Cowen an Slánaitheoir?
Is cosúil, de réir tuairiscí, go bhfuil sé ráite ag an dTaoiseach, Brian Cowen, NACH bhfuil sé i gceist aige glacadh le moladh Mhic Charthaigh deireadh a chur leis an Roinn Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.
Cúis cheiliúrtha?
Níl a fhios agam. Sa chéad dul síos, ní raibh i gceist ag Tuairisc Mhic Carthaigh ach liosta de chiorruithe a fhéadfaí a dhéanamh ar son choigiltis de bhreis is €5bn don bhliain seo – nó, mar is léir anois, an bhliain seo chugainn.
Mar sin ní bheadh morán airgid á shábháil tre deireadh a chur leis an Roinn seo – cé nach bhfuil aon chinnteacht ann go dtiocfadh na deontais éagsúla atá ag teacht ón Roinn slán ón tua atá á bhagairt.
Dar liomsa, tá gá le athshamhlú agus athstruchtúrú dá réir ar an nGaeltacht agus an slí a roinntear airgead ar thograí Ghaeilge agus ní miste liom an slí a tharlaíonn sin. Níl an ’status quo’ ina cur chuige cothrom ná ceart don ré seo nó don aimsir atá romhainn.
An deacracht a bhí agus atá le moltaí Mhic Carthaigh go bhfuil siad ró dhubh agus bán – ní aithníonn siad go bhfuil an maith á chaitheamh amach in éineacht leis an olc. Cad is fiú deireadh a chur le Scéim na bhFoghlaimeoirí Ghaeilge nuair a ghineann an scéim sin i bhfad Éireann nios mó ioncaim don Ghaeltacht – agus don statchiste – ná an bhuninfheistíocht. Mar eacnamaí, is léir nach bhfuil fios a ghnó ag an tUasal Mac Carthaigh.
Cinnte, bhí fírinne searbh sa mhéid a dúirt sé:
In examining this Programme, the Group notes that substantial resources have been invested in
various incentive schemes to develop Gaeltacht areas. The Group is of the view that resources
should be targeted at those most in need and that differential schemes aimed at Gaeltacht areas are
not justifiable.
An oibríonn Scéim Labhairt na Gaeilge? Ní chreidim é. An mbeadh sé níos fearr an t-airgead sin a chaitheamh ar leabhair chearta [nó acmhainní ar líne] do pháistí scoile na Gaeltachta – creidim é. Níl a leithéid ar fáil faoi láthair.
Ar ndóígh, bheadh a leithéid ina bhuntáiste do gach páiste, cibé an raibh siad ina gcónaí sa Ghaeltacht nó lasmuigh.
Ní luíonn an moladh atá aige go gcuirfí deireadh le hUdarás na Gaeltachta le ciall ach an oiread. Cruthaíonn an aisínteacht seo go leor postanna sa Ghaeltacht agus tá siad thar a bheith eifeachtach á dhéanamh seo ar chostas nach mó é ná costas na bpostanna a chruthaíonn leithéidí Enterprise Ireland/Fiontar Éireann. Ar ndóigh, is léir nach bhfuil ceantar lár Chorcaí nó ceantaracha maguaird na nGaeltachtaí eile ar radar FÉ nó is beag tionscail atá lonnaithe sna ceantracha sin ag FÉ le blianta beaga anuas.
Cinnte is reigiún speisialta an Ghaeltacht. Ach is é an slí go bhfuil sí speisialta faoi láthair ná go bhfuil sí imeallaithe ag an bpobal mór agus na h-údaráis. Tá leathan-bhanda níos moille sa Ghaeltacht, tá na bóithre níos measa, tá an bonneagar ar chaighdeán níos ísle, ní ann do chóras iompair. Ach toisc go bhfuil na deontais suaracha ar nós Scéim Labhairt na Gaeilge ann, deitear go bhfuilimíd ag crú go deireadh bó bainne an Stáit anseo sa Ghaeltacht.
Tuairiscíodh freisin go ndúirt an Taoiseach go bhfoilseofar Plean 2028 roimh deireadh na bliana. Níor thug sé le fios cén bhliain….
Tá freagra substaintiúil tugtha ag Conradh na Gaeilge ar mholtaí Mhic Charthaigh agus tá sé ar fáil anseo. Creidim go bhfuil gá le plean substaintiúil anois ó phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta chun sinn féin a chur in oiriúínt do threimhse amach romhainn ina mbeidh deireadh le sruth na ndeontaisí.
Ní bua é seo ach gairm dúiste.
Slán leis an Late Late
Bhí mé istigh oíche Dé hAoine, ag faire ar an Late Late Show, agus caithfidh mé a rá nár chuaigh sé i bhfeidhm go mór orm.
Ní mór a rá, áfach, gur thuig mé go raibh sé in am roinnt ceisteanna crua a chur ar an dTaoiseach, Brian Cowen, agus, i bhfírinne, nár chuaigh Ryan Tubridy fada a dhothain lena cheistiú. Tá ceist mhór agam faoi neamhspleachas an Late Late Show faoi chúrsaí reatha os rud é go bhfuil urraíocht ar fiú €1.5m á fháil acu ó Ghrúpa Quinn, comhlacht atá páirt nach beag acu sa chonspóid, go h-áirithe chomh fada agus a bhaineann sé le cúrsaí an bhainc Angla Éireannaigh.
Bhí go leor tuairiscí is tuairimí sna nuachtáin i gcaitheamh an dheiridh seachtaine agus ar maidin faoin agallamh sin agus an méid a dúirt – agus nár dúirt – an Taoiseach.
Tá fadhb teangan ag an dTaoiseach, sa chiall is go mbionn sé ag baint úsáid as teanga dothuigte na n-údarás agus na gcomhlachtaí ina ghnath chaint agus é ag caint le gnath dhaoine. ”Going forward” is a leithéid. Anois tuigim cuid den chaint seo – ach mothaím go bhfuil sé á úsáid chun freagraí beachta ar na ceisteanna crua a sheachaint.
An rud is mó thug mé faoi ndeara faoi seó, go raibh gach aoí a cuireadh faoi agallamh ar an show roimhe seo. Níl sé bliain ó shin ó bhí Brian Cowen ann – bhí Cherie Blaire ann nuair a céad foilsíodh a beathaisnéis agus is minic go raibh Niall agus Gilian Quinn gan trácht ar Brian McFadden agus Joan Collins.
Tá sé cosúl le na scannáin a bhionn á athchraoladh ar RTÉ rialta go maith anois. An chéad uair a thaispeanann siad scannán mór, abair timpeall na Nollag, bionn sé ina ocáid mhór, ach deintear an scannán céanna a chraoladh chomh minic sin ina dhiaidh go n-éiríonn sé tuirsiúil. Is doigh liom go mbionn scannán James Bond ann gach Domhnach i gcónaí.
Beidh sé amhlaidh le na h-aoíanna ar an Late Late Show. Feicfimíd na daoine céanna ag teacht ós ár gcomhair go rialta go dtí go mbeimíd braon díbh – agus tá mo ‘go dtí go’ sroichte agam.
Mar sin, táim ag fágáil slán leis an Late Late Show agus, as seo amach, táim chun úsáid níos tairbhí a bhaint as gach oíche Dé hAoine. B’fhéidir go mbéarfaidh mé mo mhadra ar siul nó go dtosnóidh mé ar an leabhar sin a scríobh agus, corr Aoine, raighidh mé amach le h-aghaidh piúnt nó dhó.
Tá an Late Late Show marbh – agus is dócha go raibh sé amhlaidh fiú roimh do Pat Kenny suí go h-adhmadúil sa rí chathaoir. Tá sé in am bogadh chun tosaigh i bhfirinne agus rud éigean iomlán nua agus radacach a dhéanamh. Cad faoi seó cainte as Gaeilge? Anois bheadh sin éagsúil!
Litir um thoghcháin ón dTaoiseach, Brian Cowen
Seo r-phost a fuaireas trathnóna nuair a d’fhill mé ón obair ón dTaoiseach, Brian Cowen. Thíos faoi tá mo fhreagra ar an litir seo.
Dear Concubhar,
Tomorrow is election day.
It’s a day when there’s so much at stake at local and European level, where voters face an absolutely clear choice between a party that cares about the best interests of the country, and parties who are playing politics and aren’t living in the real world.
Tomorrow is a day when we seek to elect the best possible councillors for councils and the best MEPs for the country – Fianna Fáil councillors and MEPs.
I’ve recorded a special pre-election message for Fianna Fáil supporters. Watch it now and share it with your family and friends:
Watch the video now
I want to thank you – Fianna Fáil members, volunteers and party workers, for working so hard on the doorstep these last few weeks and for your final efforts today and tomorrow. Contrary to what the bad news brigade says, I’m proud that our 723 candidates have run on such a positive agenda and won’t join others in talking down the country.
Let’s get out tomorrow and show everyone that you can’t keep our party down. Fianna Fáil is a Republican Party. That is why we have always fought for the best interests of the Irish people in good times and bad.
That’s not going to change now. We’ve got a plan for economic recovery, it’s a good plan, it’s starting to work and we’re going to stick to it.
Watch the video and pass it on to your friends:
http://www.fiannafail.ie/everyvote
Your final efforts will make all the difference. Whether it’s handing out leaflets tonight or helping voters get to the polls tomorrow, the people who work tirelessly for Fianna Fáil are the reason this party will, like the country, ride out the rough times and renew itself.
Let’s get as many people as we can to the polls tomorrow. Every last vote will matter.
Brian Cowen, T.D. Taoiseach
P.S. Our website has a really easy tool that you can use to remind people to vote tomorrow. http://www.fiannafail.ie/vote. Why not remind your family and friends right now?
Agus is é seo an freagra a sheol mé chuige:
A Thaoisigh – más tú atá ann i bhfirinne,
Beatha agus sláinte! Dá mbeadh aon spéis nó dúil agat nó ag do pháirtí i mo vóta, bheithfeá tar éis cúpla focal suarach i nGaeilge a chur sa litir seo. Mar atá sé, tá an litir seo, maraon le litreacha eile uait agus ó do chomhleacaithe, ag imeacht díreach go dtí an bosca brúscair. Labhair liom i mo theanga féin….
Is mise
Concubhar Ó Liatháin
Ní fheadar an bhfuil sé ró mhall moladh do gach duine a léann an blag seo agus a fuair teachtaireacht dá leithéid ón dTaoiseach freagra cosúil le seo a chuir chuige. Is é seo an seoladh r-phoist: email@fiannafail.ie.
Arán agus sorcais: Athmheas na seachtaine
Arán agus sorcais! Panes et circentes! B’shin téama na seachtaine seo chaite, idir ath-shuathadh na n-airí stáit (agus díshealbhú seachtar acu) agus fógairt ne Leon Éireannach is Briotanach. B’shin iad na sorcais….ceisteanna aráin agus ime a bheidh ag déanamh tinnis don chúpla céad a chaill postanna le linn na seachtaine, i dTrá Lí mar shampla.
Ní doigh liom go dtuigeann Brian Ó Comhainn an bata atá sé ag gearradh do féin agus a pháirtí. Le gach u-chasadh óna bhéal – “glacfaidh sé reachtaíocht chun an bónas fad seirbhíse a bhaint ó TDanna atá i dteideal iad a fháíl anois” nó ”bhí sé i gceist nach bhfaigheadh iar airí pinsin agus iad fós ag feidhmiú mar TDanna sa todhchaí” – tá sé ag tochailt faoina chreidiúint féin mar pholaiteoir a dheineann beart de réir briathar.
Is mór an trua é sin nó chreid mise nuair a ceapadh é go raibh mianach ann. Chlaon sé mé ina threo leis an Ghaeilge. B’fhuraist mé a cheapadh ar a fhoireann mar sin.
Is mór an tairbhe a rinne sé don Ghaeilge í a úsáíd mar a rinne sé in oráidí – ach ní bheathaíonn briathra na bráithre. Nó ní bheireann caint an móin abhaile…
Ní fheictear domsa go bhfuil aon tairbhe fad tréimhseach déanta don Ghaeilge lena linn agus, mar sin, i solas fuar an lae, ní mór dom athmheas a dhéanamh ar an dtacaíocht a bhí mé sásta a thabhairt don Taoiseach.
Sampla den easpa tacaíochta i bhfirinne atá ag FF agus an Taoiseach don Ghaeilge, gan fiú focal Ghaeilge a bheith go fóill ar shuíomh nua an pháirtí nó fiú focal sa “chéad teanga náisiúnta” a bheith sna teachtaireachtaí r-phoist a chuireann sé chugham ó am go chéile. [Níl aon caidreamh agam leis an dTaoiseach seachas gur chláraigh mé m'ainm le suíomh idirlín FF!].
Ar aon nós, ní léir go bhfuil aon am ag an dTaoiseach chun í a chaitheamh ar an nGaeilge níos mó. Níl a fhios agam an mbionn sé ag crunniú go rialta lena chomh bhaill den fho choiste Rialtais atá ceaptha chun plean Ghaeilge a chur le chéile. Nó an raibh cruinniú ar bith go fóill i mbliana?
Tá pobal na Gaeilge sásta go minic an dubh a chur ina gheal orainn tre glacadh le geallúintí ach gan a bheith ró bhuartha faoi chomhlíonadh na ngeallúintí. Deirtear linn go mbeidh pleán Ghaeilge ann chun an teanga a thabhairt slán as seo go ceann 20 bliain. In ainneoin go raibh an pleán sin le bheith ar fáíl roimh an Nollaig seo chaite, bhuel táimíd fós ag feitheamh go foighdeach.
Nílimse ag feitheamh go foighdeach. Táimse agus daoine eile ag brú ar aghaidh – tá nós* bunaithe ag Tomaí Ó Conghaile agus Feilim Bórland – gan deontas – tá Raidió Rí Rá – an raidió don aos óg a bhíodh Éamon Ó Cuív ag tagairt do go mion is go minic ag craoladh ar an idirlíon a bhuiochas do Chonradh na Gaeilge, ceann de na h-eagrais Ghaeilge atá faoi bhagairt ag na ciorruithe, tá pobail thuas agus thíos na tíre ag iarraidh gaelscoileanna a bhunú agus a thacú.
Ceapann an Rialtas agus an Taoiseach seo gur féidir caitheamh le pobal na tíre agus pobal na Gaeilge amhail is go mbeimíd, mar a bhí pobal na Róimhe trath, sásta le blúiríní aráin agus sorcais.
Tá dul amú orthu. Mar a dúirt an iar Aire Stáit, John McGuinness, lena Aire Shinsearach, an Tánaiste Máire Ní Chochláin, níl muinín againn asaibh níos mó.
Ní gá vóta mí mhuiníne bheith ann sa Dáil i leith an Rialtais seo – nó tá ár muinín caillte acu i bhfad ó shin.
Le linn na seachtaine seo votáil TDanna an Rialtais ar shon reachtaíóchta a chuirfeadh deireadh le ‘bónas na Nollag’ do lucht faighte iocaíochtaí leasa shoisialaigh, pinsinéirí, tuismitheoirí aonair, daoine le míchumas éigean, daoine dí fhostaithe. Bhí roinn TDanna Rialtais ná raibh i láthair don vóta – an Taoiseach féin ina measc. Bhí roinnt TDanna neamhspleacha a thugann tacaíocht don Rialtas as láthair freisin – Jackie Healy Rae ó Chiarraí Theas agus Michael Lowry. Ná ceapadh siad nach dtugaimíd chun cuimhne ná raibh siad sásta seasamh leo san atá ar an imeall…..
Anois tá sé ráite agat…
In alt san Irish TImes , chuaigh an Ollamh Ray Kinsella go cnámh na h-uilinne.
We are looking at a fracturing and realignment of political institutions which do not speak to the sensibilities of a young generation they have beggared, nor to the needs of those who felt themselves entitled to something better having contributed much of their lives to the development of the Irish economy.
Agus ag deireadh, b’é seo a bhí á mholadh aige:
We need a realignment of politics in Ireland – we need democratic choices that mean something to contemporary society. We need a sense of right and wrong. We need a whole new political ethic premised on values-based leadership.
We need to engage individuals who have little interest in power as such, who have a commitment as well as a widely acknowledged expertise that is capable of restoring trust, confidence and a sense of direction.
Is annamh gur aontaíos an oiread le h-alt is ar aontaigh mé leis an alt seo ón Dr. Kinsella, údar leabhair úir, Restoring Trust In Banking, a bheidh á fhoilsiú an mhí seo chughainn.
I 2007, roimh an olltoghchán, scrígh mé alt do Lá Nua ag déanamh tuar thubaisteach d’Fhianna Fáíl san olltoghchán sin. Más buan mo chuimhne bhí an páirtí chun breis is 30 suiochán a chailliúint de reir na h-anailíse a rinne mé. Cuid de na cúinsí a luaigh mé san alt sin leis an dtuar, tá siad luaite san alt ag an Dr. Kinsella inniu. Conas a fhéadfaí rialtas a rinne scrios, fiú i ré an rachmais ar an gcóras sláine is ar an gcóras oideachais, a athtoghadh? Sin a rinneamar. Ciall cheannaigh níos fearr ná an dhá chiall a mhúintear, deirtear. Tá súil agam go bhfuil sin amhlaidh.
Bhí an tOllamh ag brath ar an léirmheas is déanaí ón gCiste Idirnáisiúnta Airgeadais, an IMF, agus é ag rá:
The most recent assessment of the global economy by the International Monetary Fund – and its evaluation of Ireland’s financial sector – makes sombre but not unexpected reading. The most recent Central Statistic Office data for the final quarter of 2008 shows a sharp decline in investment. Meanwhile, the live register is now escalating and is set to reach new levels before the end of this year.
This would strain the most robust and inclusive political system. In the case of Ireland, which faces both local elections and a contentious referendum, there is every possibility that what has happened will test the limits of tolerance of a population that is not without experience of the pains of unemployment and emigration.
Tá an IMF anois ag moladh go ndéanfadh an Rialtas sealbhú sealadach ar na bainc, d’fhonn iad a shabháil. Seo an IMF céanna a bhí ag moladh do gach tír gach saoráid phoiblí a phriobháidiú le blianta beaga anuas – agus féach cár fhag sin sinn? Gan córas teileachumarsáide atá inchurtha le riachtanais na linne seo!
Tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil an tír seo á rith de réir eiteois an IMF – seirbhísí sláínte á ghearradh, acmhainní á cheilt ar an gcóras oideachais is eile.
Agus is beag is fiú an ‘íbirt’ atá déanta ag an Rialtas, báta agus bóthar a thabhairt do seachtar Aire Stáit, amhail is go bhfuil brí le sin. Níl ann ach sorcas.
San anál céannathug an Taoiseach le fios nach mbeadh an Rialtas ag baint na bpinsin ó iar airí rialtais atá fós ina dTeachtaí Dála. Agus nach mbeadh na h-iocaíochtaí fad seirbhise a cheilt ar na Teachtaí Dála.
Gabh mo leithscéal, ar thárla go raibh agóidí ar na sraideanna ag an dhá ghrúpa ‘íobartach’ seo nár thug mé faoi ndeara? Nó an é gur thug leithéidí Bertie Ahern is eile le fios nach mbeadh a vóta ar fáil ag an Taoiseach úr dá gcuirfí an ciorrú €150,000 in aghaidh na bliana i bhfeidhm air?
Cad a tharla ar chúl téarmaí chun an athrú poirt seo a spreagadh?
Claontacht, Cowen, an Daily Mail agus RTÉ
Tá comhbhá éigean agam do Bhrian Cowen as ucht an chonspóid is déanaí ina bhfuil sé sáite. Tá mé ramhar, mar atá sé, b’fhéidir níos raimhre, agus ag iarraidh meachan a chailliúint i gcónaí [agus ní cabhair ar bith é go ngeillim le blaiseadh a bhaint as uachtar reoite 'Guinness' ag am lón i gCill Airne ag an siopa uachtar reoite ansin, Murphy's Ice Cream].
Mar sin de, ní thaitneodh sé liom dá mbeadh mo phortraid is mé lom nocht, ciocha fear is uile, ar chrochadh sa Dhanlann Náisiúnta. Ní thaitneodh sé liom ar chuinsí critice ealaíon agus ar chúinsí phearsanta!
É sin ráite, chuaigh oifig phreas an Rialtais thar fóir nuair a d’éilíodh leithscéal ar RTÉ mar gheall ar an dtuairisc a rinne siad ar an gconspóid, ar a dtugtar Cowengate/Picturegate [cén bhaint atá ag 'gate' leis an scéal, ní fheadar?].
Eachtra páistiúíl é seo ó thús go deireadh.
Seo chomh náireach is atá sé, do RTÉ agus don Taoiseach féin. Tá eagarfhocal san Irish Daily Mail inniu ag gearán faoi ‘chlaontacht’ ar an gCraoltóir Náisiúnta.
Seo an ‘Daily Mail’, nuachtán le traidisiún fada claontachta maidir le nuacht na hÉireann.
An lá go n-eiríonn le nuachtán le stair an Daily Mail léacht a thabhairt ar chlaontacht in iriseoireacht in Éirinn agus an cheart a bheith aige, sin droch lá oibre ag an dream a thug an t-údar sin do.
Mar sin, bualadh bos do Oifig Phreas an Taoisigh agus do RTÉ!
An Meitheal agus an Ard Fheis
Beag a chonaic mé d’Ard Fheis Fhianna Fáíl ag an deireadh seachtaine nó bhí go leor rudaí ar siúl agam sa bhaile. Is cosúil gurb é Nollaig Ó Diomasaigh is fearr a thug oráid agus é ag cur Brian Cowen i láthair. De réir tuairiscí chuir sé na baincéirí i gcomparáid le hOilibhéar Chromaill cé gur ndúirt sé ná raibh an ‘Conquistador’ Bhriotanach ag iarraidh a leas féin a dhéanamh.
Níl a fhios agam cé chomh cruinn is atá léargas an Aire Iompair ar an stair sin – ach fagfaimid san mar atá sé.
Is cinnte go raibh an chaint a thug sé bladhmannach agus gur las sé tine faoi thoscairí na hArd Fheise nach bhféadfadh oráid an Taoisigh a mhúchadh, dá léimhe é.
Ach bhí cúpla rud spéisiúil le rá ag an dTaoiseach féin ina oráid agus é ag caint faoin ‘mheitheal’.
Meitheal
This Government is determined to manage our way through this recession and to prepare for growth again. But Government alone cannot make it happen.
Tá focal Gaeilge a theastaíonn a thabhairt isteach sa gcomhra seo anocht. Agus an focal sin ná meitheal. Daoine ag obair le chéile ar son a chéile. Teastaíonn spiorad an Mheitheal anois níos mó ná riamh. Spiorad an chomharsanacht, spiorad an chomhoibriú. Ni neart go cur le chéile a chairde agus seo í an t-am chun brú ar aghaidh I teannta a chéile agus le tacaíocht dá chéile.
Ireland now needs a Meitheal mentality if we are going to get through this together.
We must do this or we will let ourselves down. All of us.
Is é an rud a chaithfidh an Rialtas a thuiscint go bhfuil gá le comhthuiscint idir iad agus an phobal agus gurb é an rud a bheidh le tuiscint go soiléir go bhfuil gach duine ag iompar ualach eigean. Nior cheart go mbeadh an ualach céanna á iompar ag gach duine ach go mbeadh ualach á iompar de reir mar is féidir le duine an ualach a iompar. I mbeagán focal, ba cheart go mbeadh an dream is mó atá ag tuilleamh airgid ag íoc an méid is mó.
Sin an slí a oibríonn an meitheal agus ní olc an tuairim é agus sinn ag iarraidh teacht slán ón bpriacal ina bhfuilimíd.
Rud eile a bheadh ina údar dóchais dúinn a bhionn ag plé le cúrsaí cultúir an méid seo a dúirt an Taoiseach:
When John F Kennedy visited Ireland many years ago, he spoke some words in our Dáil that still ring true today. He said: “It is that quality of the Irish, the remarkable quality of hope, confidence and imagination, that is needed more than ever today.”
I believe that being Irish holds a distinct and intrinsic value. Ireland is a brand. People know us.
Our country, her landscape and her culture are known the world over. We must connect with that brand now and use it to give us the competitive advantage in a globalised world that is increasingly the same. We must ourselves portray the positives that others see in us.
Cheapfá go raibh sé tar éis bheith ag léamh an leabhair úd ó Fhionnbarra Ó Brollcháin.
Cúpla rud eile mar gheall ar an Ard Fheis: Ní fhaca mé in aon áit an clár agus mar sin ní raibh sé indéanta a fháil amach cad a bhí á moladh maidir leis an nGaeilge. Gan amhras bhí Éamon Ó Cuív ann – ach ar labhair sé? Agus má labhair, cad a dúirt sé?
Chomh maith le sin, tugaim faoi ndeara go raibh tagairt don scéal – ar tuairiscíodh anseo an tseachtain seo chaite – faoi shuíomh idirlíne Fhianna Fáil bheith gann ar Ghaeilge i bhFoinse ag an deireadh seachtaine. Léiriú eile ar an mbealach atá an bhlagadóireacht chun tosaigh ar an iriseoireacht chlóite thraidisiúnta cé nach n-admhódh lucht na meáin chlóite [cloíte?] an méid seo. Níl aon Ghaeilge go fóíll ar shuíomh Fhianna Fáíl.
-
Archives
- November 2009 (16)
- October 2009 (11)
- September 2009 (22)
- Lúnasa 2009 (16)
- July 2009 (40)
- June 2009 (68)
- May 2009 (51)
- Aibreán 2009 (51)
- Márta 2009 (44)
- February 2009 (50)
- January 2009 (43)
- Nollaig 2008 (28)
-
Categories
-
RSS
Entries RSS
Comments RSS




