Tús mhaith an chinnire

Bhain an méid a bhí le rá ag Brian Cowen, agus é ag cur tús lena ré mar cheannaire ar Fhianna Fáil, siar asam inniu.  Ní féidir liom a thabhairt chun cuimhne aon cheannaire eile ar phairtí ar bith eile a chuir tús lena sheal mar cheannaire ar an bpairtí le ráiteas d’aon tsort, ná bac ráiteas chomh laidir le seo, ar son na Gaoluinne.   Bhí sé spreagúil an méid a dúirt sé agus ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis as agus as a cheapachán. 

Má dheineann sé beart de reir briathar, beidh an deis is fearr riamh ag an nGaeilge an dul chun cinn riachtanach a dhéanamh le go mbeidh Éire ina thír dhá theangach faoi 2028.  Ní raibh an oiread san muiníne agam as na spriocanna seo, spriocanna a stathadh ón spéir chreid mé, go dtí gur chuala mé an méid a bhí le rá ag Brian Cowen inniu.    Creideann sé sa mhéid a dúirt sé – tuigim sin – mar is ar ghaelscoil a sheol sé a phaistí.    Tuigeann sé an dea oideachas atá le fáíl ó na gaelscoileanna céanna, chomh fada is nach gceanglaítear lámha na ngaelscoileanna céanna le rialacha neamh réalaíocha na Roinne. 

Cúis náire é don Irish Times, ‘nuachtán an taifid’, gur ghearr siad an chaint i nGaeilge ón oráid a thug an Tánaiste tar éis a thoghchán mar cheannaire Fhianna Fáil.   Cén údar a bhí leis an gcinsearacht teanga seo?  Is féidir eisteacht leis an gcaint neamh iomlán anseo.

Ní raibh sé de dhánaíocht ag RTÉ amhlaidh a dhéanamh agus is féidir eisteacht lena oráid iomlán, an chaint i nGaeilge agus i mBéarla. 

 

2 thuairim ar “Tús mhaith an chinnire

  1. RG Cuan

    Bhí an chaint a thug sé i nGaeilge – agus cuid den ráiteas Béarla – spreagúil amach. An Taoiseach Nua Abú!

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s