iGaeilge

- neamhspleach, laethúil, i nGaeilge

Cowen an Slánaitheoir?

Is éan é, is eitleán é, ní h-ea, is é seo an Fior Thaoiseach,...

Is éan é, is eitleán é, ní h-ea, is é seo an Fior Thaoiseach,...

Is cosúil, de réir tuairiscí,  go bhfuil sé ráite ag an dTaoiseach, Brian Cowen, NACH bhfuil sé i gceist aige glacadh le moladh Mhic Charthaigh deireadh a chur leis an Roinn Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.

Cúis cheiliúrtha?

Níl a fhios agam.  Sa chéad dul síos, ní raibh i gceist ag Tuairisc Mhic Carthaigh ach liosta de chiorruithe a fhéadfaí a dhéanamh ar son choigiltis de bhreis is €5bn don bhliain seo – nó, mar is léir anois, an bhliain seo chugainn.

Mar sin ní bheadh morán airgid á shábháil tre deireadh a chur leis an Roinn seo – cé nach bhfuil aon chinnteacht ann go dtiocfadh na deontais éagsúla atá ag teacht ón Roinn slán ón tua atá á bhagairt.

Dar liomsa, tá gá le athshamhlú agus athstruchtúrú dá réir ar an nGaeltacht agus an slí a roinntear airgead ar thograí Ghaeilge agus ní miste liom an slí a tharlaíonn sin.  Níl an ’status quo’ ina cur chuige cothrom ná ceart don ré seo nó don aimsir atá romhainn.

An deacracht a bhí agus atá le moltaí Mhic Carthaigh go bhfuil siad ró dhubh agus bán – ní aithníonn siad go bhfuil an maith á chaitheamh amach in éineacht leis an olc.   Cad is fiú deireadh a chur le Scéim na bhFoghlaimeoirí Ghaeilge nuair a ghineann an scéim sin i bhfad Éireann nios mó ioncaim don Ghaeltacht – agus don statchiste – ná an bhuninfheistíocht.  Mar eacnamaí, is léir nach bhfuil fios a ghnó ag an tUasal Mac Carthaigh.

Cinnte, bhí fírinne searbh sa mhéid a dúirt sé:

In examining this Programme, the Group notes that substantial resources have been invested in

various incentive schemes to develop Gaeltacht areas.  The Group is of the view that resources

should be targeted at those most in need and that differential schemes aimed at Gaeltacht areas are

not justifiable.

An oibríonn Scéim Labhairt na Gaeilge?   Ní chreidim é.   An mbeadh sé níos fearr an t-airgead sin a chaitheamh ar leabhair chearta [nó acmhainní ar líne] do pháistí scoile na Gaeltachta – creidim é.    Níl a leithéid ar fáil faoi láthair.

Ar ndóígh, bheadh a leithéid ina bhuntáiste do gach páiste, cibé an raibh siad ina gcónaí sa Ghaeltacht nó lasmuigh.

Ní luíonn an moladh atá aige go gcuirfí deireadh le hUdarás na Gaeltachta le ciall ach an oiread.  Cruthaíonn an aisínteacht seo go leor postanna sa Ghaeltacht agus tá siad thar a bheith eifeachtach á dhéanamh seo ar chostas nach mó é ná costas na bpostanna a chruthaíonn leithéidí Enterprise Ireland/Fiontar Éireann.  Ar ndóigh, is léir nach bhfuil ceantar lár Chorcaí nó ceantaracha maguaird na nGaeltachtaí eile ar radar FÉ nó is beag tionscail atá lonnaithe sna ceantracha sin ag FÉ le blianta beaga anuas.


Cinnte is reigiún speisialta an Ghaeltacht.  Ach is é an slí go bhfuil sí speisialta faoi láthair ná go bhfuil sí imeallaithe ag an bpobal mór agus na h-údaráis.   Tá leathan-bhanda níos moille sa Ghaeltacht, tá na bóithre níos measa, tá an bonneagar ar chaighdeán níos ísle, ní ann do chóras iompair.  Ach toisc go bhfuil na deontais suaracha ar nós Scéim Labhairt na Gaeilge ann, deitear go bhfuilimíd ag crú go deireadh bó bainne an Stáit anseo sa Ghaeltacht.

Tuairiscíodh freisin go ndúirt an Taoiseach go bhfoilseofar Plean 2028 roimh deireadh na bliana.  Níor thug sé le fios cén bhliain….

Tá freagra substaintiúil tugtha ag Conradh na Gaeilge ar mholtaí Mhic Charthaigh agus tá sé ar fáil anseo.    Creidim go bhfuil gá le plean substaintiúil anois ó phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta chun sinn féin a chur in oiriúínt do threimhse amach romhainn ina mbeidh deireadh le sruth na ndeontaisí.

Ní bua é seo ach gairm dúiste.

28 09, 2009 Posted by igaeilge | An Ghaeilge, Cúrsaí Reatha | , , , , | 4 freagra

Drogall ar dhá thaobh na teorann

Cad é an aicíd a bhaineann le maorláthaigh na tire seo, thuaidh agus theas, i leith na Gaeilge?  Cad é a chuireann srian orthu beartú le brí agus le h-éifeacht ar cheisteanna a bhaineann leis an nGaeilge?

Tugaim faoi ndeara dhá scéal inniu, dhá scéal éagsúil ach le nasc laidir amháin á gceangal. 

Tá sé tugtha chun solais ó thuaidh go bhfuil Aire Eorpach na Breataine, Caroline Flint, tar éis scríobh chuig an iar Aire Cultúr, Gregory Campbell, ag rá leis go raibh díomá uirthí mar gheall ar easpa tuairisce ón tuaisceart le cur san áireamh i dtuairisc rialta na Breataine maidir le cur i bhfeidhm Cháirt na dTeangacha Eorpacha agus ag tabhairt le fios don Aire Cam Bhéal go raibh uirthí an tuairisc a sheoladh gan mhoill, fiú is ná raibh sé iomlán, de bhrí go raibh an chontúirt ann go gclisfeadh ar an mBreatain a dualgaisí idirnáisiúnta a chomhlíonadh.    Is cosúil go mbionn na hAondachtaithe ag iarraidh bheith chomh maith le treibheanna eile san Aontas ach amháin nuair is ceist é a bhaineann le comh-ionannas agus, sa chás seo, aitheantas don Ghaeilge is don chultúr Ghaelach.   De réir na tuairisce tá a gcuid tuairiscí seolta ón Samhradh anuraidh ag Feidhmeannais Alba agus na Breataine Bige agus ní mó ná sásta atá siad le moill mhuintir Thuaisceart Éireann. 

De reir dealraimh tá Gregory Campbell ag cur an locht ar an Leas Chéad Aire, Martin McGuinness, as ucht an mhoill óna oifig ar thuairisc a ullmhú agus cé go bhfuil leithéidí Máirtín  O Muilleoir ag lochtú na hAondachtaithe amháin, ní féidir moill an Leas Chéad Aire a mholadh ar an gceist seo.  Is é an Aire, sa deireadh thiar, atá freagrach as chúrsaí chomh-ionannais. 

Is cinnte gur cheart go mbeadh Sinn Féin agus an DUP ábalta suí síos agus an cheist seo, ceist na teanga [teangacha má airíonn tú Albainis Uladh mar theanga], má tá siad ábalta suí síos agus plé ciallmhar a dhéanamh ar chúrsaí phoilíneachta. 

Bhí mé i gcónaí den bharúil go mba cheart go mbeadh SF, dá mba rud é go raibh an pháirtí sin dairire faoi chúrsaí chomh-ionannais, tar éis tús áite a thabhairt do cheist na Gaeilge agus an leatrom a dheintear ar Ghaeilgeoirí ó thuaidh seachas bheith ag díriú ar cheisteanna ar nós poilíneacht.   

Ach ní ó thuaidh amháin atá an drogall agus an tarraingt cos.  Is cosúil go bhféadfadh Feidhmeannas an Tuaiscirt agus Rialtas an Deiscirt ceachtanna a thabhairt dá cheile maidir le moilleadóireacht.   

De réir an scéala seo ar An Druma Mór, tá Conradh na Gaeilge go bhfoilseofaí, mar ar gealladh, Plean 2028, roimh dheireadh na miosa seo agus thug siad le fios go mbeadh na ciorruithe atá luaite leis an nGaeilge agus an nGaeltacht ina shéanadh iomlán ar rún an Stáit ón uair a bunaíodh é i 1922.

An bhfeicimíd ceachtar tuairisc go luath?  Beag an bhaol.

22 09, 2009 Posted by igaeilge | An Ghaeilge, Cúrsaí Reatha | , , , | 5 freagra

Super Mario, Status Quo agus Éamon na nDeontaisí

supermario

Tá daorbhreith tugtha ag Roinn an Airgeadais ar éifeacht na ndeontaisí Ghaeltachta éagsúla, idir Scéim na Mná Tí, Scéim na bhFoghlaimeoirí Ghaeilge is eile, i litir atá faoi chaibidil in alt atá foilsithe san Sunday Tribune ag an deireadh seachtaine. 

Caithfear a admháil, creidim, nach daoradh gan dealramh é an méid atá luaite sa litir seo ó Sráid Merrion, ceathrú ná raibh riamh caradach don Ghaeilge nó don Ghaeltacht agus atá go leor ceisteanna le freagairt ag na h-áitritheoirí faoin pháírt a ghlac siad féin i gcliseadh an gheilleagair agus ruaigeadh an Tiogair. 

In correspondence between finance minister Brian Lenihan’s department and Colm McCarthy’s An Bord Snip Nua seen by the Sunday Tribune, Finance suggested to McCarthy that the many Irish-language and rural-support grants should be abolished because they were simply not working.

An bhfuil siad ag obair?   Agus mura bhfuil, cad é an eifeacht atá leo i bhfirinne?  Nach bhfuil i gceist ach an ’status quo’ a choinneáil mar atá sé? 

Tá mise i gcoinnibh an Status Quo – agus ní h-é an banna ceoil iomráiteach atá i gceist agam.   Creidim go bhfuil gá le h-athrú cur chuige agus gealltar dúinn go mbeidh seo le sonrú sa Phlean (neamh fhoilsithe) chun an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a athréimníú.   Tá’s agam – Plean 2028 atá  i gceist agam – ach mothaím go bhfuil an dhá rud pósta le cheile anois agus nach féidir ceann acu a scarúint ón gceann eile. 

On a variety of grants to support the Irish language, Finance was highly critical of Ó Cuív’s spending habits. On the Scéim Labhairt na Gaeilge, which gives an annual grant of €260 to economically deprived Irish-speaking families, Finance said the scheme “no longer [fulfilled] its original purpose”.

Ar ndóigh, níl aon cheangal ann ar an t-é a bhfaigheann an deontas seo bheith ar an ngannchuid mar atá luaite anseo.  Níl a fhios agam cad é an ”original purpose” a bhí ag an scéim seo thar go raibh sé ag iarraidh ‘labhairt na Gaeilge’ a spreagadh. Ach creidim go bhfuil an cheart ag an Roinn Airgeadais a rá nach bhfuil sé ag déanamh seo.   Conas a spreagann an t-airgead seo páistí óga chun Gaeilge a labhairt? 

Mo mholadh féin:  an t-airgead seo a chaitheamh ar shuíomhanna idirlín agus scéimeanna chun úsáid na Gaeilge a spreagadh i gcluichí ‘Nintendo DSI’ ar nós Super Mario!

Sílim gur botún é, áfach, an tua a thabhairt do Scéim na Mná Tí agus go bhfuil sotal ar chúl an raitis seo ó Roinn an Airgeadais. 

On the €10.50 per day paid to Gaeltacht households who accommodate students attend ing Irish-language courses, the Merrion Street mandarins said “a reduction to €5 per day would not impose any undue hardship”.

B’fhéidir dá laghdófai liuntaisí na statseirbhíseach i Roinn an Airgeadais go dtí €5 in aghaidh an lae go mbeadh tuiscint níos fearr acu ar céard is ‘undue hardship’ ann.    An t-aon freagra a bheidh ar an gcinneadh áfach an praghas atá á ghearradh ar áiteanna ar na coláistí Samhraidh a ardú €100 – €150  agus gan amhras cuirfidh sin go leor teaghlaigh a chuireann a bpáistí chun na Gaeltachta ó dhoras agus cuirfidh sé poll mór i ngeilleagar na Gaeltachta.  Creidim go bhfaigheann an Rialtas an €10.60 agus tuilleadh le cois ar ais. 

Ag an am chéanna, tá gá le h-athrú ar an gcur chuige.  Tá gá le cur chuige atá samhalaíoch agus a théann i ngleic i gceart le na fadhbanna is na dúshláín.  Ní léir go bhfuil an teachtaireacht sin ag dul i bhfeidhm go fóíll….

7 09, 2009 Posted by igaeilge | An Ghaeilge, Cultúr, Cúrsaí Reatha | , , , | 1 freagra

Feartlaoi ró luath, ró chineálta ar an Aire?

Tá cosa an Aire Uí Chuív nite is cosúil mas aon tomhas an moladh deireadh a chur leis an Roinn Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta i dtuarascáil Mhic Carthaigh  - An Bórd Snip Nua – agus, anois, alt san Irish Times ag Seán Tadhg Ó Gairbhí ag tomhas an tionchair a bhí ag gharmhac Eamon Devalera ina thréimhse mar Aire sa roinn sin.

    Nílim chomh cinnte go bhfuil deireadh leis an Roinn nó tá go leor cainte ag na h-airí faoi thuarascáil Mhic Carthaigh bheith ina ‘bhiachlár’ ar féidir leo bheith ag roghnú as de réir mar is mian leo.

    Ach nílim cinnte ach an oiread nach bhfuil an feartlaoi seo ró chinealta faoin Aire.

    Mar sin féin, beidh pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta buíoch d’Éamon Ó Cuív amach anseo. Nuair a thagann deireadh lena ré mar Aire Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta tá gach seans ann go ndéarfar gurb é an tAire Gaeltachta ab fhearr riamh é.

    An Aire Gaeltachta ab fhearr riamh – b’fheidir é mar ní mór é a chur i gcomparáid le h-Airí eile a raibh sa phost sin agus is beag Aire Gaeltachta a raibh thar moladh beirte.

    An deacracht atá agam leis an Aire  O Cuív go raibh sé – agus go bhfuil sé fós – ró cheangailte le nóisean sean aimseartha den Ghaeltacht agus den Ghaeilge agus go bhfuil an tionchar atá aige ag cur moille ar chúrsaí seachas a bheith á mbrostú chun cinn.

    Sin an fath gur thug mé ‘aire analógach sa ré diigteach’ air.  Ar ndóigh, taobh amuigh de Éamon Ryan, is beag aire atá ann a thuigeann, dar liom, an saol chomhaimseartha agus na feidireachtaí a bhaineann leis an dtodhchaí digiteach.  An bhfuil aon dealramh bheith chomh buartha faoi na bainc – agus ag caitheamh airgead amú chun iad a tharrtháil  - sa ré seo?

    Na rudaí a luann Seán Tadhg  ar thaobh an sochair, chuirfinnse anois iad ar thaobh an dochair:

    Ar thaobh an tsochair de chuntas Uí Chuív tá, i measc rudaí eile, an tAcht Teanga, stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach, agus an feabhas as cuimse atá tagtha ar bhonneagar na Gaeltachta.

    Dar liomsa, tá an ró bhéim ar mhaorláthas san Acht Teanga ag tachtadh na Gaeilge agus ní fheicim morán de bhuntáiste phraiciticiúil le stádas oifigiúil oibre a bheith ag an dteanga san Aontas Eorpach seachas postanna a chur ar fáil do dhlítheangeolaithe.

    Ní fheictear dom ach an oiread go bhfuil an bonneagar sa Ghaeltacht tar éis feabhsú ‘as cuimse’.   B’fhéidir gur amhlaidh an scéal i gConamara, i gcúlchlós an Aire féin, cé nach gceapfainn go n-aontódh muintir an Cheathrún Rua liom sa mhéid sin agus iad go fóill gan uisce inólta ón sconna.   Tá réimsí móra den Ghaeltacht go fóill gan leathanbhanda, rud a fhagann iad go mór faoi míbhuntáiste sa ré digiteach.

    Mar atá ráite agam anseo roimhe seo, creidim gur theip go tubaisteach ar an Aire aon chabhair phraicticiúil a thabhairt do Foinse nó do Lá Nua nuair a bhí géarghá leis an dtacaíocht sin.  Ní h-amháin nár tháinig sé i gcabhair ar cheachtar nuachtán nuair a chuaigh siad in adharca le Foras na Gaeilge ar cheisteanna mhaoinithe ach tá sé ag suí ar a lámha maidir le rialachán a dhéanamh ar cheist na fograíochta.  Fiú má dheineann sé cinneadh anois, ag cur iachaill ar na h-eagrais poiblí is na ranna stáit fógraí a fhoilsiú go dhá theangach, na leaganacha Ghaeilge sna meáin Ghaeilge agus na leaganacha Bhéarla sna meáin Bhéarla, beidh sé ró mhall nó tá Foinse agus Lá Nua i measc na h-iar nuachtáin Ghaeilge eile anois, i gClólann na Naomh!, Anois, Inniu, Amarach, an tÉireannach, Fáínne Geal an Lae, an Claidheamh Solais &rl.

    Dár ndoigh, ní gá go gcosnódh sé níos mó airgid nuachtán Ghaeilge a fhoilsiú dá mba rud é gur léiríodh níos mó solúbthacht ar an módh foilseacháin.   Dá mba rud é go mbeadh cead ag Lá Nua nó Foinse foilsiú mar leagan PDF amháin, mar a d’iarr Lá Nua ar aon nós, bheadh níos mó airgid ar fáil chun an abhar agus an dearadh a fheabhsú de bharr go raibh níos lú á chaitheamh ar chló agus ar dháileadh.     Maith go leor, ní raibh an rogha sin ar fáil sa chonradh a bhí ag Lá Nua ach is peaca é ná raibh an rogha ar fáil sa chonradh a bhuaigh Foinse agus nach bhfuil sé ar fáil sa chomórtas atá ar siúl faoi láthair chun comharba ar Foinse a aimsiú.   In áit a bheith ag reachtáil comórtas le h-aghaidh nuachtán seachtainiúil – a bheadh, is cosúil, lonnaithe sna 26 contae, tá rogha ar fáil don Fhoras agus don Aire a mhaoiníonn an Fhoras, maoiniú mar is ceart a chur ar fáil don Druma Mór/Nuacht 24.    Ach seo chugainn an maorláthas – agus an criochdheighilteachas arís – nó ní féidir leis an Aire nó an Fhoras, is cosúil, tacú le togra atá lonnaithe ó thuaidh.

    Tá smaointeoireacht an Aire ró theorannta – agus ní an ‘teorainn’ amháin atá i gceist agam le seo.   Ní teorainneacha na Gaeltachta ach an oiread.

    Anois táimíd ag fánacht ar an Aire an plean a fhoilsiú chun an Ghaeilge a thabhairt slán.   Tá méar fada an Aire tar éis foilsiú an phlean a gealladh i Nollaig 2006 go mbeadh sé ar fáíl roimh dheireadh na bliana seo chaite nó ‘laistigh de dhá bhliain’ agus anois beidh sé á fhoilsiú ag am go bhfuil an comhthéacs athruithe go h-iomlán.  Má tá acmhainní breise –  nó acmhainní ar bith – ag teastáil chun míreanna an phlean seo a chur i bhfeidhm, beidh sé deacair nó dodhéanta teacht ar na h-acmhainní seo ón Státchiste.   Agus cad é an tairbhe don Stat plean a fhoilsiú mura bhfuil na h-acmhainní – nó an toil pholatúil troid san fhóram phoiblí ar son na hacmhainní seo – ann chun an plean a chur  i bhfeidhm?    Tá seilfeanna lán de phleananna ag bailiú deanaigh i Roinn na Gaeltachta.

    I mo shamhlaíocht den phlean seo, bhí áit lárnach ag na meáin Ghaeilge, idir fuaim, fís agus cló is ar líne, san obair chun 250,000 cainteoirí laethúla Ghaeilge a bheith ann faoi 2028.   Ach anois tá na meáín cló nach mór imithe, tá ciorruithe eile á moladh do TG4 agus tá RTÉ Raidió na Gaeltachta fós siocaithe sa sean aois.

    Sin ar fad ar sheal faire an Aire Uí Chuív.

    Is cuimhin liom go raibh geallúint mar cheannlíne i gclár toghcháin FF ag an olltoghchán i 2007 go mbeadh Aireacht Sinsearach Rialtais ag an nGaeltacht.  Rinne an Aire é féin mór den mhéid sin agus é ag caint liom is iriseoirí eile sna meáin Ghaeilge.   Anois is cosúil go bhfuil an geallúint sin le briseadh, cosúíl le go leor geallúint eile.

    An Aire Gaeltachta is fearr riamh, ní fheadar.  An Aire Gaeltachta deireannach, is doichí.

    Fagann sin an cheist.  Céard a dhéanfaimíd mar fhreagra ar seo ar fad?  An gá dúinn, mar a mhol Máire Mhic Niallais ó Chomharchumann Gaoth Dobhair ar RnaG an lá deireannach, ‘eirí amach’ i gcoinne mholtaí Mhic Carthaigh.

    Táim féin ag obair ar thrachtaireacht ar an dtéama;  An Ghaeltacht Ghlic: a bheidh á fhoilsiú anseo go luath.  Níl mo Ghaeltacht ina Ghaeltacht ‘A’, ‘B’ nó ‘C’.  Is Gaeltacht gan teorainn é.  Gaeltacht digiteach don ré digiteach.   Ach beidh tuilleadh faoi seo ar ball.    Mura mbionn Aire ‘Gaeltachta’ ann amach anseo, beidh orainn ‘aire’ a thabhairt don Ghaeltacht sinn féin!

    29 07, 2009 Posted by igaeilge | An Ghaeilge, Cultúr, Cúrsaí Reatha | , , , , , , | 4 freagra

    Faoiseamh [cánach] a gheobhadsa….

    Tuairim mire eile nó b’fhéidir nach ea! Le fada an lá tá an Ghaeilge beo ar dheontaisí – deontaisí chun tigh a thogáil sa Ghaeltacht, deontaisí chun fostaíocht a chur ar fáil, deontas chun nuachtán a fhoilsiú[go dtí le déanaí] agus iliomad deontaisí eile.

    Ach má tá an Ghaeilge beo beathach inniu – agus, tá, mar a léiríonn suíomhanna is fiontair ar nós, bhuel, nós*, An Druma Mór, Nuacht 24, Gaelnet, Caint, go leor leor eile, nil aon chreidiúint ag dul do na deontaisí [ach a mhalairt b'fhéidir].

    Is amhlaidh go bhfuil nadúr an chaidrimh idir an Ghael agus an Stát – agus na h-udaráis ó thuaidh – bun os cionn. Táimíd ag féachaint ina dtreo ag súil go dtacóidh siad le cibé fiontar atá ar bun againn agus creidimíd mar go bhfuil sé san fhuil anois gurb é an deontas an t-aon uirlis atá ag an Stát chun teacht i gcabhair orainn. Sa tsli sin tugaimíd an cumhacht ar fad, cumhacht beatha agus bás fiontair, don Stát.

    Ba cheart go dtuigfimís gur againne atá cumhacht beatha agus bás an togra. Gan sinne, ní bheadh na fiontair thuasluaite, fiontair a thugamar beatha dóibh gan deontas, beo ar chorr ar bith. Ní bheidís ag cur le ‘caipteal shoisialta’ an phobail, ag feabhsú an tsaoil don phobal Gaelach agus, mar gur cuid den mhór phobal an phobal Gaelach, don mhór phobal.

    Ag an am chéanna tá obair ar bun againne ar cheart a bheith ar siúl ag an Stát. Mar shampla nuair a deir Éamon O |Cuív gur cheart go mbeadh cultúrlann cosúil le Cultúrlann McAdam O Fiaich i ngach cathair is baile mór [agus baile beag!] sa tír, is é an chéad freagra a bheadh againn – agus ní cáineadh é seo nó táim féin ciontach as seo freisin – cá bhfuil an deontas chun íoc as. Mar atá’s ag an saol, ní raibh deontas ann nuair a bunaíodh Cultúrlann Mc Adam O Fiaich agus dá mbeadh bunaitheoirí na Cultúrlainne ag fánacht ar dheontas roimh dul i mbun oibre, seans maith go mbeimís go fóill gan Cultúrlann.

    Conas mar sin a aithneoidh an Stát, agus is cuma an thuaidh nó theas atá tú, nó tá dualgaisí ar na h-údaráis beart a dhéanamh ar son na Gaeilge agus pobal a labhartha sa dhá dlínse de réir caipéisí éagsúla – an Bunreacht ó dheas, Comhaontaithe Chill Rimhinn is Aoine an Chéasta ó thuaidh, an chaipiteal shoisialta atá á chur ar fáil ag na Gaeil?

    Sa tslí céanna a d’aithin siad an chaipteal soisialta a cuireadh ar fáil nuair a deineadh athfhorbairt ar cheantaracha sna cathracha a raibh imithe i léig – leithéidí Barra Temple i mBaile Átha Cliath mar shampla – le scéimeanna faoiseamh cánach.

    Dá mba rud é go raibh faoiseamh cánach ar fáil d’fhiontraithe a rinne beart éigean ar son na Gaeilge agus, mar sin, ar son an phobail, nár cheart go mbeadh spreagadh ann doibh sin a dhéanamh agus aitheantas as a gcuid iarrachtaí?

    Os rud é gur faoiseamh cánach a bheadh i gceist, bheadh gach éinne i dteideal a leithéid – ní bheadh sé teoranta don Ghaeltacht amháin – agus bheadh sé bunaithe ar obair a dhéanamh seachas deontas a éileamh ar bhunús eigean eile – suíomh tír eolaíoch. D’oibreodh sé mar a oibríonn faoiseamh cánach i réimsí eile an tsaoil – sé sin shaothródh fiontar brabhús ach d’fhéadfadh an fiontraí cuid dá chostaisí a chur in éadan an bhrabhúis chun an dlisteanacht cánach a laghdú go mór.

    Tarlaíonn seo ar aon nós – go deimhin, tá sé ag titim amach i réimse na n-acmhainí nadúrtha nó tá margadh ar leith idir an Stát agus Shell faoin cháin a íocfar amach anseo ar an ollbhrabhús a dhianshaothróidh Shell as an ghás sin a dhíol go h-idirnáisiúnta. Is é an argóint atá ag an Stát ar son an mhargaidh sin, go ndeir siad go bhfagfaí an ghás faoin ghruinneal mura mbeadh sé ann.

    Céard eile an Ghaeilge ach acmhainn nadúrtha? Ach tá sí á iompó, in ainneoin iarrachtaí tionscnóirí na dtionscnaimh eile agus gniomhaithe diograiseacha eile in eagrais ar nós Conradh na Gaeilge, ina docmhainn. San aoráid seo, tá béim as an nua ar chur amú acmhainní agus nuair nach bhfeictear an buntáiste díreach óna leithéid don phobal mór, tugtar amach na sceanna agus tosnaítear ar an ghearradh.

    Ceapaim féin gur tuairim réabhlóideach a dhothain é seo ach aithním freisin go bhfuil an réabhlóid sin curtha i gcrich theana féin le beartanna dionghabhailte ag daoine eile – na tionscnóirí thuasluaite, mar shampla, bunaitheoirí Phobal Bhóthar Seoighe, Bunscoil Phobal Feirste (iad san a bagraíodh priosún orthu dá leanfaidís leis an scoil sin!).

    9 07, 2009 Posted by igaeilge | An Ghaeilge, Cúrsaí Reatha | , , , | 1 freagra

    Aire ina ‘imreoir ar an gclaí’

    ocuivThárla sé os comhair ár súile – rinne sé é go glic agus gan forogra ar bith. Ach, go tobann, tá dhá bhliain curtha leis an plean 20 bliain chun an Ghaeilge a athréimniú mar theanga phobail i dtír dhá theangach ag an Aire Ghnóthai Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív.

    In alt sa Sunday Times inniu, deintear tuairisciú ar an sprioc go mbeidh trí oiread na gcainteoirí Ghaeilge ann faoi 2030. Anois bhí mise den tuairim – agus tá a fhios agam go raibh sibhse den tuairim céanna – gurb é 2028 an spriocdáta a luaigh an Aire Ó Cuív leis an chéad lá riamh a fhoilsíodh an straitéis roimh Nollaig i 2006.

    An tuairisceoir san Sunday Times, Stephen O’Brien, níl eolas beacht aige ar an straitéis seo nó cuireann sé an scéal seo i láthair amhail is gur scéal nua é agus níl aon tagairt ann do phlean san alt ach is ag tagairt do straitéis a bhionn an t-alt an t-am ar fad.

    The strategy was devised at a cabinet sub-committee chaired by Brian Cowen, the taoiseach. Currently 85,000 Irish people describe themselves as fluent, daily speakers while 1.6m say they are competent in the language. The government wants these figures to increase to 250,000 and 2m in 20 years.

    Is dócha nár cheart dúinn bheith ró bhuartha faoi dátaí agus a leithéid. An rud ar cheart dúinn áird a dhíriú air, an straitéis nó an plean féin.

    Agus níl aon rud ró úr faoin phlean seo. Niorbh é fo-choiste an Rialtais faoi chathaoirleacht an Taoisigh a bheartaigh é ach an oiread ach beirt fhear, Seamus Mac Seáin agus Gearóid Ó Cairealláin, is an phobal a thóg siad i mBéal Feirste timpeall ar Chultúrlann McAdam Ó Fiaich.

    Dúirt Aodan Mac Poilín ón Iontaobhas ULTACH leo ag an am sin gur eilifint bhán a bheadh sa Chultúrlann ach lean siad orthu lena bplean uaillmhianach. Anois tá an Cultúrlann céanna ina ghormchló ar straitéis athbheochana na Gaeilge ag an stát ó dheas, stat a chaith 80 bliain, mar dhea, ag cur chun cinn na Gaeilge.

    To achieve this 2030 target Eamon Ó Cuív, the gaeltacht minister, is planning a network of Irish-language cultural centres in cities and towns in order to increase the opportunities people have to speak as Gaeilge. Ó Cuív says he wants Irish-language organisations to follow the GAA’s lead by modernising their facilities and building local centres….

    Ó Cuív wants cities and towns to develop a network of Irish cultural centres similar to Belfast’s Culturlann, a converted church now home to a bookshop, restaurant, art gallery and theatre. A second Irish-language cultural centre, Culturlann Ui Chianain, is due to open shortly in Derry.

    “If you want to socialise in Dublin through Irish, there is nowhere to go except the rather dingy place that [Irish language organisation] Conradh na Gaeilge very cleverly set up in the 1970s,” Ó Cuív said. “It has served its purpose, we need to modernise [it] and they’d admit that.”

    Ach, fan noiméad, ní rud úr é seo fiú ó bhéal Uí Chuív. Ag an Oireachtas i gCathair na Mart i 2007 i nDoire Cholmcille i 2006 nár fhogair sé an uaillmhian céanna, sara raibh cruinniú ag an bhfochoiste seo atá faoi chathaoirleacht an Taoisigh, Brian Ó Comhainn. Rinne mé tuairisciú ar an gcaint a thug sé le h-aghaidh Níl a fhios againn go fóíll, áfach, cé acu an raibh cruinniú nó dhá chruinniú nó níos mó nó níos lú ag an bhfochoiste seo ó shin – ach is cosúil, más aon tomhas an tuairisc seo ar thoradh shaothair an bhfochoiste, ná raibh gá leis ar chorr ar bith nó bhí an plean réitithe roimh ré agus nach bhfuil ag titim amach ó shin ach cur i gcéill de phroiseas chomhairleachta agus meilt ama (is airgid).

    Ba choma liom sin, fiú, chomh fada is go dtiocfadh Aire Rialtais ar nós Ó Cuív ós comhair an phobail le rá cad iad na pleananna atá ag an Stát cuidiú leis an bproiseas seo. Nílim ag caint go díreach ar airgead. Táim ag caint ar thacaíocht phraicticiúil eile ar féidir leis an Rialtas a thabhairt – faoiseamh cánach sa bhreis le h-aghaidh infheistiú sa Ghaeilge mar shampla?

    Mo chomhairle ar seo: Ná bíodh eagrais nó gniomhaithe Ghaeilge ag fánacht ar fhoilsiú an phlean seo – cé go gcreidim gur leid laidir é foilsiú an ailt seo ag an am seo go bhfuil sé ag teannadh linn go luath – ach bogaimís chun ár gcuid féin a dhéanamh den phlean.

    Ar ndóigh tá an bogadh ar siúl theana féin nó tá na h-eagrais Ghaeilge ag gníomhú. Tá Conradh na Gaeilge le moladh as tionscnaimh ar nós Raidió Rí Rá is Seachtain Na Gaeilge is Ceol 09 is an coiste dúiche thar a bheith gniomhach i mBaile Átha Cliath (atá Feirsteach ag tabhairt ceannaireacht cumasach do, maith thú a Sheain). Tá Glór na nGael tar éis udar.ie a thabhairt ar an saol agus léiríonn Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge nach bhfuil siad ró fhada ar chúl le tionscnaimh ar nós Gaelport.

    Tá na Feirstigh fós ceim nó trí chun tosaigh ar sin, forásacht atá léirithe ag leithéidí Nuacht 24.

    Níl san Aire nó an Rialtas ach imreoirí ar an gclaí sa phroiseas seo go dtí seo – tá sé in am do páirt gníomhach a ghlacadh san imirt nó fagfar ar chúl é ar fad.

    5 07, 2009 Posted by igaeilge | An Ghaeilge, Cúrsaí Reatha | , , , , , | 10 freagra

    Céard atá i ndán don Ghaeilge ón mBórd Snip?

    Tá an Bórd Snip le tuairisc a chur faoi bhráid an Rialtais an tseachtain seo ina molfar go leoor giorruithe a bheidh le déanamh ar sheirbhisí phoiblí, an chóras leasa shoisialta is eile.

    Cé go bhfuil leor i saol na h-eacnamaíochta a mhaíonn nach aon chabhair dúinn teacht as an sainn eacnamaíochta na giorruithe céanna, tá an Rialtas meaite ar na ciorruithe seo.

    Deirtear go bhfuil tuairim is 400 moltaí sa tuarascáil seo ón mBórd a bhí faoi stiúr an eacnamaí, Colm McCarthy.

    I bhfianaise an daorbhreith a tugadh ar an Rialtas agus eacnamaíocht na tíre seo i dtuarascáil an IMF an tseachtain seo agus an trachtaireacht ó shin, is léir nach bhfuil tada feicthe againn fós agus sinn ag caint ar chiorruithe is eile.

    Óir go bhfuil oisbidéil, seirbhisí sláinte agus scoileanna ag fulaingt, an féidir linn bheith ag súil go dtiocfaidh an Ghaeilge is an Ghaeltacht slán ón dtuath?

    I dtuairiscí éagsúla inniu, tá caint ann faoi ‘athmhúnlú’ a bheith á dhéanamh ar an Roinn Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Cad a chiallaíonn seo don Ghaeilge, don Ghaeltacht, don phlean chun an Ghaeilge a réimniú faoi 2028, don Aire Ó Cuív, do thionscal an aistriúcháin?

    28 06, 2009 Posted by igaeilge | An Ghaeilge, Cúrsaí Reatha | , , , , | 3 freagra

    Foinse san Indo…..agus lón saor an Aire

    Ceann de na tuairimí a luadh agus an chonspóid seo faoi Foinse ag dul, go raibh sé i gceist ag Foinse an nuachtán a scaipeadh in éineacht leis an Irish Independent.

    Níor aontaigh mé leis an dtuairim seo nuair a chuala mé ar dtúis é ó bhéal Phádraig Uí Chéidigh. Cheapas go mbeadh costas ró árd ar a leithéid – is cuimhin liom nuair a bhíodh Foinse á dhéanamh uair sa bhliain nó b’fhéidir ná raibh sé chomh minic le sin, go lorgaídís isteach is amach le €10,000 ón bhForas chun íoc as an seirbhís seo a fháil ó leithéidí an Irish News nó an Irish Indo. Agus dheineas mo chuid uimhríocht bunaithe ar sin – agus dheineas go mbeadh costas €500,000 sa bhreis in aghaidh na bliana ag baint leis an dáileadh amháin.

    Anois deirtear liom go raibh an Indo sásta costas an dáileacháín a sheasamh le Foinse. Chiallódh sin go mbeadh breis is 150,000 coip den nuachtán á scaipeadh gach seachtain. An athraíonn sin mo dhearcadh?

    Bhuel, beagán. Is margadh maith do Foinse é ar shlí. Cé go mbeidh méadú suntasach ar chostasaí chlódóireachta, beidh an nuachtán ag dul timpeall na tíre agus deireadh le fadhb an dáileacháín. Ar ndóigh is iatán seachas nuachtán a bheidh ann ansan – ach ní miste sin agus b’fhéidir go mbeadh sé go maith chun fógraíocht a mhealladh.

    Ach tá amhras orm go dtiocfadh deireadh leis an socrú ’saor dháíleacháin’ seo gan ró mhoill mar gheall ar iarrachtaí na nuachtáin ar fad costaisí a chuir faoi chois agus na deacrachtaí ar leith atá ag Grúpa Meáin an Independent.

    Agus i bhfirinne, mothaím nach mbeadh sé ar leas na Gaeilge an oiread san nuachtáin a bheith á chlóbhuaileadh agus seans go rachadh cuid mhaith acu isteach sna boscai brúscair laithreach. Ní le dímheas do lucht Foinse a deirim sin – ach níl lucht leitheoireachta an nuachtáín ina mbionn Kevin Myers ag scríobh, mar shampla amháin, ar na nuachtáin a luaifeá nós leitheoireachta na Gaeilge leo…..

    Is é an amhras atá orm gur céim ró mhór ró ghasta é. Gur cheart tógáíl ina threo le dáileacháin teorannta, i gcontaetha Gaeltachta mar shampla, agus i mBaile Átha Cliath. Ach b’fhéidir go bhfuil sin ró chasta….

    É sin ráite, níl a fhios agam cén fath nár thug an Fhoras aon cheann don moladh mar go luíonn sé leis an tuairim a bhí ag príomhfheidhmeannach an Fhorais, Ferdia Mac An Fhailigh, an teanga a normálú.

    Ceapaim go fóíll gur fearr i bhfad a bheadh córas dáileacháin saor PDF ar an idirlíon nios fearr agus níos eacnamúla agus níos glaise. Bheadh an nuachtán Ghaeilge ar fáíl saor do gach duine ar mhaith leis é a léamh, bheadh feachtas margaíochta tréan ann chun daoine a threorú ann agus margaíocht leanúnach ina dhiaidh sin.

    Agus mé ag éisteacht ar maidin leis an bpodchraoladh d’agallamh an Aire faoin chás seo ar Adhmhaidin inné, rith rud eile liom faoi easpa thuisceana an Aire faoin gceist.
    An Aire agus a lón saor

    Dar leis an Aire, mura raibh sé i gceist ag Moinéar Teoranta glacadh leis an gconradh a bhí ar thairiscint ón bhForas, ba cheart é seo a chur in iul don bhForas roimh an lae inné – rud a rinne siad mar a mhínigh mé ach nach léir go bhfuil an tAire ar an eolas faoi sin. Dar leis, in éagmais sin, ba cheart don bhForas agus Moinéar Teo teacht ar shocrú eatramhach chun cinntiú go leanfaí le foilsiú Foinse fhaid is atá proiseas tairisceana nua á ullmhú agus conradh nua le tairiscint do dhream éigean a thiocfadh tríd an phroisis sin (maireann dóchas an Aire i gcónaí, in ainneoin na n-ainneoin).

    Ach tá sé seo díchéilleach amach is amach. Mar atá sé tá caillteanas de thart ar €5,000 á iompar ag Pádraig Ó Céidigh le gach eagrán de Foinse a fhoilsítear – d’fhéadfadh proiseas nua tairisceana is a leithéid bliain a ghlacadh – agus, ag meabhrú dúinn ar mhi éifeacht an Fhorais, d’fhéadfadh sé bheith níos faide aris – agus mar sin bheadh caillteanas de €250,000 ar Ó Céidigh. An bhfuil aoinne sásta airgead a chaitheamh le sruth mar sin?

    Agus nach amaideach an mhaise don Aire a cheapadh gur amadán é Ó Céidigh a dhéanfadh amhlaidh? Fiú mura raibh an ngéarchéim eacnamaíochta ann. Nil a leithéid de rud ann is lón saor, a Aire.

    12 06, 2009 Posted by igaeilge | An Ghaeilge, Cúrsaí Reatha | , , , | 4 freagra

    Ó Cuív ag scaipeadh mí-eolais?

    De réir eolais atá faighte agam agus atá go h-iomlán iontaofa, is cosúil go bhfuil an tAire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ag scaipeadh mhí-eolais. B’fhéidir nach bhfuil sé á dhéanamh san d’aon ghnó – ach is mí eolas atá ann ar aon nós.

    Seo a deirtear liom: go bhfuil an Fhoras ar an eolas le mí anuas nach raibh Moinéar Teorannta sásta glacadh leis an gconradh ar €355,000 nó, fiú, ar €400,000 in aghaidh na bliana. Glacaim leis go bhfuil sé amhlaidh de bharr go bhfuil na cúinsí faoina raibh an nuachtán beo nuair a luadh an figiúir €400,000 athruithe go suntasach – gan aon dul chun cinn ar cheist na bhfógraí, mar shampla agus laghdú dá réir ar theacht isteach an nuachtáin agus go bhfuil ualach trom á lorg ag an bhForas sa bhreis ar an méid atá Foinse sásta solathar ar an €355,000 (leathnaigh breise, suíomh idirlín neartaithe is uile).

    Deirtear liom freisin gur chuir Foras na Gaeilge an conradh nua chuig Moinéar Teo ar an 4ú Meitheamh agus gur chuir Pádraig Ó Céidigh freagra i scribhinn an lá céanna ag cur in iúl nach mbeadh sé ag glacadh leis an gconradh nua.

    Ar an raidió ar maidin, dúirt an Aire gur inné (Dé Chéadaoin) an chéad uair a cuireadh diultú Moinéar Teo in iul don Fhoras go foirmeálta. Níl sé sin cruinn. Is mí-eolas é agus níl a fhios agam cad as a bhfuair Ó Cuív an t-eolas ach ba cheart do filleadh ar an bhfoinse arís agus é a cheistiú go dian faoi sin. Dá mba amhlaidh go raibh foras stáít ag cur Aire na mathair roinne ar mhí eolas faoi cheist chonspóideach – nó faoi cheist ar bith – bheadh iarmhairtí tromchúiseacha ansan d’fhoinse an mhí-eolais, bheinn ag súil.

    Is léir go bhfuil mearbhall nó mí eolas ar an Aire freisin i dtaobh treimhse chonartha Foinse. Tháinig deireadh le conradh Foinse ag deireadh mhí Lúnasa anuraidh. Ó shin i leith tá siad ag feidhmiú ar shíneacha chonartha, ceann amháin go deireadh Nollaig, ceann eile go deireadh mí Márta agus roinnt shíneachaí níos giorra ó seo go dtí 15ú Meitheamh, sé sin Dé Luain, nuair a thiocfaidh deireadh leis an gceann is déanaí.

    An slí a oibríonn sé sin, go mbionn ar an t-é atá ag súil le conradh nua feidhmiú de réir téarmaí an sean chonartha agus glacadh leis an iocaíocht a bhí ceadaithe de réir an sean chonartha fhaid is atá an conradh nua á ullmhú.

    An deacracht le sin, go mbeadh an t-é atá ag feitheamh ar chonradh nua thíos leis an gcaillteanas fhaid is atá siad ag feitheamh. Maith go leor más orthu an locht as an mhoill. Ach cé ar atá an locht sa chás seo? D’fhógair Foras na Gaeilge an chomórtas oscailte i mí Bealtaine agus a fhios acu, ní foláir, go mbeadh deireadh leis an gconradh reatha ag deireadh mí Lúnasa. Nior fhag an Fhoras a dhothain ama chun conradh nua a chur in áit roimh don sean cheann imeacht in éag. Agus rinne an Fhoras talamh tirim den diogras agus den dílseacht ó Foinse go bhfanfadh an nuachtán ag foilsiú fiú is go raibh an nuachtán, ag an am sin, ag cailliúint airgid de bharr an ngearradh siar ar fhógraí stáit. Ní h-é ná raibh a dhothain ama idir 2004, nuair a thosnaigh an chonradh ceithre bliana seo, agus 2008, nuair a chriochnaigh sé le bheith ag ullmhú. Cad a bhí ar bun ag an bhForas sa tréimhse sin?

    Cé gur chreideas gur €320,000 a bhí á fháil ag Foinse, is €298,000 in aghaidh na bliana a fuair siad don bhliain reatha. Is soileiriú an méid sin ar an lúb ar lár a d’aithin mé i dtrachtaireaht eile. Mo bhotún féin a bhí ann – mo leithscéal as sibh a chur ar mhí eolas.

    Ag an bpointe seo, níl sé soiléir cé acu an mbeidh nó nach mbeidh eagrán Foinse ann i ndiaidh eagrán an Domhnaigh bhig seo. Tá súil agam go mbeidh. Misneach a cháirde! Nuair atá ár gcuid namhaid ag brath ar bhréaga agus ar mhí eolas, is léir go bhfuilimíd ar an dtaobh ceart!

    11 06, 2009 Posted by igaeilge | An Ghaeilge, Cúrsaí Reatha | , , , , , | 1 freagra

    Deis dheireannach an Aire

    Mír faoi Foinse ar Adhmhaidin, Dé Chéadaoin

    Is féidir teacht ar an t-agallamh a cuireadh ormsa ar An Samhradh Thoir trathnóna Dé Chéadaoin ar an láthair seo – níl sé ar fáil i bhfoirm podchraolta, is oth liom a rá.

    Nuair a fhoilseofar an phodchraoladh d’agallamh an Aire ar maidin inniu ar Adhmhaidin, beidh sé anseo. Faoid dheireadhAire Uí Chuív ar Adhmhaidin faoi chás Foinse

    Agus mé ag éisteacht le hAdhmhaidin inniu, thug mé cluas don mhéid a bhí le rá ag an Aire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamonn Ó Cuív, i dtaobh an aighneas/plé/cibé idir Foinse/Moinéar Teoranta agus Foras na Gaeilge maidir leis an gconradh chun an nuachtán sheachtainiúil a fhoilsiú as seo go 2013.

    Bhí sé amhail is go raibh mé ar ais i bhFeabhra 2008 nuair a bhí na deacrachtaí ag Lá Nua. Céard a deir siad faoin stair – go dtarlaíonn sé an chéad uair mar thragóid is an dara uair mar sheafóid – nach ea?

    Ar aon nós, bhí sé amhail is go raibh an Aire fós siocaithe sa sean ré sin, é fós ag seasamh go daingean leis an bhForas agus a insint ar an scéal. Nó bhí sé ag cur an chuma sin air féin, ar aon nós.

    Dar leis an Aire gur pointe tabhachtach é ná raibh sé curtha in iúl go foirmeálta ag Moinéar Teoranta go raibh an comhlacht chun glacadh leis an gconradh a bhí ar thairiscint ag an bhForas agus gur trua leis, dá réir, go raibh sé roghnaithe ag Moinéar Teoranta an scéal a chur os comhair an phobail sara phléig siad leis an bhForas é.

    Fair plé do agallóir an Raidió a thug le fios ná raibh sa chruinniú inné ach cruinniú i sraith cruinnithe a mhair roinnt seachtainí nó, go deimhin, míonnaí agus go raibh a fhios go maith ag an bhForas cad é an seasamh a bhí agus atá ag Moinéar Teoranta ar an gconradh nár shíl siad bheith leor dhothanach.

    D’fhéadfaí a rá freisin go raibh sé ráite roimhe seo ag Ferdia Mac an Fhailigh agus é faoi agallamh ar Adhmhaidin tar éis gur fhogair an Fhoras go mbeadh conradh arbh fhiú suas go dtí €400,000 é ar fáil don iarrthóir a bhuaigh an chomórtas don nuachtán seachtainiúil (móide an seirbhís idirlín). Tá an €355,000 in aghaidh na bliana atá á thairiscint ag an bhForas píosa maith níos lú ná sin – €180,000 thar ceithre bliana.

    Moladh amháin atá agam a fhéadfadh an chás a réiteach – dá bhféadfaí an bearna sin idir €355,000 agus €400,000 a threasnú agus réamh íocaíocht de €180,000 breise a thabhairt anois do Foinse, chiallódh sé ná raibh an bun thairiscint á sharú (cé go raibh sé á lúbadh go géar) agus chuirfeadh sé gaoth i seolta Foinse agus bheadh sé faoin nuachtán ansan teacht slán trí na blianta atá romhainn.

    Ní thagaim le Pádraig Ó Céidigh nuair a mhaíonn sé go bhfuil suíomh idirlín Foinse níos fearr ná aon suíomh atá ag na meáin Bhéarla – tá píosa fada le dul aige go fóill go mbeidh sé fiú chomh maith agus a bhí suíomh Lá Nua. Ní oibríonn nuachtán seachtainiúil ró mhaith ar shuíomh idirlín – má bhionn an scéal céanna an cúigiú lá i ndiaidh foilseacháin agus a bhí ar lá an fhoilseacháin, is droch theist é sin ar an suíomh. Ach tá an suíomh níos fearr ná mar a bhíodh sé agus tá sé ag dul sa treo ceart – céimeanna fiúntacha chun tosaigh iad na podchraoltaí, an scrúdú béil, an leagan PDF (2/3 a la Lá Nua).

    Measaim gurb é an bun rud a chaithfidh an Fhoras agus an Aire a thuiscint, nach bhfuil grúpaí amuigh ansin ag iarraidh an cailís nimhe seo, nuachtán Ghaeilge seachtainiúil a fhoilsiú trath go bhfuil nuachtáin i dtrioblóid.

    Ní doigh liom go dtuigeann an Aire an teachtaireacht atá sé ag cur in iúl do dhiograiseoirí ar nós foireann Foinse agus úinéir an nuachtáin. Tá sé ag cur pionós orthu as ucht bheith ag plé leis an nGaeilge. Níl aon tuiscint á léiriú aige ar an gcaillteanas leanúnach atá á fhulaingt ag Ó Céidigh óna phóca féin de bharr seo – €5,000 nó €6,000 sa tseachtain as a phoca féin, an mbeadh an Aire sásta é a thabhairt?

    Ní thuigeann sé ach an oiread an dua agus an diograis atá á léiriú ag foireann an nuachtáin agus tá comhbhá ar leith agam don eagarthóir, Seán Tadhg Ó Gairbhí. Cé go mbím ag aighneas leis ó am go h-am ar chúrsaí éagsúla a bhaineann leis an gcéird seo, is iriseoir den scoth é agus is eagathóir cumasach é atá ar a dhícheall ag iarraidh nuachtán a choimead os cionn uisce trath go bhfuil na farraigí ina bhfuil sé ar snamh suaite go maith.

    Ní bhionn a leithéid sa ghnó seo ar son an airgid. Ghlac sé agus foireann uilig Foinse le h-ísliú pá i mbliana roimhe seo.

    Agus cé is cúis le seo? Cé eile ach an Aire atá, de réir a chaint ar maidin, fós gan dul chun cinn a dhéanamh ar cheist na bhfógraí Ghaeilge. Dar leis an méid a bhí le rá aige ar maidin, caithfear ceist na bhfógraí Rialtais ar fad a réiteach sara reiteofaí an cheist seo. Maith go leor a Aire! Ach cén fath go bhfuil moill ar seo? Cad é atá ar siúl chun an cheist a réiteach? Cén uair a bheidh an gcruinniú seo den choiste Oireachtais a luaigh tú roimhe seo? Tá bliain caite ó chuir tú i bhfeidhm na míreanna eile den reachtaíocht – tá sé in am do lámha a bhaint amach ó faoi do thóin.

    Is cinnte go bhfuil ceist anois i measc phobal na Gaeilge faoi inmharthanacht an Aire seo – agus tá go leor cainte sna meáin go mbeidh sé á bhogadh i dtreo na gcúlbhínsí gan ró mhoill. Cuireann sé fearg ar dhaoine bheith ag éisteacht leis, tá sé ró ghafa le rialacha agus le h-easpa gnímh.

    Tá seans aige a léiriú anois go bhfuil samhlaíocht aige agus gur fear gnímh é – ba cheart do an deis sin a thapú agus teacht i gcabhair ar Foinse nó ní bheidh pobal na Gaeilge buioch do.

    11 06, 2009 Posted by igaeilge | An Ghaeilge, Cúrsaí Reatha | , , , , | No Comments Yet