An Ghaeilge agus lucht ionsuithe na teanga

Tá dhá alt faoin nGaeilge inniu sa Sunday Independent, dhá alt spreagtha, is cosúil, ag tuairisc bhliantúil an Choimisinéara Teanga, Sean O Cuirreáin,   In alt amháin ó Mharc Coleman, eagarthóir eacnamaíochta Newstalk, tá argóínt laidir ar son an tumoideachais iomlán, fiú má tá roinnt de na firicí mí chruinn.   San alt eile, tá ionsaí gangaideach ag Emer O’Kelly ar ‘right wing nationalists’ a ghlac seilbh ar an dteanga agus atá tar éis fuath a chothú di i measc an phobail i gcoitinne. 

Dar le O’Kelly, is beag an ghá bheith ag cur leaganacha Ghaeilge de chaipéisí oifigiúla ar bith ar fáíl do chainteoirí Ghaeilge sa Ghaeltacht.    Nach dtuigeann siad go léir Béarla, ar aon nós?  Anuas ar sin, nár cheart buairt níos mó bheith orainn faoi na Sínigh 7rl atá gan Béarla?  Nár cheart dúinn bheith ag déanamh cinnte go bhfuil tús áite acu, maidir le h-airgead a chaithfear ar theangacha seachas an Bhéarla. 

Is sean chleas é seo ag lucht ionsuithe na Gaeilge – bheith ag iarraidh a mhaíomh go bhfuil seirbhísí á shéanadh ar mhionlaigh teanga eile, iad san gan Béarla, de bharr an ‘ró chaiteachas’ ar an nGaeilge.   Bhuel tá na seirbhísí teanga séanta ar Ghaeil agus ar na Gaeil nua araon – níor cuireadh dráma amháin i Sínis nó i dteanga ar bith eile ónár mionlaigh inimirceacha in Amharclann na Mainistreach de bharr an ardán céanna bheith séanta ar na Gaeil.  

Is cuma i bhfirinne.  Nach bhfuil a fhios againn go bhfuil daoine ann, leitheidí Emer O’Kelly, ar bheag leo an teanga agus cearta teanga.  Go deimhin, agus í ag suí go socúil os comhair a proiseálaí focail, tá sí compórdach leis an dtuairimíocht neamh liobrálach seo.  Creideann sí go bhfuil sí liobrálach ar ndoigh – ach ní féidir leí cur suas le daoine ag labhairt i dteanga eile seachas an teanga ina labhrann sí féin, an rud díreach a chuireann sí i leith cainteoirí Ghaeilge…..

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s