Oíche cheiliúrtha i Halla Chúil Aodha
Bhí oíche ana dheas i Halla Chúil Aodha – Aras Eamonn Mhic Suibhne – an Satharn seo chaite nuair a deineadh ceiliúradh ar shaol agus ar shaothar m’athair, Dónal O Liatháin, a cailleadh um an dtaca seo den bhliain anuraidh.
Deineadh é a cheiliúradh agus a chomóradh le h-amhráin, ceapóga, agallaimh beirte, píosaí filíochta agus dráma – a chum sé féin don chuid is mó – agus b’iad muintir na h-áite a bhí ag cur na saothair ar fad i láthair.
Mar bharr ar sin deineadh ionad nua óige atá tógtha le h-ais an halla a thiomnadh i gcuimhne m’athair. Anois tá Ionad Oige Dónal O Liatháin ar Ionad Oige Chúil Aodha. Chaith m’athair na blianta mar chathaoirleach ar an gcoiste forbartha áitiúil, Comhaltas Chosanta Chúil Aodha, agus b’é togáil an ionaid seo an mhór éacht lena linn.
Tá mo mhathair, Margaret O Liatháin, agus clann Uí Liatháin ar fad fíor bhuioch don Chomhaltas Chosanta agus faoi chomaoin ag pobal Chúil Aodha de bharr an méid atá déanta chun meas agus omós a léiriú do m’athair.
Beidh tuilleadh míreanna ón oíche á fhoilsiú anseo de réir mar a fhoilsítear iad ar You Tube sna laethannta romhainn.
I ndíl chuimhne….
An deireadh seachtaine seo táim ag tabhairt chun cuimhne m’athair, Dónal, a cailleadh um an dtaca seo anuraidh. Bhí sé 74 bliain d’aois.
Seo dán dá chuid a chum sé mar chuimhne ar chara eile liom a d’éag i Lúnasa 1997. Fear óg dárbh ainm Fiachra O’hAodha, fear chomh brea is a bhí ann riamh.
Fomhar 1997
Thainig na h-ealaí aréir,
Ar shaoire ón aigéin
Dhúisíodar mé ‘rís ar maidin
Is ní rabhais ag luí lem thaobh.
Cé leis go ndéanfad caint?
Cé dho go dtabharfad grá?
D’imigh tú leis an taoide
Agus ní thiocfair thar nais go brách.
Coiscéim ar lic an dorais,
cheapas gur tú a bhí ann.
Go h-oban cheartaigh m’aigne
Macalla ar fán ón uaigh.
Ó dá mba mise Críost
d’ardóinn tú arís ón mbás
Ó a Chríost na trócaire
Tabhair dom faoiseamh ar mo pháis.
Duilleoga fómhair ag séideadh
Tá mo smaointe leo chun fáin
Tá na gaotha tríom ag réabadh
Níl aon ghéag ná craobh díom slán;
Agus chím ar íor na spéire
An Nollaig a’ teacht ar luas
Du’ scamail tíntí is tóirní
A shloigfidh mé siar ‘na bpluais.
Seasaim ar imeall na h-aille,
Is an chuilithe mhealtach thíos fúm
Is níl loinnir de ghrian an Earraig
Ná den Samhradh ‘tá ‘mithe uaim
Ní h-aoibhinn blátha na n-áirne
Ná an samhaircín buí cois claí
Nuair a mhúch an chré do gháire
D’fheoigh gach bláth im chroí.
Mise bláth feochta i ngloine
Mise an luaithreach ar thoitín
Mise cúbhar bán ar an dtuille
Nó an peidhleacán insan draoib
Tabhair dom do sholas a chuisle
Cuir an dóchas arís im chroí
Mar anois má déantar mé a chroitheadh
Bead im luaithreach ar neamhní.
le Dónal Ó Liatháin
Deireadh seachtaine i gConamara
Oíche Dé Domhnaigh atá ann agus tá deireadh ag teacht le mo dheireadh seachtaine i gConamara. Cé go raibh sé fliuch báite furmhór an ama, bhaineas spórt as mar a bhain na páisti agus iad ag rince sa chaislean ‘bouncy’ sa ghairdín. Bhí siad faoi chlúdach i rith an ama cé go raibh orm athrú stocaí a bheith ar fáil go mion is go minic.
Ar aon nós, ritheann smaointe fánacha liom ag a leithéid seo d’am. Tugaim m’athair chun cuimhne, suaimhneas sioraí do, agus ansan cruann mo dhearcadh, nuair a smaoiním ar an raic atá fagtha ag an gcriú mí fhortúnach atá i gcumhacht.
Le linn na seachtaine fograíodh go mbeadh Ryan Tubridy ina láithreoir nua ar an Late Late Show. Maith go leor. De réir dealraimh dúirt sé in agallamh le linn na seachtaine nach léann sé an Sunday Independent agus fuair sé íde béil as ucht seo inniu sa nuachtán céanna ó mo shean chara, Eoghan Harris. Dar le Harris is peaca é do a leithéid a rá agus a thabhairt le fios go bhfuil sé ar shlí éigean ró uasal don Indo.
Léimse an Indo -agus légh mé riamh é. Tá sé tabhachtach léargas a fháil ón dtaobh eile. Agus bhíos á léamh inniu agus ag smaoineamh ar an slí nár staon an nuachtán ó bheith ag tacú le Bertie agus a cháirde roimh an Olltoghchán in 07 agus an oiread is a bhíodh siad ag caitheamh anuas ar George Lee agus David McWilliams agus aoinne eile a shoilsigh solas ar chaimiléireacht an Rialtais. Ní cheapfá gur an nuachtán céanna atá ann inniu agus scuaine colúnaithe ag tabhairt le fios go bhfuil seo ar an Rialtas is measa riamh agus gurb é Brian Cowen an Taoiseach is measa riamh.
Mar a bhím á mheabhrú díbh go minic, thugas le fios go gcaillfeadh FF suas le 35 suiochán in Olltoghchán 07 in alt a fhoilsíodh i Lá Nua. Chreideas go raibh an tóin ag titim as cúrsaí eacnamúla agus go raibh an géarchéim sna seirbhísí poiblí – cúrsaí sláinte is oideachais go h-áirithe chomh h-olc go gcaithfí amach ar a dtónacha iad. Níor tháinig an tuar ar an dtairngreacht sin ag an am. Ach tiocfaidh sé go luath.
Thugas faoi ndeara gur cailliúint 35 suíochán a bhí a thuar do FF san Indo inniu agus John Drennan ag scríobh faoi Olltoghchán nach bhfuil fógartha go fóill….
Chasas le Seosamh Ó Cuaig, glór neamhspleach Chonamara, tar éis aifrinn ar an gCeathrú Rua inniu. Tá sé ina iarrthóir sna toghcháin áitiúil – go n-éirí leis. Tá sean cara eile liom san iomaíocht leis i gConamara – Trevor Ó Clochartaigh. Guím gach rath ar Trevor freisin cé go gcreidim gur sa pháirtí mí cheart atá sé. Tá sé ag seasamh le SF.
Tréaslaím a bhua le fear Uibh Fháilí….sa ghalf. Rinne tú go maith a Shane Mhic an Labhradh. Aon ghaol agat le laochra peile Uibh Fháilí?
Aréir bhíos ag faire ar an Eurovision. An bhua ag fear óg an Iorua agus amhrán maith freisin ag bean na hÍoslainne. An chéad uair eile, caithfidh RTÉ amhrán Ghaeilge a sheoladh go dtí Osló. Bhaineamar triail as turcaí anuraidh agus amhrán Meirceánach i mbliana – cad faoi amhrán a léiríonn rud éigean faoi chultúr dúchasach na hÉireann i 2010?
Beag an baol…píosa deas sa Sunday Business Post inniu faoi Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais. Tagairt domsa ann agus m’ainmniúchán ar ghearrliosta na gcolúnaí is fearr. An é seo mo bhliain? Cá bhfios….
Imeacht
Is píosa filíochta é seo a chum m’athair, Dónal Ó Liatháin. Rinne mo dheirfiúr, Bríd, é a d’aithris ag béal a uagha nuair a cuireadh é anuraidh. Léim é ó am go cheile nuair a bhíonn a chomhluadar uaim. Ní seo an chéad uair a foilsíódh anseo é ach nach mbionn ath-chraoltaí ar theilifís?
Imeacht
le Dónal Ó Liatháin
Cíorann an bás an gleann gach bliain
Is tógann creach
Ó Chúm na nÉag na tuillte comhrann
Fán Sulán soir
Díríonn méar is buaileann buille
Is tógann leis óg is sean.
Ceol is spórt is clisteacht céirde
Gaois is croi maith, cion is féile
Subháilcí na sean go mear sa chré leis.
Tá coiscéim na gúise mar thóirneach ar mhaol chnuic
San Ínse Mhór is alpach a theacht
Is Ré na bPobal ag eascar glas
Fíon ’a ól de dhroim bó seasc
Is caoire bána an sliabh amach.
Áitreamh éan – cearca fraoigh is naoscaigh
Na daoine imithe nó ag imeacht ’na dtréan-shruth.
I gcliabhán na haigne
A’taithneamh fe ghrian na hóige
Tá imeachtaí, eachtraí
A bhí, is ná beidh arís níos mó.
Lá bainte na mona ar mhullach an Scrithin
Grian Aibreán ag árdú,
Meitheal fear ’na leinte geala
Bainc á nglanadh
Sleain, picí agus sceanna féir i bhfearas
Allas ar dhoinne ‘s ar dheirge a ngruadh
Comh-obair, comh-oilte, comhdhaoine.
Nó sábháilt an fhéir san Doirín Áluinn
Grian an Mheithimh is na scamaill ar luas
Is a scáileanna ’á dtarrac de dhroim na gcnoc anuas;
Geamhair ’na ghlas-muir de thonnta righne,
Is gréasán airgid ar ghormloch.
Trathnóntaí feanaideach’ ag piocadh prataí
Ramhainní ag preabharnaigh sna h-iomairí thíos’
Staisiún le hól, amhráin go maidean
Comhghreann, comhchomhrá, comhdhéanamh reanna.
Sin í an chreach a thógann an bás leis
An cnagaire sanntach ó dhoras is doras
Ní h-eisceacht éinne, níl tig nár réabadh
Sa reilg tá stór i dtaisce ’gainn go léir.
©Gach coipcheart ar chosaint Clann Uí Liatháin 2008
Imeacht
Is é seo an phíosa filíochta ó pheann m’athair a rinne mo dheirfiúr, Bríd, aithris air ag béal na h-uagha. Más ceadmhach dom é a rá, is píosa filíochta as an ghnath atá ann. Tá súil agam go mbeidh sé mar sholás agus mar chlochmhíle filíochta agaibh…..
Imeacht
An Dálach – Dónal Ó Liatháin
Cíorann an bás an gleann gach bliain
Is tógann creach
Ó Chúm na nÉag na tuillte comhrann
Fán Sulán soir
Díríonn méar is buaileann buille
Is tógann leis óg is sean.
Ceol is spórt is clisteacht céirde
Gaois is croi maith, cion is féile
Subháilcí na sean go mear sa chré leis.
Tá coiscéim na gúise mar thóirneach ar mhaol chnuic
San Ínse Mhór is alpach a theacht
Is Ré na bPobal ag eascar glas
Fíon ’a ól de dhroim bó seasc
Is caoire bána an sliabh amach.
Áitreamh éan – cearca fraoigh is naoscaigh
Na daoine imithe nó ag imeacht ’na dtréan-shruth.
I gcliabhán na haigne
A’taithneamh fe ghrian na hóige
Tá imeachtaí, eachtraí
A bhí, is ná beidh arís níos mó.
Lá bainte na mona ar mhullach an Scrithin
Grian Aibreán ag árdú,
Meitheal fear ’na leinte geala
Bainc á nglanadh
Sleain, picí agus sceanna féir i bhfearas
Allas ar dhoinne ‘s ar dheirge a ngruadh
Comh-obair, comh-oilte, comhdhaoine.
Nó sábháilt an fhéir san Doirín Áluinn
Grian an Mheithimh is na scamaill ar luas
Is a scáileanna ’á dtarrac de dhroim na gcnoc anuas;
Geamhair ’na ghlas-muir de thonnta righne,
Is gréasán airgid ar ghormloch.
Trathnóntaí feanaideach’ ag piocadh prataí
Ramhainní ag preabharnaigh sna h-iomairí thíos’
Staisiún le hól, amhráin go maidean
Comhghreann, comhchomhrá, comhdhéanamh reanna.
Sin í an chreach a thógann an bás leis
An cnagaire sanntach ó dhoras is doras
Ní h-eisceacht éinne, níl tig nár réabadh
Sa reilg tá stór i dtaisce ’gainn go léir.
©Gach coipcheart ar chosaint Clann Uí Liatháin 2008
Dónal Ó Liatháin 1934-2008
Go suaimhneach in Oisbidéal Bheanntraí, cailleadh Dónal, file, saoi agus múinteoir, tar éis breoiteachta. Méala mór a bhás dá cheile gheanúil, Margaret, dá chlann, Concubhar, Niamh, Bríd agus Dónal Óg, dá gcliamhaineacha, Caroline, Scott, Máirtín agus Bríd, dá ghar chlann Art agus Danú, Cian, Clíodhna agus Éabha, Katie agus Lúc, dá ghaolta agus dá cháirde. Suaimhneas síoraí dá anam agus d’anamacha a dhearthaireacha, Pádraig, Colm agus Concubhar, dá dheirfiúr, Máire, agus dá mhuintir a d’imigh roimhe. Deinfear é a thorramh sa bhaile i gCúil Aodha agus aistreofar a chorp go dtí Seipéal Chúil Aodha ar an Mháirt. Aistreofar a chorp óna theach chónaithe inniu [Dé Máirt] ag 7in. Ceiliúrfar Aifreann na Marbh ar shon a anam amarach ag 2in i Seipéal Chúil Aodha agus cuirfear é ina dhiaidh sin i Reilg Ghobnatan i mBaile Mhuirne.
Im long mé measaim, fé last fé sheol
Is gan caladhfort romham
Im leabhar mé scríofa i dteanga ón spéir
Is níl aon naoi a thuigfeadh é
Im lampa lásta istigh i gcupúrd
Is gach dóras dúnta fé ghlas go dluth
An bhfanfadsa lásta mar long i mbuidéal
Go n-éalóidh mar chogar an chuid eile dem shaol?
Dónal Ó Liatháin
-
Archives
- November 2009 (16)
- October 2009 (11)
- September 2009 (22)
- Lúnasa 2009 (16)
- July 2009 (40)
- June 2009 (68)
- May 2009 (51)
- Aibreán 2009 (51)
- Márta 2009 (44)
- February 2009 (50)
- January 2009 (43)
- Nollaig 2008 (28)
-
Categories
-
RSS
Entries RSS
Comments RSS


