Éire ag aontú nó níos deighilte ná riamh?
Bhí seal ann go raibh dóchas agam go mbeadh Éire Aontaithe ann gan mhoill, faoi 2016 fiú, in am chun ceiliúradh mar is ceart a dhéanamh ar an Eirí Amach.
Ach nílim cinnte go gcreidim sin níos mó. Sílim go bhfuil an criochdheighilt i ngach gné dár saol níos deimhní is níos tréine ná mar a bhí roimhe. Ach ná glac m’fhocal air, seo a deir Séamus Mac Seáin, cara liom i bhfreagra a thug sé ar thrachtaireacht thall ar bhlag Mhairtín Uí Mhuilleoir.
tá Éire aontaíthe ann ar bhonn polaitiúil agus ta Éire aontaithe ann ar bhonn praiticiúil. Tá GA amuigh i SAM ag tatháint ar phoncánaigh Éire aontaithe ar bhonn polaitiúil a thabhairt ar láimh dó, rud nach féidir leo a dhéanamh, ach is maith an scáth folaíthe é ar theip ollmhór a pháirtí sa bhaile ach “what the heck” beidh cúpla dollar sa bhaile leis.
An páirtí a gheobhas mó bhota feasta i nÉirinn, an páirtí atá sásta stocaireacht láidir a dhéanamh ar sheirbhisí ar bhonn oileánda a bheith ann.
Fón,seirbhisí baince,poist,deireadh a chur le bac a bheith ar thuaisceartaigh a bheith páirteach go hiomlán i seirbhisí RTÉ. B’fhusa TAM ratings a fháil ó thuaidh ná athaontú polaitiúil a fháil.is le O2 atá mo ghuthán póca ach ag dul go dún na ngall domh deir sé liom go bhfuil mé ag dul isteach i dtír eile agus íocaim táillí breise da bharr. Thug mé iarraidh airgead a áistriú an tseachtain seo ó bhanc First trust i mBéal Feirste go banc Aontas Éireann i dtír Chonaill agus ní thiocfadh liom a dhéanamh cé gur leis an dream amháin iad beirt.Thig liom litir a chuir chuig mó iníon i london ar leath an luaich a dtig liom í a chur chuig mó mhac i gcorcaigh.Tá dhá coiriculum do Ghaelscoileanna thuaidh agus theas,dhá sheoirt leabhair,agus dhá sheoirt scrudú ainneoin Sinn Féineach in a hAire oideachais ó thuaidh.Tá a lán rudaí eile ann nach bhfuil an spás ann le iad áireamh ach fad a’s go bhfuil SF ag tóraíocht Lia Fáil na hAontachta polaitiúl tá an tír a réabadh as a chéile.Ní thig liom a chruthú ach sílim go bhfuil sé níos measa ó síníodh comhaontú Aoine an Chéasta.An bhfuil polaiteoirí samhlaíocha ar bith fágtha againn?
Is iad na fadhbanna praicticiúla a aithníonn Séamus ina thrachtaireacht na bacanna a chaithfear a fháil as an mbealach – níl aon chúis go mbeadh cead ag banc deacrachtaí a chothú duit má tá tú ag iarraidh airgead a aistriú ó bhrainse amháín ó thuaidh go brainse eile den chomhlacht baincéireachta céanna ó dheas, nó malairt treo, ach deintear sin go minic agus saothraítear brabhús. Chaitheas féin leath uair a chloig i gcúlseomra baince tamall ó shin nuair a dheineas iarracht airgead a aistriú ó dheas mar go raibh gá seiceáil leis an mbrainse i mBéal Feirste. Sa deireadh ní fhéadfaidis teacht ar an mbrainse ar an bhfón. Ach fuaireas an t-airgead a bhí uaim.
Ceist na mbanc, na taillí fánaíochta thar teorainn ar úsáid fónacha póca, páirtíocht iomlán a bheith ag lucht féachana/éisteachta an Tuaiscirt sa chomhrá náisiúnta a bhionn ar bun ar chainéalacha RTÉ – ceisteanna ‘beaga’ iad san le h-ais an mór cheist – ach má reitítear na ceisteanna beaga, ciallóidh sé go mbeidh Éire, ar bhonn phraicticiúil á aontú.
Feicim go bhfuil Sinn Féin ag stocaireacht i SAM faoi láthair ar son Éire Aontaithe. Mothaím gur iarracht é seo an dubh a chur ina gheal ar na Gaeil Mheirceánaigh le h-airgead a bhaint astu don pháirtí. Cad é an rud atá á dhéanamh ag SF anseo in Éirinn ar son Éire Aontaithe – ní raibh focal faoi le linn an fheachtais toghcháin le déanaí. Má tá suim ag SF i rud ar bith, airgead is ábhar na suime sin. Sin an fath go mbaineann siad cuid is mó den tuarastal de gach TD atá acu agus go bhfagtar iad ar an mheán tionscal tionsclaíoch. Téann an ‘farasbarr’ chuig an pháirtí. Agus cad a dheintear leis?
Ar aon nós bhí Gerry Adams i Nua-Eabhrac ag an deireadh seachtaine ag labhairt ar son Éire Aontaithe ann. Dár leis go bhféadfaí Éire Aontaithe a bhaint amach ach go raibh gá le h-iarracht ollmhór.
“With your support, we have made progress. There is an end to armed conflict . . . and I believe the political and economic dynamics in Ireland today make a united Ireland a realisable and realistic objective in a reasonable period of time.”
The Sinn Féin leader told the conference, which drew a capacity audience to a vast ballroom at the Hilton Hotel in Manhattan, that this generation could make a united Ireland a reality. “It will require thoughtful strategies, huge outreach to our unionist brothers and sisters and a patient process of nation-building to unite orange and green,” he said.
Sílim áfach go bhfuil an ceart ag Séamus – agus tuigfidh sibh ón méid seo go bhfuil mo shoiniceas i leith SF imithe i dtréine – nuair a deir sé gur iarracht é seo nach mbeadh áird á dhíriú ar an gcreimeadh leanúnach ar thacaíocht SF i mBAC agus i gceantaracha eile ar nós an Iar Thuaisceart.
Mar a tharlaíonn sé bhí cúpla alt an deireadh seachtaine seo faoi a tharla do SF ag an dtoghchán – ceann amháin sa Sunday Tribune ina maítear go bhfuil SF féin ag scoilt ina dhá eite agus go bhfuil an soisialachas a bhíodh ag an phairtí ag geilleadh don náisiúnachas pharóistiúil a bhionn ag Fianna Fáil ar mhaithe le cumhacht a bhaint amach.
Tá alt spéisiúil freisin ag Eoin Ó Broin, apparatchik sinsearach in SF ar a bhfuil ard mheas agam air as a ghéire éirime, agus tá seisean ag rá san Irish Times inniu go gcaithfidh SF ceistiú a dhéanamh ar an pháirtí cén fath nár eirigh leo teacht i dtír ar an mhíshástacht a bhí i measc votairí leis na páirtithe rialtais.
Crucially, the positive reputation for hard work and honest representation which our party enjoys in many of the State’s most deprived communities has yet to be translated into a more general belief that Sinn Féin can and must be a party of government.
Our success in the North over the last decade has been built on this basis. Sinn Féin has successfully combined a community empowerment-based approach to local politics with a strong and progressive agenda for change in the Northern Assembly. There is no reason to believe that a similar achievement in the South is not possible.
Chreid mé uair amháin gurbh ionann leas na Gaeilge agus leas SF – ní chreidim sin níos mó. Tá mé in amhras go bhfuil an pháirtí sásta an obair dian ar ghá a dheanamh chun Éire Aontaithe a bhrostú. Silím gurb é an sprioc atá acu a bheith sa Rialtas ó thuaidh is ó dheas i 2016 agus go mbeidh siad ag maíomh ansan gur seo ‘Éire Aontaithe’ de short. Ní h-ea in aon chorr. Ach má leanann an pháirtí orthu sa treo atá siad ag dul is doigh liom go mbeidh siad ag amharc ar cheiliúradh 2016 ón imeall.
Dála an scéil, níl a fhios agam cé acu an raibh nó ná raibh agóid ag lucht tacaíochta Foinse ag cruinniú Gerry Adams i Nua-Eabhrac. Aon scéal faoi sin ag aoinne?
Gerry Adams V Gay Byrne – athagallamh
Nuair a chuir Gay Byrne Gerry Adams faoi agallamh ar an Late Late Show na blianta fada ó shín, ní raibh leisc ar fhear RTÉ a fhearg a léiriú do Uachtarán Shinn Féin.
Anocht, sa ré iar-Mír 31 den Acht Chraolacháin agus i ré na roinnte cumhachta ó thuaidh, bhí an bheirt os comhair na gceamraí arís. Bhí Gerry Adams á chur faoi agallamh ag Gay Byrne don chlár ‘The Meaning of Life’.
Ní raibh an naimhdeas céanna le sonrú san agallamh seo. Fiú chroith Gay Byrne lámh Gerry Adams i ndiaidh an agallaimh bheith criochnaithe, ós comhair na gceamraí.
Tháinig an cheist chun tosaigh faoi Adams a bheith ina bhall den IRA. An raibh sé ina bhall nó ná raibh? Shéan sé go raibh sé ina bhall. Ach dúirt sé go raibh ‘freagrach’ as rudaí a rinneadh in ainm Ghluaiseacht na Poblachta mar go raibh sé ina cheannaire ar an ngluaiseacht sin.
Más amhlaidh ná raibh sé ina bhall den IRA, cén fath ná raibh sé ina bhall? Bhí a chairde go léir ina mbaill is ní raibh seisean. Ar chreid sé go raibh siad ag déanamh rudaí nach bhféadfadh sé láimh a bheith aige iontu?
Níl a fhios agam faoin IRA agus ballraíocht an Airm sin. Níl a fhios agam an ionann ballraíocht san IRA agus ballraíocht in eagrais mhileata eile. Ní doigh liom go mbionn foirm ballraíochta ann, nó proiseas earcaíochta. Níl sé cosúil le cumann peile, ní doigh liom.
Ar aon nós is sorcas de chuid na meáin cumarsáide an cheist seo. Níl brí leis dar liom don ghnath dhuine.
Bhí cúpla ceist san agallamh a raibh spéisiúil agus na freagraí a thug Gerry Adams, bhí siad spéisiúil freisin. Dúirt sé, mar shampla, go mbionn sé ag guí agus gur paidreacha pháistiúla na h-urnaithe a bhionn aige agus go ndeineann sé seo i nGaeilge.
Dúirt sé go raibh sé seo ina ‘nós aisteach’ aige. Nó treithleithleachas a thug sé air. Cá bhfagann sin mise atá mo shaol spioradálta i nGaeilge ar fad?
Ar aon nós, fagfaidh mé ansan é.
Ach amháin, ar cheist iomlán difriúil, déarfaidh mé seo. Ag tús ‘The Week in Politics, dúirt an tuairisceoir, Micheál Lehane [ní gaol é!] go raibh Mary Coughlan thar lear ag díol na tíre seo – selling Ireland. An bhfuil aon seans go ndíolfaimís Mary Coughlan agus an tír a choimeád?
Hearts & Minds – an físeán I, II agus III
Trath go raibh Sinn Féin ag caint faoi ‘réabhlóid’. Tá siad go fóill ag caint faoi.
Seo an sliocht ar chlár BBC Thuaisceart Éireann, Hearts & MInds, ina bhfuil Gearóid Ó Cairealláin ag caint ar an rún atá aige gan votáil do SF arís mar gheall ar an feall a rinne an pháirtí ar Lá Nua. San agallamh le Gerry Adams tar éis ar chraoladh an mhír seo, dúirt Uachtarán Shinn Féin go gcuirfeadh sé íontas air dá shéanfadh Gearóid a vóta ar Shinn Féin agus ‘gur cara leis’ Gearóid Ó Cairealláin.
Gach seans go mbeidh meaisín toghcháin SF ábalta a dhéanamh amach cé do a chaitheann gach duine vóta. Ach mura n-athraíonn an pháirtí a phort ar an nGaeilge, beidh fánacht fada ar Gerry má tá sé ag feitheamh ar vóta Ghearóid.
Is féidir leat vóta a mhilleadh. Is féidir leat vóta agóide a thabhairt do dhuine eigean eile ar fad. Is féidir leat staonadh ón vóta ar fad. Agus b’fheidir go mbeidh níos mó ná Gearóid ag déanamh a mhachnamh ar sprioc a vota amach anseo….
Comóradh an Dhaonláithis Phoblachtaigh
Tá roinnt cainte faoi láthair faoin chomóradh a bheidh ar siúl an tseachtain seo chughainn ar an gcéad chruinniú den Chéad Dáil ar Eanáir 21, 1919. Tá dhá ocáíd ann – ceann amháin ar an gCéadaoin, 21 Eanáir, nuair a bheidh Sinn Féin i mbun a gcomóradh, agus ceann eile ar an Mháirt, nuair is é Coimisiún an Oireachtais a bheidh ag tabhairt aitheantas don ocáid.
Nócha bliain ó shin, i Seomra an Rotunda i dTeach an Ard Mhéara, a thionól na teachtaí a toghadh thiar, thoir, thuaidh agus theas san olltoghchán cúpla seachtain roimhe.
Fuair Sinn Féin sainordú ollmhór san olltoghchán sin chun pairlimint neamhspleach a bhunú. Agus sin a rinne siad.
Tá Sinn Féin na linne seo ag déanamh comóradh ar an gcéad chruinniú stairiúil sin sa seomra céanna Dé Chéadaoin seo chugainn.
Maith iad! Is cosúil gur eirigh leo an seomra a chur in áirithe roimh ar thit an phingin le Coimisiún an Oireachtais gur ocáid stairiúil é seo, an chéad chruinniú den chéad tionól tofa go daonláthach de reir vóta iomlán an toghlaigh ar oileán na hÉireann. Ocáid stairiúil ar fiú é a chomóradh an chéad chruinniú de Dáíl Éireann an oiread is gur ocáid stairiúil ar fiú é a chomóradh Eirí Amach 1916.
Cúpla pointe ar fiú iad a lua:
Reachtáladh an chéad chruinniú de Dáíl Éireann go h-iomlán i nGaeilge. Cad é an seans go mbeidh níos mó ná ‘an cúpla focal’ ag ocáidí Shinn Féin nó an chruinniú atá á bheartú ag Coimisiún an Oireachtais i nDáil Éireann féin an tseachtain seo chugainn.
Aontaím leis an méid a deir Gerry Adams ar a bhlag gur cheart go mbeadh cead cainte ag an gcruinniú Dála seo ag Teachtaí Tofa ó thuaidh den teorainn, an oiread is go raibh cead cainte ag na teachtaí céanna ag an gcruinniú stairiúil.
On January 20 the southern state is commemorating the 90th Anniversary of the First Dáil at the Mansion House in Dublin. Those of you who study these matters will know that the First Dáil met there on January 21. Sinn Féin booked the Mansion House for that date. Not that that should have been a problem.
A source close to Sinn Féin tells me the party was prepared to make the venue available to the Oireachtas if the state commemoration was made a national event and if there were co-equal speaking rights for all involved. Ah no, came the reply. So there you are……. At least it was accepted that MPs, MLAs and MEPs from the north should be invited. And that’s a good thing.
Glacaim leis go mbeidh Uachtarán Shinn Féin, Gerry Adams, féin i láthair ar an gCéadaoin nó deirtear i scéal nuachta ar fhoilsíodh inniu go bhfuil sé ag taisteal go Washington le h-aghaidh insealbhú Barack Obama. Is cinnte go mbeidh sin ina ocáid tabhachtach domhanda – ag an am chéanna, ba cheart don t-é atá i bhfeidhil ar an bpairtí a mhaíonn gurb iad san comharbaí cearta 1919 agus 1916 a bheith ag an ocáíd ar an 21ú Eanáir.
Creidim go bhfuil gá le pleán aontaithe agus cinnte le go mbeadh Éire Aontaithe ann sa todhchaí. Ní doigh liom go gcreidim go dtarlóidh sé roimh 2016 – ach b’fheidir gur cheart go mbeimís ag smaoineamh go mbeadh parlaimint uile Éireann ann i 2019. B’fhiúntach an chomóradh a bheadh ansin.
Creidim gur ghá tosnú ag obair anois ar aondachtaithe a thabhairt ar bhórd agus go mbeadh an Éire Aontaithe a bhainfí amach ina thír go mbeimís aontaithe ina thaobh.
Cé go bhfuil meas thar cuimse agam ar laochra 1916 agus, freisin, ar laochra 1981, tá sé in am don tír seo, agus táim ag caint ar thír 32 contae, an oiread chomóradh a dhéanamh ar ocáidí daonláthacha stairiúla an oiread is go ndeintear comóradh ar ocáidí stairiúla ag a doirteadh fuil.
Is cuimhin liom bheith i láthair ag an ocáid i 1994 nuair a deineadh cruinniú an Chéad Dáil 75 bliain roimhe a chomóradh. Bhí Cór Chúil Aodha ag cánadh ar an ardán ag Teach an Ard Mhéara. Ocáid stairiúil a bhí ann agus i ndiaidh na h-amhráin bhí togha gach bí agus rogha gach dí le fáil. Chas mé le teachtaí dála agus iad caoch ólta an oíche sin agus mhothaigh mé náire de short éigean de bharr gur iompaíodh ocáid cheiliúrtha agus chomórtha ina ocáid ocáid drabhlais.
Ní gá dul thar fóir ach tá gá cinnte le ceiliúradh solúnta. B’fheidir go gcuirfeadh a leitheid sin de cheiliúradh i gcuimhne dár gceannairí pholatúla go bhfuil siad ag suí i suiocháin ar ceannaíodh go daor ag íbirtí ár sinsir.
Beart de réir briathar?
Má tá ciall ar bith le baint as an mhéid a dúirt Gerry Adams, Uachtarán Shinn Féin, inné, ba cheart go mbeadh sé ar a shlí go Londain anois agus é ag déanamh reidh chun cruinniú a bheith aige le Gordon Brown. Ní h-é go gceapaim gur ceist mór phráinneach é tarrtháil Lá Nua ann féin go mbeadh príomh-aire na Breataine buartha faoi, ach go léiríonn sé an easpa cumhachta atá ag SF sa phroiseas seo. Tá siad ábalta Humptaí Dumptaí a bhrú den bhfalla agus a bhriseadh ina smidiríní, mar a rinne siad le Lá Nua, ach anois, agus an bhotún a rinne siad tugtha faoi ndeara acu, ní féidir leo í a chur ar ais le cheile.
Is siombal é cliseadh Lá Nua ar an bhealach atá an phroiseas siochána ar aimhleas an phobail agus nach bhfuil aoinne ach polaiteoirí is stat seirbhísigh ag baint leasa as. Bhí Lá ann sara raibh an proiseas siochána ann, ghlac sé páirt sa phroiseas sa chiall is gur thuairiscigh sé go macanta an méid a bhí ag titim amach trath go raibh nuachtáin mhóra an Bhéarla agus leitheidí RTÉ gafa ag cinsireacht agus ag gasraí claonta pholatúla.
Anois, mar thoradh ar naimhdeas institiúid a bunaíodh de bharr an phroisis siochána do chosmhuintir na teanga, an dream a shil allas agus fuil le go mbeadh postanna le pinsin, suiocháin boga agus caifé latté acu ar maidin, tá deireadh ag teacht le Lá [Nua]. Ba cheart go mbeadh an nuachtán bheith faoi bhlath anois seachas a bheith á chur faoin bhfód.
Tá rud éigean soiniceach ag baint le cinneadh an Fhorais sa chiall is go bhfuil an institiúid teanga – nach brea a oireann an ainm sin, institiúid, don bhForas – ag tapú na deise chun maoiniú don iriseoireacht chlóite Ghaeilge a ghearradh ó thart ar €600,000 in aghaidh na bliana go dtí €400,000 agus iad ag súil le nuachtán seachtainiúil agus seirbhís nuachta ar líne as seo, chomh maith le feachtas margaíochta tréan chun an nuachtán nua a chur i láthair an phobail. Níl baol gur féidir seo a bhaint amach ar an airgead atá á thairiscint.
An rud a mholaimse go ndeintear conradh trí bliana ar €400,000+ sa bhliain a thairiscint do Foinse chun nuachtán seachtainiúil a thairgeadh agus a chur ar fáil, go roinnfeadh Foras na Gaeilge an buiséad margaíochta atá acu féin leis an nuachtán le go mbeadh margú ceart ar an dtionscnamh seo atá á mhaoiniú ag an Fhoras, agus go mbeadh conradh ar leith, ar fiú idir €150,000 agus €200,000 in aghaidh na bliana é, ar fáil do sheirbhís nuachta ar líne, seirbhís a bheadh á uasdatú seacht lá na seachtaine.
Ní bheadh pingin breise á chaitheamh ag Foras na Gaeilge ar na nuachtáin Ghaeilge nó ar mhargaíocht i 2009 thar 2008 dá nglacfaí le prionsabail an mholaidh sin.
An bhfuil sé ró mhall ag ionadaithe Shinn Féin, atá ina shuí timpeall bhord an Fhorais, cruinniú eigeandála a ghairm chun cur chuige den tsort seo a phlé agus a aontú? Nó an amhlaidh ná raibh sa chaint a bhí ag Gerry Adams inné ach focail folmha an pholaiteora, ag caint san aer agus a fhios aige go raibh an port seinnte ag Lá Nua theana féin?
-
Archives
- November 2009 (14)
- October 2009 (11)
- September 2009 (22)
- Lúnasa 2009 (16)
- July 2009 (40)
- June 2009 (68)
- May 2009 (51)
- Aibreán 2009 (51)
- Márta 2009 (44)
- February 2009 (50)
- January 2009 (43)
- Nollaig 2008 (28)
-
Categories
-
RSS
Entries RSS
Comments RSS


