Seomraí lán, geallúintí folamh


An tseachtain seo beidh na múinteoirí ag casadh le chéile le h-aghaidh a gcomhdhálacha bliantúla.   I gCill Chainnigh beidh Cumann Búnmhúinteoirí Éireann ag reachtáil ardfheis an eagrais. 

An chéad mhír ar an gclár oibre cois an Fheoir, an geallúint a rinne an Rialtas trath olltoghcháin na bliana seo cháite ag tabhairt le fios go laghdófaí an coibhneas daltaí;muinteoir ó 27 go 26.Tá an geallúint sin briste mar gheall ar, de reir suíomh idirlíne na Roinne Oideachais, an lagtrá eacnamaíochta.    

Go fóill beag, áfach, beidh an Aire Oideachais ag fáil ardú pá suntasach níos déanaí i mbliana, maraon lena comhleacaithe rialtais.An é nach mbaineann an lagtrá eacnamaíochta leo?  An é ná raibh siad ag maíomh gurb iad ba chúis leis an mborradh sa Gheilleagar?   

Anois, is cosúil, níl aon láimh acu sa droch chasadh is déanaí.Ní h-é seo an chéad geallúint atá briste ag an Roinn Oideachais – is cuimhin linn go léir an geallúint a deineadh anuraidh, roimh an Olltoghchán, go mbeadh €1m á thabhairt le h-aghaidh athlonnú An Chomhairle Oideachais Gaeltachta is Gaelscolaíochta.    

 

Níl aon rian den €1m seo. Níl COGG fiú luaite i meastúcháin na Roinne Oideachais a fhoilsíodh i dtús mí na Nollag. Níl an duile fige fagtha ag an Rialtas seo chun a náiriú maidir lena bpolasaithe agus a míchumas a cheilt.   

 Ní leor nach nglacfadh siad lena n-arduithe pá, ba cheart go mbeadh orthu ísliú pá a ghlacadh, ná beadh pingin níos mó á fháíl acu ná an ghnath mhúinteoir nó an ghnath altra….   

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s