Tafann na madraí a d’fhan ciúin go dtí seo

Faoi dheireadh thiar, tá siad le clos, na madraí nár thafann. 

Inniu thug ceannairí an Phairtí Dhaonláthaigh agus an Chomhaontais Ghlais, Mary Harney agus John Gormley, le fios go raibh sé in am don taoiseach ráiteas a thabhairt ag soiléiriú cad as a tháinig an ‘sterling’ a loisteáil a runaí, Gráinne Carruth, i gcúntas bainc Bhertie trath go raibh sé ina Aire Airgeadais sna 90aí.

 

Cé nach gcreideann duine ar bith gur polaiteoir é Bertie a bhí lofa ar an mbealach a bhí polaiteoirí eile, is léir go bhfuil na ceisteanna anois faoina iompar dosheachanta.  Ní chreideann éinne an Taoiseach agus a chuid míniúcháin cásta is do thuigthe.   Agus níl sin maith go leor.

 

Ní chreidim féin gur cheart staicín aiféise a dhéanamh de ach an oiread – nó is cinnte go bhfuil go leor déanta aige ar son a thír.  Agus nílim cinnte go bhfuil duine ar bith i bhFianna Fáil a bheadh níos fearr ná é sa phost seo.   Cinnte ní bheinn sasta le leitheidí Brian Cowen, Brian Lenihan, Mary Hanafin sa phost. 

 Tá a fhios agam nach bhfuil seans dá laghad aige ach bheinn ar son Noel Dempsey.    Tá sé díreach agus tá sé samhalaíoch – tugann sé aghaidh ar fhadhbanna agus reitíonn sé iad – ach ní bhionn a reiteach i gcónaí sasúil (votáil leictreonach mar shampla). 

Ar ndóigh táim claonta faoi seo – mhúin m’úncail Peadar Noel Dempsey trath agus mar sin bheadh iontaoibh agam as!

 

Aon tuairim amháin ar “Tafann na madraí a d’fhan ciúin go dtí seo

  1. Fearn

    Nuair a léigh mé seo, rith céafar Thearlaoi Háhí liom.
    “Leis na héachtaí ar fad a chur sé i gcríoch don thír, bímis dall ar a “laigí””

    is breab breab; is cam cam.

    Cuirfear fiostú dlithiúil ceart cothrom air agus fógraitear a chiontacht nó a neamhchiontacht de réir dlí

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s