Conradh an Fhorais imithe go Conamara – quelle surprise!
Iontas na n-íontas ach tá sé díreach fógartha ar RTÉ Raidió na Gaeltachta go bhfuil conradh Fhoras na Gaeilge don nuachtán seachtainiúil ag dul go Conamara, chuig an iarratas ó Eo Teilifís/Connacht Tribune.
Gach rath ar Mháire Ní Thuathail agus a foireann agus an nuachtán úr. Bean í a léirigh a cumas gnó le hEo Teilifís agus leis an rath atá ar Ros na Rún.
Glacaim leis go mbeidh nuachtán níos fearr ná Nuacht 7 á chur ar fáil acu. Fagfaidh mé an breith ar cé acu an amhlaidh sin go dtí lá níos faide anonn, trath go bhfoilseofar an nuachtán nua.
De réir an raitis seo ar Gaelport, is cosúil go mbionn nuachtán nua Ghaeilge á fhógairt ag Foras na Gaeilge gach lá. Nó is léir nach dtuigeann an Fhoras – nó Gaelport – an brí ceart atá le h-úsáid an fhocail ‘fógraíonn’. Is cuma faoi sin ar shlí ach luaim é anois mar gur sin ceacht a fhoghlaimíos ó Aodh O hIr, ar dheis Dé go raibh a anam, agus é fostaithe againn ar feadh seal ag iarraidh slacht éigean a chur ar ár gcuid Gaeilge. D’eirigh leis agus níor eirigh leis – ach níor staon sé ón gcúram.
Conradh €1.6m atá i gceist thar ceithre bliana – Gaelscéal an ainm atá luaite leis an nuachtán seo. Ní thaitníonn sé liom mar ainm – tá sé ró chosúíl le Gaelport agus ró threibhiúil. Ach sin rogha an Fhorais agus na tionscnóirí.
Beidh le feiceáil an mbeidh sé ina nuachtán níos fearr ná an nuachtán a bhí á thairiscint ag Bard na nGleann agus agam féin, Nuacht 7. Mura mbionn difir súntasach idir Gaelscéal agus Nuacht 7 ó thaobh caighdeáin, neosfaidh sin morán dúinn faoi cén saghas comórtais a bhí i gceist sa chás seo.
Tá díomá orm, d’fhéadfá a rá, ach ar éigean go bhfuil íontas orm.
Independent ar fáil saor in éineacht le Foinse [Nua]
Cheannaigh mé Foinse Nua ar maidin agus fuair mé an Irish Independent saor in aisce in éineacht leis… Ní raibh aon fhoclóir Ghaeilge Béarla ann áfach.
Iatán 24 leathnach tablóideach lán daite atá i gceist le dearadh snásta agus teacht i láthair taithneamhach. Is léir go bhfuil fios a gnó ag an Eagarthóir nua, Emer Ní Chéidigh agus tá moladh nach beag ag dul di as ucht an méid oibre atá déanta chun Foinse a fhorbairt agus aghaidh nua a chur air.
Beidh aithne againn ar na pearsaí atá ag scríobh don nuachtán – leithéidí Daithí O Sé, Blathnaid Nic Donnchadha (Paisean Faisean) agus Gemma Ní Chionnaith (Anocht FM), Hector O hEochagáin agus Mícheál O Conaola. Glacaim leis gur scriobhnóirí rialta iad seo – ach tá dornán ainmneacha eile luaite leis an gcéad eagrán, ainmneacha a thugann le fios an meas atá ar Phádraig O Céidigh, foilsitheoir Foinse, i ndorchlaí na cumhachta.
Uachtarán na hÉireann, Maire Mhic Giolla Iosa, An Taoiseach, Brian O Comhainn, agus, ar leathnach na litreacha, leithéidí Enda Kenny, Eamon Gilmore, Mary Kennedy, Máirtín O Muilleoir agus Peadar Mac Fhlannchadh – tá litir comhghairdis uatha san ar fad ar leathnach na litreacha. Tabhair faoi ndeara nach bhfuil aon litir comhghairdis ann ó phríomh fheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Ferdie Mac an Fhailigh.
Is beag nuachta sa nuachtán nua. As an 24 leathnach, níl ach cúig leathnach nuachta ann agus tá colún Dhaithí Uí Shé faoi ‘Jedward’ maraon le focal failte ón Eagarthóír san áireamh ansan. Tá dhá leathnach eile le ‘nuacht’ mar cheannteideal orthu – ach anseo tá colúin ó Mícheál O Conaola (Cén baile is feiliúnaí don Oireachtas), athchúrsáil ar abhar Gaelport agus colún airgeadais. Tá tús áite tugtha d’agallamh leis an Aire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon O Cuív, agus a gheallúint go bhfuil airgead na gColáistí Samhraidh slán ‘go foill’.
Ní caineadh é sin, mar a cheapfá, nó níl sa nuacht ach gné amháin i bpacaiste iomlán nuachtáin an lae inniu, trath go mbionn an nuacht le fáil 24/7 ar an idirlíon. Tá ar ‘nuachtáin’ iad féin a chur in oiriúint don ré go bhfuil eolas ag an leitheoir ar an nuacht is déanaí ó fhoinsí eile roimh a shroicheann an nuachtán féin a lámha.
Is athrú iomlán Foinse Nua ar an sean Foinse. In áit go raibh an sean Foinse tuatach agus sean aimseartha ina chur chuige agus ina dhearadh, tá Foinse Nua nua aoiseach agus snásta. An feabhas é seo? Braitheann sé sin ar do dhearcadh. Más leitheoir rialta an “Irish Times” tú, mar a mhaíonn go leor Gaeilgeoirí aitheanta agus iad á léamh i dteannta le latte na maidine, bhuel ní bheidh morán sásaimh anseo duit.
Nuachtán é seo atá dírithe ar na scoileanna agus ar na bhfoghlaimeoirí Ghaeilge don chuid is mó – tá 10 leathnach nó 40% den nuachtán dírithe orthu san. Tá ceithre leathnach spóirt ann – san abhar seo tá aistriúcháin ar dhá leathnach d’ailt ó ghné scriobhnóirí an Irish Indo, Tony Ward agus Vincent Hogan. Arís ní miste sin – is úsáid mhaith é ar acmhainn an Indo agus ar ghnó an aistriúcháin.
An eilifint sa seomra nach bhfeictear tagairt ar bith do sa nuachtán, an chinneadh atá le déanamh ag Foras na Gaeilge faoin chomórtas atá le déanamh ag bord na h-institiúide teanga tras teorainn Dé hAoine faoi na h-iarratasóirí ar an gconradh seachtainiúil a dhiultaigh Foinse i mí an Mheithimh. Ní h-é gur ligeadh i ndearmad é a lua, táim ag glacadh leis, ach fagann an t-easnamh maraon leis an liosta le h-áireamh de thacadóirí cumhachtacha atá bailithe ag an nuachtán, An Taoiseach, an tUachtarán, ceannairí an fhreasúra – ceist mhór san aer. An mbeidh an cnamh droma ag an bhForas leanúint leis an gcomórtas a thosnaigh siad – agus a chuir grúpaí isteach air le dóchas ionraic agus le h-uaillmhian measúil – nó an dtapóidh siad ‘deis’ gan leanúint leis agus na h-iarratasóirí a fhagail ar an dtrá folamh? Go deimhin ní doigh liom go bhfuil an Foras luaite olc nó maith san eagrán seo de Foinse.
Ceapaimse go bhféadfadh nuachtán seachtainiúil Ghaeilge le cois Foinse bheith rathúil agus go mbeadh an nuachtán sin tarraingteach do lucht léite Foinse agus Lá Nua roimhe. Bheadh sé mar ‘bhreischéim leitheoireachta’ do lucht Foinse agus tá sé sin tabhachtach freisin. Creidimse go mbeadh an nuachtán atáim féin luaite leis, Nuacht 7, go maith ábalta an ról sin a ghlacadh agus go bhféadfadh sé tarlú gur mó suim na bpairteanna, má thuigeann sibh mé. Is deis é seo don Fhoras le tapú, má thapaíonn siad é. Ach d’fhéadfaí a rá faoin Fhoras an méid a duradh faoi John Bruton trath: dá mbeadh anraith sa bhaisteach, bheadh siad amuigh faoin chlagar le forc.
Guím gach rath ar Foinse [Nua]. Is céim chun cinn é d’fhoilsitheoireacht na Gaeilge agus is maith ann é. Guím gach rath ar an Eagarthóir, Emer Ní Chéidigh, agus ar a foireann.
Dá bhfaighinn mo rogha den triúr acu – thogfainn an triúr acu!
Tugadh spléachadh dúinn i scéal san Irish Independent ar maidin inniu.ar an gcuma is ar an gcrut a bheadh ar Foinse Nua nuair a eiseofar é an tseachtain seo chugainn. Neosann an ceannteideal seo go leor: Irish Independent to distribute Foinse, Ireland’s biggest Irish language newspaper.
Mé féin atá ag leagadh na béime ar ‘distribute’ – ritheann sé liom nach ionann é seo agus an Irish Independent ag tabhairt le fios gur nuachtán i stábla an Independent é seo agus mar sin gurb é Foinse féin a bheidh ag íoc as an gclódóireacht agus as an ndáileacháin. Sin iad an dhá ghné is costasaí den obair seo, foilsiú agus daileadh nuachtáin. Níl aon eolas agam ar seo ach mo thaithí féin – is é mo chonclúid gurb é an rud atá ag titim amach anseo, go bhfuil Pádraig O Céidigh ag athsheoladh Foinse leis an airgead a bhí fagtha ag an sean Foinse ag deireadh mí an Mheithimh. Tá sé ag súil go bhfaighidh sé an t-airgead ar ais – agus brabhús le cois – má bhionn rath ar chúrsaí fograíochta san fhoilseachán nua. Is é an geall is mó a deineadh i saol na Gaeilge go dtí seo – seans go gcaillfidh sé ar a laghad leath mhilliún Euro mar thús – b’é sin an méid is lú a bhí fagtha i gcúntas Foinse ag deireadh mí an Mheithimh. Gan dá gcuirfeadh sé an t-airgead seo ina phoca, bheadh air Capital Gains Tax a dhíol ar an gcnapshuim. B’fhearr do é a chuir ag obair do.
Tá sé le moladh as a chuid airgid a chur sa bhearna baoil mar seo – ní h-é an chéad Gael a rinne amhlaidh ach ag tabhairt chun cuimhne na cuinsí a spreag Foinse chun eirí as gnó ag deireadh mí an Mheithimh, titim mhór ar an bhfógraíocht stáit a bhí ina fhordheontas neamh oifigiúil ag sean Foinse agus deontas easnamhach mar chúiteamh ó Fhoras na Gaeilge, tá sé deacair a dhéanamh amach go líonfar an bearna i gcúntais Foinse – agus i gcúntais Uí Chéidigh dá réir – go luath nó fiú in aon chorr.
Tá an amáíl spéisiúil, gan amhras. Tá sé ag seoladh Foinse Nua an tseachtain céanna go mbeidh bord Fhoras na Gaeilge ag teacht le cheile chun cinneadh a dhéanamh faoi chomharba a aimsiú do ar Foinse Marc 1. Ní de thimpist atá seo ag titim amach, cheapfá, nó gach seans go gcruthóidh seo deacrachtaí nach beag do bhord an Fhórais. Tá na comhaltaí ag teacht le cheile chun cinneadh a dhéanamh faoi cé acu ar cheart nó nár cheart deontas a chur ar fáil chun nuachtán seachtainiúil Ghaeilge i gcomharbacht ar Foinse a fhoilsiú. I gcomhthéacs na h-aimsire seo, agus ciorruithe ag titim amach i ngach cúinne de bhuiséad na h-earnála phoiblí, ní chuirfeadh sé íontas orm dá dtogfaí raic faoin scéal seo sna meáin Bhéarla sna laethannta romhainn, agus mar a dúirt mé roimhe, go bhféadfaí cás dlí bheith i gceist mar gheall ar dlithe an Aontais Eorpaigh faoi chúrsaí iomaíocht.
Má tá Foras na Gaeilge le beart a dhéanamh de réir briathar agus infhéistiú a dhéanamh i bhfoilsiú nuachtáin Ghaeilge, nuachtán a bheidh gan amhras ag dul san iomaíocht le Foinse Nua ar son fograíochta, mar shampla, beidh ar an bhForas an iarratas is oiriúnaí chun aghaidh a thabhairt ar an ndúshlán seo a roghnú. Dar liomsa, tá iarratas Nuacht 7, atá tacaiocht phraicticiúil aige ó nuacht ghrúpa náisiúnta uile Eireann le foilseacháin ó thuaidh is ó dheas, san áit is fearr chun a chinntiú nach dteipfidh ar an gcomórtas seo nuachtán rathúil a fhoilsiú. Beidh ar cibé nuachtán a roghnófar bheith laidir a dhothain – le cúltaca caiptil agus acmhainní eile ar nós saineolas faoi chúrsaí clódóireachta agus daileachán – chun an fód a sheasamh don chéad bhliain chinniúnach. Tharlódh sé mar shampla nach mbeadh rath ar Foinse Nua agus dá dteipfeadh cá fhagadh sin lucht na Gaeilge – ar an ngannchuid arís. Ar ndóigh ní bheimis gan nuachtán ar fad, nó bheadh Nuacht 24 ann go fóill ach gan tacaiocht nó urraíocht de short éigean, cá fhad ar féidir leis an mbaicle sin leanacht leis an éacht atá á dhéanamh acu gach seachtain.
Má tá muintir an Fhorais chun geilleadh don bhrú pholatúil atá agus a bheidh orthu as seo go ceann cúpla seachtain gan dul ar aghaidh leis an gcomórtas, beidh orthu bheith ullamh le h-aghaidh aisfhreagra freisin. Ní féidir bheith ag fógairt comórtas phoibli agus ansan tar éis do gach duine costas agus trioblóid a chur orthu féin, eirí as ag an noimead deireanach gan a bheith ag súil go mbeidh aisfhreagra ann.
Is fada an mbóthar nach mbionn casadh ann. Guím gach rath ar Foinse Nua. Tá súil agam go bhfaighidh Pádraig O Ceidigh aisioc agus tuilleadh ar a gheall. Agus má bhionn an triú nuachtán Ghaeilge ann, sé sin Nuacht 7, bhuel táim cinnte go mbeidh iomaíocht spéisiúil ann le h-aghaidh margadh na Gaeilge. Ní gá gur iomaíocht é seo a bheidh ar aimhleas an dhá fhoilseachán. Gach seans, mar shampla, go bhfasfaidh Foinse Nua an caidreamh idir phobal na Gaeilge agus an phobal mhór agus mar sin de go mbeidh níos mó eilimh, seachas níos lú, ar nuachtán Ghaeilge. Ag cur san áíreamh chomh h-íseal agus a bhí díolachán Lá Nua agus Foinse nuair a dúnadh iad, ar éigean go bhféadfadh díolachán cibé nuachtán a roghnófar bheith níos lú.
Filleadh Foinse ‘neamhspleach’ ar an bhForas
Is cosúil, de reir tuarisc ar Nuacht TG4 anocht agus de reir raflaí ag scaipeadh le seachtain anuas, go mbeidh Foinse ag filleadh laistigh de choicís. Ach ní Foinse mar is eol dúinn é a bheidh san fhoilseachán nua.
De réir na dtuairiscí, beidh Foinse á fhoilsiú mar iatán a scaipfear leis an Irish Independent gach Déardaoin. Tuigtear go mbeidh an chéad eagrán á eisiúint ar 19 Samhain, an lá roimh a bhaileoidh comhaltaí bhoird Fhoras na Gaeilge le h-aghaidh an cruinniú ag a bhfuil sé i gceist an chinneadh a dhéanamh faoin chonradh don nuachtán seachtainiúil le comharba a aimsiú ar….Foinse.
De reir an raitis a tuairiscíodh anocht ar Nuacht TG4, tá sé i gceist ag an bhForas leanúint orthu leis an chomórtas seo agus tá sé deacair a fheiscint conas nach bhféadfaidís amhlaidh a dhéanamh tar éis costas agus saothar a chuir ar na h-iarratasóirí eile nach bhfuil pairteach i gcaoi ar bith sa chluiche idir Foras na Gaeilge agus foilsitheoir Foinse, Pádraig O Ceidigh.
An raiteas is súntasaí a chuala mé anocht, áfach, go raibh an Roinn Ghnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta ag cur ceiste ar an bhForas athbhreithniú a dhéanamh ar an scéal sa chomhthéacs gur féidir ná raibh gá lena gcomórtas mar go raibh comhlacht trachtála ag déanamh na h-oibre. D’fhéadfadh sé tarlú, mar shampla, go dtabharfaí dúshlán don bhForas dá mbronnfaidís an chonradh ar dream éigean ar an mbonn go raibh an infhéistíocht ag sarú dlithe an Aontais Eorpaigh maidir le h-iomaiocht sa mhargadh.
Gach seans go gcriochnódh an scéal san Ard Chúirt….
Mar is eol díbh táim féin luaite le h-iarratas sa chomórtas seo – Nuacht 7 – agus táimíd dóchasach is muiníneach faoinár n-iarratas. Ní chuireann sé isteach orm bheith san iomaíocht le Foinse arís más gá. Tá nuachtán náisiúnta eile ag cur comhairle agus tacaíócht phraicticiúil ar fáil dár niarratas.
Tá sé ráite ag an bhForas nach mbeadh an ’stadas’ céanna ag baint le h-iatán i nuachtán eile agus gur ísliú céime don Ghaeilge a bheadh ann. Ní mar sin a bheartaigh siad i gcónaí nó nuair a bhí an comórtas á ullmhú le h-aghaidh nuachtán laethúil i 2006, chinntigh baill áirithe ar bhórd an Fhorais go mbeadh ‘foilseachán’ seachas ‘nuachtán’ á lorg le deis a thabhairt don Irish News cur isteach ar an gcomórtas lena bplean iatán laethúil a fhoilsiú. Bhain an plean sin le h-imreas idir an Irish News agus foilsitheoirí Lá, Grúpa Meáin Bhéal Feirste, agus iarracht eilimintí laistigh den bhForas deireadh a chur le Lá. Sin é mo thuiscint ar chúrsaí – ach má tuiscint eile amuigh ansin ó dhuine údarásach, bheadh failte roimhe anseo.
Ar aon nós, bheinn féin abhairín buartha nach mairfeadh Foinse sa chrut nua seo ró fhada. Nach cuimhin linn gur eirigh Pádraig O Céidigh as an fhoilsitheoireacht i mí an Mheithimh de bharr titim 75% ar fhograíocht stait. Ní dócha go bhfeabhsóidh seo. Tá ana chostas ag baint le foilsiú agus clóbhuaileadh 150,000 iatán 28 leathnach uair sa tseachtain agus ní chuirfeadh sé íontas orm go gcosnódh sé isteach is amach le €5m in aghaidh na bliana. An bhfuil an Independent sásta an bille sin – nó cuid mhór de a sheasamh? Ní h-aon rún nach bhfuil an Independent gan a chuid trioblóidí féin faoi láthair. Nó an é Pádraig O Céidigh a sheasfaidh an chostas? Agus más é, cá fhad a mhairfidh sin i gcomhthéacs na h-aimsire seo agus an tionscal eitleoireacht trí chéile faoi scamall?
Dá mba rud é ná rabhas bainteach le h-iarratas eile, bheinn ag súil go n-eireodh leis an bplean seo, ar son na Gaeilge, mar tá sé nua agus difriúil. Agus tá gá le rudaí nua agus difriúla a dhéanamh san aimsir seo. Dar ndoigh creidim go bhfuil rud éigean nua agus difriúil le tairiscint ag ár n-iarratas freisin. Mar sin i gcead do Foinse, Nuacht 7 abú.
Gné aisteach den scéal seo nach bhfiul iar fhoireann Foinse san áireamh, de réir mar a thuigim, sa scéim seo ag an gCéideach. Tá eagarthóír luaite leis an iatán – Eimear Ní Chéide sílim an ainm a chuala mé ar Nuacht TG4. Agus tá iar fhoireann Foinse luaite le h-iarratas eile a bheidh a fhiúntas á mheas ag an gcruinniú ar 20 Samhain – Tuairisc ainm oibre an iarratais seo.
Cad a tharlóidh, níl a fhios agam, ach is cinnte go mbeidh aiféaltas ar an bhForas nár deineadh an rogha ar an 16ú Deireadh Fómhair mar a bhí beartaithe roimh ré.
Nó an mbeidh?
Cúpla cinniúnach iad an 19ú agus 20ú Samhain, gan aon amhras!
Nuacht7 – an chéad radharc de nuachtán nua i nGaeilge
Seo agaibh príomh leathnach Nuacht7 – nuachtán atá sé i gceist ag Bard na nGleann, comhlacht uaillmhiannach ó Bhéal Atha’n Ghaorthaidh i nGaeltacht Mhúscraí i gContae Chorcaí, a fhoilsiú má bhronntar an chonradh atá á thairiscint ag Foras na Gaeilge don nuachtán seachtainiúil ar an gcomhlacht.
Táim féin luaite leis an dtionscnamh ós rud é gur chuir mé comhairle orthu agus, anuas ar sin, go bhfuil sé i gceist go mbeinn im eagarthóir má eiríonn leis an iarratas. Níl aon bannaí ann go n-eireoidh leis an iarratas, gan amhras, de bhrí go bhfuil iomaíocht tréan ann ó ghrúpaí eile, ina measc mo cháirde i Nuacht24 agus, freisin, leithéidí iar fhoireann Foinse, comhphairtíocht idir Eo Teilifís agus an Connacht Tribune agus Adman Publishing, foilsitheoirí ‘Inside Ireland’.
Creidimíd go bhfuil tairiscint laidir curtha i láthair an Fhorais againn – bhí an cruinniú sin ann inné [Dé Chéadaoin] agus tugadh éisteacht mhaith dúinn. Chomh fada agus go ndeintear an chinneadh ar bhonn fhiúntas an iarratais – agus níl aon chúis agam a mhalairt a shamhlú – seachas cúinsí polatúla maidir le suíomh an nuachtáin [bheith i gConamara, mar shampla] – ba cheart go mbeadh Nuacht7 san áireamh nuair a bheidh an chinneadh á dhéanamh ar Samhain 20.
Tá comhairle agus gach cúnamh á fháil againn ó ghrúpa nuachtáin atá breis is 1m leitheoirí ag a gcuid nuachtáin náisiúnta, laethúla, seachtanúla agus áitiúla ana neart don iarratas againne. Leis an chabhair seo beimid ábalta na sean chonstaicí a bhíodh ag nuachtáin Ghaeilge roimhe seo – dáileacháin, margaíocht agus díolaíocht – a shárú.
Is féidir libh bhúr strac fhéachaint a thabhairt don eagrán samplach thuas le blaiseadh den nuachtán a fháil. Ní saothar criochnaithe é ná baol air agus tá roinnt leathnaigh ar iarraidh ón eagrán ar líne. Léiríonn an eagrán seo an samhlaíocht agus an uaillmhian atá againn mar nuachtán – an chineal scriobhnóir ar mhaith linn a mhealladh chun bheith pairteach linn agus an cur chuige snásta gairmiúil a bheidh ár dtreorú.
Is cinnte, dar liom, go bhfuil an barra a bhí ann roimhe seo ardaithe sa chomórtas seo. Pé nuachtán a bhainfidh beidh ar an nuachtán sin a bheith níos fearr ná na nuachtáin a chuaigh romhainn. Ní le tarcaisne a deirim sin – ach le buiochas. Lena linn féin, d’ardaigh Foinse agus Lá/Lá Nua an barra. Anois tá orainn tabhairt faoin obair seo in athuair.
Tá níos mó i gceist leis an iarratas seo gan amhras – agus deinfear é a phlé lá níos faide anonn. Fagfaidh mé agaibh é mar lón machnaimh agus tabharfaidh mé deis díbh bhúr dtuairimí ina leith a nochtadh.
Rás dhá chapall le h-aghaidh nuachtán seachtainiúil?
An bhfuil sé tabhachtach go mbeadh an nuachtán seachtainiúil nua lonnaithe sa ‘Ghaeltacht’? Agus, má tá, an bhfuil sé tabhachtach go mbeadh an nuachtán sin suite i gConamara?
Ceisteanna iad san a ritheann liom tar éis dom tuairisc a léamh sa Sunday Business Post faoin chomórtas atá ar bun ag Foras na Gaeilge chun nuachtán nua Ghaeilge a aimsiú, tar éis cliseadh Foinse níos luaithe i mbliana. Ar an droch uair níl an tuairisc ar líne ar shuíomh an nuachtáin ach roinnfidh mé libh cuid de na mór phointí. [Nóta: Buiochas le Gaelport, seo chugaibh nasc le h-aghaidh an alt.]
Ar an chúig iarratas, tá iarrataisí ó fhoireann Foinse, Nuacht 24, Bard na nGleann i Múscraí, Independent Free Newspapers (nach ionann agus Independent Tony O’Reilly) agus comh-iarratas ó Mháire Ní Thuathail is an Connacht Tribune.
Dar le hAntón Mac Cába, an tuairisceoir a chuir an alt ar fáil don Post (tá sé Media and Marketing Section), is ag Nuacht24 agus Foinse atá an taithí is faide ó thaobh foilsiú nuachtáin Ghaeilge.
Níl aon amhras gur ráiteas fírinneach é sin – cé nach gá gur buntáiste é.
Ach is é an ráiteas atá luaite le Seán Tadhg O Gsirbhí, iar eagarthóir Foinse, a thugann lón machnaimh an lae dom.
Former Foinse editor Seán Tadhg O Gairbhí said that it was very important a new paper was based in the Gaeltacht. ”The four of us live in the Conemara Gaeltacht, and we would be creating jobs in the Gaeltacht. We applied because we felt there was a gap after the closure of Foinse and a lot of people came to us and said the same thing.”
De réir Seán Tadhg, mar sin, is é an príomh bhua atá ag a iarratas go bhfuil sé lonnaithe sa Ghaeltacht agus, ós rud é go bhfuil sé féin lonnaithe i gConamara, maraon le triúr eile, go bhfuil sé ‘ana thabhachtach’ go mbeadh an nuachtán nua lonnaithe ’sa Ghaeltacht’.
Tá amhras orm. Sa chéad dul síos, cén fath go bhfuil sé ‘an tabhachtach’ go mbeadh an nuachtán Ghaeilge suite sa Ghaeltacht thar aon cheantar eile?
Ni chreidim é. Ar ndóígh ní mí bhuntáiste é bheith suite sa Ghaeltacht níos mó chomh fada agus go bhfuil ceangal maith idirlín agat. Is féidir leat teacht ar an nuacht agus, anuas ar sin, is féidir leat an nuachtán a sheoladh chuig an chlólann gan aon deacracht.
An amhras atá orm go stopann an Ghaeltacht atá Seán Tadhg ag tagairt do ar an mbóthar go Bearna. Tá an meoin ‘Little Conamara’ go forleathan sa tír seo. Ní aithnítear aon ghaeltacht bheith ann seachas Conamara agus cúpla cúinne j dTír Chonaill is Ciarraí. Meoin treabhúil, tuathúil is tuatach é seo a fhagann go bhfuil ceannaras na bpríomh meán Ghaeilge suite i gConamara, mar atá TG4 agus Raidió na Gaeltachta. Agus tá an meoin tuatach sin le sonrú sna sceidil a chuireann an dhá mheán sin ar fáil dar liom.
An pobal a labhrann Ghaeilge sa linn seo, is pobal cathrach é. Agus creidim go bhfuil gá le riar a dhéanamh ar an bpobal sin. Má léann an pobal cathrach an nuachtán nua, léifidh an pobal Gaeltachta é chomh maith. Mar teastaíonn ón pobal Gaeltachta bheith cosúil leis an pobal cathrach. Ar éigean go dtarlóidh sé ar mhalairt threo.
Maith go leor, más é an príomh sprioc atá ag an dtogra seo ‘postanna a chruthú i gConamara’ nó, fiú, postanna an cheathrar a bhíodh ag obair ag Foinse a thabhairt ar ais doibh, ach an é sin sprioc an chomórtais? Nach é an sprioc atá ag an bhfiontar seo nuachtán nua a aimsiú a bheidh á léamh ag pobal na Gaeilge ar fuaid na tíre agus, go deimhin, ar fuaid na cruinne? Anuas ar sin, is é an sprioc ar cheart a bheith ag an nuachtán seo cuidiú agus spreagadh a thabhairt d’fhás phobal na Gaeilge seachas riar a dhéanamh ar phobal Ghaeltachta atá á chreimeadh i rith an ama ag iarrachtaí éagsúla chun ‘teorainneacha na Gaeltachta’ a ath-tharraingt.
Ba i Foinse is mó a fuair an feachtas seo poiblíocht – agus ar ndóigh is é an toradh ar seo na moltaí i dTuarascáil Mhic Carthaigh atá bunaithe ar an mbun fhiric nár oibrigh na scéimeanna éagsúla chun tacú le labhairt na Gaeilge a spreagadh sa Ghaeltacht.
Dar liomsa, tá an raiteas ó Sheán Tadhg dírithe go mór mór ar an bhagairt a fheiceann sé ó Nuacht 24 a chur ar cheal. Tá Nuacht 24 ag tairgeadh nuachtán de chaighdeán ard GAN AON CHABHAIR ón stát, thuaidh nó theas, agus is féidir a fheiscint dá bhfaigheadh an nuachtán sin tacaíocht d’aon tsort go mbeadh sé ar a laghad chomh maith is a bhí Foinse ar an lá is fearr ag an nuachtán sin.
Tá níos mó ná dhá chapall sa rás seo, áfach, nó tá Bard na nGleann ó Ghaeltacht Mhúscraí, gaeltacht nár shíl Raidió na Gaeltachta gurb fhiú suirbhé éisteoirí a dhéanamh ann, agus Nuacht 24 ó Ghaeltacht Bhéal Feirste, nach n-aithnítear mar Ghaeltacht toisc é bheith taobh amuigh de na 26 contae cé go dtuigtear go forleathan go bhfuil pobal chomh Gaelach ann is atá in áit ar bith ar fuaid na tíre.
Ni miste liom cé bhuann an chonradh seo – chomh fada agus go mbeidh an nuachtán buach ábalta agus toiltheanach dul sa tóir ar an líon is mó leitheoirí seachas riar a dhéanamh ar sciar bheag agus ar leith den phobal.
Níor cheart go mbeadh toradh an chomórtais seo ag brath ar shuíomh an nuachtáin bheith i gConamara. Is iad dearcadh agus cur chuige an nuachtáin na treithe ar cheart díriú orthu.
Os rud é go bhfuilim ag tabhairt rás capaill ar seo, ní fheadar arbh fhiú dul go dtí Paddy Powers agus fiafraí do cé acu an bhfuil sé sásta geall a ghlacadh mar gheall ar an dtoradh….
Aighneacht Aonghuis
Chaith mé seal gairid ag léamh an aighneacht a d’ullmhaigh Aonghus mar fhreagra ar fhoilsiú dhréacht straitéis idirlín Fhoras na Gaeilge don aos óg. Bí ag caint ar lán béil!
Ar aon nós, tá go leor san aighneacht atá ag Aonghus agus is fiú go mór é a léamh nó, le cois a mholtaí spéisiúla, tá léargas ar leith aige ar chúrsaí riomhaireachta agus idirlín de bharr a thaithí mar innealtóir bog earraí.
Beidh suim ar leith ag aistritheoirí ina mholtaí. Is minic mé féin agus Aonghus in adharca a chéile faoi fhiúntas na n-aistritheoirí céanna. Ach creidim go bhfuilimíd ar aon fhocal faoi seo: gur acmhainn íontach an saineolas atá acu ar theanga na Gaeilge do phobal a labhartha. Dar liom go bhfuil an saineolas seo á chur amú ar aistriú chaipéisí doleite [caipéisí nach léitear anuas ar sin] i mBéarla go Gaeilge. Creideann Aonghus go bhfuil sé tabhachtach do sheasamh is stadas na Gaeilge go mbeadh leaganacha de chaipéisí oifigiúla ar fáil sa dhá theanga oifigiúil ag an am céanna. Tá an ceart aige ar shlí – ach amháin go gcreidimse gur cheart a gheilleadh, mar gheall ar chúinsí eacnamaíochta na linne seo, gur fearrde an Ghaeilge dá gcaithfí ciste an aistriúcháin ar rud éigean seachas caipéisi nach léitear. Má táím ag déanamh éagóir ar Aonghus, ní sin atá i gceist agam agus déanfaidh mé an ceartú laithreach bonn nuair a chloisim a mhalairt.
Ach má léann tú na moltaí seo, feicfidh tú go mbeidh úsáid á bhaint as na h-aistritheoirí céanna le h-aghaidh úsáid thar a bheith inmholta.
7 Moltaí
●Go leagfaí síos slat tomhais d’éifeacht gach gné den Straitéis Idirlíon, agus go ndéanfaí measúnaí leanúnach air.
●Go fhorbródh an an Foras lámhleabhar logánaithe, agus bunachar téarmaíochta chun na críche sin. Go gcuirfí na hacmhainní seo ar fáil ar líne.
●Go gcuirfí acmhainní foclóireachta agus eile an Fhorais ar fáil ar líne faoi cheadúnas oscailte a cheadódh táirgí a bhunú ar na hacmhainní sin.
●Go ndéanfadh an Foras scéim aitheantais do dea-chleachtais sa Ghaeilge ar an idirlíon a chuir ar fáil, bunaithe ar mhúnla an gCóras Creidiúnaithe d’Aistritheoirí [CA].
●Go gcuirfí duaiseanna ar fáil do tháirgí – cluichí, físeáin agus táirgí nach iad – a bheadh ar fáil ar líne, a thagadh le haidhmeanna an Fhorais faoi straitéis seo.
●Go rachadh an Foras i bpáirt le soláthraithe na meán Ghaeilge, le féachaint chuige go bhfuil cluichí agus ábhair marsantaithe eile ar fáil i nGaeilge.
●Go leagfaí freagracht d’aon tairseach a fhorbraítear ar dream cinnte5, ach go mbeadh sé de chumas ag an pobal ar líne ceartúcháin a sheoladh go héasca.
Straitéis idirlín inmholta an Fhorais
Ní minic a léitear na focail ‘moladh’ agus ‘Foras na Gaeilge‘ in aon abairt amháin ar an mblag seo – cé gur thárla sé ar ocáid amháin ar a laghad, mar is buan mo chuimhne..
Ach níl aon dul as moladh a thabhairt don bhForas as ucht straitéis nua idirlín atá dírithe ar an aos óg atá foilsithe acu inniu. Is fiú go mór é a íoslódáil agus é a léamh. Tá mír ar Ghaelphort faoi anseo.
Aithnítear na h-easnaimh atá ann faoi láthair:
Aoisghrúpa 4-11
• Easpa cluichí idirghníomhacha
• Easpa clár teachtaireachta simplí
• Easpa láithreán eolais dírithe ar an spriocghrúpa
• Easpa líonraí idir scoileanna
Aoisghrúpa 12 – 18
• Easpa líonraí sóisialta i nGaeilge
• Easpa cluichí oiriúnacha i nGaeilge
• Níl an t-eolas atá ag teastáil ar fáil i nGaeilge (Spórt, Faisean, Ceol srl.)
• Easpa comhordaithe / poiblíochta, gach rud an-scaipthe
• Easpa líonraí idir scoileanna
I measc na moltaí a deintear sa chaipéis gairid seo, comhairlítear gur cheart:
Moltaí
Tá dhá príomh-mholadh straitéiseacha á ndéanamh againn ag éirí as an
taighde seo, is é sin
1. Tairseach nua a fhorbairt don aoisghrúpa 4-11
2. Tairseach nua a fhorbairt don aoisghrúpa 12-18
le seirbhísí atá ann cheana agus le seirbhisí nua a chur ar fáil do na
spriocghrúpaí éagsúla. I bhfianaise an chomhthéacs reatha buiséid, áfach,
rinneamar na moltaí sin a bhriseadh síos mar seo a leanas, de réir
spriocghrúpa:
Aoisghrúpa 4 – 11
• Moltar dul i gcomhpháirtíocht leis na meáin Ghaeilge le cluichí a
fhorbairt
• Moltar dul i gcomhpháirtíocht le foilsitheoirí na Gaeilge le hábhar a
fhorbairt bunaithe ar charachtair ina gcuid leabhar
• Moltar na féidearthachtaí a bhaineann le ciclipéid idirghníomhach
Gaeilge a fhorbairt ar líne
Aoisghrúpa 12 – 18
• Moltar dul i bpáirt le BEBO le logánú a dhéanamh ar an líonra sóisialta
agus tabhairt faoi ghníomhaíochtaí bunaithe air sin.
• Moltar suíomh nua idirghníomhach a fhorbairt a chlúdaíonn ábhair
suime na ndaoine óga, ar nós ceoil, taistil, scannán, teicneolaíochta,
tuismeánna srl.
• Moltar táirseach nua a fhorbairt do na meáin Ghaeilge uilig
• Moltar tairseach nua a fhorbairt d’áiseanna foghlama ar líne.
Moltar na féidearthachtaí a bhaineann le ríomhnascadh a fhiosrú le gréasán
idir scoileanna a fhorbairt.
Moltar feachtas uileghabhálach poiblíochta a reáchtáil chun a chinntiú go
bhfuil an t-eolas faoi na seirbhísí atá ar fáil amuigh i measc na ndaoine óga.
Ar ndóigh ní h-ionann easnaimh a aithint agus, fiú, moltaí tairbheacha dá réir a dhéanamh agus ‘cur i bhfeidhm’. Céim sa treo cheart atá ann.
An deacracht atá ag an bhForas – agus ní cáíneadh é seo go direach – go bhfuil siad anois féin ar chúl an chluiche, go bhfuil gach seans ann anois go bhfuil daoine ar nós Kevin Scannell nó a leithéid ag obair faoi láthair ar na bearnaí atá aitheanta acu a líonadh agus a thuilleadh forbairtí nach é a thionscnú.
Tá easnamh eile ar an gcaipéis seo freisin – cén fath go gcreideann an Fhoras go stopann an óige ag 18? Táim féin 42 agus creidim go bhfuilim ‘óg’ . Ach má tá sé deacair an méid sin a chreidiúint, bhuel, táim cinnte má tá tú sna 20í go gcreideann tú go bhfuil tú óg. Fiú más sna 30í atá tú, creideann tú sin.
S’én fath go ndeirim an meid sin go gcreidim gur cheart go mbeadh solathar agus riar á dhéanamh ar an aois ghrúpa, iad san atá óg agus 18+ bliain d’aois [sea, creidimse gur féidir le duine bheith óg go dtí go mbionn sé 99 agus ansan tosnaíonn tú arís ag 00!).
Tá rudaí spéisiúla le léamh sa chaipéis seo agus d’fhéadfá a rá go bhfuil cáineadh ann ar an bhForas féin a thug maoiniú anuraidh don iris Comhar seachas don iris óige, nós*.
Táirge nua a tháinig chun margadh
le déanaí ná Nós*, féach Nós. Iris iontach atá é seo atá dírithe
ar aoisghrúpa os cionn 18 mbliana agus a chlúdaíonn cúrsaí ceoil, scannáin,
teicneolaíocht, spóirt agus i bhfad níos mó. Bheadh an stíl, an cur i láthair
agus an cur chuige ina ndea-eiseamláir ag aon iris a bheadh dírithe ar an
spriocghrúpa seo.
Ní gá, fiú, bheith ag labhairt faoi na botúin a chreidim go ndearna an Fhoras san aimsir atá caite. Má thagann siad ar chúl nós* fiú anois agus an tacaíocht cuí a thabhairt don iris, chreidfinn go mbeadh rath ar a leithéid d’infhéistíocht thar aon rath a bhí ar aon infhéistíócht ar thogra Ghaeilge roimhe seo.
Aithnítear an dea obair atá ar siúl ag An Druma Mór/Nuacht 24 freisin. Is cinnte go mbeadh rath ar infhéistiú sa togra seo i bhfianaise an ard chaighdeán atá bainte amach ag an suíomh ó bunaíodh é agus é gan tacaíocht oifigiúil ar bith.
Moltar Beo anseo freisin.
Tá an iris ar líne, Beo, á foilsiú ó bhí 2001 ann
agus ag cur seirbhís an-mhaith chúrsaí reatha ar fáil a bhíonn go minic
oiriúnach don aoisghrúpa seo.
Tá moladh ag dul do Beo gan amhras agus an obair déanta ag an suíomh. Mar sin féin, is beag forbairt atá déanta ar an suíomh ó bunaíodh é agus léiríonn an easpa beochta is brí ar an gclár plé go bhfuil níos lú tabhacht ag baint le Beo ná mar a bhí. Agus mé ag féachaint air inniu, ar an 2ú Meán Fómhair, nior foilsíodh teachtaireacht ansan ó bhí an 14ú Lúnasa ann. Léiríonn sin easpa beochta nó fiú go raibh iGaeilge ar a sháimhín só le linn mí Lúnasa, bhí teachtaireachtaí á fhoilsiú ann an t-am ar fad. Bionn ábhar mhaith ar Beo go minic – agus cuirim na h-altanna breatha ó leithéidí Bhreandán Delap san áireamh go h-áírithe is mé ag rá an méid sin, sin iriseoireacht a mhac! – ach is ainmhí aisteach é an iris idirlín mhiosúil i gcomhthéacs na h-idirlín faoi mar atá sé inniu, ag fás agus ag forbairt agus ag uasdatú ar bhonn 24/7. An rud a bhí ina chéim mhór chun tosaigh i 2001, tá cuma seanachaite stálaithe air i 2009.
Ceist mhór i ngach teaghlach le páistí óga ann ceist na gcluichí riomhaireachta – leithéidí an Nintendo, Wii, Playstation, XBox ar ndóigh ach, anuas ar sin, na cluichí ar líne ar shuíomhanna ar nós Lego is na suíomhanna atá liostáilte ag an bhForas ina ndréacht chaipéis. Le cois sin arís tá cluichí idirghníomhacha ar fáíl trid an chóras Sky ar an dteilifis agus is féidir iad san a imirt leis an gciansmachtóir. Tá an oiread san ábhair ann anois go bhfuil sé deacair a bheith suas chun dáta ach tá’s agam go bhfuilimíd ag iarraidh srian a chur leis an méid ama a chaitheann ár bpáistí ag gabhail dá leithéid.
Moladh saor in aisce: B’fhiú a fhiosrú ar cheart go mbeadh srian ama, ábair, 20 noiméad, leis an méid ama a chaithfeadh páiste ar bith ar shuíomh Ghaeilge. Faoin am sin, dheinfí glasáil ar an suíomh is bheadh ar an tuismitheoir cinneadh a dhéanamh an suíomh a dhíghlasáil le pasfhocal nó na páisti a chur ag spraoi sa ghairdín, de réir a rogha.
Mar fhocal scoir, molaim an dream a rinne an obair chun an straitéis seo a ullmhú agus a chur le cheile. Molaim an Fhoras as é fhoilsiú agus molaim dóibh beartú chun é a chur i bhfeidhm, maraon le moltaí stuama a thagann ón bproiseas chomhairliúcháin, a luaithe in Éirinn agus is féidir. Obair na prainne atá ann.
Ciorcal cúng ‘Comhar’
Tharla go raibh mé i siopa Easons i lár na cathrach inniu agus, de thimpist, thug mé faoi ndeara an eagrán is déanaí den iris Ghaeilge ‘Comhar’ ar an seilf is ísle de chúinne na dtreimhseachán cúrsaí reatha. Shátaigh mo fhiosracht faoin iris mo dhroch eispearas leo anuraidh agus cheannaigh mé eagrán.
Ní raibh aon dóchas agam go mbeadh aon rud fiúntach san iris – ag an am chéanna bhí mé ag súil le caighdeán áirithe iriseoireachta. Ní raibh sé le fáil san alt ar léigh mé faoin ceannteideal ‘Bás na nuachtán’.
Alt leataobhach agus leisciúil abea seo faoi na nuachtáin Ghaeilge agus, go h-áirithe, Foinse is Lá Nua, ar eirigh as cló le sé mhí anuas. Ní raibh a fhios agam an alt staire nó tuairimíochta a bhí ann ach bhí cuid de na fírící ar a raibh sé bunaithe amhrasach mura raibh siad mí chruinn ar fad.
Tabharfar amach dom as díriú ar scéal Lá Nua – tá sé in am an scéal sin a ligint tharam is dócha – ach nuair a thugaim faoi ndeara alt atá bunaithe ar fhíricí mí chruinn faoi nuachtán a bhí chomh fite fuaite le mo shaol, cuireann sé idir díomá agus olc orm.
San alt seo, áfach, tugadh cúpla rud le fios nach raibh cruinn agus nach raibh iomlán.
I 2003 d’infheistigh an comhlacht nuachtáin, Belfast Media, faoi stiur Mháirtín Uí Mhuilleoir , ann agus le cabhair ó Fhoras na Gaeilge, láinseáladh é arís mar nuachtán laethúil.
Níl an ráiteas sin ón alt beacht nó iomlán. Mar shampla, ba i 1999 a rinne Belfast Media (an uair sin an Andersonstown News Group) infhéisitiú i Lá. I 2003 a rinneadh athsheoladh ar an nuachtán laethúil. Niorbh é Foras na Gaeilge a thug cabhair ach infheisteoirí fud fad na tíre a cheannaigh sciarana ar £500 nó €750. Ní h-amháin gurb é seo an chéad nuachtán laethúil i nGaeilge ach an chéad nuachtán Ghaeilge a chuir fáilte roimh pháirtíocht ón bpobal agus a fuair an pháirtíocht sin. Ní chreidim gur caitheadh go maith le na sciarshealbhóirí sin agus Lá Nua á dhruidim ach sin mar a bhí sé.
Luaitear deontas €277,300 le Lá Nua ach ní h-é seo an deontas a ceadaíodh do Lá Nua tar éis gur bhuaigh an nuachtán sin comórtas poiblí i 2006. De reir an phreas-raitis seo, is é £400,000 thar dhá bhliain an deontas a ceadaíodh. Tugadh €596,000 mar chothrom an tsuim sa phreas ráiteas. Ní gá a rá ná raih an luach sin ar an suim i sterling ag tús 2007 agus a raibh ag deireadh 2008.
An t-aon chabhair a tháinig ó Fhoras na Gaeilge ag an am sin gur oscail siad cúpla buidéal seaimpéan ag an ocáid seolta. Sinne a cheannaigh iad!
Cúig nuachtán atá luaite san alt seo a chuimsíonn an tréimhse 1943-2009 – Inniu, Anois, Lá/Lá Nua, Foinse agus Amarach. Níl ach tagairt sleasach ann do Amárach agus is beag eolais atá sna míreanna faoi na nuachtáin eile. Ní léir gur deineadh aon taighde ar an alt seo – seachas athrá a dhéanamh ar roinnt ‘clíchéanna’ faoi na nuachtáin.
M.sh:
De na chúig pháipéar[sic] atá luaite ba é Foinse ab fhearr chun freastal ar léitheoirí Gaeltachta agus Galltachta araon agus thug sé gairmiúlacht isteach in iriseoireacht na Gaeilge nach raibh ann roimhe sin.
Ní léir domsa go bhfuil bunús fírice leis an ráiteas seo – níl ann ach tuairim agus ní aontaim leis. Maith go leor. Bheadh sé spéisiúil a fhiosrú mar shampla faoi dhíolaíocht Foinse sa Ghaeltacht. Creidim go raibh sé lag amach is amach. Ní chreidim gur féidir ‘Foinse’ agus ‘gairmiúlacht’ a chur in aon ábairt gan an focal ‘ach’ a bheith san abairt chéanna. Léiríonn Nuacht 24 agus nós* – atá á fhoilsiú ar bhonn deonach – nach ionann gairmiúlacht agsu airgead. Nior luadh ceachtar acu san alt seo.
Ní chuirfeadh sé íontas orm go raibh alt i Comhar ag tabhairt ard mholadh do Foinse. Bhí eagarthóir Comhar ina cholúnaí le Foinse ar feadh i bhfad.
Cuireann sé íontas orm, áfach, ná raibh alt ag plé na gcúiseanna le teip Foinse in iris ar nós Comhar. Nach é sin an cineál ailt atá á lorg ag léitheoirí, alt a fhiosraíonn fios fatha na bhfadbhanna a d’eirigh idir Foinse agus Foras na Gaeilge. Ar ndóigh, tá Comhar maoinithe ag an bhForas agus ní léir go bhfuil an cnamhdroma ag an iris na h-altanna atá gá leo a fhoilsiú, fiú má cháineann na h-altanna sin, ar bhonn chuiditheach fiú, an mhaoinitheoir.
Scéal suimiúil scéal na nuachtán Ghaeilge agus níor tugadh an meas ceart don scéal in alt Comhar. Dearcadh cúng a léiríonn an iris seo ar shaol na Gaeilge agus ar an domhan mhór. Ciorcal cúng scríobhnóirí atá á fhoilsiú san iris – baill de bhórd na h-irise is mó a bhíonn ag solathar na n-altanna, dealraíonn sé dom, agus mé ag léamh an eagrán is déanaí.
Faoiseamh de dhith tar éis na deireadh seachtaine….
Deireadh seachtaine saoire bainc mo thóin! Bhí an deireadh seachtaine díreach caite an ghnóthach anseo i gCúil Aodha agus muintir na h-áíte go dícheallach ag ullmhú le h-imeachtaí éagsúla. Faoiseamh atá i gceist le tús na seachtaine úire.
Faoiseamh agus pleisiúr atá i gceist nuair a fhoilsítear an eagrán is déanaí de Nuacht 24, príomh nuachtán náisiúnta agus idirnáisiúnta na Gaeilge, agus nuair a chuirtear in iúl don phobal an méid sin leis an teachtaireacht úd ar An Druma Mór. Ní túisce go mbionn an eagrán is déanaí ar mo scaileán ná go mbím ag súil go mór leis an gcéad eagrán eile.
Mar atá ráíte agam anseo roimhe, is ag Nuacht 24 atá seilbh na liathróide chomh fada agus a bhaineann sé leis an ‘gcomórtas’ atá á reachtáíl ag Foras na Gaeilge chun comharba a aimsiú ar Foinse, a lig siad leis imeacht le sruth i mí an Mheithimh. Tá Eoghan O Néill agus a cháírde chomh fada sin chun tosaigh go bhfuil sé geall le bheith ag amharc ar Chiarraí ag tabhairt greadadh nach beag do pheileadóirí Bhaile Atha Cliath ar bhrat Bhriotanach Pháirc an Chrócaigh Dé Luain. Is Corcaioch mise agus, mar sin, mothaím pian lucht peile na hArd Cathrach – cé go gcreidim go raibh sé aiféiseach go raibh talamh tirim á dhéanamh ag na trachtairí peile de ‘chosa nite’ na gCiarraíoch. Ní h-ionann an rud a ghuíonn tú ar a shon agus an rud a tharlaíonn ar pháirc na h-imeartha, tá’s agat.
Ach ní chuige sin atáim. Is le moladh a thabhairt do Nuacht 24 atáim inniu – agus ní de bharr go gcuirim féin colún ar fáil go deonach don nuachtán atáim ag déanamh san. Bhíos ag léamh Nuacht 24 ar maidin agus, mar a dheinim go rialta, tosnaím le colún mo shean chara, Gearóid O Cairealláin. Bhíodh ‘Seo an rud’ ó pheann Ghearóid ina bhuaic phointe i Lá – agus is deas liom go bhfuil faobhar ar pheann Ghearóíd aris agus Nuacht 24 ar an bhfód.
Bhí sé ag tagairt do na Gaeil móra le rá a bhí ag scríobh in altanna i Nuacht 24 roinnt seachtainí ó shin, ag scríobh agus na deora ag sileadh óna súl, faoi ná raibh aon nuachtán Ghaeilge ann níos mó anois go raibh Foinse á bhású ar an slí céanna is ar cuireadh Lá Nua chun báis roimhe sin.
Nách dtuigeann na saoithe seo an íoróin a bhaineann le bheith ag rá a leithéid in altanna atá á fhoilsiú i Nuacht 24, an t-aon nuachtán Ghaeilge atá fagtha. Dearcadh sean fhaiseanta ar nuachtáin atá ag lucht caointe Foinse – agus ní chreidim ar feadh noiméid gur chaoin siad deor le bás Lá Nua nó níor áirigh siad an nuachtán sin ina nuachtán cheart ar chorr ar bith.
Tá anailís ghéar ag Gearóid ar na bhfathanna lena dearcadh maslach, fiú más dearcadh neamh choinsiasach é, i leith Nuacht 24 agus Lá Nua. Creideann sé gur dearcadh crioch dheighilteach atá ar chúl cuid den mheoin aigne sin – ach léiríonn an dearcadh freisin an spleachas maraitheach atá ag céasadh na Gaeilge agus na nGael le tamall anuas, an spleachas tachtach seo ar an Stát.
Is léir go bhfuil sé sa bhfuil ag cuid againn, nach féidir le glacadh le rud ach é bheith tite anuas chugainn mar a thitfeadh blúirín aráin ó bhórd bídh an Stáit. Ní foirfe go faofa ag an Stát is cosúil. Ar ndóigh má tá an Stát ag seachaint na dualgaisí atá air – agus má tá dream eile go neamhspleach ag seasamh sa bhearna agus ag déanamh na h-oibre sin – ba cheart duínn bheith buioch agus ag áireamh na mbeannachtaí.
Agus chun riar a dhéanamh ar an gcur chuige craiceáílte sin, tá Foras na Gaeilge ag reachtáíl comórtais chun nuachtán nua a fhoilsiú. A leithéid d’amaidí. Is aimsir na h-eigeandála é seo – ba cheart don bhForas a rá, ós ard, go bhfuil siad ag tabhairt urraíochta do Nuacht 24 arbh fhiú €100.000 sa bhliain é abraimís agus nach bhfuil siad chun leanúint leis an gcomórtas craiceáilte seo. Ní gá comórtas poiblí a reachtáil ar son urraíochta – thug siad urraíocht €65,000 don Sunday Independent chun dluth dhioscaí maidir le foghlaim na Gaeilge a scaipeadh agus ní raibh comortas ann chuige sin.
Níor cheart go mbeadh ar Nuacht 24 aon athrú a dhéanamh ar an módh scaipeachán – ach b’fhéidir go gcuideodh seo leo daoine a íoc – agus nílim ag caint orm féin nó ní ghlacfaidh mise pingin as mo cholún – mar is ceart. Bheadh sé seo ina shocrú eatramhach go dtí go mbeadh Nuacht 24 – agus ní aon ‘carpetbagger’ eile – in ann socrú ceart a dhéanamh leis an bhForas nó cibé dream a thagann i gcomharbacht ar an bhForas chun nuacht sheirbhís atá maoinithe mar is ceart a chur ar fáil.
Tá ré nua breactha don Ghaeilge agus don Ghaeltacht le foilsiú tuairisc McCarthy. Tá na baincéirí agus na forbróirí is na polaiteoirí a thug go dtí an poll ifrinn seo sinn ag suí go te agus taimíd go léir ceaptha le h-ioc as a bhfeall agus a bhfaillí. Tá modhanna nua oibre ag teastáil chun torthaí nua fónta a bhaint amach. Má leanaimíd lena sean módhanna, ná bíodh íontas orainn má bhionn na torthaí tubaisteacha céanna ar an saothar.
-
Archives
- November 2009 (22)
- October 2009 (11)
- September 2009 (22)
- Lúnasa 2009 (16)
- July 2009 (40)
- June 2009 (68)
- May 2009 (51)
- Aibreán 2009 (51)
- Márta 2009 (44)
- February 2009 (50)
- January 2009 (43)
- Nollaig 2008 (28)
-
Categories
-
RSS
Entries RSS
Comments RSS








