Dramaí Gaeilge maith a dhothain don Ghaeltacht – ach níl siad maith a dhóthain don Amharclann Náisiúnta

Fiach Mac Conghial, Stiurthór Amharclann na Mainistreach

Le linn agallaimh speisiúil le Fiach Mac Conghial a craoladh ar Soiscéal Pháraic aréir (oíche Chéadaoin) thug stiurthóir Amharclainne na Mainistreach léargas thar a bheith duairc ar staid na Gaeilge agus go h-áirithe sláinte na n-ealaíon sa chéad teanga náisiúnta.  

Dar leis an tUasal Mac Conghial go raibh an Ghaeilge ar an ‘dé deiridh’ agus go raibh a chroí briste dá bharr sin.  Thug sé le fios, áfach, go raibh sé ag cur a pháistí chuig gaelscoil ach ná raibh a fhios aige cé chomh fada is a mhairfeadh sin.  Níor thuig mé uaidh sin an raibh sé ag rá go mbeadh sé ag tarraingt siar a phaistí ón ghaelscolaíocht nó an é ná raibh sa ghaelscolaíocht ach ‘faisean’ nach mhairfeadh i bhfad eile. 

Nuair a d’fhiafraigh Páraic Breathnach air faoina dhearcadh i leith dramaí Ghaeilge a chur ardán na Mainistrí, ghlac sé leis gur cainteoir Ghaeilge abea é ach dúirt gurb é ealaion na dramaíochta a chéad dualgas.  Mar sin ní raibh dráma Gaeilge ar ardán na Mainistrí ó ceapadh é.  Níor dúirt sé os ard é ach ba léir gurb é an teachtaireacht a bhí aige ná raibh dramaí Ghaeilge maith a dhothain, dar leis, le dul ar ardán na h-Amharclainne Náisiúnta. 

An tAmharclann Náisiúnta - ach cá bhfuil an teanga náisiúnta?

Tá cúpla ceist a eascraíonn uaidh seo:   Sa chéad dul síos, an bhfaca sé dráma Ghaeilge le gairid?  An bhfaca sé dráma de chuid Joe Steve O Neachtain, Darach O Scolaí, Breandan O h-Eadhra, Micheal O Conghaile nó ó mhuintir an Tuaiscirt,  Gearóid O Cairealláin nó Pól Mag Uidhir?    Táim cinnte go bhfuil a thuilleadh ann ag scríobh trí Ghaeilge – agus chonac aistriuchán breá de dhráma Bhéarla, Fonn, ar an ardán in Ionad Chultúrtha Bhaile Mhuirne, le déanaí, léiriú brea ealaíonta ó Chompántas Chorcaí.   

An bhféadfadh Fiach Mac Conghial a rá linn na dramaí Ghaeilge atá feicthe aige le tamall anuas ar a bhfuil a dhaorbhreith bunaithe?  Chuirfinn geall nach bhfaca sé dráma Ghaeilge ó bhí Cré na Cille ar an ardán sa Mhainistir, trath sular ceapadh é sa phost ina bhfuil sé anois.

[Mar fhreagra ar cheist ón Soiscéalaí, inar luaigh sé roinnt ainmneacha ó Chonamara, leitheidí Joe Steve, Darach, Breandán, thosnaigh Mac Conghial ag ceol na moltaí ar son Joe Steve, mar aisteoir agus mar scríobhnóir, agus Tom Sailí; b’ionann iad agus cothrom Chonamara de Ray McAnally agus Donal McCann sa Mhainistir.  Dar léis go raibh gluaiseacht laidir dramaíocht Ghaeilge ‘pobail’ ann – ach niorbh ionann sin agus a rá go raibh an ‘ealaíon’ maith a dhothain le bheith ar ardán na h-amhlarclainne náisiúnta.  Sea an sean phort arís – dramaíocht ‘ard’ in éadan dramaíocht ‘phobail’/ealaíon na n-uasal V ealaíon na cosmhuintire. 

Leis an méid sin, sheol Mac Conghial teachtaireacht laidir chuig cosmhuintir na Gaeilge/na Gaeltachta, chuig an chosmhuintir mhór amuigh ansin:  níl aon speis againn ionaibh, in bhúr gcuid dramaí, in bhúr gcuid aislingí.   Nilimíd ag iarraidh suiocháín a líonadh in Amharclann na Mainistreacha le bhúr dtónacha brea Gaelacha, nílímíd ag iarraidh bhúr gcuid airgid.   Is éard atá uainn ná dramaí a shasóidh lucht na ndeontas, an Chomhairle Ealaíon agus a leitheid, is iad san ár lucht féachana, bhí sé ag tabhairt le fios i mbeagán focail.

An dara ceist a thógann dearcadh na Mainistreach i leith na Gaoluinne ná seo: Céard atá ar bun ag an Amharclann Náisiúnta ar son dramaíocht na Gaeilge a mhúscailt arís, a thabhairt chomh fada leis an gcaighdeán ina mbeadh, dar leis an amharclann (an amharclann céanna a dhiultaigh dramai John B Keane), dramaí Ghaeilge inchurtha le caighdean na Mainistreach?  

Le bheith cothrom d’Fhiach Mac Conghial, dúirt sé dá mbeadh sé faoi agallamh i gceann cúig bliana agus ná raibh dráma Gaeilge in aghaidh na bliana ar Ardán na Mainistreach, bheadh teipthe air mar stiurthóir.   

An gciallaíonn sin go bhfuil polasaí bríomhar ar son na dramaíochta Gaeilge le seoladh ag Amharclann na Mainistreach go luath – as seo go ceann cúig bliana?  An mbeidh dearcadh níos folláine, níos forásaí, níos fad radharcaí ag an Amharclann Naisiúnta i leith na Gaoluinne?    An mbeidh deis ann daoine óga atá ag freastal ar ghaelscoileanna anois a mhealladh i dtreo na dramaíochta is na h-ealaíona Ghaeilge?    Sin cheist anois nár cheart ach aon fhreagra dhearfach amháin bheith uirthi…..

Ceist eile a ritheann liom ná seo:  An uair ar cheapadh Fiach sa phost ina bhfuil sé anois, bhí sé ag maíomh go raibh níos mó cainteoirí Sínise ná mar a bhí cainteoirí Ghaeilge in Éirinn – sean phort Aondachtach agus iad ag séanadh seirbhísí ar Ghaeilgeoirí is Siniseoirí araon.  On am ar ceapadh é, an mó dráma Sínise ar léiríodh ar ardán na Mainistreach?   Ceann ar bith – léiriú eile den bhfírinne go mbaintear úsáid as gach cineal cleas chun a chinntiú nach bhfaigheann an Ghaeilge (nó an Sínis) cothrom na féinne leis an mBéarla in Éirinn.   

Dar liomsa tá sé ar a laghad chomh tabhachtach go mbeadh saol laidir chultúrtha ann i nGaeilge is atá sé go mbeadh foirmeacha le h-aghaidh ceadúnais tiomána is eile ar fáil. 

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s