Céard a dhéanfaidh Cowen?

Céard a dhéanfaidh Brian Cowen anois?

 

 

Anois agus toghchán Brian Cowen ina Thaoiseach, mar chomharba ar Bhertie, deimhnithe, tá roinnt ceisteanna le cur. 

An mbeidh ath-shuathadh ar an gComhaireacht go luath, ath-shuathadh níos bunúsaí ná duine a ainmniú chun an fholúntas ag an Roinn Airgeadais a líonadh agus na folúntais eile a leanfaidh sin a líonadh?   An feidir, b’fheidir, go mbeadh leitheidí Mary Hanafin bogtha go dtí an Roinn Airgeadais – leireoidh an rogha seo ó Cowen an fís atá aige do thodhchaí an phairtí agus an Rialtas? (An ionann an dá rud anois?)

An bhfuil sé i gceist ag Brian Cowen leanacht leis ina chathaoirleach ar an bhfochoiste comhaireachta le staidéar a dhéanamh ar an Staidéar Teangeolaioch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht agus na moltaí a deineadh sa tuarascáil sin a chur i bhfeidhm (nó gan iad a chur i bhfeidhm?)

Cén áit in ord tosaíochta Cowen a bheidh an Ghaeilge, i bhfianaise go bhfuil sé ráite os ard ag duine dá airí sinsearacha nach bhfuil a dhothain airgid ann chun oisbidéal geallta don oir thuaisceart a thogáíl ar an Uaimh, baile dúchais Noel Dempsey.  An mbeadh a dhothain airgid ann dá mbeadh sé le togáíl i nDroichead Atha, i dtoghcheantar Dermot Ahern?  An gcreideann einne go mbeidh breis airgid á fháíl ag an nGaeilge nó an nGaeltacht i bhfianaise na deacrachtaí airgidis – agus an laghdú ar an ioncam cánach ó CBL, dleacht stampaí, cáin corporáideach is eile – atá againn anois?   An bhfuil ré rachmais an tiogair gafa thart gan dibhinn bheith faighte ag an nGaeilge nó ag an nGaeltacht? 

3 thuairim ar “Céard a dhéanfaidh Cowen?

  1. aonghus

    Ar a laghad tá Gaeilge (agus Béarla) líofa ag Biffo.

    Ar RnaG inné dúirt sé go mbeadh sé fós páirteach sa choiste comhaireachta ar an gceist.

    Ní airgead amháin atá i gceist.

    Tá straitéis chiallmhar níos tabhachtaí, agus é chur i gcrích.

    An t-imní is mó a bheadh agam go mbogfaí Éamon Ó Cuiv – tá aire láidir gaeltachta de dhíth orainn, agus níl muinín agam as an gcuid eile acu. Beidh le feiscint.

    Freagra
  2. Fearn

    Mar a dúirt na Gearmáinigh i dtaobh Hitler: Ar a laghad tá Gearmáinis aige: maithfar dó!

    Maidir le Éamó, caithfidh poiliteoir teacht sa chomharba air uair éigin am éigin tráth éigin. Ní mhairfidh sé go deo.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s