidir go gcreideann tú go bhfuilim ag diansaothrú bhás Nuala O Faoláin freisin, chun daoine a mhealladh chuig an suíomh seo.  B’fheidir go mbeadh an cheart agat. 

An t-aon rud a dhéarfaidh mé faoin dtuairisciú seo ar fad ná seo.  Dá mbeadh duine de na h-eagarthóirí nuachta atá ag tuairisciú an scéala seo ar mhaithe le nuachtáín a dhíol, ar mhaithe le cur lena stór, agus duine leo tinn, an mbéidís sásta dá mbeadh tragóid an duine sin ar fuaid na meáin?   Ní doigh liom é. 

Tá an chosúlacht idir an scéal seo agus an leagan is nua den seó réalaíoch teilifís – Celebrity Death.  An é sin atá i ndán do Nuala O Faoláin, go ndeinfear a bás a chraoladh don tír uilig?  Fagtar a dignit lei agus ligtear dei suaimhneas eigean a bheith aici agus í ag tabhairt aghaidh ar an dtreimhse dochreidte deacair roimpí.

Aon tuairim amháin ar “Ag dianshaothrú an bháis

  1. John Low-Beer

    Hello. I was Nuala’s partner. Can you tell me where/when this photo was taken, and whether it is subject to copyright? Thank you!! John Low-Beer

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s