An bealach chun tosaigh?
Bhíos ag déanamh roinnt machnaimh le tamall ar an bpriacal ina bhfuil an tír seo de bharr mi rialtas agus toscaí eile.
Dar liom is é an mí-rialtas an deacracht is mó atá againn. Cinnte tá na deacrachtaí geilleagracha atá againn, tá siad againn. Tá comhthéacs domhanda leo agus ní fhéadfaimís ealú ón spéirling sin, cuma cén páirtí a bheadh i bhfeidhil ar an long.
Ach tá an stoirm atá ag titim amach i dtíortha eile ina hairicín anseo de bharr an mí rialtas atá againn.
Ní fheadar an féidir an locht ar fad a chur ar Fhianna Fáil. Nó an mbeadh gach páirtí chomh olc lena chéile. Níl a fhios agam an bhfuil aon eolas nó cumas nó scil sa bhreis ag na polaiteoirí sna páirtithe eile. B’fheidir go bhfuil corr pholaiteoir atá fís aige agus cumas atá inchurtha le sin chun sinn a thabhairt slán ón bpriacal ina bhfuilimíd.
An mbeadh aon réiteach ar ár scéal dá mbeadh toghchán ann? Tá an baol ann go dtoghfaimís Fine Gael/An Lucht Oibre le bheith sa Rialtas mar mhalairt ar Fhianna Fáil agus b’fhéidir nach bhfuil réiteach an scéil acu. Sa deireadh thiar is polaiteoirí atá sna pairtithe ar fad – agus níl scil ar leith acu seachas an pholataíocht.
Agus tá gá le sainscileanna anuas ar an pholataíocht chun sinn a thabhairt slán ón bpriacal seo. Ní oibríonn sé ach an oiread nuair a bhionn ‘comhairleoirí speisialta’ le sainscileanna ag polaiteoirí chun iad a threorú – nó bionn na stat seirbhísigh ag cogarnaigh sa chluas eile ag cur iad ar mhalairt treo.
An réiteach ar ár scéal go mbeadh Rialtas Náisiúnta ann, comhrialtas idir FF agus FG mar shampla? Ní chreidim é. Arís ní bheadh agat ach polaiteoirí agus ní doigh liom gur leor sin sa chás seo.
Mar sin, an rud atá á mholadh agam sa deireadh thiar, go dtoghfar go díreach gach aire rialtais. Bheadh ar gach iarrthóír le h-aghaidh gach post a chuid polasaithe a chur os ár gcomhair agus bheimís ábalta iad a cheistiú. D’fhagadh sin, sa chéad dul síos, go mbeadh gach iarrthóír le h-aghaidh gach aireacht ag lorg an phoist sin. Ní bheadh, mar a tharlaíonn anois, aire á roghnú i bpost nach raibh sé nó sí sásta lei, de bharr gur ‘ísliú céime’ a bheadh ann.
Sa deireadh thiar, is é seo mo cheist. Dá mbeadh an rogha agat, cé thoghfá mar Aire le freagracht ar an nGaeilge/an Ghaeltacht?
Tá liosta agam anseo ó bharr mo chinn de dhaoine a chreidim a bheadh buanna ar leith acu don phost seo, dá mbeadh siad ar fáil agus toiltheanach glacadh leis an bpost. Tá spás ann do bhúr rogha féin. Ná bíodh cúthall oraibh, bígí ag votáil – agus má tá fonn oraibh daoine eile a mholadh, molaigí iad.
Léigí an chló bheag!
Seo postaer d’iarrthóir Fhianna Fáil i Réigiún an Deiscirt sna Toghcháin Eorpacha. Brian Crowley an t-é atá san iomaíocht thar cheann an phairtí.
An bhfeiceann tú ainm an phairtí ar an bpostaer? Tá sé ann – bhíos ag smaoineamh ar chomórtas a thosnú ar nós an ‘Spot The Ball’ a bhíodh ag an Sunday Press fadó agus sibh a spreagadh chun lógó an pháirtí is mó sa Rialtas a aimsiú ar an bpostaer seo ag iarrthóir an pháirtí?
An é go gceapann Brian Crowley gur amadáin sinn agus nach gcuimhneoimid ar an phairtí atá sé bainteach leis agus sinn ag votáil?
Bíodh is go mbionn sé i bhfad uainn sa Bhruiséal i mbun a chuid oibre, ní dhearúdfaimid é agus an pháirtí lena mbaineann sé.
Is cinnte go mbeidh a leath bhadóir, Ned O’Keeffe, ag meabhrú freisin ar an gcló bheag nó ar eigean gur féidir a ainm a fheiscint ar chorr ar bith ar an bpostaer.
An ndeineann SF próf léamh ar ábhar bholscaireachta an pháirtí?
Ní thaithníonn sé liom riamh bheith ag caitheamh anuas ar chaighdeán Ghaeilge dhaoine eile. Ní h-é sin an slí chun daoine a mhealladh i dtreo na teanga, creidim.
Anuas ar sin, dá mbeinn ag déanamh magaidh faoi droch Ghaeilge dhuine d’fhéadfadh sé tarlú go mbeadh mílitriú anseo nó ansiúd nó lúb eile ar lár a d’fhagfadh go raibh an deis ag duine magadh fúmsa.
Tá alt tarcaisneach ag Pól Ó Muirí sa Belfast Telegraph inniu agus é ag magadh faoin chaighdeán Ghaeilge atá in úsáid i gcaipéis nua atá éisithe ag Sinn Féin agus atá faighte aige. De réir an ailt seo ag an Muiríoch, tá go leor botúin gramadaí agus litriúcháin sa chaipéis.
Party president Gerry Adams writes: “Tá eolais (sic) sa (sic) foilseacháin (sic) seo ar obair do chuid Airí?” and “tá am deacair eacnamaíochta, naisiúnta (sic) agus idirnaisiúnta (sic) romhain (sic).” While the piece from Deputy First Minister, Martin McGuinness, talks of “sochaí cothrom (sic) a cruthú” (sic), “obair furasta” (sic) “ar fud an Tuasiceart” (sic) and “chun phobail (sic) níos sábhailte (sic) a cruthú (sic) ?”
Dar leis an Muiríoch, ba chaipéis ana shnásta – glossiáilte(?) – a seoladh chuige. Agus is dócha gur seoladh na mílte caipéisí den tsort seo ar fuaid na tíre ag iarraidh dea íomhá a chruthú don phairtí.
Gach cainteoir Ghaeilge atá aithne agam air nó uirthí, léifidh sé nó sí an chaipéis agus titfidh a c(h)roí. Slam mhór airgid caite ar iris shnásta ach an Ghaeilge ann chomh h-ainis sin is go gcuireann sé pian ar do shúile bheith á léamh.
Agus é sin scríte agam, cuireann sé i gcuimhne dhom gur cuireadh an choir teanga sin i mo leith féin uair nó thrí, ar an suíomh seo!
Ar ndóigh, bionn Pól Ó Muirí ag scríobh don suíomh El Blogadór, suíomh a thacaíonn go neamh leithscéalach leis an SDLP agus bheithfeá ag súil lena leitheid de chaint uaidh. Ní dócha go raibh focal molta riamh aige do SF.
Bhíos féin sásta an phairtí a chosaint trath mar gur cheapas go raibh an pháirtí ar leas na Gaeilge. Ansan fuair mé amach gur a mhalairt a bhí fíor.
Tá go leor cainteoirí Ghaeilge sa phairtí agus daoine le tuiscint mhaith ar ghramadach agus a leitheid a chuideodh leo a chinntiú go raibh an teanga a raibh á úsáid acu réasúnta agus, ar laghad, neamh phianmhar. Go deimhin tá siad ann sa phairtí atá ina chainteoirí Ghaeilge chomh líofa agus chomh binn is a fhéadfá a chloisint in áit ar bith.
Ach tá eite eile sa phairtí a chreideann gur cineál gradam atá á thabhairt acu don teanga í a úsáíd ar chorr ar bith agus ná raibh am ag daoine a bhí sáite sa réabhlóid bheith ag foghlaim gramadach na Gaeilge agus nár cheart dúinn bheith buíoch go bhfuil sí á úsáid ar chorr ar bith ag leitheidi Gerry Adams i bhfianaise nach mbionn sí á úsáid ag Mark Durkan (an bhfuil seisean go fóill ina cheannaire ar an SDLP?) ar chorr ar bith.
Agus tá siad chomh h-olc céanna ó dheas den teorainn. Is cuimhin liom cúpla bliain ó shin gur iarras ar phrof leitheoir an nuachtáin ceartú a dhéanamh ar leagan Ghaeilge de litir a bhí foilsithe ar shuíomh idirlíne Roinn an Taoisigh. Bhí an litir in ainm is a bheith scríofa ag Bertie Ahern, Taoiseach na linne. Bhí sé breac brocach le botúin. Sheolamar an litir cheartaithe chuig Roinn an Taoisigh le geallúint nach ndeinfí aon phoiblíocht ar an scéal. Seirbhís ar son dignit na tíre a bhí ann. Bocht an bhuiochas a fuaireamar dár dtrioblóid.
Inniu féin feicim go bhfuil roinnt den suíomh ag an Taoiseach, Brian Ó Comhain, Gaeilgeoir mhór Uibh Fhailí, i nGaeilge. Tá ráiteas misin ann i mBéarla agus tá leagan Ghaeilge fosta.
I mBéarla:
To provide the Government, Taoiseach and Ministers of State with the support, policy advice and information necessary for the effective control of Government and for the dynamic leadership, co-ordination and strategic direction of Government policy.
Is cosúil gur coiste de short éigean a chum an ráiteas sin nó tá sé beagnach do thuigthe.
I nGaeilge An chomhairle beartais, an fhaisnéis agus an tacaíocht atá de dhith chun an Rialtas a sheoladh go h-eifeachtach agus chun treoir straitéiseach a thabhairt do bheartais an Rialtais ar bhealach chomhordaith agus sainstiúrtha [a chur ar fáíl].
Mise a leag an bhéim breise sin nó creidim gur clasail in aisce é seo i bhfianaise go bhfuil an ‘treoir straitéiseach’ tugtha roimhe sin agus nach bhfuil ainmfhocal breise le go bhféadfadh ‘a chur ar fáil’ bheith ag tagairt do.
Mar sin, níl aoinne saor ó locht.
[Táim buioch do Greavesie as an ceartúchán a chur ar fáil don teideal! Maith thú! Mar is léir níl próf léamh á dhéanamh agam ar ábhar an bhlag seo - ach ansan níl Rialtas na Banríona ag íoc as na billí léamh phrófaí!]
An Lucht Oibre chun tosaigh ar Fhianna Fáil
De réir an pobal bhreith is déanaí, tá Páirtí an Lucht Oibre imithe chun tosaigh ar Fhianna Fáil den chéad uair.
Is iad seo torthaí suirbhé TNS/MRBI:
Fine Gael 32 (-2)
Lucht Oibre 24 (+10)
Fianna Fáíl 22(-5)
Sinn Féin 8 (+1)
An Chomhaontas Glas 4 (gan athrú)
Neamhspleaigh 9 (-4)
Is é seo an freagra a bhíos ag súil leis nó creidim gurb é Éamon Gilmore is fearr a chruthaigh a mhianach mar cheannaire le seachtain anuas.
Ciallaíonn an toradh seo go bhfuil Fianna Fáíl tar éis leath dá chuid tacaíochta a chailliúint ón olltoghchán dheireannach.
De réir torthaí phobal bhreith na gceannairí, tá Eamon Gilmore ag 44% agus tá eisean i bhfad chun tosaigh ar gach ceannaire eile. Ní raibh titim ró mhór ar fhigiúirí an Taoisigh – nó thit sé sin 2%. Ach ní raibh sé ard sa chiall dul síos agus anois is é an ceannaire leis an figiúir is ísle – tá sé ag 22%.
Scéal imeallach – agus ní dócha gur íontas é nó is pairtí imeallach é Sinn Féin – nach bhfuil aon méadú suntasach ar Shinn Féin – suas 1% go dtí 8%.
Léiríonn sé go bhfuil an páirtí ‘radacach’ seo ar an imeall trath gur cheart do bheith ar mhuin na muice. Is é an pairtí is faide bhunaithe sa tír iad ach tá sé cosúil is gur pairtí coimhthíoch é ina thír dhúchais.
-
Archives
- November 2009 (14)
- October 2009 (11)
- September 2009 (22)
- Lúnasa 2009 (16)
- July 2009 (40)
- June 2009 (68)
- May 2009 (51)
- Aibreán 2009 (51)
- Márta 2009 (44)
- February 2009 (50)
- January 2009 (43)
- Nollaig 2008 (28)
-
Categories
-
RSS
Entries RSS
Comments RSS


