Des Bishop – Fíor Ghael Meiriceánach nó fíor Mheireacánach Gaelach?

Bhain mé an sult as eagrán na h-oíche aréir de In The Name of The Fada, clár an thaithneamhach, rud as an choitiann, ar RTÉ.   Ar ndoigh tá laoithe molta ceolta in áiteanna eile do Des Bishop – agus tagaim leo.   Is é an duine is fearr ar tharla don Ghaeilge é le blianta fada anuas. 

Léirigh sé suim.  Bhí mé ag iarraidh a dhéanamh amach cad as a shiolraigh an suim seo ach aréir ar a chlár ar RTÉ 1, thug sé míniú.  Bhí sé ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim mar gur cuid dá oidhreacht DNA a bhí ann.  B’é foghlaim na Gaeilge an rud is tabhachtaí a bhí déanta aige ina shaol go dtí seo, dúirt sé. 

Tá ard mheas agam ar Dhes agus an méid atá déanta aige – tá súil agam go spreagfaidh sé daoine eile chun leanúint ina lorg.  Tá ard mheas agam freisin ar na Gaeil Mheirceánacha eile, a bhí le feiscint ar an gclár areir, atá ag foghlaim na Gaeilge.  Cuid acu is de shliocht Choiré iad nó tír eigean níos faide i gcéin – ní miste.  Is Gaeil iad chomh fada agus a bhaineann sé liom…..

2 thuairim ar “Des Bishop – Fíor Ghael Meiriceánach nó fíor Mheireacánach Gaelach?

  1. aonghus

    Tá ról le fada ag eachtrannaigh i gcur chun cinn na Gaeilge.

    Ach is maith liom cur chuige Des – spreag iad, agus tiocfaidh siad.

    Freagra
  2. Jimmy Grisewood

    14ú Aibreán
    Aontaím go mór leat.Bhí suim mhór ag Des, rud atá in easnamh ag micléinn ar fud na tíre.Níl aon béim ar an gcaint sna meánscoileanna agus ba bheart go mbeadh.
    Jimmy san Uaimh

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s