Fianna Fáil – páirtí gan náire
Fuaireas an r-phost seo ó Mhícheál O Máirtín ar maidin inniu ag iarraidh orm, i mBéarla amháin, votáil don Chonradh seo agus, anuas ar sin, ag lorg €20 uaim ar son an fheachtais a mhaíonn siad bheith ar siúl acu ar son an Chonartha.
A leithéid de ráiméis. Níl aon feachtas ar siúl ag Fianna Fáil – nó ag aon pháírtí eile – seachas ar na meáin agus is beag an dealramh atá le sin. An oiread is nach é Mícheál O Mairtín a sheol an r-phoist chugam, seachas feidhmeannach íseal i gcomhlacht Blue State Digital i Meirceá, níl bun nó barr leis an bhfeachtas bréagach seo.
D’oibrigh feachtas den chineál seo do Bharack Obama – ach ní h-ionann Fianna Fáil agus Barack Obama.
Tá an chuma ar an Rialtas go bhfuil sé ag titim as a cheile agus an Tánaiste, Máire Ní Chochláin, ag tabhairt le fios nach luíonn go leor moltaí i dTuairisc an Bhord Snip le ciall. Gan amhras níl ciall leo ach sa mhéid is go gcaithfear teacht ar €5bn in áit éigean i mbliana agus an méid céanna arís i 2010 agus i 2011.
Conas a dheinfear sin gan coigiltis a chur i bhfeidhm, níl a fhios agam.
Ar aon nós, léiríonn an méid a bhí le rá ag Máire Ní Chochláin inné go bhfuil dóchas ann do na grúpaí feachtais éagsúla atá buartha faoi thua Mhic Charthaigh a bheith ag titim ar a n-earnálacha.
Gan amhras tá an Roinn Airgeadais tar éis freagra a thabhairt ar na ceisteanna a thóg chaint Uí Chochláin – ach tá an praiseach ar fuaid na miasa anois.
Reifreann Liospóin – Níl Gaeilge eigeantach…níl sí de dhith ar chorr ar bith!
Agus mé ar an mbóthar inné, thug mé faoi ndeara roinnt postaeir timpeall chathair Chorcaí faoin ath-imirt ar Reifreann Liospóín a bheidh ann mí ón lá inniu. Postaeir ag moladh vóta ‘Níl’ a bhí crochta ag an bhfeachtas grúpa, Cóir, a bhí ann. Ar cheann acu tá an manna ‘They Died For Our Freedom – Don’t Throw It Away” agus griangrafanna de cheannairí an Eirí Amach, Pádraig Mac Piarais, Tomás O Cléirigh agus Séamus O Conghaile. Teachtaireacht cumhachtach – teachtaireacht i mBéarla amháin in ainneoin go bhfuil sé ag liostáil Pádraig Mac Piarais, Gaeilgeoir dílis, san fheachtas in éadan an Chonartha seo.
Tá an claonadh ionam votáil i gcoinne Chonradh Liospóin – níl fonn orm m’intinn a athrú ón uair dheireannach ar votáil mé ar an gceist seo. Ag an am chéanna, nuair nach bhfuil aitheantas d’aon tsort á thabhairt do mo theanga dhúchais i bpostaeirí Cóir, ar shuíomh idirlín an eagrais, agus cuireann sin olc orm.
Tá an claonadh ionam votáil i gcoinne Chonradh Liospóin – níl fonn orm m’intinn a athrú ón uair dheireannach ar votáil mé ar an gceist seo. Ag an am chéanna, nuair nach bhfuil aitheantas d’aon tsort á thabhairt do mo theanga dhúchais i bpostaeirí Cóir, ar shuíomh idirlín an eagrais, agus cuireann sin olc orm.
Ar ndóigh ní ar thaobh ‘Níl’ amháin atá an neamairt. Fuair mé teachtaireacht r-phoist ar maidin ón Aire Ghnóthaí Eachtracha, Micheál O Máirtín, tugann an r-phost an méid sin le fios ar aon nós, i mBéarla amháin ag moladh dom votáil ar son an Chonartha. Tá’s agam gur cainteoir brea Ghaeilge an Aire agus, mar sin, ní thuigim cén fath nach féidir le teachtaireacht agus a ainm luaite leis an Ghaeilge a úsáid, fiú cúpla abairt.
Ar shuíomh fheachtais Fhianna Fáíl, suíomh atá ‘Stronger With Europe’ mar ainm air, níl focal Ghaeilge ach an oiread. Os rud é go maíonn FF gurb é an pháirtí ar eirigh leis aitheantas mar theanga oifigiúil oibre a bhaint amach don Ghaeilge san Aontas Eorpach – pé fiúntas atá le sin, níl a fhios agam anois – ní thuigim cén fath nach seasann an pháirtí leis an nGaeilge ina gcuid litríochta a bhaineann leis an bhfeachtas fíor Eorpach seo.
Is cosúil gur teanga í an Ghaeilge nach bhfuil ‘úsáideach’ do lucht pholataíochta ar an dhá thaobh den argóint. B’fhéidir go mbeidh orm féin eagras a bhunú – Gaeil ar son Liospóín agus Gaeil in éadan Liospóin – chun a thabhairt le fios do na polaiteoirí nach bhfuil spéis againn ina dteachtaireachtaí aonteangacha.
Ní fhaca mé postaer ar bith ar son an Chonartha go fóíll, ag páirtí ar bith. Níl duine ar bith tagtha chomh fada liom ag lorg mo vóta agus más aon teist an fheachtas a bhí ann anuraidh, ní thiocfaidh. Níl aon fonn ar chos shaighdiúirí Fhianna Fáil – nó baill na bpairtí eile – dul ar an gcanbhas ar son Liospóin agus an tír ina bponc ina bhfuilimíd sáinithe faoi láthair.
Cén slí a cheapann aon pháirtí go meallfaidh siad mé chun votáil ar son – nó in éadan – an Chonartha seo mura dtagann siad chomh fada liom nó mura labhraíonn siad liom i mo theanga féin, teanga oifigiúil na tíre seo agus teanga oifigiúil freisin de chuid an Aontais Eorpaí.
Comhairle d’iarrthóirí FF: Laghdaigh an logó, méadaigh an vóta!
Agus í ag caint ar Newstalk ar maidin, d’admhaigh Mary Hanafin, Aire Ghnóthaí Phobail is Shoisialta an Rialtais, go raibh dornán iarrthóirí tar éis logó an phairtí ar a bpostaeirí a laghdú agus ná raibh siad de réir an teimpléid a bhí scaipithe ag lár oifig an pháirtí.
Maolaisnéis na seachtaine nó an fheachtais ar fad. Ar ndóigh tugadh an fheinimeán seo faoi ndeara anseo agus anseo roimhe. An mbeidh éiric le h-ioc as comhghleacaithe Crowley as an ‘dicheangal’ feiceálach seo idir iarrthóirí an pháirtí agus branda an pháirtí?
Níl tús curtha leis an gcomhaireamh fós sna toghcháin Eorpacha ach is léir ó lucht tailí go bhfuil Brian Crowley, an t-é a tugadh faoi ndeara anseo ag laghdú a cheangal le FF leis an logó pháirtí is lú riamh, chun suiochán a bhaint go h-éasca an iarraidh seo. Deirtear liom gur iarrthóir mhaith é agus go ngéilleann a fhreasúra pholatúil fiú go bhfuil sé ina fheisire fhónta.
Go ginearálta, is droch thoradh a bheidh ann d’Fhianna Fáil. Ní lá íontach a bheidh ann do Shinn Féin ach an oiread, ar libhéal na hEorpa ar aon nós, agus nach mbeidh na Glasaigh ró shásta lena dtorthaí ach an oiread.
Ar an láimh eile, is lá íontach é do Joe Higgins agus na neamh spleaigh ar an éite clé: tá suíochán bainte ag Maureen O’Sullivan, comhleacaí le Tony Gregory, go ndéana Dia trócaire air, i mBaile Átha Cliath Láir, agus tá Joe Higgins féin san iomaíocht don suiochán Eorpach i mBÁC; An Chiarraíoch Shoisialach a bheidh sa reicneáil in éineacht le Mary Lou McDonald (SF) agus Eoin Ryan (FF) i mBÁC. Gach seans gur ag Joe a bheidh an suíochán mar go mbeidh seisean ábalta nios mó aistriúcháin a mhealladh ó gach taobh.
Lá maith é freisin don Lucht Oibre agus do Fine Gael. Beidh dhá shuíochán ag páirtí Éamon Gilmore – Nessa Childers san Oirthear agus Proinsias de Rossa i mBÁC – agus tá Alan Kelly sa reicneáil sa Deisceart.
Tá Fine Gael ag baint an Fhómhair anois ó na síolta a chuir Enda Kenny ón uair gur toghadh é i 2002. Tá cuma ar FG go bhféadfaidís bheith sa Rialtas – nó is páirtí atá ana éagsúil é ón pháirtí a bhí John Bruton ina cheannaire air.
An deacracht le na torthaí seo go mbeidh deis ag FF teacht chuthu féin agus iad fós i gcumhacht agus ag ullmhú d’olltoghchán nach gá, de réir dlí, a ghairm go dtí 2012! Theana féin tá casadh á chur ar an scéal ag urlabhraithe an pháirtí – bhí Dermot Ahern, an Aire Dlí agus Cirt, ar an raidió ag rá go raibh FF sásta an pháirtí a íbirt ar son na tíre. Bhí sé ag caint faoin uair – idir mí Iúil agus Meán Fómhar seo chaite – gur bheartaigh an Rialtas tabhairt faoin dtír a thabhairt slán ón eigeandáil eacnamaíochta. Más buan mo chuimhne b’shin an tréimhse ná raibh teacht ar Aire FF in aon áit mar go rabhdar ar laethannta saoire! Ar ndóigh níl aon léiriú ach an oiread ar an dtuiscint atá agam agus ag daoine eile go raibh láimh ag FF sa tubaiste eacnamúil seo, go raibh gaoth FF i seolta na mbanc agus na bhforbróirí agus iad ag seoladh na tíre i dtreo na carraigeacha.
Ach mura mbíonn athrú ar an scéal ó thaobh na nGlásach agus an tacaíocht uatha san don Rialtas – agus tá leid nó dhó le clos ó Chiarán Cuffe ar an gceist seo agus é ag smaoineamh ós árd faoin tairbhe a bheidh le baint as an socrú atá acu le FF faoi láthair a leanúint – beidh FF ar an Rialtas.
Ag filleadh ar cheist SF, ní thosnófar an chomhaireamh ó thuaidh go dtí Dé Luain ach is léir go mbeidh an lá ag Bairbre de Brún agus go gcriochnóidh sí ar bharr an liosta. Tá súntas ag baint le sin mar gheall ar an bhfeachtas a bhí ag an DUP – theastaigh ó Diane Dodds a chinntiú nach mbuafadh SF an toghchán. Anois is cosúil go bhfeadfadh sí féin bheith i mbaol de bharr go bhfuil teacht aniar léirithe ag an bPáirtí Aondachtach ón chomhnascadh a rinne siad le Tóraithe Shasana agus go bhfuil an tacaíocht is aintoiscí agus is seictí a bhí ag an DUP ag sceitheadh go dtí an TUV.
Ní crith talún pholatúil ó thuaidh go dtí lá go mbeidh an lá ag SF i dtoghchán ar fuaid an fho chúige!
Ach má tá SF le dul i bhfeidhm ar bhonn uile Éireann, caithfidh an pháirtí iarrthóirí eile ar nós Toireasa Ferris a aimsiú, aghaidh úr is cur chuige nua ar fad a chur i bhfearas. Níl sin as an áireamh.
Mothaím go bhfuilimíd ag feiscint don chéad uair tonn an athruithe i bpolataíocht na hÉireann. Beidh le feiceáil cé an mbaileoidh an tonn céanna nirt agus go mbrisfidh sé le fórsa ar an dtrá nuair a reachtáilfear an olltoghchán go luath nó níos moille.
San iarthuaisceart tá Declan Ganley ag déanamh níos fearr ná mar a bhí á thuar sna pobalbhreitheanna. Gach seans go mbainfidh sé an triú suiochán.
Mo thuar don toghchán Eorpach ag an bpointe seo:
BÁC Gay Mitchell FG, Proinsias de Rossa Lucht Oibre, Joe Higgins (Páirtí Soisialach)
Éire Thoir: Mairéad McGuinness FG, Nessa Childers LO, John Paul Phelan FG
Éire Thiar: Jim Higgins FG, Marian Harkin Neamhspleach, Declan Ganley Libertas
Éire Theas: Brian Crowley FF, Sean Kelly FG, Kathy Sinnott NS.
Agus ná deintear dearúd – grma a Instagsign – ar Éire Thuaidh.
Éire Thuaidh: Bairbre de Brún SF, Jim Nicholson UUNF, Jim Allister TUV.
Lá cinniúnach é seo freisin do lucht bhlagála agus tá siad ag léiriú ag fiúntas an chéird agus foireann blagála ag déanamh tuairisciú 60/60/24/7 ar an dtoghchán. Is féidir an tuairisciú seo a leanúint anseo.
Litir um thoghcháin ón dTaoiseach, Brian Cowen
Seo r-phost a fuaireas trathnóna nuair a d’fhill mé ón obair ón dTaoiseach, Brian Cowen. Thíos faoi tá mo fhreagra ar an litir seo.
Dear Concubhar,
Tomorrow is election day.
It’s a day when there’s so much at stake at local and European level, where voters face an absolutely clear choice between a party that cares about the best interests of the country, and parties who are playing politics and aren’t living in the real world.
Tomorrow is a day when we seek to elect the best possible councillors for councils and the best MEPs for the country – Fianna Fáil councillors and MEPs.
I’ve recorded a special pre-election message for Fianna Fáil supporters. Watch it now and share it with your family and friends:
Watch the video now
I want to thank you – Fianna Fáil members, volunteers and party workers, for working so hard on the doorstep these last few weeks and for your final efforts today and tomorrow. Contrary to what the bad news brigade says, I’m proud that our 723 candidates have run on such a positive agenda and won’t join others in talking down the country.
Let’s get out tomorrow and show everyone that you can’t keep our party down. Fianna Fáil is a Republican Party. That is why we have always fought for the best interests of the Irish people in good times and bad.
That’s not going to change now. We’ve got a plan for economic recovery, it’s a good plan, it’s starting to work and we’re going to stick to it.
Watch the video and pass it on to your friends:
http://www.fiannafail.ie/everyvote
Your final efforts will make all the difference. Whether it’s handing out leaflets tonight or helping voters get to the polls tomorrow, the people who work tirelessly for Fianna Fáil are the reason this party will, like the country, ride out the rough times and renew itself.
Let’s get as many people as we can to the polls tomorrow. Every last vote will matter.
Brian Cowen, T.D. Taoiseach
P.S. Our website has a really easy tool that you can use to remind people to vote tomorrow. http://www.fiannafail.ie/vote. Why not remind your family and friends right now?
Agus is é seo an freagra a sheol mé chuige:
A Thaoisigh – más tú atá ann i bhfirinne,
Beatha agus sláinte! Dá mbeadh aon spéis nó dúil agat nó ag do pháirtí i mo vóta, bheithfeá tar éis cúpla focal suarach i nGaeilge a chur sa litir seo. Mar atá sé, tá an litir seo, maraon le litreacha eile uait agus ó do chomhleacaithe, ag imeacht díreach go dtí an bosca brúscair. Labhair liom i mo theanga féin….
Is mise
Concubhar Ó Liatháin
Ní fheadar an bhfuil sé ró mhall moladh do gach duine a léann an blag seo agus a fuair teachtaireacht dá leithéid ón dTaoiseach freagra cosúil le seo a chuir chuige. Is é seo an seoladh r-phoist: email@fiannafail.ie.
Ceisteanna agus Freagraí
Tá moladh ag dul do Chonradh na Gaeilge as ucht an suirbhé thíos a rinne siad ar na h-iarrthóirí ar fad atá á gcur féin ós comhair na votairí agus iad sa tóir ar shuíochán i bPairlimint na hEorpa don toghchán sin an tseachtain seo chugainn.
Tá mo bharúil féin agam faoi na bhfreagraí – nuair a deir polaiteoir go mbeidh sé ag úsáid na Gaeilge, an féidir linn sin a chreidiúint? Má deir siad go bhfuil siad ar son an mhaolú ar úsáid na Gaeilge sa Phairlimint a thabhairt chun deiridh, an leor seo a rá nó ar cheart go ndéarfaidh siad go mbeidh siad i mbun feachtais ghníomhaigh chun seo a dhéanamh.
Bíodh sin mar atá – an t-aon dream nach bhfaighidh aon vóta nó tacaíocht uaimse, na polaiteoirí a bhí ró leisciúil nó ró bhiogóideach in éadan na Gaeilge (iarrthóírí an UUP agus an DUP!) freagra a thabhairt ar na gceisteanna réasúnta seo.
Molaim Conradh na Gaeilge as an mbeartas seo – ach sílim go bhfuil gá le h-athmhachnamh a dhéanamh ar an gcur chuige in am don olltoghchán atá ag teacht. Creidim gur cheart go n-eagrófaí ocáid phoiblí nó sraith ocáidí agus go dtabharfaí cuireadh do na ceannairí ar fad teacht os comhair phobal na Gaeilge agus a seasamh ar cheisteanna móra an phobail sin a mhíniú. Arís ní dímholadh é sin ar an mbeartas seo – ach creidim go dtabharfadh an cur chuige atá molta agamsa seasamh níos fearr don Ghaeilge san fheachtas toghcháin….
Agus, ar cheist eile, ritheann sé liom gur beag seans a tharlódh tada mar seo, litir nó ocáid phoiblí, gan leithéidí Conradh na Gaeilge a bheith ann agus chomh gníomhach is atá….
Seo chugaibh na ceisteanna agus achoimre ar na bhfreagraí. Is féidir na freagraí ina iomláine a léamh anseo.
CAITH DO VÓTA LEIS AN nGAEILGE
FREAGRA NA nIARRTHÓIRÍ DO PHARLAIMINT AN AONTAIS EORPAIGH AR CHEISTEANNA NA GAEILGE
1. (a) Má thoghtar mar chomhalta de Pharlaimint na hEorpa tú, an labhróidh tú Gaeilge go
rialta agus mar ghnáthchleachtas sa Pharlaimint?
nó
(b) Muna bhfuil tú compordach le caighdeán do chuid Gaeilge, an gcuirfidh tú feabhas ar do
chuid Gaeilge trí ranganna Gaeilge a ghlacadh / cúrsa féin‐foghlaim ar líne a dhéanamh chun
a chinntiú go mbeidh do dhóthain Gaeilge agat chun ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn san
Aontas Eorpach ag baint úsáid as an bpríomhtheanga náisiúnta?
2. An gcabhróidh tú le deireadh a chur leis an
maolú maidir le stádas na Gaeilge san Aontas
Eorpach (AE) trí bhrú a chur ar Rialtas na hÉireann
agus ar an Aontas Eorpach chuige sin?
An Seanadóir Alan Kelly, An Lucht Oibre, Toghcheantar an Deiscirt:
1. Níl sé ar a chompórd ag labhairt i nGaeilge, seachas ‘cúpla focal’. Ag iarraidh í a fhoghlaim.
2. Ba mhaith leis breis eolais faoin mhaolú. Thacódh sé beartas ar bith a bheadh chun leasa na Gaeilge.
Alban Maginness, SDLP, Toghcheantar Thuaisceart na hÉireann
1. Níl Gaeilge aige. Bheadh sé ag iarraidh í a fhoghlaim. Tá an SDLP ar son Acht Ghaeilge ó thuaidh chun réimse seirbhísí a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge.
2. Ar son mholadh an Chonartha.
Bairbre de Brún, Sinn Féin Toghcheantar Thuaisceart na hÉireann
1 & 2 ”Ar siúl aici go leanúnach.”
Brian Crowley, Fianna Fáíl, Toghcheantar an Deiscirt
1. Bionn cúpla abairt aige i nGaeilge i ngach oráid ach ní bheadh sé compórdach ag tabhairt oráide iomlán i nGaeilge.
2. Ar shon deireadh a chur leis an maolú chomh fada is go mbeadh an foireann aistritheoirí agus dlíodóirí/theanga-eolaithe ar fáil.
Caroline Simons, Libertas, Toghcheantar Átha Cliath
1) Tá sí sásta an Ghaeilge a úsáid sa Phairlimint.
2) Ar shon réimse iomlán seirbhísí i nGaeilge a bheith ar fáil.
Colm Burke, Fine Gael, Toghcheantar an Deiscirt
Gan freagra / No answer
Dan Boyle, An Chomhaontas Glas, Toghcheantar an Deiscirt
1. Cé nach bhfuil líofacht bainte amach ag Dan sa Ghaeilge go fóill, bheadh sé an‐shásta úsáid a bhaint as acmhainní
teanga ar bith a mholfadh an Conradh.
2. Bhí an Comhaontas Glas mar chuid den bhFreasúra nuair a cuireadh an maolú speisialta don Ghaeilge san AE i
bhfeidhm. Bhíomar ina choinne ansin agus táimid fós ina choinne.
Declan Ganley, Libertas, Toghcheantar an Iarthair
Go raibh maith agat as ucht do ríomhphost.
1 Ar bheagán Gaeilge.
2 Breis eolais á lorg aige. Ar shon stadas na Gaeilge a chaomhnú san AE.
Deirdre de Búrca, An Chomhaontas Glas, Toghcheantar Atha Cliath.
1.Ta ar intinn agam Gaeilge a labhairt go rialta sa Pharlaimint Eorpach ma thoghfar me ar 5u Meitheamh, agus gan dabht
beidh orm feabhas a chur ar mo chuid Gaeilge! Chaith me seachtain sa Ghaeltacht i mBaile Feirtear an bhliain so
chaite agus déanfaidh mé an rud céanna an bliain seo.
2. Ar shon fáil reidh leis an mhaolú.
Diane Dodds, DUP, Toghcheantar an Tuaiscirt
Gan freagra / No answer
Eibhlin Byrne, Fianna Fáíl, Toghcheantar Átha Cliath.
1. Ar son a cuid Gaeilge a úsáid sa phairlimint.
2. ?
Eoin Ryan, Fianna Fáíl, Toghcheantar Átha Cliath.
1. Níl Gaeilge aige – ach ar son tacú lei.
2. Níl a dhothain aistritheoirí ann faoi láthair ach ag obair i dtreo an uair go mbeidh sin amhlaidh.
Gay Mitchell Fine Gael, Toghcheantar Átha Cliath.
1. Gaeilge aige agus ar son í a usáíd.
2. Ceist casta é seo nach féidir leis a fhreagairt.
Ian Parsley, Alliance
1. Roinnt Ghaeilge aige agus ag iarraidh í a fhoghlaim ach dar leis gur tabhachtai ‘priomh theangacha na hEorpa a fhoghlaim’.
2. Níl sé ar son deireadh leis mhaolú – ach tá sé ar shon breis airgid a chur ar fáil le h-aghaidh foilsitheoireacht agus craoladh i nGaeilge.
Jim Higgins, Fine Gael, Toghcheantar an Iarthair
1. 90% dá chuid oráíd i nGaeilge mar atá.
2. Ar son stadas níos laidre don Ghaeilge.
Jim Nicholson, UUP, Toghcheantar Thuaisceart na hÉireann.
Gan freagra / No answer
Joe O’Reilly, Fine Gael, Toghcheantar an Iarthair
1. Úsáidfidh sé an Ghaeilge sa Phairlimint.
2.Gan amhras ar shon deireadh a chur leis an maolú.
Joe Higgins, An Pháirtí Shoisialach, Toghcheantar Átha Cliath
1. Bainfidh sé úsáid as an nGaeilge an oiread agus is féidir.
2. Caithfidh na cearta caoi a thabhairt don teanga.
John Paul Phelan, Fine Gael, Toghcheantar an Oirthir
Gan freagra / No answer
Kathleen Funchion
1. Ar bheagan Gaeilge ach ag iarraidh í a fheabhasú.
2. Ar son deireadh a chur leis an maolú agus deiseanna fostaíochta a chruthú do phobal na Gaeilge.
Kathy Sinnot, Neamhspleách, Toghlach an Deiscirt.
Gan freagra / No answer
Liam Aylward, Fianna Fáil, Toghcheantar an Oirthir.
1. Cúpla oráid i nGaeilge déanta aige. Ceal misnigh an chúis leis an neamairt seo. Níl sé i gceist aige aon chúrsa a dhéanamh chun cur lena chumas.
2. Gá le h-aistritheoirí.
Máiread McGuinness, Fine Gael, Toghcheantar an Oirthir
1.Sea/ YES
2. Sea/ YES
Marian Harkin Neamhspleách, Toghcheantar an Iarthair
Gan freagra / No answer
Mary Lou McDonald, Sinn Féin, Toghcheantar Átha Cliath
1. Beidh sí ag iarraidh cur lena cumas agus ansan tabharfaidh sí faoi níos mó úsáide a bhaint as an nGaeilge.
2. Ar son deireadh a chur leis an maolú.
Ned O’Keeffe, Fianna Fáil
1. Ar bheagan Gaeilge, chun freastal ar ranganna.
2 Ar son deireadh a chur leis an maolú.
Nessa Childers, An Lucht Oibre, Toghcheantar an Oirthir
1. – Ar bheagan Ghaeilge, chun cur lena cumas agus níos mó úsáide a bhaint aisti.
2. – Níl sí ar shon deireadh a chur leis an maolú nó níl sí ar son maolú breise a dhéanamh ar úsáid na Gaeilge.
Padraig Mac Lochlainn, Sinn Féin, Toghcheantar an Iarthair.
Ag tacú leis an dá cheist
Paschal Mooney, Fianna Fáíl, Toghcheantar an Iarthair
1. Ar son ach ar bheagan Ghaeilge.
2. Ar son.
Pat the Cope Gallagher, Fianna Fáil, Toghcheantar an Iarthair
1. Ar son
2. Ar son
Proinsias de Rossa, An Lucht OIbre, Toghcheantar Atha Cliath
1. Ar son an Ghaeilge a úsáid, mar a bhí riamh.
2. Níl sé ar shon deireadh a chur leis an maolú nó níl sé ar son maolú breise a dhéanamh ar úsáid na Gaeilge.
Raymond O’ Malley, Libertas, Toghcheantar an Oirthir
1. Ar son cé go bhfuil sé ar bheagan Ghaeilge.
2. Ar son deireadh a chur leis an maolú.
Seán Kelly, Fine Gael, Toghcheantar an Deiscirt
1. Sea/Yes
2. Sea/yes
Steven Agnew. An Chomhaontas Glas, Toghcheantar Thuaisceart na hÉireann
1. Níl Gaeilge aige ná níl sé de rún aige í a fhoghlaim.
2. Ag iarraidh eolais faoi míbhuntáistí do phobal na Gaeilge de bharr an maolú.
Susan O’Keeffe, An Lucht OIbre, Toghcheantar an Iarthair
1. Ag foghlaim na Gaeilge in athuair. Sasta í a úsáid
2. Sásta brú a chur chun deireadh a chur leis an maolú.
Thomas Byrne, Fianna Fáil, Toghcheantar an Oirthir.
Gan freagra / No answer
Toireasa Ferris, Sinn Féin, Toghcheantar an Deiscirt
1. Bainfidh sí úsáid as an nGaeilge sa Phairlimint má thoghtar í
2. Sásta oibriú chun deireadh a chur leis an maolú.
Tomas Sharkey, Sinn Féin, Toghcheantar an Oirthir
1. Tá sé chun an Ghaeilge a úsáid sa phairlimint agus i ngach gné dá chuid oibre ann.
2. Tá sé chun iarracht a dhéanamh ar an maolú a chur ar cheal.
‘Mar gur fiú níos mó ná biorán thú’
Tá roinnt bileoga tagtha chugam le linn an fheachtais seo – agus a bhfurmhór is isteach sa bhosca athchúrsála a théann siad.
Ach tháinig chugam ó Thoireasa Ferris, iar Mhéara Chiarraí agus bean óg atá gealladh fuithí, atá san iomaíocht thar cheann Shinn Féin a mheall mo shúil.
Ar ndóigh is bean dathúil í Toireasa – ach ní h-é sin an fath go raibh mé tógtha faoina bileog. Níl morán ar an mbileog i nGaeilge – cúpla manna anseo is ansiúd ach tá teachtaireacht laidir sa mhéid atá ann.
“Mar gur fiú níos mó ná biorán thú”.
An manna i mBéarla, a chomhionann is dócha, ‘Sinn Féin – because you deserve better’.
An rud amháin faoin leagan Ghaeilge, níl sé chomh leamh is a bhíonn furmhór na mannaí toghcháin: ‘A strong voice in Europe’ is a leithéid.
Tá alt spéisiúil san Irish Times i dtaobh Toireasa ag Harry McGee a bhí ar an gcanbhas lei i gcathair Chorcaí agus, mar is é seo an dualgas atá ar iriseoirí an Irish Times, bhí ar iarracht éigean a dhéanamh í a cheangal le stair fhoreigneach a páirtí. Le bheith cothrom do Harry bhí an alt níos measta ná an ceannlíne – More Armani than Armalite – cé nach gcreidim go bhfuil daoine fós ag baint ceoil as seana phort sin!
Bhí an cheist ann faoin uair gur dhiultaigh sí cáineadh a dhéanamh ar mharú an Garda Gerry McCabe in Ath Dhara i 1996 nuair a bhí ar an Late Late Show. Agus thug sí an freagra ceart ar an gceist – baineann sin leis an stair agus an uair ar thárla sé, ní raibh sí ach sé bhliain deag d’aois. Nach mbeadh sé chomh maith ag iriseoirí na linne seo bheith ag iarraidh ar Fhianna Fáil dúnmharú Mhichíl Uí Choileáín a cháíneadh?
Tá amhras orm i gcónaí faoi Shinn Féin, go h-áirithe an eite thuaisceartach den pháirtí agus an caidrimh lofa atá acu leis an DUP. Agus ní thaithníonn caint débhríoch Mary Lou liom nó port Phiarais ach an oiread.
Ach táim ag ceapadh go bhfuil seans mhaith ag Toireasa. Neosfaidh an aimsir. Bheadh sé go maith dá nglacfadh glúin óg is oilte seilbh ar an bpáirtí sara n-iompaíonn sé go Fianna Fáil….
Tabhair cuairt ar a suíomh agus b’fhéidir go dtuigfidh sibh…

Fair play do Fianna Fáil…..
Níor chreid mé go mbeadh an ceannlíne sin ar thrachtaireacht ar an suíomh seo….ach tar éis an prachas a rinne an pháirtí phoblachtach i leith an leagan Ghaeilge den suíomh idirlín, tá leagan Ghaeilge den Chraolachán Phairtí Pholatúil á chraoladh ar TG4 agus ar You Tube.
Chonaic mé craolachán i nGaeilge ón Lucht Oibre ar TG4 aréir agus is dócha, má tá TG4 ag cur an ardáin ar fáil, glacaim leis go bhfuil ceann ag Fine Gael, An Chomhaontas Glas, Sinn Féin, Libertas.
Nó an bhfuil?
Má chonaic éinne agaibh a leithéid, an bhféadfadh sibh an nasc a fhoilsiú anseo le bhúr dtoil agus tabharfaidh mé ardán dóibh….
Deireadh seachtaine i gConamara
Oíche Dé Domhnaigh atá ann agus tá deireadh ag teacht le mo dheireadh seachtaine i gConamara. Cé go raibh sé fliuch báite furmhór an ama, bhaineas spórt as mar a bhain na páisti agus iad ag rince sa chaislean ‘bouncy’ sa ghairdín. Bhí siad faoi chlúdach i rith an ama cé go raibh orm athrú stocaí a bheith ar fáil go mion is go minic.
Ar aon nós, ritheann smaointe fánacha liom ag a leithéid seo d’am. Tugaim m’athair chun cuimhne, suaimhneas sioraí do, agus ansan cruann mo dhearcadh, nuair a smaoiním ar an raic atá fagtha ag an gcriú mí fhortúnach atá i gcumhacht.
Le linn na seachtaine fograíodh go mbeadh Ryan Tubridy ina láithreoir nua ar an Late Late Show. Maith go leor. De réir dealraimh dúirt sé in agallamh le linn na seachtaine nach léann sé an Sunday Independent agus fuair sé íde béil as ucht seo inniu sa nuachtán céanna ó mo shean chara, Eoghan Harris. Dar le Harris is peaca é do a leithéid a rá agus a thabhairt le fios go bhfuil sé ar shlí éigean ró uasal don Indo.
Léimse an Indo -agus légh mé riamh é. Tá sé tabhachtach léargas a fháil ón dtaobh eile. Agus bhíos á léamh inniu agus ag smaoineamh ar an slí nár staon an nuachtán ó bheith ag tacú le Bertie agus a cháirde roimh an Olltoghchán in 07 agus an oiread is a bhíodh siad ag caitheamh anuas ar George Lee agus David McWilliams agus aoinne eile a shoilsigh solas ar chaimiléireacht an Rialtais. Ní cheapfá gur an nuachtán céanna atá ann inniu agus scuaine colúnaithe ag tabhairt le fios go bhfuil seo ar an Rialtas is measa riamh agus gurb é Brian Cowen an Taoiseach is measa riamh.
Mar a bhím á mheabhrú díbh go minic, thugas le fios go gcaillfeadh FF suas le 35 suiochán in Olltoghchán 07 in alt a fhoilsíodh i Lá Nua. Chreideas go raibh an tóin ag titim as cúrsaí eacnamúla agus go raibh an géarchéim sna seirbhísí poiblí – cúrsaí sláinte is oideachais go h-áirithe chomh h-olc go gcaithfí amach ar a dtónacha iad. Níor tháinig an tuar ar an dtairngreacht sin ag an am. Ach tiocfaidh sé go luath.
Thugas faoi ndeara gur cailliúint 35 suíochán a bhí a thuar do FF san Indo inniu agus John Drennan ag scríobh faoi Olltoghchán nach bhfuil fógartha go fóill….
Chasas le Seosamh Ó Cuaig, glór neamhspleach Chonamara, tar éis aifrinn ar an gCeathrú Rua inniu. Tá sé ina iarrthóir sna toghcháin áitiúil – go n-éirí leis. Tá sean cara eile liom san iomaíocht leis i gConamara – Trevor Ó Clochartaigh. Guím gach rath ar Trevor freisin cé go gcreidim gur sa pháirtí mí cheart atá sé. Tá sé ag seasamh le SF.
Tréaslaím a bhua le fear Uibh Fháilí….sa ghalf. Rinne tú go maith a Shane Mhic an Labhradh. Aon ghaol agat le laochra peile Uibh Fháilí?
Aréir bhíos ag faire ar an Eurovision. An bhua ag fear óg an Iorua agus amhrán maith freisin ag bean na hÍoslainne. An chéad uair eile, caithfidh RTÉ amhrán Ghaeilge a sheoladh go dtí Osló. Bhaineamar triail as turcaí anuraidh agus amhrán Meirceánach i mbliana – cad faoi amhrán a léiríonn rud éigean faoi chultúr dúchasach na hÉireann i 2010?
Beag an baol…píosa deas sa Sunday Business Post inniu faoi Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais. Tagairt domsa ann agus m’ainmniúchán ar ghearrliosta na gcolúnaí is fearr. An é seo mo bhliain? Cá bhfios….
Ag brú na gcnaipí

I bhfianaise an méid a tháinig chun solais inniu (Dé Luain) faoi sé ranna Rialtais bheith ag sárú Acht na dTeangacha Oifigiúla, máthair roinn na reachtaíochta san áireamh, is dócha nár cheart go mbeadh íontas orainn go bhfuil suíomh idirlín FF fós gan Ghaeilge. Tá níos mó i bPolainnis ar an suíomh ná mar atá i nGaeilge.
Go deimhin is másla dúbalta i gceist – nuair a bhrúnn tú an chnáipe Ghaeilge, leathnach i mBéarla a fhoilsítear. An ‘ga’ sin ar barr, sin ‘gaeilge’.
Seoladh an suíomh seo roimh Ard Fhéis FF i mí an Mhárta. Sin dhá mhí ó shin. Ní fios cé mhéid airgid ar chosain sé – go fóill, áfach, níl aon Ghaeilge ann.
Níl aon Ghaeilge ar shuíomh Fhine Gael ach an oiread.
Is beag Ghaeilge atá ar shuíomh Shinn Féin – tá cúpla focal i nGaeilge ar an bpríomh leathnach – ‘Aisling do Thodhchaí na hÉIreann’. Agus má dheineann tú cuardach ar an nGaeilge, gheobhaidh tú roinnt preas raitis faoin nGaeilge i mBéarla agus roinnt d’oráidí Gerry Adams ina bhfuil roinnt Ghaeilge ann. Ach níl leagan Ghaeilge den suíomh.
Ar shuíomh an Lucht Oibre, tá uirlis aistriúcháin Google ach cé gur feidir an suíomh a aistriú go Rúisis, níl focal Ghaeilge ar an suíomh.
Ar shuíomh Libertas, tá cnaipe ann mar atá ar shuíomh FF agus deir sé leat má bhrúann tú an chnáipe go bhfaighidh tú suíomh Ghaeilge nó Gaeilge nó ‘Irish’. Beag an baol. Níl focal i nGaeilge ar shuíomh Libertas.
Fear Gaeltachta é Joe Higgins agus bheithfeá ag súil le blúirín i nGaeilge ar suíomh a pháirtí. Beag an baol. Níl focal Ghaeilge ar http://www.socialistparty.net.
An Chomhaontas Glas – ar a laghad nuair a bhrúann tú an cnaipe Ghaeilge ar an suíomh seo, faigheann tú Gaeilge. Ní mór an méid é – ach tá sí ann agus tá an pháirtí le moladh as seo.
Is bocht an iarracht atá á dhéanamh ag na pairtithe pholatúla ar fad chun aon súntas a thabhairt don Ghaeilge ar a suíomhanna idirlín. Beag an costas a bheadh leis – costas an aistriúcháín amháin. [Agus cuireann sé sin as an áireamh go mbeadh Gaeilgeoir éigean sna pairtithe a dhéanfadh an aistriúchán mar ghar dá pháirtí!] Má thoghtar iad, is cinnte go mbeidh siad ag caitheamh na céadta mílte nó na milliún ag aistriú ábhar nach léifimíd ar chorr ar bith i dteanga ar bith go Gaeilge.
Cheapfá freisin, i bhfianaise gur deineadh teanga oifigiúil oibre den Ghaeilge san Aontas Eorpach i 2005, go mbeadh na pairtithe Éireannacha atá ag cur iarrthóirí chun tosaigh don toghchán Eorpach sásta an Ghaeilge a úsáid ar a suíomhanna idirlín. Beag an bhaol….
-
Archives
- November 2009 (16)
- October 2009 (11)
- September 2009 (22)
- Lúnasa 2009 (16)
- July 2009 (40)
- June 2009 (68)
- May 2009 (51)
- Aibreán 2009 (51)
- Márta 2009 (44)
- February 2009 (50)
- January 2009 (43)
- Nollaig 2008 (28)
-
Categories
-
RSS
Entries RSS
Comments RSS




