iGaeilge

- neamhspleach, laethúil, i nGaeilge

TG4 ag an Oireachtas – Uair na nAmaitéarach

Oíche Dé Satharn agus mé sa bhaile ós comhair na teilifíse ag fánacht ar Chorn Uí Riada a bheith á chraoladh beo.  Mé ag súil le comórtas fónta chun dea ghiumar a chur orm agus mé a réiteach don oíche romham.    Tuirse an lae orm tar éis bheith ag deanamh glantacháin na Samhna ar an ngluaistean agus cúramaí tí eile maraon le h-ullmhú do choisir oíche Shamhna agus, ina dhiaidh sin, baiste mo neach nua bheirthe, iníon mo dhearthar agus a bhean.

Bhuel bhí go maith agus ní raibh go h-olc.  Sé sin go dtí gur thosnaigh mé ag amharc ar chlár Chorn Uí Riada ar an dteilifís.   Cheap mé go mbeadh comhairle a leasa faighte ag lucht TG4 ón mbliain seo chaite nuair a thug mé le fios ná raibh a chéad iarracht thar moladh beirte – ach ní mar sin a thit rudaí amach.

I mbliana bhíomar ag feitheamh leis an dara dreas agus tugadh Ray Mac Mánais agus Joe O Dómhnaill ós ár gcomhair chun an agallamh buach a bhí acu a chur in ár lathair.  Bhí an t-agallamh féin go brea go dtí gur thosnaigh siad é á aithris don dara h-uair.    Bhí an baol ann go dtosnóidís á rá don triú uair go dtí go ndúirt duine acu:  “An bhfuil a dhothain agat?”  nó rud éigean cosúil leis agus, go tobann, bhíomar ar ais le Daithí agus ina chomhluadar an uair seo bhí Antaine O Farracháin agus a amhrán nua chumtha.   Rochán éigean faoi TD ó Chiarraí ar chostaisí – niorbh é an ceann ab fhearr ar chum sé riamh agus táim in amhras go raibh an fonn ina fhonn a bheadh cáílithe mar is ceart don chomórtas ach sin scéal tharam.    Bhí an amhrán tosnaithe agus cúpla véarsa canta aige agus ansan, go tobann, bhí orainn dul isteach go dtí an halla le h-aghaidh tús an ghlaoch ar ais.  Fán am gur shroicheamar an halla, bhí an céad iomaitheoir a fuair an glaoch ar ais, Máire Ní Cheilleachair ó Chorcaigh, tar éis tús a chur lena h-amhrán.    Duine de na h-iomaitheoirí a bhí á lua leis an gcorn í Máire agus tá sé buaite aici faoi dhó roimhe seo.

Ar aon nós, canadh na h-amhráin agus bhí fotheideal ag gabhail le cuid de na h-amhránaithe, ag tabhairt le fios cérbh iad, agus ní raibh leis an chuid eile.  Agus ag an deireadh fograíodh an bhuaiteoir agus bhí thall agus anall idir an halla agus an dorchla ina raibh na h-agallaimh seo á dhéanamh ag Daithí bocht agus go tobann agus tús á chur leis an gcibeal, bhí an clár rite amach as am mar, creid é nó ná creid, bhí athchraoladh ‘Rásaí na Gaillimh’ le craoladh ag TG4.

An oíche is fearr sa bhliain, buaic phointe an Oireachtais, millte ag amaitéarachas agus míshlacht TG4 i mbun na h-oibre seo.   Nó mura raibh an locht ar TG4, cé ar a bhí an locht?

2 11, 2009 Posted by igaeilge | An Ghaeilge, Cúrsaí Reatha | , | 1 freagra

Gugalaí gug mo chircín dubh…

“Suíonn sí síos agus beireann sí ubh, ubh inné, ubh inniu, gugalaí gug mo chircín dubh”

Tá sé chomh maith dom bheith ag iarraidh brí a bhaint as an leabhar is déanaí ó Dan Brown agus bheith ag iarraidh ciall a aimsiú i ráiteas de chuid an Tánaiste, Máire Ní Chochláin, is dóichí.

Agus í ag labhairt inné nuair a h-osclaíodh Oireachtas na Gaeilge go foirmeálta i Leitir Cheanainn, dúirt sí nach mbeadh aon athrú shuntasach ar chur chuige an Rialtais maidir leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht agus thug sí leid go mbeadh ‘dea scéal’ don Ghaeilge is don Ghaeltacht á fhógairt go luath, amarach b’fhéidir, ag an Aire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon  O Cuív, nuair a labharfaidh seisean ag ocáid atá á reachtáil ag Conradh na Gaeilge ag an Oireachtas.

Níl a fhios agam cé acu an mbeidh an tAire O Cuív sásta gur ghoid an Tánaiste cuid dá chuid éadaí ach ní h-eol dom aon dea scéal go bhféadfadh an Aire a fhógairt ach go bhfuil sé ag foilsiú an phlean atáimíd ag feitheamh ar le tréimhse fada anois, an Plean 20 Bliain don Ghaeilge is don Ghaeltacht.

Tá an tAire tar éis seal fada a chaitheamh ag suí mar chearc ar an ubh áirithe seo – agus tá sé thar am go mbeadh toradh a shaothar le feiceáil.

Is cinnte nár cheart aon fháilte a chur roimis mura bhfuil sé ag fógairt an phlean.  Is é seo ocáíd atá réamh dhéanta don cineal seo fógra – ach is dócha, freisin, go mbeadh sé níos fearr arís é a dhéanamh ag ocáid ag a bhfuil an Rialtas ar fad ann chun tacaíocht uile ranna a léiriú don phlean.

Bheadh suim agam, go h-áirithe, leithéidí Ní Chochláin féin, An Taoiseach, an tAire Oideachais agus Eolaíochta agus an tAire Airgeadais a fheiceáil gualainn ar ghualainn leis an tAire Gaeltachta agus é ag déanamh an fógra.

Níos tabhachtaí ná an phlean ná cur síos ar an modh oibre chun an plean a chur i bhfeidhm agus léargas ar na h-acmhainní a bheidh ar fáil as seo go deireadh théarma an Rialtais seo i leith an phlean.

Ach más amhlaidh go bhfuil an Rialtas sásta leis an ’status quo’ ar an gceist seo – mar atá ráíte ag Ní Chochláin a bheag nó a mhór – caithfear teacht chun tosaigh le modh oibre nua agus is sinne a chaithfidh sin a dhéanamh beag bheann ar an Rialtas.

Neosfaidh an aimsir céard atá le rá ag an Aire – ach níor cheart bheith ag brath ar an Aire seo nó ar Aire ar bith chun na h-oibre seo a dhéanamh.   Ní léir go bhfuil an samhalaíocht agus an tuiscint ann chun tabhairt faoin obair.   Chun a bheith cinnte go ndeinfear an obair, is linn féin an imirt.

 

30 10, 2009 Posted by igaeilge | An Ghaeilge, Cúrsaí Reatha | , , , , | 3 freagra

An tOireachtas nach bhfaca tú ar TG4….

Míle buiochas leis an t-é a chur seo ar fáil….ní mise a bhí ann….

8 08, 2009 Posted by igaeilge | An Ghaeilge | , | 1 freagra

Oireachtas na Gaeilge faoi bhagairt?

Tá ceisteanna anois faoi thodhchaí Oireachtas na Gaeilge. Ní h-é nach mbeidh se á reachtáil sa todhchaí ach go mbeidh cuma agus blás thar a bheith difriúil air sna blianta atá le teacht thar mar a bhí, mar shampla, nuair a deineadh ceiliúradh air i gCorcaigh le déanaí.

Bhí An tOireachtas i gCorcaigh ar fhéile chomh maith is ar fhreastail mé air – é líon lán le h-imeachtaí éagsúla, iomáint, ficheall, ealaíon, rínce seiteanna, scéalaíocht, dreasanna cainte, agallaimh beirte, lúibíní, amhráin nua chumtha agus, ar ndóigh, rínce ar an sean nós is amhránaíocht ar an sean nos.

Samhlaigh Oireachtas gan ann ach an rínce agus an amhranaiocht ar an sean nós. Sin an cineál Oireachtais a bheidh ann sa todhchaí de réir an méid atá tugtha le tuiscint domsa.

Gach seans go mbeidh na comórtais eile ann – ach ann ar éigean a bheidh siad, ar an imeall go h-iomlán.

Theana féin, ní bheidh in Oireachtas na bliana seo i Leitir Cheanainn ach féile Ceadaoin go Satharn, seachas an féile seachtaine a bhí i gCorcaigh. Ní bheidh iomáint nó ealaíon nó ficheall nó oíche na rince seiteanna ann. A bhuí den Evening Echo, socrú a bhí déanta leis an nuachtán ag an gCoiste Áitiúil, bhí go leor poiblíochta go h-áitiúil faoin bhfeile agus bhí a fhios ag gach éinne sa chathair go raibh sé ar siúl.

An bhliain seo chugainn, beidh an Oireachtas i gCill Airne agus arís i 2011 beidh sé san ionad chéanna, an INEC, an Larionad Náisiúnta Comhdhála.

Ní bheidh aon choiste áitiúil ann nó, mar a thuigtear do shaoistí an Oireachtais, rinne coiste áitiúil an Oireachtais i gCorcaigh jab ró mhaith agus bhí siad ró uaillmhianach leis an ollréimse imeachtaí a bhí ann.

Ar bhonn shaincheadúnais a bheidh an Oireachtas á reachtáil sna blianta romhainn agus an bhéim go mór mhór ar rince ar an sean nós agus na comórtais amhranaíochta ar an sean nós,

Ag an Oireachtas i gCorcaigh, tugadh faoi ndeara go raibh na comórtais ar nós na Luibíni agus na h-agallaimh beirte á reachtáil ar an imeall, bhí na h-agallaimh beirte ann maidin Dé Satharn agus na Luibíní ar siúl trathnóna Déardaíon. Ní raibh siad i lár ardáín faoi mar a bhiodh siad agus ba mhór an trua sin.

An Choiste Náisiúnta a bhí freagrach as an sceidealú seo.

Amach anseo beidh an OIreachtas á athshamhlú faoi mar a bheadh bialann ina raibh réimse leathan bídh dhúchasaí á athshamhlú mar McDonalds….

Sin todhchaí nach ghuífeá don Oireachtas….

18 02, 2009 Posted by igaeilge | An Ghaeilge, Cultúr, Cúrsaí Reatha, Nuacht | | 1 freagra

Dá olc an t-ól, is measa an tart

Seo seod eile ó Mhúscraí, sceits a cuireadh ar ardán le linn oíche cheiliúrtha an OIreachtais a reachtáil Aisling Gheal san Ionad Chultúrtha i mBaile Mhuirne le déanaí.  Bhuaigh an sceits seo Corn Eibhlín Ní Chathailriabhaigh ag an Oireachtas i gCorcaigh agus is furaist a fheiscint cén fath gur eirigh leis sa chomórtas.  Bhí sé cliste agus greannmhar agus bhí an Ghaoluinn ann chomh blasta is a bhfaighfeá in áit ar bith.   Seán  O Múineacháin a ghlac pháirt an tAirseora, Siobhán Ní Mhúineacháin a rinne pháirt an Aingil agus Seosamh O Criodáin abea an fear dí.

17 11, 2008 Posted by igaeilge | An Ghaeilge, Cultúr | , , , , , | 3 freagra

Agallamh Beirte ó Mhúscraí

Tá clú agus cáil ar Mhúscraí de bharr gurb é ‘cliabhán na n-agallamh beirte’.   Léiríonn an t-agallamh beirte seo atá á chur i láthair ag Colm agus Diarmuid  O Meachair ó Chúil Aodha go bhfuil an traidisiún sin go laidir i measc na n-óg freisin agus nach baol do.   Bhuaigh Diarmuid agus Colm an dara áit i gcraobh an Oireachtais d’agallaimh beirte faoi 12 ar na mallaibh.   Feictear anseo iad ag glacadh páirte i gcoirm cheol speisialta a reachtáil Aisling Gheal do bhuaiteoirí an Oireachtais i Múscraí ag Ionad Chultúrtha Bhaile Mhuirne ar 7 Samhain 2008. 

Beidh a thuilleadh le feiscint ón gcoirm cheol seo sna laethannta romhainn ar iMúscraí.

8 11, 2008 Posted by igaeilge | An Ghaeilge, Cultúr | , , , | No Comments Yet

B’fheidir nach bhfaigheadh TG4 an athghlaoch….

An oiread cainte is a bhí déanta roimh ré faoi Chorn Uí Riada bheith á chraoladh beo den chéad uair – nó, ar a laghad, cuid de phríomh chomórtas an Oireachtais bheith á thaispeáint ar an dteilifís – bhíos den tuairim go mbeadh TG4 ar barr a maitheasa don ocáid is mó sa saol Ghaelach.

Is dona liom a thuairisciú go raibh lochtanna suntasacha ar chraoladh beo TG4 ar Chorn Uí Riada.  Agus ní fios cad is cúis leo ach léirigh an slí a rinne an staisiún craoladh ar an gcomórtas easpa tuisceana agus easpa cuirtéise.

Bhíos san oisbidéal le m’athair atá ag teacht chuige féin tar éis droch thinneas agus tús á chur leis an gclár ag 9in Dé Satharn.  Dáithí Ó Sé a bhí á chur i láthair agus déarfaidh mé an méid seo anois, ní raibh locht dá laghad air as a tharla.   Bhain na deacrachtaí leis an órd reatha a tugadh do agus an easpa cumarsáide idir TG4 agus an halla chomórtais.

Bhíos ag amharc ar na pictiúirí ar an dteilifís – ach bhí an fuaim múchta agam le go bhféadfainn éisteacht a thabhairt do na h-iomaitheoirí agus iad go fóíll ag ceol na h-amhráin malla.

An chéad duine a cuireadh i láthair ar an dteilifís, Mícheál  Ó Conghaile, buaiteoir an choirn ón bhliain seo chaite, agus cuireadh é ag ceol amhráin eile.   Seo againn anois é – amhrán sean nós ar an dteilifís ó bhuaiteoir Choirn Uí Riada anuraidh agus amhrán sean nóis ar an raidió agus cé fios ach gurb é an buaiteoir ón mbliain seo a bheadh ann?  Cé do a thabharfainn mo chluas? Amhranaí an raidio a chinn mé.

Bhí beirt nó triúr amhránaí eile acu ar an dteilifís agus iad go léir ag canadh le linn Chorn Uí Riada bheith ar siúl.  Níl aon locht agam orthu as ucht glacadh le cuireadh amhrán a chanadh beo ar TG4 – cé mhéid uair a chloistear amhrán sean nóis ar an staisiún sin taobh amuigh d’fheile bhliantúil an Oireachtais?   Anuas ar sin bhí pacaiste ‘buaicphointí’ ón méid a bhí canta cheana féin sa halla chomórtais.  Arís b’a pacaiste é sin a fhéadfaí craoladh idir an phríomh chomórtas agus an glaoch ar ais gan cur isteach ar thaithneamh dhuine ar bith sa chomórtas féin.

Niorbh é seo an ocáid le h-aghaidh comórtas amhránaíocht sean nóis ar na h-aerthonnta.  Bhí ceart ag TG4 bheith níos mó i dtiúin leis an rud a bhí ag tarlú sa halla chomórtais agus ligint don chomórtas criochnú sarar thosnaigh siad ar na h-amhránaithe sean nóis a chur i láthair.

Bhí sé amhail is go raibh TG4 ag iarraidh lucht féachana/eisteachta a mhealladh ó RTÉ Raidió na Gaeltachta:  Amhail is go raibh an staisiún ag rá: ”Féach, ná bac leis an gcomórtas sin, eist lenár n-amhránaithe sean nóis, nach iad atá bínn agus glórach!”

B’fheidir go raibh siad bínn agus glórach ach ní raibh sé cothrom ar na h-iomaitheoirí nó na h-amhránaithe a bhí ar chlár TG4 iad a chur in iomaíocht lena chéile.

Tá TG4 ann chun taifead físe a dhéanamh den mhór ocáid seo – ach níor cheart go mbeadh srianta ama an staisiúin ag cur isteach ar reachtáil an chomórtais.   Sé sin le rá níor cheart, mar shampla, go mbeadh srian ar na moltóirí an athghlaoch a chur ar níos mó iomaitheoirí má chreideann siad gur shroich siad an chaighdeán don athghlaoch de bharr iad a bheith buartha go sárófaí srian ama staisiún teilifíse.

Tá sé ráite liom, mar shampla, go raibh beirt nó triúr eile a bheadh glaoch ar ais faighte acu ar an Satharn ach amháin go raibh buairt ann go saródh an clár an srian ama a bhí leagtha síos ag TG4.  Bheadh cúis maith gearáin ag na daoine sin ná bhfuair an athghlaoch mar gheall ar seo nó chaill siad seans ar an Chorn a bhuachaint agus gach seans go mbeidh ar chuid acu gabhail tríd an phroisis cáílithe in athuair sara mbeidh siad ar ais ar an bpríomh ardán.

Is léir narbh iad seo na clocha ba mhó ar an bpaidrín ag TG4.  An é go raibh an staisiún fós gangaideach faoin mbealach ar baineadh na cearta craoltóireachta eisiacha uatha tar éis doibh iad a ‘bhaint’ i gceann craoltóíreachta? Más amhlaidh go raibh a srón as alt de bharr an méid a tharla roimhe, bheadh sé nios fearr ag an staisiún fánúint glan ar an imeacht ar fad seachas iarracht a dhéanamh é a chur faoina smacht.

Ní h-é go raibh gach rud a rinne TG4 ar an oíche go h-olc.  Bhí cuma mhaith ar an halla, bhí na ’seatannaí’ dea chumtha don chuid is mó, bhí an cur i láthair ó Dhaithí lán le spioraid agus bhí roinnt aoíanna speisiúla ann.

An rud amháin a bhí ar iarraidh, dar liom, ná raibh aoinne ann chun labhairt ar na h-amhráin sean nóis a bhí á cheol ag na h-iomaitheoirí chun míniú a thabhairt don lucht féachana a bheadh ag tabhairt Corn Uí Riada faoi ndeara don chéad uair b’fheidir céard a bhí ag tarlú ar chorr ar bith.  Cén fath go bhfuair duine amháin glaoch ar ais seachas duine eile? Cén fath gur roinneadh na duaiseanna faoi mar ar roinneadh iad?  Cé mhíneodh mistéir an sean nóis doibh?

An mholadh a bheadh agamsa do TG4 clár beo beathach a dhéanamh ón Oireachtas gach oíche an bhliain seo chughainn, an Déardaoin, Aoine agus Satharn ach go h-áirithe.  Go mbeadh buaiteoirí an lae ann cinnte ach go mbeadh sé ar siúl tar éis don bpríomh chomórtas bheith criochnaithe. Chiallódh sé seo go raibh an chuid is fearr de gach rud acu agus go mbeadh an lucht éisteachta a bhí ag an Raidio suas go dtí sin ag teacht chuthu.    Má tá Corn Uí Riada le craoladh beo ar TG4 an bhliain seo chughainn, dein é i gcomhairle le RTÉ Raidió na Gaeltachta seachas i gcomórtas leo.

Tá mise ar shon Corn Uí Riada bheith ar an dteilifís, agus ar an Raidió. Ní i gcomórtas le cheile atá siad, i m’aigne.  Ach má bhí comórtas ann, bheadh an Corn ag an Raidió agus ní bheadh athghlaoch á fháil ag TG4.

Ach, mar a léiríonn an físeán thuas agus Bríd Ní Maolchiaráin ag canadh An Sagairtín i gclár speisialta a rinne TG4 ar bhuaiteoirí Chorn Uí Riada anuraidh, níl sarú TG4 le fáil as bheith ag déanamh cláracha brea faisnéise faoin chorn agus comórtais eile an Oireachtais.    Ba cheart a thuilleadh den chineál sin a bheith ann…..

6 11, 2008 Posted by igaeilge | Uncategorized | , , , , | 1 freagra

Ealaíon agus CLG ar ais ar chlár an Oireachtais

Bus an OireachtaisGhlacfadh sé níos mó ná blag chun cur síos a dhéanamh ar chlár chuimsitheach an Oireachtais a fhograíodh ag ocáid inné ag Ostán an Rochestown Park i gCorcaigh, príomh shuíomh mhór fheile na Gaeilge a chuirfear tús leis ar 26 Deireadh Fómhair. 

B’é cathaoirleach an Choiste Aitiúil, Peadar O Riada, a chur an clár inar láthair.   Ar na príomh imeachtaí ar cheart a lua – agus nach bhfuil luaite go fóill ar mhór shuíomh an Oireachtais – tá filleadh Taispeantas Ealaíon an Oireachtais ar an gclár, comórtas peile idir cumainn na Gaeltachta agus comórtas freisin idir scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna do phaistí faoi 12, morpharáid ar shráideanna Chorcaí ar an lá saoire bainc agus comórtas aghaidheanna fidil idir daltaí scoile sa chathair agus sa cheantar maguaird. 

Agus é ag cur an chláir chuimsithí seo i láthair, dúirt an Riadach gur chuir an Choiste Aitiúil roimhe an sprioc filleadh ar bhun mhíniú an Oireachtais – is é sin teacht le cheile chun an Ghaeilge agus an chultúr Gaelach a cheiliúradh.   Mheabhraigh sé go raibh an tOireachtas ann – sé sin an féile Ghaeilge – sara raibh Tithe an Oireachtais ann – go raibh an chultúr ann ar dtúis agus ansin an pholataíocht. 

D’fháilitigh sé roimh an socrú a deineadh idir RTÉ Raidio na Gaeltachta agus TG4 chun imeachtaí Oireachtais a chraoladh ar an raidió agus ar an dteilifís.   D’aithin sé go raibh argóint teasaí idir an dhá mhór chraoltóir Gaeilge níos luaithe i mbliana – ach, mar a dúirt sé, ní féidir bácáil gan teas. 

Sprioc eile a luaigh sé leis an Oireachtas i gCorcaigh, go luafaí draíocht leis an bhféile um Shamhain seo in athuair. 

Ní aithneoidh lucht freastail an Oireachtais iad féin ag an fheile i mbliana nó tá athfhorbairt shuntasach déanta ar Ostán an Rochestown Park.    Sar obair déanta ag úinéirí an ostáin, Seán agus Dónal O Liatháin, ón uair dheireannach go raibh an Oireachtas ag an ostán. 

Beidh tuilleadh faoi imeachtaí an Oireachtais le fáil ar an suíomh seo agus tá sé i gceist blagáil beo a dhéanamh ar an ocáid ón láthair freisin. 

Tá blas laidir Ghaeltacht Chorcaí ar mórfheile Ghaeilge na bliana seo.   Ach má tá, ní h-ionann sin agus a rá nach bhfuil blas laidir na cathrach le mothú freisin nó tá Gaeil Chorcaí – idir leitheidí Máirín Quill, leas mhéara Chathair Chorcaí agus Gaeltaca. 

Léiríodh eifeacht Ghaeltaca go follasach taobh amuigh de dhoras an ostáin nó páirceáilte ansin bhí bus máisithe le suaitheantais ag fógairt an Oireachtais sa chathair.   Is léir go bhfuil Gael Taca go brea bríomhar agus iad ag iompar an lochrann a thug bunaitheoir an eagrais, Pádraig O Cuanacháin a cailleadh níos luaithe i mbliana, agus an creideamh a bhí go smior ann an Ghaeilge a bheith chomh feiceálach is a fhéadfadh sé bheith sa chathair.    Is cinnte gur fhag Pádraig a lorg ar an gcathair – agus tá Gaeltaca ag leanúint lena chuid oibre.  Maith sibh Barra O Caoimh agus a mheithil!

10 10, 2008 Posted by igaeilge | Uncategorized | , , , , , , , | No Comments Yet