iGaeilge

- neamhspleach, laethúil, i nGaeilge

Ciorcal cúng ‘Comhar’

Tharla go raibh mé i siopa Easons i lár na cathrach inniu agus, de thimpist, thug mé faoi ndeara an eagrán is déanaí den iris Ghaeilge ‘Comhar’ ar an seilf is ísle de chúinne na dtreimhseachán cúrsaí reatha.  Shátaigh mo fhiosracht faoin iris mo dhroch eispearas leo anuraidh agus cheannaigh mé eagrán.

Ní raibh aon dóchas agam go mbeadh aon rud fiúntach san iris – ag an am chéanna bhí mé ag súil le caighdeán áirithe iriseoireachta.  Ní raibh sé le fáil san alt ar léigh mé faoin ceannteideal ‘Bás na nuachtán’.

Alt leataobhach agus leisciúil abea seo faoi na nuachtáin Ghaeilge agus, go h-áirithe, Foinse is Lá Nua, ar eirigh as cló le sé mhí anuas.  Ní raibh a fhios agam an alt staire nó tuairimíochta a bhí ann ach bhí cuid de na fírící ar a raibh sé bunaithe amhrasach mura raibh siad mí chruinn ar fad.

Tabharfar amach dom as díriú ar scéal Lá Nua – tá sé in am an scéal sin a ligint tharam is dócha – ach nuair a thugaim faoi ndeara alt atá bunaithe ar fhíricí mí chruinn faoi nuachtán a bhí chomh fite fuaite le mo shaol, cuireann sé idir díomá agus olc orm.

San alt seo, áfach, tugadh cúpla rud le fios nach raibh cruinn agus nach raibh iomlán.

I 2003 d’infheistigh an comhlacht nuachtáin, Belfast Media, faoi stiur Mháirtín Uí Mhuilleoir , ann agus le cabhair ó Fhoras na Gaeilge, láinseáladh é arís mar nuachtán laethúil.

Níl an ráiteas sin ón alt beacht nó iomlán.  Mar shampla, ba i 1999 a rinne Belfast Media (an uair sin an Andersonstown News Group) infhéisitiú i Lá.  I 2003 a rinneadh athsheoladh ar an nuachtán laethúil.  Niorbh é Foras na Gaeilge a thug cabhair ach infheisteoirí fud fad na tíre a cheannaigh sciarana ar £500 nó €750.   Ní h-amháin gurb é seo an chéad nuachtán laethúil i nGaeilge ach an chéad nuachtán Ghaeilge a chuir fáilte roimh pháirtíocht ón bpobal agus a fuair an pháirtíocht sin.  Ní chreidim gur caitheadh go maith le na sciarshealbhóirí sin agus Lá Nua á dhruidim ach sin mar a bhí sé.

Luaitear deontas €277,300 le Lá Nua ach ní h-é seo an deontas a ceadaíodh do Lá Nua tar éis gur bhuaigh an nuachtán sin comórtas poiblí i 2006.   De reir an phreas-raitis seo, is é £400,000 thar dhá bhliain an deontas a ceadaíodh.  Tugadh €596,000 mar chothrom an tsuim sa phreas ráiteas. Ní gá a rá ná raih an luach sin ar an suim i sterling ag tús 2007 agus a raibh ag deireadh 2008.

An t-aon chabhair a tháinig ó Fhoras na Gaeilge ag an am sin gur oscail siad cúpla buidéal seaimpéan ag an ocáid seolta.   Sinne a cheannaigh iad!

Cúig nuachtán atá luaite san alt seo a chuimsíonn an tréimhse 1943-2009 – Inniu, Anois, Lá/Lá Nua, Foinse agus Amarach.  Níl ach tagairt sleasach ann do Amárach agus is beag eolais atá sna míreanna faoi na nuachtáin eile.  Ní léir gur deineadh aon taighde ar an alt seo – seachas athrá a dhéanamh ar roinnt ‘clíchéanna’ faoi na nuachtáin.

M.sh:

De na chúig pháipéar[sic] atá luaite ba é Foinse ab fhearr chun freastal ar léitheoirí Gaeltachta agus Galltachta araon agus thug sé gairmiúlacht isteach in iriseoireacht na Gaeilge nach raibh ann roimhe sin.

Ní léir domsa go bhfuil bunús fírice leis an ráiteas seo – níl ann ach tuairim agus ní aontaim leis.  Maith go leor.   Bheadh sé spéisiúil a fhiosrú mar shampla faoi dhíolaíocht Foinse sa Ghaeltacht.  Creidim go raibh sé lag amach is amach.   Ní chreidim gur féidir ‘Foinse’ agus ‘gairmiúlacht’ a chur in aon ábairt gan an focal ‘ach’ a bheith san abairt chéanna.  Léiríonn Nuacht 24 agus nós* – atá á fhoilsiú ar bhonn deonach – nach ionann gairmiúlacht agsu airgead.  Nior luadh ceachtar acu san alt seo.

Ní chuirfeadh sé íontas orm go raibh alt i Comhar ag tabhairt ard mholadh do Foinse.  Bhí eagarthóir Comhar ina cholúnaí le Foinse ar feadh i bhfad.

Cuireann sé íontas orm, áfach, ná raibh alt ag plé na gcúiseanna le teip Foinse in iris ar nós Comhar.  Nach é sin an cineál ailt atá á lorg ag léitheoirí, alt a fhiosraíonn fios fatha na bhfadbhanna a d’eirigh idir Foinse agus Foras na Gaeilge.   Ar ndóigh, tá Comhar maoinithe ag an bhForas agus ní léir go bhfuil an cnamhdroma ag an iris na h-altanna atá gá leo a fhoilsiú, fiú má cháineann na h-altanna sin, ar bhonn chuiditheach fiú, an mhaoinitheoir.

Scéal suimiúil scéal na nuachtán Ghaeilge agus níor tugadh an meas ceart don scéal in alt Comhar.   Dearcadh cúng a léiríonn an iris seo ar shaol na Gaeilge agus ar an domhan mhór.  Ciorcal cúng scríobhnóirí atá á fhoilsiú san iris – baill de bhórd na h-irise is mó a bhíonn ag solathar na n-altanna, dealraíonn sé dom, agus mé ag léamh an eagrán is déanaí.

25 08, 2009 Posted by igaeilge | An Ghaeilge, Cúrsaí Reatha | , , , , , | 10 freagra

Cé h-é ‘Deep Throat’ Comhar?

B’fhéidir go bhfuil todhchaí ann go fóill do Comhar – nó de réir an aguisín is déanaí ag Ceart agus Comhar, tá feith na samhlaíochta le braistint i dtuarascáil a chur bórd na h-irise i láthair an Fhorais faoin ‘dul chun cinn’ atá déanta ag an iris le sé mhí anuas mura bhfuil sé le tabhairt faoi ndeara san iris féin.

Tá go leor ráite agamsa faoi Comhar nó chuir mé isteach ar an bpost eagarthóireachta anuraidh, eispearas mífhortúnach an cur síos is carthanaí a bheadh agam faoin mhéid a lean sin.

Ní fheadar ar roinn mé libh an méid a tharla tar éis gur dheineas an ghearán faoin bproiseas agallaimh. Fuaireas litir ó chathaoirleach an bhoird ag séanadh mo ghearán scun scan, ag dearbhú, áfach, gur dhearna cathaoirleach an Bhoird Agallaimh teagmháil le daoine éagsúil le linn an tréimhse roimh an dáta deiridh d’iarratasaí ag tathant orthu cur isteach ar an gcomórtas. Ós rud é nár sheol mé m’iarratas go dtí gar don dáta deiridh, aithním anois ná raibh aon col pearsanta i mo leith anseo cé go gcreidim nach bhfuil proiseas mar seo ag teacht leis an deachleachtas a bheithfeá ag súil leis ó chomhlacht pobal mhaoinithe cosúil le Comhar.

De réir Ceart agus Comhar, is cosúil gur úsáideadh an ghearán seo agus an t-am a caitheadh leis an freagra a chumadh mar leithscéal ar an easpa dul chun cinn a deineadh.

Tá aguisín agam féin leis an scéal. Le linn na litreach tugadh éitheach do ghearán a dheineas go raibh sé go h-iomlán mí ghairmiúil toradh an chomórtais a fhógairt go poiblí – mar a deineadh san Irish Times thart ar an 25ú Meitheamh – sara raibh an scéal tugtha do na h-iarrthóirí. Rinneas gearán faoi sin ag an am agus díomá orm – agus bhí sé luaite agam sa litir a sheolas chuig Comhar i mí Feabhra na bliana seo sa chomhthéacs go raibh aiféaltas orm faoin dara tuplais, mar a chreid mé, sa phroiseas earcaíochta etc.

Go gairid tar éis gur dheineas an ghearán don chéad uair fuaireas litir i láimh an chathaoirligh ag gabhail leithscéil as an scéal a bheith foilsithe roimh do na h-iarrthóirí bheith curtha ar an eolas. Dúradh liom ná raibh aon duine ag obair in oifig Comhar an tseachtain sin agus ná raibh a fhios aige cé bhí freagrach as an sceitheadh eolais &rl.

Maith go leor, is dócha, cheapas ag an am. Ní rabhas sásta am a chaitheamh leis an scéal ós rud é go raibh m’athair breoite is bhí cúramaí eile orm.

Sa litir, litir clóscríofa an uair seo, a fuaireas ar mo ghearán i mí Feabhra, bhí séanadh ar an eachtra seo ar fad agus maíomh míchruinn gur cuireadh an scéal in iúl dom ar an lá a foilsíodh é san Irish Times agus rabhadh go raibh taifead ríomh phoist ar seo. Sa chás seo tá dhá litir ón fhear céanna, ag tabhairt dhá leagan éagsúil ar an scéal céanna. Caithfidh go bhfuil ar a laghad leagan amháin den dhá leagan a thug sé míchruinn.

De réir Ceart agus Comhar freisin, ní chlóbhuailtear ach 650 coip de gach eagrán, rud a fhagann go bhfuil deontas de €16.50 ar a laghad ag dul do gach coip de gach eagrán a foilsítear, bunaithe ar an libhéal deontais atá á fháil ag Comhar.

Is léir go bhfuil an iris ó laige go laige faoi láthair. Mór an trua. Tá oidhreacht ársa na h-irise, oidhreacht radacach na h-irise ach go h-áirithe, á ligint le sruth i láthair na h-uaire.

Tá sé seo ag titim amach trath go bhfuil gá níos mó ná riamh le h-iris dúshlánach agus le h-iriseoireacht fiosraitheach.

Sampla den iriseoireacht fiosrach dúshlánach atáim ag tagairt dho an saothar seo ó Lorraine Nic Eachmharcaigh, údar Ceart agus Comhar.

Fagfaidh mé an fhocal dheireannach aici agus ceist libh: Cé h-é nó cé h-í an ‘deep throat’/an comhalta ar bhórd Comhar atá ag tabhairt an eolais di?

Is é Ceart agus Comhar, thar aon áit eile, a thug scéal Chomhar chun solais. Is beag de na meáin eile a bhí sásta an scéal tábhachtach seo a chlúdach. Tá aitheantas faighte againn as an obair seo ag an-chuid daoine, agus tugann tuarascáil bhord Chomhar aitheantas breise. Déantar ionsaí ansin ar Ceart agus Comhar, ag rá go bhfuil “bréag-eolas” ar an suíomh seo, “tagtha ó fhoinse leataobhach”.

Maidir le foinsí leataobhacha, tarraingíonn an suíomh seo ar an-chuid foinsí, agus fuair sé cabhair ó dhaoine éagsúla. Ina measc, tá ball de bhord Chomhar, nár mhaith leis/léi go bhfoilseofaí a (h)ainm anseo, ach a chuir go leor eolais ar fáil. Is tríd an bhall sin a fuaireamar cóip den tuarascáil. Cén t‑eolas ar an suíomh seo atá bréagach? Níl an bord in ann é sin a rá, mar is eol dóibh gur fíor-eolas atá á scaipeadh anseo. Bíonn an fhírinne searbh, agus tá sé soiléir gur mian leis an bhord an fhírinne sin a cheilt. Tá fáilte is fiche roimh bhord Chomhar freagra a thabhairt ar rud ar bith atá ráite ar an suíomh seo, agus foilseofar é ina iomláine anseo. Má tá freagra acu, cloisimis é. Mura bhfuil, tuigfidh an saol cén fáth.

6 07, 2009 Posted by igaeilge | An Ghaeilge, Cúrsaí Reatha | , , | 4 freagra

Anois nó riamh….

Tá ceisteanna fós ann i dtaobh Foinse – an bhfuil sé beo nó marbh? – ach tá sé in am dúinn féachaint ar staid na h-iriseoireachta Ghaeilge faoi láthair i bhfianaise na sceannairte atá déanta le tamall anuas ar an earnáil seo.

Ní h-é an iriseoireacht chló amháin atá curtha ó mhaith ag maorláthaigh ach is cinnte go bhfuil ár n-áird ar bhás ró luath na nuachtán, Lá Nua agus Foinse, le roinnt míonna anuas.

Ach, de bharr na gciorruithe, tá dhá chlár chursaí reatha a bhí á chraoladh ar RTÉ RnaG, Faoi Chaibidil agus Seó Beo an tSathairn, cláracha ná raibh ró spreagúil nó géar chúiseach dar liom, ach bhí siad ar an sceideal agus ni fhillfidh siad san Fhómhar. Fágann sin nach mbeidh ach Adhmhaidin agus Nuacht a hAon ina mbeidh aon sórt plé á dhéanamh ar chúrsaí reatha. Agus ansan ní bheidh ann ach an bheagán agus plé cúrsaí reatha ag troid le scéalta pharóistiúla ó na Gaeltachtaí móra.

Bain ón bpictiúr chomh maith an easpa mór chláracha chúrsaí reatha i nGaeilge ar an dteilifís. Níl ann ach Seacht Lá ar TG4 – sin clár uair sa tseachtain a mhaireann níos lú ná leath uair a chloig. Craoltar ‘Scannal’ ar RTÉ – ach is clár é sin a bhaineann le cúrsaí stairiúla seachas cúrsai reatha.

Níl an scéal morán nios fearr ar an idirlíon. Iris mhíosúil é Beo.ie agus cé go mbionn roinnt ailt ann ar chúrsaí reatha – cuid acu a bhionn le moladh – tá an iris srianta ag an bhfoilsiú míosúil. Níl an réimse ábhair ann a chinnteodh go mbeadh léitheoireacht aige taobh amuigh de chiorcal na bhfoghlaimeoirí, sciar tabhachtach den mhargadh ach sciar teoranta.

Is cosúil go gcaithfimíd, chomh fada is a bhaineann sé le na h-udaráis, na h-údaráis céanna a deir gur mhian leo go mbeadh Éire ina thír dhá theangach faoi 2028, go gcaithfimíd, an dream atá Gaeilge againn agus a thaitníonn cúrsaí reatha leo, glacadh leis go gcaithfimid cúl éisteacht le cúrsaí reatha i mBéarla gan aon pháirt a ghlacadh sa phlé.

Ar an bport céanna, trí bhliain deag tar éis bhunú TG4/TnaG, níl cead ag pobal na Gaeilge féachaint ar chluichí ceannais na hÉireann beo beathach le trachtaireacht Ghaeilge. Is cosúil go mbeidh orainn brath go ceann tamall eile ar an bhfuaim ar an dteilífís a ísliú agus éisteacht leis an dtrachtaireacht ar RTÉ Raidió na Gaeltachta nó, más trachtaireacht dhá theangach atá uainn, eisteacht le Mícheál Ó Muircheartaigh ar Raidió 1.

Tá obair mhaith á dhéanamh ag leithéidí An Druma Mór/Nuacht 24, nós* agus Feasta is Saol le freastal ar sciar áirithe den mhargadh – ach níl na h-acmhainní acu an beart a dhéanamh mar is ceart. Maidir le Comhar, tá deis ann rud éigean fónta a dhéanamh ach ní féidir leis an iris aon dul chun cinn a dhéanamh agus é faoi stiúr eagarthóir nach gcreideann sa nua theicneolaíocht agus nach dtuigeann cad atá ag titim amach i saol na Gaeilge is na tíre.

Thug mise faoi ndeara port áirithe i gcuid de na ráitis a deineadh i dtaobh Foinse agus an nuachtán ag saothrú an bháis. Bhí go leor achainí agus éilimh á dhéanamh go dtiocfadh an Rialtas i gcabhair ar Foinse ionas nach gcaillfí an nuachtán – ach is é sin díreach an fhadhb.

Má táimíd le h-iriseoireacht Ghaeilge a thabhairt slán don chéad glúin eile, ní feidir linn bheith ag brath ar na h-údaráis. Ciall ceannaigh, tá sé nios fearr ná an dhá chiall a mhúintear. Agus tá ciall ceannaithe go daor ag pobal na Gaeilge le tamall anuas. Beidh orainn greim a bhreith ar ár gcinniúint féin.

Déanfadsa mó dhícheall anseo plé a dhéanamh ar chúrsaí reatha agus nuacht an lae ach táímse ag obair faoi chúing – tá post agam i réimse eile agus ní féidir liom mo chuid ama a chaitheamh anseo faoi mar ba mhaith liom.

Táim sásta tairiscint a rinne mé roimhe seo a dhéanamh in athuair. Má tá Gaeil ann ar mhaith leo iriseoireacht Ghaeilge sláintiúil, beidh orthu íoc as. Tá ciste ag teastáil, ciste shuntasach thart ar €1m a bheidh ag teastáil. Táimse sásta €1,000 a infhéistiú ina leitheid de chiste – agus ní beag liom an tsuim sin – chomh fada is go bhfuil 999 Gael eile ag teastáil. Nuair a rinne mé an tairiscint seo roimhe, fuair mé ceathrar nó cúigear a bhí sásta a lámha a chur ina bpócaí.

Anois, tá an práinn níos géire. Tá gá leis an t-airgead chun bonn láidir a chur faoi sheirbhís nuachta is fóram plé rannpháirteach is eolgaiseach, acmhainn a bheadh neamhspleach ar fad ón stát agus saor, mar sin, óna marbh fhaisc.

Anois nó riamh.

Táim á scríobh seo agus mé ag faire ar an eagrán dheireannach de Questions and Answers á chraoladh. Breis is fiche bliain a bhí an clár sin á chraoladh agus cé gur fada an lá a bhí sé ar bharr a léime, bhí sé tabhachtach mar fhóram do phobal na tíre.

Tá sé deich nó cúig bhliain deag ó bhí an chlár cúrsaí reatha deireannach Ghaeilge ar aon chainéal teilifíse nó raidió – nach cuimhin linn ‘Cúrsaí’.

D’imigh sin agus tháinig seo. Cad atáimíd chun déanamh chun an bearna a líonadh…..?

29 06, 2009 Posted by igaeilge | An Ghaeilge, Cúrsaí Reatha | , , , , , , , , | 1 freagra

Foinse – an ‘nuachtán is fearr ag pobal na Gaeilge’? Ní doigh liom é!

Tá go leor scríte anseo le seachtain faoi chás Foinse – agus sílim go raibh sé cothrom don nuachtán agus an priacal ina raibh sé – agus ina bhfuil sé go fóill.

Má tá an cothromas le leanacht, ní mór dom a rá go gcreidim go raibh caighdeán an nuachtáin imithe i léig go mór, ní le gairid ach ó thús 2000 cheapfainnse. Bhí cuma stálaithe ar an bhfoilseacháin ó thaobh dearadh de agus ní raibh ach corr seachtain ann gur shíl mé gur bhuail siad an marc le tuairisc nuachta. Tá na h-ailt tuairimíochta, taobh amuigh de chúpla éiseacht, gan bhrí gan téagar – motháim nach bhfuil tada fiúntach nó substaintiúil ráite in altanna na bpríomhcholúnaithe, Póílín Ní Chiaráin nó Cathal Mac Coille, le mo chuimhne. Athrá a bhionn iontu de ghnath ar an méid atá ráite ag trachtairí aitheanta sna meáin Bhéarla an tseachtain roimhe, dar liom.

Cén fath an racht seo uaim anois? Ag léamh dom Tuarascáil na maidine seo san Irish Times, tugaim faoi ndeara na sliochtaí seo i gcolún Phoil Uí Mhuirí ar an ábhar seo.

Tá an nuachtán Gaeilge is fearr dá raibh ag pobal le Gaeilge le glúin ar tí druidim

Agus:

an nuachtán Gaeilge is fearr atá ag lucht na Gaeilge le fada a chailleadh

A leithéid de bhladhmann ón Mhuiríoch, fear atá ag scríobh ‘colún’ do Foinse le fada an lá. Agus ansan deir sé an méid seo:

Seo nuachtán a thug dúshlán gach aon dreama eile lena gcuid féin a dhéanamh d’earnáil na nuachtán agus rinne siad go stuama céillí agus gan bladhmann é.

Níl a fhios agam conas ar féidir le h-eagarthóir Ghaeilge an Irish Times alt a scriobh faoin ábhar seo, priacal nuachtán Ghaeilge agus iad ag plé leis an bhForas, gan Lá Nua a lua. Shamhlófá go raibh sé ábharach. Ach creidim go dtuigim cén fath. D’eirigh leis an Irish Times clúmhilleadh a dhéanamh faoi dhó ar lucht Lá – agus b’é Ó Muiri a scrigh an dhá alt. Níl a fhios agam an bhfuil cosc air ón Eagarthóir, Geraldine Kennedy, Lá/Lá Nua a lua ach shamhlófá go raibh sé ag iarraidh gan Lá a lua ar chúis éigean.

Ar aon nós, tá sean taithí agamsa ar iriseoireacht aisteach Uí Mhuirí chomh fada agus a bhaineann sé Lá Nua agus tá’s agam go dtuigeann sibh an seasamh atá agam.

Cúpla uair ina alt tógann Ó Muirí an cheist faoin slí ar thárla an titim amach is déanaí idir an bhForas agus Foinse/Moinéar Teo. Bheinnse ag tógáil ceiste faoi sin freisin. Cheapas i gcónaí go raibh caidreamh ana shocúil idir an dhá dream.

Ach é sin ráite, ni mór dúinn a thuiscint nach dtuigeann Foras na Gaeilge gnó na bhfoilseacháin. Níl aon duine i measc na gcomhaltaí, a bheadh saineolas acu cé go bhfuil cúpla duine ar an mbórd a bhí ag obair le nuachtán nó ag solathar altanna do nuachtán.

Nílim ag maíomh má dheirim gur ag Lá is fearr atá an taithí ar nuachtáin Ghaeilge. Bhí sé ag daoine romham ann – agus ansan bhí páirt agam féin i mbunú nuachtán laethúil Ghaeilge, an t-aon nuachtán laethúil i dteanga Cheilteach d’aon tsort riamh agus d’eirigh linn sin a dhéanamh i 2003. Dheineamar é gan cead a lorg ón bhForas ach bhí an Fhoras ann ar lá a seolta, ag oscailt na mbuidéil seaimpéin is ag ól is ag ithe na smailceanna a cuireadh ar fáil.

Bhí go leor lochtanna ar Lá, an nuachtán laethúil, ach locht amháin ná raibh air nár aithin an fhoireann go raibh orthu leanacht ag cur barr snáis ar an nuachtán i gcónaí, ag forbairt, ag feabhsú, ag athrú. Ba phroiseas leanúnach a bhí ann -bhaineamar triail as rudaí ag féachaint cé acu an n-oibreodh siad. Nuair nár oibrigh, rinneamar leasuithe agus athruithe go dti gur oibrigh nó dtí gur dheineamar cinneadh rud eigean eile a thriail.

Na nithe sin ar fad, ní fhéadfadh leithéid an Fhorais iad a thuiscint. Ní bheadh gá le saineolas ar nuachtáin chun iad a thuiscint – ní bheadh gá ach le daonnacht. Ach sin rud nach bhfuil i measc acmhainní an Fhorais, de réir dealraimh.

Cinnte tá cuid is mó den cheart ag Ó Muirí nuair a deir sé:

Bhain Móinéar an conradh do nuachtán seachtainiúil nuair a bhí Bord na Gaeilge ann; bhain siad é nuair a bunaíodh Foras na Gaeilge agus lean siad de bheith á bhaint. Léirigh an méid sin féin éifeacht a gcuid oibre agus léirigh breithiúnas cruinn ceart an Fhorais gur thuig siad fiúntas an tionscnaimh a bhí acu.

Dá bharr sin, shílfeá, as measc gach aon rud eile, go mbeadh an caidreamh oibre idir Móinéar agus an Foras ag éirí níos doimhne agus níos rathúla le himeacht na mblianta. Shílfeá go dtuigfeadh an dá dhream a chéile faoi seo.

Ní thuigeann an Fhoras páirtíocht cé go mbionn siad ag caint faoi go minic. Lig siad Lá/Lá Nua chun báis cé go raibh, is dócha, breis is milliún euro caite acu leis. Tá i bhfad Éireann níos mó caite acu ar Foinse – agus tá siad sásta é sin go léir a ligint le sruth agus an tuairim seo á scaipeadh, via an Aire Uí Chuív, go bhféadfadh go mbeadh grúpa eile amuigh ansin a chuirfeadh nuachtán ar fáil ar airgead níos lú ná mar a bhí lorg ag Foinse.

Bíodh is go bhfuil an Druma Mór/Nuacht 24 ann agus iad ag déanamh sar obair, agus nach bhfuil pingin faighte acu ón bhForas, táim ag ceapadh nach mbeadh an Fhoras ag smaoineamh ar tacú leis an dtogra fiúntach sin. Tá sé ró ‘thuaisceartach’ nó tá sé ró ‘neamhspleach’ nó tá sé ró ‘nuálach’. Ní féidir smacht a chur air – nior thosnaigh sé le deontas ón bhForas. An t-aon deontas a fuair Nuacht 24 an t-am agus an duthracht a chuireann an t-eagarthóir agus a fhoireann ar fáil don togra seachtain i ndiaidh seachtaine.

I gcás Foinse, ba ar airgead stáit ar fad a bhí sé beo. Ní raibh sé beo ar dhíolachán – tá meastúcháin éagsúla feicthe is cloiste agam den díolachán a bhí á dhéanamh ag Foinse ó sheachtain go seachtain – idir 4,000 agus 6,000 cóip. Níl a fhios agam go cinnte ach is é mo bharúil gur ró mheastúchán a bhí anseo – nó ba é 6,000 an díolachán is mó a bhí ag an nuachtán de réir ABC ach bhí dáileachán ’saor’ a deineadh leis an Independent san áireamh le sin agus nior deineadh aon dáileachán saor dá leithéid ó shin mar gur athraíodh na rialacha ag cur cosc ar áireamh na cóipeanna a dáíleadh go saor i measc cóipeanna díolta.

Mar sin de, níl aon áireamh údarásach ann. Níl ann ach meastúcháin.

Is cinnte go bhfuil Foinse ag fulaingt mar atá nuachtáin eile ar fud na cruinne de bharr an laghdú i bhfograíocht. Ach ní gnath fograiocht a bhí i Foinse – ní bhíodh Dunnes Stores nó Tesco ag ceannach leathnaigh iomlána chun fogairt a dhéanamh ar na slad mhargaí is déanaí acu. Fograíocht stáit a bhí i gceist agus bhí an fhograíocht sin á fháil acu de bharr go raibh siad lonnaithe ó dheas agus gur chreid na rannoga stait is na h-eagrais poiblí go raibh orthu fograíocht a dhéanamh i nGaeilge de bharr Acht na dTeangacha Oifigiúla. Agus nuair a fuair siad amach nár ghá seo a dhéanamh, nuair a dhiultaigh an Aire Ó Cuív an fhoráil sin san Acht a chur i bhfeidhm i mí Bealtaine 2008, a d’athraigh an phort. Laghdaíodh go mór ar an méid fograíochta i nGaeilge i nuachtáin ar nós Foinse agus Lá Nua – cé go bhfaca mé go leor fógraí ‘dhá theangacha’ i nuachtáin eile ó shin, fograí a bhionn i bhfad níos costasaí ná mar a bheadh sé fogra i mBéarla a fhoilsiú i nuachtán Bhéarla agus fógra i nGaeilge sa nuachtán Ghaeilge.

Táimse ar son Foinse – cé go bhfuilim cáinteach anseo faoi chaighdeáin an nuachtáin, ní doigh liom gur féidir locht a chur ar an bhfoireann buan nó tá siad ag obair le na h-acmhainní atá acu agus b’fhéidir go bhfuil daoine ann ar mhalairt tuairime liomsa faoi chaighdeáin an nuachtáin. Dar liomsa nach aon ghar do Foinse go mbeadh leithéidí Pól Ó Muirí á moladh go h-ard na spéire nuair nach bhfuil an moladh sin tuillte acu.

Táim ar son Foinse a choinneáil mar go gcreidim gurb é sin an slí is fearr le h-iriseoireacht chlóite na Gaeilge a thabhairt slán agus má tá an nuachtán beo, is féidir feabhas a chur air.

Mothaímse nach bhfuil Ó Muirí géar a dhothain ar an bhForas ina alt – ar ndóigh b’fhéidir nach féidir leis a bheith nó nach é eagarthóir Comhar freisin, an iris mhiosúil atá ag fáil deontas substaintiúil, breis is €11,000 in aghaidh an eagráin i 2008. Mar sin de, fiú má theipeann Foinse, beidh seisean go fóill beo ar dheontas ó Fhoras na Gaeilge.

Sa pharagraf deireannach den alt, deir Ó Muirí:

Tá an nuachtán Gaeilge is fearr dá raibh ag pobal le Gaeilge le glúin ar tí druidim. Tá an Foras agus Móinéar Teo ina seasamh ar aill. Ní gá dóibh titim léi; níor chóir dóibh titim; níor cheart go ligfí dóibh titim.

Níl an Fhoras i mbaol ar bith. Má theipeann orthu teacht i gcabhair ar Foinse, leanfaidh siad orthu. Beidh siad beo. Beidh foireann Foinse ar an dól – ach nár chuir Foras na Gaeilge daoine ar an dól roimhe agus nior chuir sé isteach orthu? Agus ní chuirfidh sé isteach nó amach orthu go mbeidh níos lú measa orthu de bharr an chinnidh – an bhféadfadh meas nios lú bheith ar an bhForas ná mar atá?

Mar a tharlaíonn sé tá alt eile ag Ó Muirí a léiríonn go beacht an mí-eifeacht seo. Tuairiscítear go bhfuil na coimisiún a rinne an Fhoras ar leabhair nua don bhliain seo tarraingthe siar ag an bhForas agus gur ‘trí thaisme’ a cuireadh amach litreacha chuig na bhfoilsitheoirí ag fogairt is ag diultú coimisiúin roimhe seo.

An bhfuil Foras na Gaeilge chun deireadh a chur le scriobh na Gaeilge mar ghairm ar fad i mbliana agus scríobh leabhair Ghaeilge a fhágáil faoi na páistí scoile?

17 06, 2009 Posted by igaeilge | An Ghaeilge, Cúrsaí Reatha | , , , , | 13 freagra

Costas COMHAR

Le déanaí fuaireas litir ó Comhar i mBaile Átha Cliath ina raibh bileog amháin stapláilte le leath bhileog dea mhéine. Ar an mbileog seo bhí ráiteas maidir le cúntais na h-irise. Ní fheadar cén fath ar seoladh an t-eolas seo chugam. Nior iarras é. Ach is dócha go raibh muintir Comhar ag iarraidh bheith cuiditheach liom ós rud é gur léiríos suim san ábhar anuraidh.

De réir an raitis sin d’ioc Foras na Gaeilge deontas de €35,874 le Comhar Teo le linn 2008. Le linn na bliana céanna d’fhoilsíodh trí eagrán de Comhar. Sin cothrom le €11,958 in aghaidh gach eagrán. Níl a fhios agam cén díolachán atá ag Comhar – ach fiú má thugaimíd an 1,000 coip a luaigh an Sunday Tribune leis an díolachán do, bhuel, fagann sin go bhfuil deontas de €11.95 á fháil ag gach cóip de gach eagrán a dhíoltar.

Níl ach eagrán amháin de Comhar feicthe agam i mbliana agus táim im chónaí sa Ghaeltacht, áit inar díoladh Lá Nua agus ina bhfuil Foinse fós á dhíol ag an trí shiopa ina dhíoltar nuachtáin. An eagrán a chonac, ní raibh morán brí leis. Nior thugas faoi ndeara go raibh aon rud nua-fhísiúil ag baint leis, faoi mar ar gheall an bórd go mbeadh nuair a rinne siad achomharc chuig an Fhoras faoin chinneadh a glacadh i nDeireadh Fómhair 2007 gan deontas a cheadú don iris an uair sin.

Ach fiú dá mba é an iris ab fhearr riamh, dá mbeadh sé leath chomh tarraingteach le nós* ina leagan amach nó an triú chuid chomh suimiúil le Time nó an New Yorker ina chuid ábhair, bheadh ceisteanna le togáil faoin fhordheontas ollmhór in aghaidh an eagráin atá á íoc leis ag an bhForas. Dar liomsa níl luach ár gcuid airgid á fháíl againn agus más amhlaidh go ndeir daoine nach bhfuil an ceart agam é sin a rá gan níos mó eagráin den iris a bheith feicthe agam, déarfaidh mé an méid seo. Nior cheart go mbeadh sé ró dheacair an iris a dháileadh go Múscraí nó fiú é a chur ar fáil, ar bhonn síntiúis, ar an idirlíon, mar atá á dhéanamh ag nós* agus ag Nuacht 24, saor in aisce, agus Lá Nua/Lá rompu.

Tuigim go bhfuil sé ráite le déanaí ag Foras na Gaeilge go bhfuil athbhreithniú iomlán ar bun ar an gcaoi a chuidíonn an chomhlacht teanga leis na meáin Ghaeilge. Athbhreithniú é seo atá ar siúl le blianta fada, chomh fada is a thuigim, nó bhíos den tuairim gur deineadh athbhreithniú iomlán ar an gcaidreamh seo sara fograíodh an chomórtas le h-aghaidh nuacht fhoilseachán laethúil cothrom an ama seo i 2006. An é seo an t-athbhreithniú céanna nó an ceann eile arís atá i gceist? Níl a fhios agam cá stopann athbhreithniú amháin agus cá dtosnaíonn athbhreithniú eile. Táim caillte i lubrán na n-athbhreithniú!

Tá seo ráíte i litir a h-éisíodh le déanaí ón bhForas – ach ag an am chéanna, tá an Fhoras ag plé le Moinéar Teo. faoi chonradh nua Foinse. Bhí seo le bheith socruithe i bhfad ó shin – ag deireadh 2008 nuair a chriochnaigh an chonradh deireannach a bhí idir Moinéar agus an Fhoras. Ach de bhrí ná raibh an Foras ullamh, cuireadh síneadh leis an gconradh go dtí deireadh mhí an Mhárta. Go fóill níl aon deatach bhán ó Chearnóg Mhuirfean ar an gceist. Agus anois go bhfuil ‘athbhreithniú’ ar bun an é go bhfuil siad chun aontú an chonartha a chuir ar an méar fhada go dti go mbeidh an athbhreithniú thart nó Lá Pilib a’Chleite/Lá Eoghain Dic….? Ag an am chéanna tá Foinse ag foilsiú leis agus an sruth airgid a bhí ag sní isteach go dtí cúntais an nuachtáin ó fhograí stait imithe i leig go mór. Go deimhin is minicí a fheicim fógra ó Roinn an Fheidhmeannais ó thuaidh nó rannóga rialtais ó dheas anois i ‘bpríomh nuachtán náisiúnta na Gaeilge’.

Níl aon suim leasmhar agam i nós* – cé go bhfuil cara liom mar eagarthóir ar an iris. Chuireas alt amháin ar fáil don iris agus nior lorgaíos iocaíocht air. Ach feictear dom go bhfuil sé thar a bheith míchothrom go bhfuil an iris sin fagtha gan deontas ar bith agus Comhar ag fáíl breis is € 11,000+ in aghaidh an eagráin – cheapfá le féachaint orthu gurb é Comhar an t-iris atá gan airgead agus gurb é nós* atá saibhir….

Fógraíodh inné go raibh an tAire Ó Cuív ag daileadh a ghrastaí ar Raidió Rí Rá agus ag bronnadh deontas €40,000 ar an staisiún. Cuireadh failte roimis an bhfógra seo inné – cé gur doigh liomsa gur suarach an méid é i gcomórtas leis an t-airgead atá geallta aige le h-aghaidh an dara aonad aistriúcháin agus stiurthóír a bheidh ag déanamh ‘athbhreithniú ar an gCaighdeán Oifigiúil’, (eag: múscail mé ón dtromluí seo), amhail is go ndéanfaidh sin athrú ar an slí a labhrann is a úsáideann daoine an Ghaeilge. Má theastaíonn ón Aire an Ghaeilge mar a labhartar í sa phobal agus mar a scríobhtar í a shimpliú ar shlí eigean, ní gá do ach an €3m atá á chaitheamh aige ar an dara aonad aistriúcháin seo a infhéistiú sna meáin Ghaeilge – idir Raidió Rí Rá, Raidió na Life, Raidió Fáilte, Anocht FM agus nós* mar thús – ansan comórtas a fhogairt le h-aghaidh foilseachán dirithe ar pháistí óga, iris sheachtainiúil do bhuachaillí agus do chailíní scoile le leaganacha Ghaeilge de scéalta Ben 10 nó Barbie agus fiú Fionn agus na Fianna is Cú Chulainn. D’fhéadfaí roinnt airgid a chaitheamh freisin ar shuíomh idirlín le leaganacha Ghaeilge de chluichí bunaithe ar charaictéirí chartúin a bhionn á chraoladh ar TG4….Dora, Batman agus a leithéid…..

Nílim a rá nach bhfuil gá go ndéanfaí aistriúchán ar na h-ionstraim reachtúla nó go ndeinfear simpliú ar an gCaighdeán Oifigiúil amach anseo – ach níl sé práínneach ANOIS. Dein an infheistíocht atá á mholadh agam agus is mó an seans go mbeidh an t-éileamh an i gceann deich nó scór de bhlianta – agus na h-acmhainní freisin – le h-aghaidh an obair aistriúchán atá molta ag an Aire.

Idir an dhá linn, beidh cruinniú bhliantúil ag Comhar i gceann coicíse nó mar sin. Ba cheart do bhaill na cuideachta sin a thuiscint nach bhfuil an t-iris atá á fhoilsiú faoi ainm uasal na h-irise sin inchurtha leis an ré seo. Iris sean fhaiseanta gan splanc na nuálachta é, gan aon sort tuiscint ar an rud atá ag teastáil ó leitheoirí na Gaeilge sa nua-aois. Iris analógach don ré digiteach. Níl aon dealramh ag an suíomh idirlín le suíomh iris ar bith eile. Níl aon rud ar Comhar a mheallfadh mé chun eagrán na míosa seo a cheannach nó, fiú dá mbeadh, níl aon slí ann chun sintiús a cheannach.

Bheadh an iris ina cheap magaidh murach go raibh an oiread san airgead phoiblí á infheistiú ann.

26 05, 2009 Posted by igaeilge | An Ghaeilge, Cúrsaí Reatha | , , , , , , , | 13 freagra

Omerta i saol na Gaeilge

anspeallaireOmerta an rud a thugtar ar an ngeasa atá ar bhaill den Mafia gan a bheith ag labhairt le daoine taobh den teaghlach choiriúil sin faoi chúrsaí gnó.

Nílim ag maíomh go bhfuil saol na Gaeilge ina theaghlach choiriúil – ach táim den tuairim go bhfuil rud éigean ar nós ‘Omerta’ i réim maidir leis an slí a théimíd i ngleic leis an domhan lasmuigh.

B’fhéidir nach íontas é sin. Tá saol na Gaeilge ana chúng.

Sampla den ‘Omerta’ seo an méid atá ráite in eagrán na deireadh seachtaine seo de Foinse, ‘príomh nuachtán náisiúnta na Gaeilge’ faoi scéal Comhar, scéal a thug iGaeilge chun solais le déanaí.

I gcolún An Speallaire, cibé duine é nó í féin, tá tagairt déanta arís do scéal in iGaeilge. Beidh orm tosnú ag lorg táille ríogachta ó Foinse….

Creidimse, mar a dúirt mé sa scéal thuas luaite, go bhfuil sé tabhachtach an eagothromas soiléir idir irisí ar nós Comhar, atá maoiniú á fháil acu atá as chuimse le caighdeán na h-irise, agus nós*, iris atá snásta agus bríomhar in ainneoin nach bhfuil aon deontas á fháil ag an iris ó Fhoras na Gaeilge. Nior iarr lucht nós* orm an méid a dúirt mé a rá anseo.

Ansan foilsítear scéal sa Sunday Tribune, nuachtán atá traidisiún aige scéalta den chineál seo faoin nGaeilge a fhoilsiú. Dar leis an nuachtán sin is ionann gach pingin a chaitear ar an nGaeilge agus pingin caite amú. Anuas ar sin tá scéalta cailleach an uafáis foilsithe ann le blianta beaga anuas faoi na ‘céadta milliún’ a bheith caite ar fheidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla. Sna scéalta sin, deineadh tuairisciú ar an méid a dúirt foinsí sa Seirbhís Phoiblí faoin ‘imní’ a bhí orthu go gcaithfear na céadta milliún ar aistriúcháin Ghaeilge ar chaipéisí Béarla, cáipéisí nach léitear i mBéarla fiú, rud atá ráite agam go minic.

[I dtuairisc eile ar Foinse, tá sé luaite leis an Seanadóir Jerry Buttimer(Fine Gael) go bhfuil sé sin ag lorg athbhreithnithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla de bharr go bhfuil caipéisí nach bhfuil á léamh i mBéarla á aistriú go Gaeilge.]

Ar ais go dtí an Speallaire. Tágraíonn an Speallaire don scéal a bhí ar iGaeilge faoi Comhar agus an airgead a bhí á chaitheamh air ach leag an cholúnaí béim ar an liamhainn a rinne duine amháin a thug freagra ar scéal iGaeilge, gur sceitheas an scéal leis an Tribune.

Sa chéad dul síos, níor dheineas a leitheid. Ní rithfeadh sé liom scéal a chur chuig an Sunday Tribune – agus is cinnte nach gcuirfinn leagan míchruinn den scéal chuig nuachtán ar bith.

Ach nach bhfuil sé aisteach go mbeadh colúnaí i bpríomh nuachtán náisiúnta na Gaeilge chomh buartha faoi ‘foinse’ an scéil sa Tribune, seachas sa scéal é féin ina bhfuil proiséas ‘neamh chaighdeánach’ Fhoras na Gaeilge maidir le bronnadh an chonartha d’iris mhíosúil na Gaeilge faoi chaibidil?

Ritheann sé liom go bhfuil ceangal laidir idir Foinse agus Comhar, ceangal a tugadh faoi ndeara nuair a bhí an chonspóid faoi chaidreamh iar eagarthóir Comhar, Aindrias Ó Cathasaigh, le bórd na h-irise, i mbéal an phobail anuraidh.

Tá eagarthóir shealadach Comhar, Pól Ó Muirí, ina cholúnaí le fada an lá le Foinse agus ní chailleann sé deis cás an nuachtáin sin a cheiliúradh ina cholún san Irish Times. Agus ansan, i mí Feabhra, b’é cuairt eagarthóir Foinse, Seán Tadhg Ó Gairbhí, ar Washington le h-aghaidh insealbhú Barack Obama príomh scéal Comhar.

Sílim gurb é an rud is cineálta a fhéadfaí a rá faoin bproiséas faoinar bronnadh conradh nua ar Comhar ná raibh sé den chaighdeán. Séanadh an chonradh ar Comhar i nDeireadh Fómhair 2007 agus cinneadh ag an gcruinniú céanna de bhórd an Fhorais go ndeanfaí an chonradh a athfhogairt sa bhliain úr. Nior tharla aon athfhogairt agus, in áit sin, bronnadh an conradh, conradh a bhí geall leis dhá oiread chomh mór leis an chonradh a bhi ag an iris roimhe, ar Comhar.

Agus mura n-aithníonn príomh nuachtán náisiúnta na Gaeilge go bhfuil lúb ar lár ansin, tá dul amú air. Agus má aithníonn – agus is dócha gur féidir a rá go n-aithníonn nó bhí An Speallaire scrúpalach sa bhealach nár luaigh sé an phríomh phointe sa scéal a bhí ag iGaeilge faoi Comhar ag eirí as an alt sa Sunday Tribune, tá ceisteanna le tógaint faoi neamhspleachas agus caighdeáin iriseoireachta ag an bpríomh nuachtán náisiúnta Ghaeilge.

14 03, 2009 Posted by igaeilge | An Ghaeilge, Cultúr, Cúrsaí Reatha, Nuacht | , , | 9 freagra

An chraiceann is fearr á chur ar scéal COMHAR…

Scéal eile i Tribune an Domhnaigh inniu, scéal eile faoi airgead a bheith á ‘chur amú’ ar an nGaeilge.

An uair seo, deir an ceannlíne, ‘€231,000 grant for tiny Irish language magazine’. Comhar an ‘tiny Irish language magazine’ atá i gceist.

Aon duine a bhionn ag léamh an suíomh seo go rialta, beidh a fhios aige nó aici go bhfuilim tar éis roinnt ceisteanna a thógaint faoi mhaoiniú Comhar ón bhForas.

Agus Féile Mór na Rásai Capall ag Cheltenham ag teannadh linn, is fiú a lua go bhfuil ‘form’ ag an Sunday Tribune ar cheisteanna dá leithéid. Níl sé ró fhada ó shin gur fhoilsíodh scéal sa nuachtán céanna a bhí ag cur síos ar na milliúin a bheith á chaitheamh ar aistriúcháin ó Bhéarla go Gaeilge sna ranna Rialtais. Bhí plé againn ar an scéal sin anseo.

Léiríonn scéalta den chineál seo, áfach, go bhfuil na meáin Bhéarla ag díriú a gcuid gunnaí ar an nGaeilge agus iad ag iarraidh teacht ar bhealaí chun airgead ón sparán phoiblí a ‘choigilt’ agus, anuas ar sin, ceap milleáin a aimsiú.

Tá’s ag an saol Gaelach, áfach, nach bhfuil an Sunday Tribune agus a leitheid tagtha ar chroí an scéil go fóill – go bhfuil na milliún Euro in aghaidh na bliana á chur amú ar fhiontair Ghaeilge gan brí – agus fiontair fiúntacha le h-achmhainneacht, léitheidí Lá Nua, ligthe chun báis ‘ceal acmhainní’.

Go deimhin luadh scéal ‘Lá Nua’ sa scéal seo sa Tribune inniu.

Ironically, a daily Irish language newspaper was forced to close last December after its funding as cut by Foras na Gaeilge

Ach ní chuige sin atáim.

Tá roinnt ráitis sa tuairisc sa Tribune atá le ceistiú.

Mar shampla:

However, Foras na Gaeilge has defended the spending and said Comhar magazine was the successful applicant in a standard tender process.

Cibé rud a fhéadfaí a rá mar gheall ar an bproiseas tairisceana ina raibh Comhar páirteach agus, de réir na tuairisce, buach ann, ní fhéadfaí ’standard’ a lua leis.

Ní thugann tuairisc an Sunday Tribune aon súntas don chinneadh a deineadh ag cruinniú Bhoird an Fhorais i mí Dheireadh Fómhair 2007, cinneadh atá faoi chaibidil i miontuairiscí an Fhorais don bhliain sin, miontuairiscí atá foilsithe i nGaeilge amháin ar shuíomh an Fhorais anseo.

27
04.60 AN COISTE AR NUACHTÁIN AGUS AR IRISÍ: TUAIRISC

Scém Iris Chlóite

Mhol an Coiste gan tairiscint a dhÈanamh do Comhar Teo. agus an scéim a
athfhógairt sa bhliain úr de réir téarmaÌ tagartha athbhreithnithe.

Ghlac an Bord leis na moltaÌ.

Mar atá’s agaibh, ní raibh aon ath-fhógairt ann. Ceapadh bórd nua ar Comhar agus fuair siad an conradh úr atá faoi chaibidil ag an Sunday Tribune tar éis ‘cainteanna’ idir an dhá eagras.

Ní thuigim, mar sin, cén fath go bhfuil an méid seo luaite le Seán Ó Cearnaigh.

“There were two applications, one from Comhar and one from another party [Y]…the application from party Y was disqualified because it did not reach a specific qualifying mark as set out in the documents, which outlined the assessment process.

”For third party, commercially sensitive reasons, I cannot coment on the sums, if any, which related to party Y’s application.”

Agus ansan níos déanaí, tuairiscítear:

Foras na Gaeilge said the application by Comhar had met all criteria but that a deal had not been agreed until last Summer.

Más amhlaidh gur sháraigh Comhar na critéir ar fad, faoi mar atá á mhaíomh anseo ag an bhForas, de réir na tuairisce, cén fath mar sin gur cinneadh ag cruinniú an Fhorais i mí Dheireadh Fomhair 2007 diultú d’iarratas Comhar agus athfhógair a dhéanamh?

An bhfuil bréag á chur i mbéal úrlabhraí an Fhorais ag an dtuairisceoir? Nó an é go bhfuil urlabhraí an Fhorais ag iarraidh an craiceann is fearr a chur ar an scéal agus a fhios aige nach bhfuil an Ghaeilge ag an tuairisceoir chun dúshlán a thabhairt dá ínsint tre miontuairiscí an Fhorais féin a scrúdú?

Níl a fhios agam, ach an oiread, cad as a thagann an fhigiúir díolachán atá luaite le Comhar? An bhfuil Comhar ag díol níos mó ná 1,000 coip in aghaidh an eagráin, mar atá á mhaíomh sa tuairisc seo?

Beag an baol. Níl sé ar díol anseo i Múscraí nó, de reir tuairiscí, i gConamara? Cá bhfuil sé ar díol?

Mo thuairim féin nach bhfuil morán níos mó ná 200 coip in aghaidh an eagráin á dhíol ag Comhar.

Agus sa chás sin, de réir mo mhatamaitic féin, tá deontas sa bhreis ar €40 in aghaidh an chóip a dhíoltar á fháil ag Comhar. Sin airgead deas más féidir leat amadán éigean a fháíl chun é a thabhairt duit!

Sa mhír deireannach den tuairisc, luaitear le Seán Ó Cearnaigh, feidhmeannach de chuid an Fhorais, nach bhféadfadh sé ‘buile faoi thuairim a thabhairt faoin deontas in aghaidh an chóip a bhí á fháíl ag Comhar mar nach bhféadfaí sin a ríomh go dtí go raibh tréimhse an chonartha criochnaithe.

Seo an méid a luaitear le fear an Fhorais:

”As continued payments under the contract are subject to periodic progress reviews and the achievement of targets (among them circulation targets) the exact subvention per copy will not be known until the end of the contract period.”

Táimse – agus bhí mé riamh – ar son athbheochan Comhar. Ach níl sin ag titim amach faoi láthair. Is iris é Comhar inar foilsíodh na sár údair Ghaeilge – Máirtín Ó Cadhain, Máirtín Ó Direáin is eile – ach ní h-ionann an chaighdeán i leagan an lae inniu, dar liom.

Féach ar nós*, iris nach bhfuil ag fáil pingin rua ón bhForas, nó Nuacht 24, iris eile atá taobh amuigh de chiorcal órga na meáin Ghaeilge a fhaigheann deontas, agus tuigfidh go bhfuil rud éigean i bhfad níos fearr indéanta ná mar atá á fhoilsiú ag Comhar faoi láthair.

Is mór an náire é.

Dála an scéil, tá comhghairdeas ag dul d’Fhoras na Gaeilge. D’eirigh leis an comhlacht tras teorainn teanga atá freagrach as cur chun cinn na Gaeilge tuarascáíl bhliantúil a fhoilsiú ag tús na seachtaine seo chaite. Is é seo an tuarascáil bhliantúil le h-aghaidh 2004 – ní raibh ach moill CEITHRE BLIANA air.

8 03, 2009 Posted by igaeilge | An Ghaeilge, Cultúr, Cúrsaí Reatha, Nuacht | , | 5 freagra

Comhar agus éagóir

Tá sé tugtha faoi ndeara agam go bhfuil COMHAR ag lorg ‘Eagarthóir Buan’ arís. Foilsíodh fógra i FOINSE Dé Satharn agus b’shin é go díreach a bhí ann.

Roimhe seo ní raibh ón iris ach ‘Eagarthóir’. Agus ní ró bhuan a bhí seal Aindrias Ó Cathasaigh. Deineadh éagóir air, creidim, agus tá mo thuairimí ar an scéal sin nochtaithe i dtrachtaireacht eile ar an mblag seo.

Is féidir an scéal nach mór iomlán faoi ‘mar a chaill iris Ghaeilge a eagarthóir’ a léamh anseo.

Tá mír amháin nach bhfuil ann. Is é sin cur síos níos cruinne ar an méid a thárla dom féin. Creidim freisin gur deineadh éagóir orm féin. Mar a thugas le fios roimhe seo ar an suíomh seo chuireas isteach ar an bpost, d’fhreastalaíos ar agallamh agus chuas faoi ‘scrúdú’ maidir le mo scileanna eagarthóireachta. Ghlacas lá saor ó mo chuid oibre chun taisteal go Baile Átha Cliath chun freastal ar an agallamh agus chun bheith ann in am – agus bhí orm feitheamh ar bhaill an bhoird agallaimh teacht ina ndribanna agus ina ndreabanna mar go raibh siad mall.

Ach ní h-é sin iomlán an scéil mar ar fuair mé amach le déanaí.

Nó tá sé dearbhaithe agam gur tharla beart sna laethannta deiridh roimh an spriocdáta le h-aghaidh iarratais don phost a d’fhag go raibh an proiseas ceapacháin faoinar ceapadh Aindrias Ó Cathasaigh faoi smál.

Níl aon ghearán agam faoi iompar Uí Chathasaigh. Tá árd mheas agam air mar scríobhnóír agus bhi COMHAR á stiuradh ar bhóthar na leasa aige le linn a sheal ghairid mar eagarthóir. Ach tá údar gearáín agam faoi iompar Chathaoirleach an Bhoird Agallaimh. Creidim go bhfuil ceisteanna bunúsacha maidir le h-iontaofacht an phroisis cheapacháin agus deachleachtais is eiticí i gceist anseo.

De reir an eolais atá agam rinne Cathaoirleach an Bhoird Agallaimh teagmháil le triú pháirtí ag iarraidh ar an páirtí sin fiafraí ar Aindrias Ó Cathasaigh glaoch a chur ar an gCathaoirleach – agus ball de bhórd stiúrth COMHAR – maidir leis an gcomórtas chun comharba a aimsiú ar Mhicheál Ó hUanacháin.

Tharla sé seo seachtain roimh an sprioc dáta. Is cosúil ná raibh duine ar bith istigh ar an bpost ach mé féin sara tharla an gheaitsíocht seo ar fad. Chuir Aindrias Ó Cathasaigh glaoch agus labhair sé le ball bhoird COMHAR. Dúradh leis go raibh an fholúntas sin ann agus gurb fhiú do cur isteach ar an bpost. Chuir sé isteach ar an bpost.

Níl a fhios agam an raibh a fhios ag Aindrias nuair a ghlaoigh sé ar an t-é atá luaite gurb é an Cathaoirleach ar an mBórd Agallaimh a bhí sé ag labhairt leis. Ach is cinnte go bhfuair sé seo amach nuair a rinne sé an agallamh.

Chomh fada is a bhaineann sé liom, bhí coimhlint leasmhar soileir sa chás seo. Bhí teagmháil idir Chathaoirleach an Bhóird Agallaimh agus iarrathóir. Cuireadh beirt faoi agallamh agus fuair an t-é a dúirt Cathaoirleach an Bhoird Agallaimh leis gurb fhiú do cur isteach ar an bpost, fuair an iarrthóir sin an phost.

Fuaireas an scéal faoi thoradh an ‘chomortais’ nuair a léas é i dTuarascáíl ar an Irish Times ar an 25ú Meitheamh 2008. Ait go leor is é sin an t-aon eagrán de Tuarascáíl nach bhfuil ar fáíl ar shuíomh an Irish Times. Má ghabhann tú ann gheobhaidh tú Tuarascáil na seachtaine roimhe, 18ú Meitheamh.

Ar aon nós, rinne mé gearán faoi sin nó chreideas – agus creidim – gur cheart go gcuirfí na h-iarrthóirí ar an eolas faoi thorthaí chomórtais do phost roimh a chuirfí scéala sna meáin.

Gabhadh leithscéal liom – agus bhí an méid seo i leanas le rá sa litir a seoladh chugham ó Bhórd Comhar.

Is oth liom a rá leat gur iarrthóir eile a mhol an bord agallaimh do Bhord Comhar agus atá roghnaithe ag an mBord mar dhuine go bhfuilimid ag tairiscint chúram an eagarthóra dó. D’aithin an bord agallaimh go raibh taithí fhairsing agat féin, mar aon le cáilíochtaí agus scileanna a bhí ábhartha don chúram ach ba é a mbreithiúnas gur thuill buanna an iarrthóra dár dtug siad an chéad áit sa chomórtas gur dósan a thairgeofaí cúram an eagarthóra an babhta seo.

Tá aiféala orm nach dtig liom scéal níos dearfaí a thabhairt duit. Ba mhór againn iarratas a fháil ó dhuine le do chuid cáilíochtaí agus cleachtadh agus a léirigh an oiread sin urraime agus tacaíochta do Comhar. Guímid gach rath ort sna blianta atá romhainn.

Ghlac mé leis an mbreith úd mar a ghlacas le daorbhreitheanna eile a fuair mé i gcaitheamh mo shaol ghairmiúil. Tarlaíonn a leitheid. Bogann tú ar aghaidh.

Ach ansin nuair a fuaireas amach faoin gheaitsíocht ar chúl téarmaí ar mhaithe le cinntiú nach bhfaighinn an post, fiú is go raibh na ‘cailíochtaí is na scileanna a bhí abhartha’ agam, de réir na litreach thuas agus mar a bhí léirithe agam le linn mo sheal le Lá/Lá Nua, chuir sin an lasair sa bharrach.

Bhí agus tá fearg orm faoi. Ní h-amháin gur chuir siad mo chuid ama amú ach thuig siad go mbeinn sásta páirt a ghlacadh sa gheamaireacht ar ar thug siad comórtas oscailte do phost agus glacadh leis an toradh nuair a bhí agus atá ceisteanna bunúsacha faoin bproiseas sin.

Sheol mé litir chuig Cathaoirleach Bhórd COMHAR seachtain ó shin ag cur mo mhí shastacht in iúl do. Thug mé go dtí 27 Feabhra do freagra sasúil a thabhairt ar mo ghearán ach nuair a léigh mé Foinse ag an deireadh seachtaine, agus an fógra istigh ann do ‘Eagarthóir Buan’, ghlac mé leis gurb é sin an freagra agus ná raibh aon éisteacht le tabhairt do mo ghearán. Mar sin táim ag foilsiú mo leagan den scéal go poiblí.

Níl a fhios agam cén fath go raibh gá leis an gheaitsíocht ar thárla leis an gceapachán seo – ach bhí droch thoradh air.

Tá suim mhór airgid phoiblí, €231,545 thar tréimhse dhá bhliain go leith, á fháil ag COMHAR Teoranta ó Fhoras na Gaeilge, comhlacht tras teorainn atá á riar de reir cód cleachtais maidir le coimhlint leasmhar, an sárú eiticí atá i gceist sa chás seo.

Sheolas an litir céanna a sheol mé chuig Cathaoirleach Bhórd Comhar go dtí Cathaoirleach Bhórd an Fhorais agus chuig Príomh Fheidhmeannach an Fhorais.

An bhfuil Foras na Gaeilge sásta go bhfuil eagras atá siad ag maoiniú ag sarú dea chleachtais maidir le proisis ceapacháin sa bhealach a saraíodh an proiseas i mo chas?

An bhfuil siad ag fiosrú mo chás?

Nior deineadh teagmháíl liom ó sheol mé na litreacha sin chuig an Fhoras.

Tá go leor gheaitsíocht ar chúl téarmaí ag titim amach san earnáil airgeadais agus tá an pobal feargach ina leith.

Fiú mura bhfuil na milliúin is billiúin Euro i gceist agus nach bhfuil ann ach post ar iris nach ndíolann ach cúpla céad eagrán, tá sé tabhachtach nach mbeadh an údar feirge céanna ag an phobal faoi gheaitsíocht san earnáil Ghaeilge. Olc go leor nach féidir leis an bhForas a gcuid cúntais féin a fhoilsiú in am ach seo cás ‘prima facie’ go bhfuil cliaint comhlacht de chuid an Fhorais ag sarú na caighdeáin atá an Fhoras féin ag maíomh go bhfuil siad ag cloí leo.

Tá sé tabhachtach go mbeadh duine ar bith atá ag smaoineamh ar chur isteach ar an bpost seo, Eagarthóir ‘buan’ COMHAR, ar an eolas faoi seo agus a s(h)úile go h-iomlán oscailte faoin cineál cleachtais a cheadaitear sa chomhlacht atá ag maíomh go bhfuil siad ag lorg a s(h)eirbhísí.

Níl a fhios agam conas a thagann an scéal sin le cur chuige an eagarthóra eatramhaigh, Pól Ó Muirí, ina chúram. Ní féidir liom breith a thabhairt ar an meid atá déanta ag Ó Muirí de bharr nach bhfuil teacht ar COMHAR sa chomharsanacht seo. An bhfaca éinne agaibhse COMHAR le déanaí?

18 02, 2009 Posted by igaeilge | An Ghaeilge, Cultúr, Cúrsaí Reatha | | 11 freagra

Nós* – iris órga nach bhfuil sa chiorcal órga

cludach7
Le déanaí dúirt Éamon Ó Cuív, an Aire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, go raibh go leor bainte amach le blianta beaga anuas ag lucht na Gaeilge. B’é seo go beacht an méid a dúirt sé.

NUAIR A fhéachaimid ar dhul chun cinn pholasaí na Gaeilge le blianta beaga anuas, seasann nithe áirithe amach. Mar shampla, Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, stádas oifigiúil agus oibre a bhaint amach don Ghaeilge san AE agus Ráiteas an Rialtais i leith na Gaeilge 2006.

Táímse ar an taifead. Creidimse gur tubaistí an tri ‘ní’ a luaigh an Aire. Seo iad an trí rud a luafainnse:
Bunú Nós*, iris nua aoiseach na Gaeilge, bunú An Druma Mór, seirbhís nuachta idirlíne trí Ghaeilge agus fás ar an mblagadóireacht Ghaeilge trí cheile agus teacht ar an saol an Samsung Tocco/tuar théacs Ghaeilge.

B’fheidir go bhfuil nithe eile nár mhiste libh a lua.

Tá nós* ann anois agus tá an eagrán is déanaí faighte agam tríd an phost. Tá sintiús agam, tá’s agat. An bhfuil ceann agat?

Tá go leor ábhair san iris seo atá spéisiúil agus arbh fhiú é a léamh. Léiríonn sé a fheabhas is atá an dream óg níos óige i mbun a gcúram. Tá sé do chreidte nach bhfaigheann an iris seo deontas ar bith.

Ar an láimh eile tá Comhar, athsheolta ach seanachaite cheana féin. Bheinn sásta leirmheas a scríobh ar Comhar ach níl teacht ar an iris sa Ghaeltacht. Bhí mé i gConamara an tseachtain seo chaite agus ní raibh teacht air – agus níl teacht air anseo i Múscraí ach an oiread. Níl suíomh idirlíne acu le gur feidir leat sintiús ar líne a cheannach. Tá siad sáite sa chloch aois. Ach tá an iris sin ag fáil €8,500 in aghaidh an eagráin. Le deontas den tsort sin, cad is fiú bheith ag iarraidh an iris a dhíol leis an bpobal?

Fuair Comhar an deontas sin ó Fhoras na Gaeilge – agus, creid nó creid, is é sin an deontas céanna, a bheag nó a mhór a bhí Lá Nua ag fáíl in aghaidh na bliana ón institiúid teanga tras teorainn. RInne Lá Nua iarracht coipeanna a dhíol-agus bhí diolaíocht de thart ar 1500 coip acu. Ag cur san áireamh go raibh deontas arbh fhiú €1,500 in aghaidh an eagráin ag Lá Nua, b’ionann sin agus deontas €1 do gach ceannaitheoir. Níl a fhios agam cé mhéid coip de gach eagrán de Comhar a dhíoltar – ach abair go bhfuil dhá chéad ann. Is ionann sin agus deontas €40+ do gach ceannaitheoir le h-aghaidh gach eagrán.

Caithfidh nach bhfuil cúrsaí airgid chomh h-olc sin ar fad ag Foras na Gaeilge nó sa gheilleagar trí cheile….

Tá’s agam nach ar son deontais a bunaíodh nós* ach ar son seirbhis a sholathar don aois nua agus ar son irise don aois nua a chur ar an margadh. Tá éacht bainte amach acu. Tá amhras orm go loitfí an spioraid sin dá bhfaighidís deontas ón bhForas.

Ar an láimh eile, nuair atá iris eile, ar nós Comhar, ag fáil deontas chomh flathúil ón bhForas, tá rud éigean lofa ag titim amach.

Aontaím go poinnte leis an méid a deir Gael Gan Náire ar a bhlag:

Muna gceannaíonn go leor againn nós*, caillfear é agus bheadh fianaise againn nach mbeadh mórán Gaeilgeoirí dáirire fán teanga a léamh, rud atáim in amhras faoi más féidir liom a bheith ionraic ar feadh soicind.

Cad a deir tú ansin, ‘ba chóir go mbeadh deontas ag nós*?’ Ó aidh cinnte ba chóir, ansin, you wouldm’t feel guilty about being too tight fisted to buy it? Nach bhfuil an cheart agam?

Ach sílim go bhfuil gá leis an dhá rud – deontas agus diolachán chun cuidiú le h-iris – nós* – fás go dtí go mbeadh sé inmharthanach. Is cinnte go bhféadfaí deontas réasúnta a bheith ann chun cuidiú le nós* AGUS le Comhar, dá mbeadh dealramh éigean ar an iris sin go raibh sé dáiríre ag iarraidh freastal ar mhargadh seachas ar an deontas.

Ní dócha gur sin rud a tharlóidh seo i ré an chiorcail órga chacúil seo.

12 02, 2009 Posted by igaeilge | An Ghaeilge, Cultúr, Cúrsaí Reatha, Nuacht | , , | 1 freagra

COMHAR agus Ciorcal Órga na Gaeilge

Nuair a fhreastalaíos ar an Oireachtas i gCathair na Mart i 2007, is cuimhin liom iarracht a dhéanamh ar shintiús a ghlacadh le Comhar, a bhí ag an am sin i mbaol a bháis de bharr cinneadh an Fhorais deireadh a chur lena chonradh, ón eagarthóír a bhí ann an uair úd, Mícheál Ó hUanacháin.

Bhí Mícheál Ó hUanacháin ag déanamh a mhíle díchill an uair úd ach ba bheag iad na h-acmhainní a bhí agus bhí an iris in ísle brí dá bharr.

Ansan ag tús 2008, bhí alt san Irish Times ag Caolfhionn Nic Phaidín ag maíomh go raibh deireadh le Comhar agus nach gcloisfear a ghuth stairiúil arís. Bhí Caolfhionn díreach ceaptha ina comhalta ar Fhoras na Gaeilge agus ba bhall í don chumann atá freagrach as Comhar.

Ag an am sin bhíos im eagarthóir ar Lá Nua. Mar ba dhual do nuachtán Ghaeilge le coinsias ar bith, thairgíos cabhair don iris. Scríobhadh eagarfhocal is ailt ar shon slanú Comhar.

Fuaireas amach ná raibh aon eolas ag Mícheál Ó hUanacháin ar an deireadh seo a bhí á thuar in alt san Irish Times. Go deimhin bhí sé tar éis eagrán mhí Eanáir a réiteach agus bhí sé ullamh don chlódóir.

Ach nior foilsíodh é mar gur chinn bórd COMHAR gan é a fhoilsiú go dtí go raibh siad tar éis achomharc a dhéanamh chuig Foras na Gaeilge faoina chinneadh.

D’imigh na míonna agus ansan i mí Bhealtaine nó ag deireadh mí Aibreáin, fograíodh go raibh eagarthóir á lorg le h-aghaidh Comhar. Chuireas isteach ar an bpost ar an dtuiscint nár foláir go raibh Mícheál Ó hUanacháin tar éis eirí as.

Ar aon nós, fuaireas cuireadh chun agallaimh. D’fhreastalaíos ar an agallamh agus dheineas scrúdú. Thaisteal mé an slí ar fad chun an agallaimh agus cé go rabhas in am, ní raibh an painéal agallaimh ann in am.

Ní gá dul I bhfad scéil leis. Cúpla seachtain i ndiaidh an agallaimh, bhí alt san Irish Times ag fógairt gurb é Aindrias Ó Cathasaigh eagarthóir nua Comhar.

Fán am sin ní raibh aon scéal faighte agam ó Comhar ag tabhairt toradh an chomórtais le fios dom. Rinne mé seo a ghearán i scribhinn le cathaoirleach bhórd Comhar, Uaitéar Ó Ciaruáin agus ghabh sé leithscéal liom ar an nguthán. Chuir sé litir chugam ina dhiaidh sin ag gabhail leithscéala liom agus ag gabhail buiochais liom as páirt a ghlacadh sa phroiseas. Thug sé chun cuimhne mo thaithí agus mo chailíochtaí mar eagarthóir ar Lá Nua.

I mí Meán Fómhair deineadh ath sheoladh ar Comhar. Ní bhfuair mé cuireadh freastal ar an ocáid fiú is go raibh spéis léirithe agam san iris. Ní bhfuair mé cuireadh ailt a chur ar fáil don iris cé go raibh mé tar éis mo shuim a léiriú i mbeartais dá leitheid freisin.

Ach, mar is eol díbh, bhí rudaí ag dóghadh na geiribe agam agus lean an saol ar aghaidh. Thit an eagarthóir a ceapadh amach leis an bhórd agus d’eirigh sé as – tá an scéal iomlán faoi sin ar shuíomh idirlíne an spéisiúil, Ceart agus Comhar.

I measc na bhfiricí a thug an chaipéis sin chun solais go raibh deontas €231,545 ceadaithe do Comhar le h-aghaidh an tréimhse Iúil 2008 go dtí Nollaig 2010. Sa tréimhse sin bheadh 27 eagrán le foilsiú. Is ionann sin agus €8,575 le h-aghaidh gach eagrán. San áireamh ansin bhí bundheontas de €25,000 a tugadh laithreach don iris – agus an chuid eile bheadh sé le h-ioc de reir mar a fhoilseofaí gach eagrán.

Sin suim mór airgid pé bealach a dheintear an comhaireamh. Meabhróidh mé duit arís cé mhéid airgead a ceadaíodh do Lá Nua – ceadaíodh €596,0000 don nuachtán don tréimhse 2007/8. Sa tréimhse sin foilsíodh ar a laghad 400 – níos giorra do 500 – eagrán. Is ionann sin agus €1,500 an eagrán. Cuir I gcomparáid le Foinse é sin – má eiríonn le Foinse an chonradh le h-aghaidh nuachtán seachtainiúil a sholathar a bhuachaint, beidh uasmhéid de €400,000 in aghaidh na bliana ar fáíl don nuachtán. Is ionann sin agus €7,692 in aghaidh gach eagrán.

Léirítear ansan go soiléir an bearna mór idir na h-acmhainní a bhí agus a bheidh Foras na Gaeilge ag solathar do Comhar agus Foinse thar mar a bhí do Lá Nua. Tá tú ag caint ar €6,000 in aghaidh an eagrán le h-aghaidh Foinse agus €7,000 an eagrán le h-aghaidh Comhar.

Feictear ansan gur féidir le h-iris nó nuachtán, atá caoin agus cneasta leis an bhForas, airgead maith a fháíl agus, fiú, brabhús a dhéanamh sa ghnó. Agus feictear go soiléir an mí úsáid a baineadh as Lá Nua.

Ach ní faoi Lá Nua atáim ag trácht anseo. Tá Comhar anois faoi stiúr eagarthóir eile – ní dhéarfaidh mé nua nó bhí Pól Ó Muirí ann roimhe. Ceapadh é gan comórtas oscailte a reachtáil – mar atá sonraithe sa chonradh a shínigh stiúrthóirí Comhar leis an bhForas – ach tá sé ag feidhmiú mar eagarthóir eatramhach agus mar sin ní ceapachán buan é. Sin é atá á mhaíomh, pé scéal é.

Ní gá dom mo dhearcadh faoi Phól Uí Mhuirí a mhíniú do leitheoirí an suimh seo. Mar is léir óna bhlag SDLPach, tá sé féin ana shásta lena chuid saothair go dtí seo.

Níl aon coip de Comhar feicthe agam ó chonaic mé an chéad cheann a fhoilsíodh I mí Dheireadh Fomhair trath go raibh Aindrias Ó Cathasaigh go fóill i bhfeidhil. Chonaic mé sin ag an Oireachtas.

Táim im chónaí i nGaeltacht Mhúscraí anseo in iarthar Chorcaí, gaeltacht nach bhfuil ró iargúlta cheapfainn. Agus ní doigh liom go mbeadh a fhios ag aoinne anseo cad is ‘Comhar’ ann. Bhíodh Lá Nua ag díol roinnt coipeanna anseo – ach is cosúil go bhfuil muintir Comhar chomh saibhir sin agus deontas chomh mór acu gur leor acu an iris a chlóbhualadh agus gan bacadh leis an dáileadh. Agus sin mise ag ceapadh gur foras uile Éireannda abea Foras na Gaeilge. B’fheidir nach shíneann a dhlínse thar Chearnóg agus Rae Mhuirfean!

Is mór an trua nach bhfuil Comhar ag lán a nirt mar a bhíodh an iris seo fadó. Is mór an scannal é go bhfuil an oiread san airgid ón sparán phoiblí á chaitheamh leis agus gan aon fhianaise ann go bhfuil an iris ag cloí leis an gconradh a rinneadh le Foras na Gaeilge.

Cá bhfuil an suiomh idirlíne ar gealladh, mar shampla?

Nuair a d’fhogair Lá Nua an bhliain seo chaite, taca an ama seo, go raibh sé i gceist ag an nuachtán foilsiú ar an idirlín go laethúil agus olleagrán sheachtainiúil a fhoilsiú is a dháileadh tríd an phost, bhí urlabhraí ón bhForas luaite ar Nuacht TG4 an oiche sin ag tabhairt le fios go mbeadh an Fhoras ag séanadh an dheontais ar an nuachtán dá dtarlódh sin mar go raibh an chonradh á sharú againn.

Tá an Fhoras ina thost i gcás Comhar, is cosúil. Ar a laghad níl aon ráiteas éisithe acu le Nuacht TG4.

Tá an cuma ar an scéal go bhfuil Comhar na linne ag fáíl na tacaíochta seo ón bhForas de bharr go bhfuil sé taobh istigh de ‘chiorcal órga’ na Gaeilge.

11 02, 2009 Posted by igaeilge | An Ghaeilge, Cultúr | , , | No Comments Yet