iGaeilge

- neamhspleach, laethúil, i nGaeilge

Faoiseamh de dhith tar éis na deireadh seachtaine….

Deireadh seachtaine saoire bainc mo thóin!   Bhí an deireadh seachtaine díreach caite an ghnóthach anseo i gCúil Aodha agus muintir na h-áíte go dícheallach ag ullmhú le h-imeachtaí éagsúla.   Faoiseamh atá i gceist le tús na seachtaine úire.

Faoiseamh agus pleisiúr atá i gceist nuair a fhoilsítear an eagrán is déanaí de Nuacht 24, príomh nuachtán náisiúnta agus idirnáisiúnta na Gaeilge, agus nuair a chuirtear in iúl don phobal an méid sin leis an teachtaireacht úd ar An Druma Mór.  Ní túisce go mbionn an eagrán is déanaí ar mo scaileán ná go mbím ag súil go mór leis an gcéad eagrán eile.

Mar atá ráíte agam anseo roimhe, is ag Nuacht 24 atá seilbh na liathróide chomh fada agus a bhaineann sé leis an ‘gcomórtas’ atá á reachtáíl ag Foras na Gaeilge chun comharba a aimsiú ar Foinse, a lig siad leis imeacht le sruth i mí an Mheithimh.   Tá Eoghan  O Néill agus a cháírde chomh fada sin chun tosaigh go bhfuil sé geall le bheith ag amharc ar Chiarraí ag tabhairt greadadh nach beag do pheileadóirí Bhaile Atha Cliath ar bhrat Bhriotanach Pháirc an Chrócaigh Dé Luain.  Is Corcaioch mise agus, mar sin, mothaím pian lucht peile na hArd Cathrach – cé go gcreidim go raibh sé aiféiseach go raibh talamh tirim á dhéanamh ag na trachtairí peile de ‘chosa nite’ na gCiarraíoch.  Ní h-ionann an rud a ghuíonn tú ar a shon agus an rud a tharlaíonn ar pháirc na h-imeartha, tá’s agat.

Ach ní chuige sin atáim.  Is le moladh a thabhairt do Nuacht 24 atáim inniu – agus ní de bharr go gcuirim féin colún ar fáil go deonach don nuachtán atáim ag déanamh san.  Bhíos ag léamh Nuacht 24 ar maidin agus, mar a dheinim go rialta, tosnaím le colún mo shean chara, Gearóid O Cairealláin.   Bhíodh ‘Seo an rud’ ó pheann Ghearóid ina bhuaic phointe i Lá – agus is deas liom go bhfuil faobhar ar pheann Ghearóíd aris agus Nuacht 24 ar an bhfód.

Bhí sé ag tagairt do na Gaeil móra le rá a bhí ag scríobh in altanna i Nuacht 24 roinnt seachtainí ó shin, ag scríobh agus na deora ag sileadh óna súl, faoi ná raibh aon nuachtán Ghaeilge ann níos mó anois go raibh Foinse á bhású ar an slí céanna is ar cuireadh Lá Nua chun báis roimhe sin.

Nách dtuigeann na saoithe seo an íoróin a bhaineann le bheith ag rá a leithéid in altanna atá á fhoilsiú i Nuacht 24, an t-aon nuachtán Ghaeilge atá fagtha.     Dearcadh sean fhaiseanta ar nuachtáin atá ag lucht caointe Foinse – agus ní chreidim ar feadh noiméid gur chaoin siad deor le bás Lá Nua nó níor áirigh siad an nuachtán sin ina nuachtán cheart ar chorr ar bith.

Tá anailís ghéar ag Gearóid ar na bhfathanna lena dearcadh maslach, fiú más dearcadh neamh choinsiasach é, i leith Nuacht 24 agus Lá Nua.   Creideann sé gur dearcadh crioch dheighilteach atá ar chúl cuid den mheoin aigne sin – ach léiríonn an dearcadh freisin an spleachas maraitheach atá ag céasadh na Gaeilge agus na nGael le tamall anuas, an spleachas tachtach seo ar an Stát.

Is léir go bhfuil sé sa bhfuil ag cuid againn, nach féidir le glacadh le rud ach é bheith tite anuas chugainn mar a thitfeadh blúirín aráin ó bhórd bídh an Stáit.  Ní foirfe go faofa ag an Stát is cosúil.   Ar ndóigh má tá an Stát ag seachaint na dualgaisí atá air – agus má tá dream eile go neamhspleach ag seasamh sa bhearna agus ag déanamh na h-oibre sin – ba cheart duínn bheith buioch agus ag áireamh na mbeannachtaí.

Agus chun riar a dhéanamh ar an gcur chuige craiceáílte sin, tá Foras na Gaeilge ag reachtáíl comórtais chun nuachtán nua a fhoilsiú.    A leithéid d’amaidí.  Is aimsir na h-eigeandála é seo – ba cheart don bhForas a rá, ós ard, go bhfuil siad ag tabhairt urraíochta do Nuacht 24 arbh fhiú €100.000 sa bhliain é abraimís agus nach bhfuil siad chun leanúint leis an gcomórtas craiceáilte seo.   Ní gá comórtas poiblí a reachtáil ar son urraíochta – thug siad urraíocht €65,000 don Sunday Independent chun dluth dhioscaí maidir le foghlaim na Gaeilge a scaipeadh agus ní raibh comortas ann chuige sin.

Níor cheart go mbeadh ar Nuacht 24 aon athrú a dhéanamh ar an módh scaipeachán – ach b’fhéidir go gcuideodh seo leo daoine a íoc – agus nílim ag caint orm féin nó ní ghlacfaidh mise pingin as mo cholún – mar is ceart.     Bheadh sé seo ina shocrú eatramhach go dtí go mbeadh Nuacht 24 – agus ní aon ‘carpetbagger’ eile – in ann socrú ceart a dhéanamh leis an bhForas nó cibé dream a thagann i gcomharbacht ar an bhForas chun nuacht sheirbhís atá maoinithe mar is ceart a chur ar fáil.

Tá ré nua breactha don Ghaeilge agus don Ghaeltacht le foilsiú tuairisc McCarthy.  Tá na baincéirí agus na forbróirí is na polaiteoirí a thug go dtí an poll ifrinn seo sinn ag suí go te agus taimíd go léir ceaptha le h-ioc as a bhfeall agus a bhfaillí.     Tá modhanna nua oibre ag teastáil chun torthaí nua fónta a bhaint amach.  Má leanaimíd lena sean módhanna, ná bíodh íontas orainn má bhionn na torthaí tubaisteacha céanna ar an saothar.

4 08, 2009 Posted by igaeilge | An Ghaeilge, Cúrsaí Reatha | , , , , , , | 5 freagra

Ardán don Ghaeilge ag Amharclann na Mainistreach

Chas mé le Fiach Mac Conghial, stiurthóir Amharclann na Mainistreach, le déanaí ag ocáid bhronnta na nGradam Barr 50. Ní raibh a fhios agam an uair sin cé acu an raibh sé tar éis mo cháineadh ar an easpa Ghaeilge ar an ardán ag an Amharclann Náisiúnta.

Ach is léir go bhfuil rud éigean cloiste aige ó dhuine éigean faoin easpa Ghaeilge ar an ardán ag an Amharclann Náisiúnta. Nó tá trí dhráma ghairid i nGaeilge luaite i measc na ndramaí atá á gcoimisiúnú ag an amharclann do shéasúr na bliana seo chugainn 2009/10.

Ní ró shásta a raibh mé anuraidh nuair a bhí Mac Coinghial faoi agallamh ar Shoiscéal Pháraic ar TG4 agus dúirt sé le linn an agallaimh sin go raibh dramaí i nGaeilge maith go leor le h-aghaidh amharclannaíocht phobail ach nach raibh sé ar chaighdeán shasúil chomh fada is a bhainfeadh sé le h-Amharclann na Mainistreach. Ag smaoineamh dom ar chaighdeán na ndramaí a chonaic mé i mBéal Feirste ag leithéidí Aisling Ghéar – leithéidí Stones In His Pockets a bhí ar fheabhas, dar liom – cheap mé go daor bhreith gan bunús a bhí sa mhéid sin ó bhéal Mhic Choinghial.

Anois tá deis aige beart a dhéanamh de réir briathar agus dramaí i dteanga náisiúnta – an chéad teanga náisiúnta fiú – a chur ar an árdán ag an Amharclann Náisiúnta!

8 07, 2009 Posted by igaeilge | An Ghaeilge, Cultúr, Cúrsaí Reatha | , , , , | No Comments Yet

Aisling Ghéar do dhearcas féin…ar Youtube!

Seo mír ó léiriú Aisling Ghéar den drama clasaiceach ó pheann Brian Friel, Faith Healer. Is cinnte go bhfuil sé tabhachtach go mbeadh dramaí úra á scríobh i nGaeilge agus á léiriú ar an ardán – ach tá sé tabhachtach freisin go mbeadh dramaí clasaiceacha ó leithéidí Brian Friel á chur ar fáil do lucht féachana na Gaeilge. Chomh fada agus gurb eol dom b’é Gearóid Ó Cairealláin féin a d’aistrigh seo go Gaeilge – agus nior chaill an dráma aon chuid dá chumhacht nó dá dhraíocht san aistriuchán. [Ní gá a rá nach amhlaidh a tharlaionn i gcónaí nó tá go leor saothair ó theangacha eile á aistriu Gaeilge agus níl a fhios agam an fearr de an Ghaeilge nó an leitheoir dá bharr!]

Ar aon nós, seo agaibh mir ón léiriú a cuireadh ar an ardán timpeall ar deich mbliain ó shin. Tá Aisling Ghéar fós linn agus tuigim go mbeidh an chompántas ag léiriú an dráma, An Béal Bocht, le linn an tSamhraidh.

2 04, 2009 Posted by igaeilge | An Ghaeilge, Cultúr | , , | 2 freagra

Hearts & Minds – an físeán I, II agus III



Trath go raibh Sinn Féin ag caint faoi ‘réabhlóid’. Tá siad go fóill ag caint faoi.

Seo an sliocht ar chlár BBC Thuaisceart Éireann, Hearts & MInds, ina bhfuil Gearóid Ó Cairealláin ag caint ar an rún atá aige gan votáil do SF arís mar gheall ar an feall a rinne an pháirtí ar Lá Nua. San agallamh le Gerry Adams tar éis ar chraoladh an mhír seo, dúirt Uachtarán Shinn Féin go gcuirfeadh sé íontas air dá shéanfadh Gearóid a vóta ar Shinn Féin agus ‘gur cara leis’ Gearóid Ó Cairealláin.

Gach seans go mbeidh meaisín toghcháin SF ábalta a dhéanamh amach cé do a chaitheann gach duine vóta. Ach mura n-athraíonn an pháirtí a phort ar an nGaeilge, beidh fánacht fada ar Gerry má tá sé ag feitheamh ar vóta Ghearóid.

Is féidir leat vóta a mhilleadh. Is féidir leat vóta agóide a thabhairt do dhuine eigean eile ar fad. Is féidir leat staonadh ón vóta ar fad. Agus b’fheidir go mbeidh níos mó ná Gearóid ag déanamh a mhachnamh ar sprioc a vota amach anseo….

20 02, 2009 Posted by igaeilge | An Ghaeilge, Cúrsaí Reatha, Nuacht | , , | 8 freagra

Nuacht 24 chugainn arís

obamaathruTá eagrán na seachtaine seo de Nuacht 24 ar fáil anois agus is fiú go mór é a fháil ar mhaithe leis an postaer brea seo de Barack Obama.

Ar ndóigh tá go leor fiúntach san eagrán seo agus díríonn an príomh scéal ar an sceannairt ar ghá i seomraí boird na mbanc chun muinín a chothú arís sa gheilleagar agus sa chóras pholatúil.

Tá alt ag Gearóid Ó Cairealláin ag cur síos ar an aischothú a fuair sé ón alt a scrigh sé i nuachtán áitiúil i mBéal Feirste faoin rún a bhí aige gan vótáil arís le h-aghaidh SF.

Agus tá tuairisc bunaithe ar a thaighde féin ag Ciarán Dunbarr faoi neart na Gaeilge ó thuaidh. Alt dúshlánach – ach nílim cinnte faoin fhianaise atá in úsáid ag Ciarán san alt chéanna.

Ná bac liomsa, áfach, ach téir agus léigh an nuachtán sibh féin.

Má tá Sinn Féin agus Foras na Gaeilge dáiríre faoi ‘nuacht sheirbhís’ Ghaeilge, faoi mar a mhaíonn siad, ba cheart doibh teacht chun tosaigh agus tacaíocht ceart is substaintiúil a gheallúint do Nuacht TG4 gan a thuilleadh moille.

Ach is dócha go mbeadh sin ró éasca…..

19 02, 2009 Posted by igaeilge | An Ghaeilge, Cúrsaí Reatha, Nuacht | , , , | No Comments Yet

“It hasn’t gone away you know”

Níl an scéal faoi thréas Shinn Féin ar Lá Nua ag imeacht ar shiúl nó, mar a dhéarfadh Gerry Adams, ‘it hasn’t gone away you know’.

Is cosúil go raibh freagra ag Barry McIlduff, Gaeilgeoir aitheanta agus ball tionóil Shinn Féin, ar cháineadh ghéar Gearóid Ó Cairealláin ar an phairtí sa North Belfast News an tseachtain seo chaite.

Ina alt dúirt Gearóid ná raibh sé chun vóta a thabhairt do Shinn Féin riamh arís mar gheall ar an éagóir a dhein an pháirtí ar Lá Nua.

Tá freagra tugtha ar cháineadh Ghearóid ag an Ball Tionól Mac Giolla Dhubh. Is cathaoirleach é Barra ar an gCoiste Chultúr, Ealaíon is Foillíochta. Is é a bhí ag gabhail leithscéil le déanaí ar son teip an Fhorais a gcuid cúntais a fhoilsiú, cúntais 2004-7.

Is é seo mar a deir Barra – níl teacht ar an alt ar shuíomh Ghrúpa Mheáin Bhéal Feirste. Tá mo thuairim féin agam faoi agus nochtfaidh mé ina dhiaidh.

Right of Reply

Barry McElduff MLA

Sinn Féin is committed to the objective of a daily news-service in Irish. The importance of a daily news-service to any language community in the modern world and the centrality of such a news-service to the development of the language itself is widely acknowledged and accepted.
Sinn Féin supports the call from the European Committee of Experts (March 2007) regarding the implementation of the European Charter and reiterates its call for the development of “a comprehensive Irish language policy, including measures to meet the increasing demand for Irish-medium education” as well as “increase support for the printed media in Scottish Gaelic and Irish.” This is the obligation of the British Government under the Charter and they must live up to those responsibilities.
Sinn Fein President Gerry Adams has made all of that clear in unambiguous terms several times over the past number of months.
Gearóid Ó Cairealláin’s views in regard to the decision by Foras na Gaeilge to end funding for Lá ignore this reality and the following facts:
The contract held by the Belfast Media Group (the publisher of Lá) to provide a daily newspaper was due to end in December 2008. Sinn Féin representatives consistently argued for the continued provision of a daily newspaper and that this would be put out to public tender.
There are 16 board members in Foras na Gaeilge. Four of them are Sinn Féin representatives. The party does not have a controlling influence over the cross-border agency.
Other board members argued that the money spent on Lá Nua did not represent value for money. That opinion prevailed in the subsequent decision.
Sinn Féin’s next objective was to persuade other board members that the funding from both the weekly paper and the daily paper could be combined to provide a sound financial basis for a new contract for a weekly paper and a daily news service. That the party’s representatives on the Foras failed to win that argument was and remains a source of disappointment.
The backdrop to this is that since its foundation Foras na Gaeilge has not enjoyed funding commensurate with the task it has been charged with. There are, of course, other significant problems to be overcome.
In the current economic climate this is more likely to deteriorate than to improve.
Now, when the Irish Language is under attack by some within political Unionism is not the time for bickering and discord among supporters of the language. Now, when economic cutbacks threaten to undermine advances in all sections of society, is not the time for negativity and division amongst supporters of the Irish Language.
What supporters of the language must do in the time ahead is stand together to develop and push forward a realistic and achievable strategy to advance the language. Sinn Féin is prepared to continue to play its part as it always has done, along with others, in the development of such a realistic and achievable strategy.
There will no doubt be setbacks and problems along the road. But in the face of problems and setbacks we must guard against division and recrimination and instead redouble our efforts to advance the cause of the Irish Language as a central part of the rich cultural heritage of all those who live on this island. That is the task ahead of all of us who are committed to the promotion and development of the Irish Language.

Mar fhocal scoir, is maith liom an tagairt ag an deireadh ag Barra faoi ’seasamh le cheile’. Is mór an trua nár smaoinigh sé ar sin sara rinne a phairtí an feall ar Lá Nua.

Níl sé ráite go neamh bhalbh sa raiteas seo gur votáil ionadaithe SF in éadan an chinnidh gan conradh le h-aghaidh nuachtán laethúil a thairiscint in athuair. Cad é an fhírinne ar an gceist sin?

Cad is ciall le “Sinn Féin is committed to the objective of a daily news-service in Irish.”? Tá seo ar fáíl trí ‘An Druma Mór’ agus ‘Raidió Fáílte’. Cén fath nach n-éilíonn siad ar an bhForas tacaiocht mar is ceart a thabhairt don dhá sheirbhís sin?

An rud a tharlóidh, an rud céanna a tharla le Foinse agus Comhar, go mbronnfar an chonradh ar ‘lámha sabhailte’ éigean, ó dheas den teorainn is dócha.

Mar is leir le samplaí Comhar agus Foinse, ní miste leis an bhForas deontas thar an luach a thabhairt – €8,500+ in aghaidh an eagrán i gcás COMHAR, €7,500 i gcás Foinse – nuair is cáirde an Fhorais atá ag baint leasa as an deontas. Ní raibh siad sásta ach deontas €1,500 in aghaidh an eagráin a cheadú do Lá Nua.

Má tá Sinn Féin ar son na Gaeilge, tá gá go mbeadh an imirt níos fearr agus níos eifeachtaí acu ar son na teanga. Cuid larnach den phroiseas sin éisteacht le cáirde agus, fiú, iar cháirde.

Is é mo bhuairt nach bhfuil ceannairí SF go dáirire ar son na Gaeilge ach go bhfuil siad ag baint úsáid aistí ar mhaithe a leas pholatúil féin.

18 02, 2009 Posted by igaeilge | An Ghaeilge, Cultúr, Cúrsaí Reatha, Nuacht | , , | 16 freagra

Is fánach an áit….

…nach bhfaighfeá gliomach. SIn an smaoineamh a ritheann liom agus mé ag tabhairt cúpla rud faoi ndeara san Irish Times inniu.

Is minic mé ag cáineadh nuachtán an taifid sa bhlag seo. Agus bhí cáineadh tuillte ag an nuachtán sin mar gheall ar altanna gan bunús a fhoilsíodh ann faoin ngaeloideachas.

Ach nuair atá moladh tuillte ní bheadh sé ceart sin a shéanadh.

Agus comóradh á dhéanamh ar an gCéad Dáil inné [Dé Máirt] in Aras an Ard Mhéara bhí roinnt de na h-oráidí i nGaeilge. Agus, fair plé, bhí alt ann ag Déaglán de Bréadún, eagarthóir ghnóthaí eachtracha an nuachtáin [agus an chéad eagarthóir Ghaeilge ar an nuachtán freisin, an t-é a shocraigh caighdeán nach bhfuil sroichte ag aon duine dá chomharbai, go deimhin tá rudaí imithe ag imeacht chun donais le blianta beaga ach sin scéal eile] i nGaeilge faoin meid den ocáid a bhí i nGaeilge.

Agus i bhforlíonadh speisialta faoin ocáid seo, bhí alt eile ag de Bréadún i nGaeilge faoin mhéid den Chéad Dáil a reachtáladh i nGaeilge.

Tá áthas orm go bhfuil duine éigean a thuigeann an tabhacht stairiúil leis an ocáid – gí gur reachtáladh é lá ro luath! – agus tá sé suntasach go raibh tagairt ann don staraí Nollaig O Gadhra a cailleadh anuraidh, suaimhneas síoraí dá anam:

Sa leabhair An Chéad Dáil (1919-21) agus an Ghaeilge (Coiscéim, 1989) rinne an t-iriseoir Nollaig Ó Gadhra (1943-2008, suaimhneas síoraí dá anam) staidéar ar leith ar an ghné seo den chéad Dáil agus d’aimsigh sé gur labhair 12 teachta trí Ghaeilge an lá san chomh maith leis an Athair Micheál Ó Flanagain adúirt an phaidir.

Agus tá moladh ag dul freisin do Nuacht 24 as forlíonadh breá a fhoilsiú faoi inshealbhú Barack Obama – ní féidir liom a rá gur thaitin an cheann líne ar an bpríomh scéal liom – Barakadh an Lae Ghil – ach ní fhéadfaí ach aitheantas agus moladh a thabhairt don bheart gur cuireadh an nuachtán le cheile, go raibh sé slachtmhar agus thar a bheith speisiúil [agus ní áirím m'alt féin faoin Dáimh Scoil sa mhéid sin!]. Bhí altanna breá ann le mo shean cháirde, Gearóid Ó Cairealláin agus Tomaí Ó Conghaile agus Fearghas Ó hÍr is eile. Bhain mé sult astu – tá beatha i ndiaidh Lá Nua! Tá tabhacht go mbeadh trachtaireacht agus tuairisceoireacht – seachas tuairisceoireacht amháin – ar eachtraí stairiúla na seachtaine seo agus fán am a bheidh an Satharn ann agus Foinse ar an margadh, beidh an scéal seanachaite agus meirg air. Agus ansan ní mór a chur san áireamh go mbionn an tuairimíocht den chuid is mó i bhFoinse seanachaite agus meirgeach ar aon nós!

Ach caithfidh mé a rá gurb é an an alt is mó a bhain mé taithneamh as an léargas ó pheann Chaoimhe Ní Chathail – an bean a fuair an scúp, agus ní deoch sa Diúc of Eabharc atá i gceist agam – faoin agallamh a rinne sí le hIan Paisley. Mo léan lom, ní raibh aon aitheantas di inniu san Irish Times agus Pól Ó Muirí ag tagairt don oscailt a rinne iar cheannaire an DUP ar an dtaispeantas speisialta faoi Cholmcille ag Leabharlann Chréagaí – níor thagair sé fiú don agallamh a rinne Ian Paisley le Raidió Fáilte, an chéad agallamh a rinne sé le meán Ghaeilge ar bith, bíodh is nach i nGaeilge a raibh an agallamh. Ar aon nós ní fiú bheith ag cur dumhach idirlíne amú ar a leitheid.

Taithníonn cholún Chaoimhe liom mar is léir dom gur guth úr í agus gur fiú éisteacht lei. Nil an glór seo siocaithe mar a bhionn glór mo leitheidse srianta ag coinbhinsiúin na h-iriseoireachta chló is eile. Sruth choinsiasa, tuairisceoireacht buille ar bhuille gan claonadh ach le greann is le gusta. Sin atá de dhith ag iriseoireacht na Gaeilge san am i láthair – agus mar is dual do na Feirstigh, tá sé ag teacht ar an ngaoth aduaidh…..

21 01, 2009 Posted by igaeilge | An Ghaeilge, Cúrsaí Reatha, Nuacht | , , , , , , , , | No Comments Yet