Bertie ag imeacht ar 6 Bealtaine

bertie.jpg 

Táim ag éisteacht le Bertie Ahern ag tabhairt le fios go bhfuil sé le h-eiri as bheith ina Thaoiseach agus ina cheannaire ar Fhianna Fáil.  Is cosúil fosta go mbeidh sé ag eirí as an bpolataíocht ionadaíoch nó tá blas den ‘clabhsúr’ ag baint lena ráiteas. 

Os rud é gur eiríos féin as post cúramach agus tabhachtach, dar liom, i mbliana, tá comhbhá áirithe agam le Bertie agus é ag tabhairt aghaidh ar phroiseas úr anois.    Ní h-ionann bheith id eagarthóír ar nuachtán laethúil Ghaeilge agus bheith id Taoiseach, ar ndóigh. 

Is é an proiseas siochána an seod is lonraí ina oidhreacht pholatúil.  Is proiseas é nach bhfuil criochnaithe – ach is beag ar féidir le Bertie a dhéanamh anois sa bhreis ar an éacht atá bainte amach aige go dtí seo.  

4 thuairim ar “Bertie ag imeacht ar 6 Bealtaine

  1. aonghus

    Le cúnamh Dé beidh maolú éigin ann ar an mbladar faoi gnóthaí aisteacha airgideais Bhertie, agus fillfidh an Freasúra ar a ndualgas – obair (nó easpa oibre) an Rialtais a scagadh agus a iniúchádh.

    Agus is beag dóchas atá agam gur amhlaidh a bheidh…

    Freagra
  2. Fearn

    Muise, a chonchbhair, tá tú i ndeachuideachta !

    Maidir le Beirt Aoi, saortear an neamhchiontach nó cáintear an ciontach!

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s