An mbionn tú ag ‘cúl éisteacht’ le RTÉ Raidió na Gaeltachta?
Ag éisteacht dom le ‘Iris Aniar’ ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ar maidin chuala mé agallamh le Leas Cheannasaí an staisiúin, Dónal O Braonáin agus é ag déanamh cur síos ar shuirbhé phríobháideach a rinne an staisiún coimisiúnú air chun líon agus spéis na n-éisteoirí a mheas.
Ar chúis nár rinneadh ró shoileir le linn an agallaimh, ní chuirtear RTÉ Raidió na Gaeltachta san áireamh le linn suirbhéanna éisteoirí an JNLR. Ait liom an méid sin os rud é, má tá figiúiri an tsuirbhé le creidmheáil agus caithfear glacadh leis, is dócha, gur suirbhé neamhspleach a dhothain é in ainneoin gurb é RTÉ RnaG atá á choimsiúnú agus á fhoilsiú, tá sciar mhór den lucht éisteachta ag RTÉ RnaG i gceantair Ghaeltachta áirithe.
Tabhair faoi ndeara nár deineadh an suirbhé seo, is cosúil, ach i gceantair Ghaeltachta. Agus nior deineadh i ngach ceantar Ghaeltachta é ach an oiread. Tá sé amhail is go bhfuil Raidió na Gaeltachta tar éis cinneadh a ghlacadh as a stuaim féin, gan imeacht i gcomhairle le duine ar bith, gan pobail sna Gaeltachtaí beaga, leithéidí An Rinn, Rath Chairn, Múscraí agus Oileán Cléire a chur san áireamh.
Má táím ag déanamh éagóir ar Raidió na Gaeltachta, maith dhom é. Chuala mé an tUas. O Braonáin ag rá go sonrach gur deineadh an suirbhé sna mór cheantair Gaeltachta, Ciarraí, Conamara, Tír Chonaill.
Ní raibh a fhios agam go raibh teorainneacha na Gaeltachta gearrtha theana féin – is cosúil gur tharla sé i nganfhios dúinn go léir.
Ar ndóigh, ní ceist Gaeltachta amháin é seo. Má ghlacaimíd leis an méid a deir an tUas. O Braonáin mar admháil nach bhfuil RTÉ RnaG ach in ainm is riar a dhéanamh ar phobal na Gaeltachta – pobal Ghaeltachtaí ar leith is é sin le rá nach bhfuil aon riar ceart á dhéanamh ar na céadta, na mílte chainteoirí Ghaeilge ar fuaid na tíre atá ina gcónaí taobh amuigh den Ghaeltacht. Ar a laghad, is féidir a rá gur cuma sa tsioc le bainistíocht Raidió na Gaeltachta cad é barúil na ndaoine seo, a n-eisteoirí, faoin seirbhís a bhfaigheann siad ó RnaG.
Tá sé in am, agus thar am, go mbeadh riar mar is ceart á dhéanamh ag an gcraoltóir náisiúnta ar éisteoirí Ghaeilge na tíre ina iomlán agus bíodh is gur sciar bheag den phobal éisteachta sin pobal na Gaeltachta, níl sé maith a dhothain, dar liom, go bhfuil Raidió na Gaeltachta ag feidhmiú amhail is gur staisiún áitiúil é sna mór cheantair Gaeltachta seachas bheith ina staisiún náisiúnta Ghaeilge.
Léiríonn gach suirbhé dá bhfuil á dhéanamh – fiú an Daonáireamh féin – go bhfuil furmhór na nGaeilgeoirí taobh amuigh den Ghaeltacht agus mar sin ba cheart go mbeadh riar níos fearr á dhéanamh orthu le cláracha cúrsaí reatha, cláracha ceoil, cláracha siamsaíochta is eile.
Molaimse an Raidió as an méid atá déanta acu ó 1973 i leith. Ach anois creidim go gcaithfidh an Raidió an cur chuige a athrú – sin nó caithfidh an Rialtas dul i gcomhar le RTÉ agus staisiún raidió Ghaeilge don náisiún ar fad a bhunú, cothrom Raidió 1 ach i nGaeilge. Tuigtear an méid seo, má tá tusa id chónaí i gceantar nach ceantar Gaeltachta é, tá tú i dteideal an oiread is an áitritheoir Gaeltachta, seirbhis craoltóireachta i dteanga oifigiúil na tíre atá ag déanamh riar ort seachas tú bheith curtha san áireamh mar chúl éisteoir ar sheirbhís atá ag ioc as go daor ód cheadúnas teilifíse!
An bhfuilim mí réasúnta san éileamh sin?
Mo Scéal Féin Caibidil II
Is é seo an dara caibidil de Mo Scéal Féin, dírbheathaisnéis an Athar Pheadair Uí Laoghaire agus tá sé á léamh anseo ag Máiréad Uí Lionaird. Táimíd thar a bheith buioch do David Webb, teangeolaí ó Phortsmouth, Sasana, as an taifeadadh a dhéanamh.
Mo Scéal Féin – Caibidil II
Ceol agus cibeal i mBaile Mhúirne
Beidh Aonach Ceoil i mBaile Mhúirne ag deireadh na seachtaine seo chughainn, an deireadh seachtaine saoire bainc ag tús mhí Bealtaine.
Seoladh an fhéile seo ag an deireadh seachtaine agus b’é Con Fada Ó Driosceoil a sheol é. Seo chughaibh roinnt míreanna físe ón ocáid a rinne mé a thaifead le h-aghaidh suíomh ar leith atá curtha le cheile agam don Aonach Ceoil.
Dáimh Scoil Mhúscraí Uí Fhloinn
Tionólfar Dáimh Scoil Mhúscraí Uí Fhloinn in Ostán Ghobnatan ar an Satharn, 17 Eanáir, ag 7.30in. Is é seo an t-aon cúirt filíochta dá leitheid sa tír. An Monsignor Pádraig O Fiannachta Uachtarán na Dáimh Scoile agus is é Peadar O Liatháin an Cléireach.
An Cuireadh
Fáilte agus fiche go Dáimhscoil Mhúscraí
Roimh baird agus éigis lucht léinn is filí
Fágaíg bhúr mbuartha, bhúr mbrón is imní
Is bíodh caidreamh bhúr gcarad ag ardú bhúr gcroí
Fáilte roimh an ógra , cáilíní agus buachaillí
Fáilte roimh an ngasra ó Chathair Chorcaí
Fáilte roimh an geaingiléirí ó Contae Chiarraí
Fáilte roimh na sluaite ó bhailte Mhúscraí
Beidh ceist chrosta chealgánta ó pheann an rúnaí
Le suaitheadh, le fregairt, le h-áiteamh teasaí
Cé ná beidh baol an go raghfar chun dlí
Agus sé breitheamh an aighnis an scairteadh gáirí
Beidh lucht ráidió agus páipéar is an uair seo TV
Ag scaipeadh is ag alpadh dánta is dréachtaí
Beidh Betsy is an bhantracht ag réiteach cóir bídh
A shásóidh gach éinne gan bhagairt gardaí
An Monsignor Pádraig Ó Fiannachta
An tUachtarán
Ceist na Dáimhe
Im aonar dom ag spaisteoireacht
An spéir im thimpeall scamallach
Anuas dem dhruim am’ thachtadh ’steach
Lem smaointe duairce damanta
ag casaoid leis an saol
Ansan braon is míle fearthainne
Do raid anuas go tarcuisneach
Ag sileadh síos go talamh uaim
na dhíle fuar bréan
Do rith trím chroí cás Rafteirí
Ar bord Áth Cinn ag taisteal do
Le na bhaitin bán ag priocadh leis,
is a mhaidrín dílis fairis riamh
Gan amharc ar an saol.
Nach daille sinn ná Raifteirí
nach mí-adhmharai, nach bascaithe
Le rialtóirí gan faic acu ach glam agus béic
A chaith na miliúin airgid,
d’fhág sinn sa draoib mar bhacachaibh
Ag iarraidh déirc ar sheandaoine
ní áirím na mic léinn.
Nach aithis is nach eascaine a bhfuil le fáil ag na h-airí sin
Iostas cuí is tiománaí ar bhóthar nó san aer.
Ní fios cé méid ins na h-oifigí ná luach stampaí ar litreacha
Nách suimiúla a bheadh na billí sin
dá ndíolfá iad tú féin.
Peadar Ó Liatháin
An Cléireach
Cuirfear fáilte roimh fhreagraí ar an gCuireadh nó ar an gCéist agus dánta eile ach iad a bheith foilsithe anseo roimh ré. Is féidir iad a sheoladh freisin chuig an seoladh r-phoist seo agus bí cinnte go gcuirfear iad ar fáil don Cléireach le go mbeidh siad á léamh ar an oíche.
Tá sé i gceist freisin go mbeidh míreanna ón oíche á scannánú agus á chraoladh ar an idirlíon. Beifear ábalta teacht orthu anseo nó ar suíomh Youtube iGaeilge.
Lucht féachana ollmhór ag ‘Nationwide’ Mhúscraí
Bhí trian de phobal féachana na tíre ag fáire ar an eagrán speisialta de Nationwide ó Mhúscraí a craoladh ar an Luan seo chaite. Sin lucht féachana de 387,000 san iomlán.
Má chaill tú an chlár, tá deis agat faire air aris anseo.
Thuas tá radharc alainn a ghoideas ón chlár chun léiriú a dhéanamh ar fheabhas an chláir. Ar ndóigh b’é Séamus Ó Súilleabháin ó Chúil Aodha a bhí ar chúl an cheamra le h-aghaidh an taifeadadh ar fad agus rinne sé sar jab, mar is ghnach.
Dá olc an t-ól, is measa an tart
Seo seod eile ó Mhúscraí, sceits a cuireadh ar ardán le linn oíche cheiliúrtha an OIreachtais a reachtáil Aisling Gheal san Ionad Chultúrtha i mBaile Mhuirne le déanaí. Bhuaigh an sceits seo Corn Eibhlín Ní Chathailriabhaigh ag an Oireachtas i gCorcaigh agus is furaist a fheiscint cén fath gur eirigh leis sa chomórtas. Bhí sé cliste agus greannmhar agus bhí an Ghaoluinn ann chomh blasta is a bhfaighfeá in áit ar bith. Seán O Múineacháin a ghlac pháirt an tAirseora, Siobhán Ní Mhúineacháin a rinne pháirt an Aingil agus Seosamh O Criodáin abea an fear dí.
Agallamh Beirte ó Mhúscraí
Tá clú agus cáil ar Mhúscraí de bharr gurb é ‘cliabhán na n-agallamh beirte’. Léiríonn an t-agallamh beirte seo atá á chur i láthair ag Colm agus Diarmuid O Meachair ó Chúil Aodha go bhfuil an traidisiún sin go laidir i measc na n-óg freisin agus nach baol do. Bhuaigh Diarmuid agus Colm an dara áit i gcraobh an Oireachtais d’agallaimh beirte faoi 12 ar na mallaibh. Feictear anseo iad ag glacadh páirte i gcoirm cheol speisialta a reachtáil Aisling Gheal do bhuaiteoirí an Oireachtais i Múscraí ag Ionad Chultúrtha Bhaile Mhuirne ar 7 Samhain 2008.
Beidh a thuilleadh le feiscint ón gcoirm cheol seo sna laethannta romhainn ar iMúscraí.
-
Archives
- November 2009 (16)
- October 2009 (11)
- September 2009 (22)
- Lúnasa 2009 (16)
- July 2009 (40)
- June 2009 (68)
- May 2009 (51)
- Aibreán 2009 (51)
- Márta 2009 (44)
- February 2009 (50)
- January 2009 (43)
- Nollaig 2008 (28)
-
Categories
-
RSS
Entries RSS
Comments RSS



