Cinnlínte as Gaeilge ar líne ag RTÉ
Le fada an lá táim ag gearán faoi easnamh ollmhór RTÉ maidir le nuacht ar líne i nGaeilge. Agus anois is cosúil go bhfuil siad ag beartú ar an cheist.
Is cosúil go bhfuil seirbhís cinnlínte – nó leath sheirbhís cinnlínte – ar líne ag RTÉ ó mhí Feabhra anuraidh.
Ar ndóigh is mór idir é agus an seirbhís atá ar fáil ag an BBC i nGaidhlig na hAlban nó sa Bhreatnais – ach is tús é. Ní gá do Chathal Goan agus a chomhleacaithe in RTÉ a cheapadh go bhfuilim iomlán sásta – ach ní mór creidiúint a thabhairt doibh as an leath chéim chun tosaigh seo….
Ba cheart a rá freisin go bhfuil creidiúint ag dul don Druma Mór nó léiríonn an seirbhís den scoth sin – atá píosa chun tosaigh ar sheirbhís RTÉ sa chiall is go mbionn scéalta iomlána i gceist seachas cinnlínte agus scéalta ó phobal na Gaeilge freisin – an méid ar féidir le blag gan acmhainní a dhéanamh i gcomparáid le craoltóir náisiúnta le buiséad na céadta milliún euro.
Ceisteanna a bheadh á chur agamsa cé chomh minic is a bhionn an suíomh seo á uasdátú nó nach bhfuil ann ach feasachán amháin in aghaidh an lae, seirbhís maslach i bhfirinne in aois seo na nuachta 24/7. Tugaim faoi ndeara, mar shampla,nach bhfuil aont tagairt sa mhéid atá ann agus mé á scríobh seo do scéal mór an lae, an €1.8m i ndamaistí a bronnadh ar Monica Leech as an leabhal a rinne an Evening Herald uirthí san Ard Chúirt inniu. Cén fath nach bhfuil an scéal sin agus é ar cheann na gcinnlínte ar gach nuacht sheirbhís eile?
Ach, mar a dúirt, is fearr leathbhulóg gan aon arán in aon chorr…..ar éigean.


Trí bheart ’stairiúil’ ó thuaidh in aon lá amháin
Tharla trí rud éagsúil inniu i dtuaisceart na hÉireann – nó TÉ más fearr leatsa – a luaifear an focal ’stairiúil’ leo amach anseo.
Tháinig sé chun solais go raibh grúpaí paraimilitigh dílseacha – drongadóirí drugaí is piompaí striapaigh chomh fada is a bhaineann sé liomsa, briogaideoirí mar a thugann siad féin orthu féin – tar éis roinnt dá gcuid arm a chur ó mhaith. Stairiúil.
San Ard Chúirt, tugadh breith a chinntigh ná raibh gá don iriseoir, Suzanne Breen, a cuid nótaí faoi agallaimh a rinne sí le baill den bhFíor IRA maidir lena gniomhaíochtai a thabhairt don PSNI. Breith tabhachtach, dar le roinnt, é seo a chinnteoidh nach gcuirfear an phreas faoi chois, go h-iomlán, ar feadh seal eile.
Agus, ansan, ‘faoin radar’, más maith leat, ghabh an BBC leithscéal as ucht gur rinne duine de comhfhreagraithe polatúla an staisiún beag d’oráid Ghaeilge an fheisire Eorpach atofa, Bairbre de Brún, agus í ag ceiliúradh a bua sa toghchán ag tús na seachtaine. Fhaid is a bhí sí ag labhairt i nGaeilge, d’íslíodh an fuaim agus lean sé air ag labhairt i mBéarla. Nuair a rinne Pobal gearán faoi seo, fuair siad litir ón BBC ag gabhail leithscéil diultú leithscéal a ghabhail de bharr go raibh an litir gearáin i nGaeilge. Scéal seafóide nach bhféadfá a chumadh.
Ach inniu – nó inné – ghabh an BBC leithscéal as seo. Stairiúil. Ní doigh liom gur tharla a leithéid riamh roimhe. Mar sin féin, is é an teist anois cé acu an mbeidh athrú dearcaidh ar an gcraoltóir san am atá romhainn.
Is cuimhin liom David Trimble, an cuimhin leatsa é, ag labhairt go tarcaisniúil agus é faoi agallamh faoin ró úsáid a bhaintear as an bhfocal stairiúil. Tá brí leis an méid a deir sé. Ag an am chéanna, tá barúil agam go bhfuil leithscéal an BBC chomh tabhachtach nó níos tabhachtaí ná an dá rud eile a luaigh mé.
Cad é bhúr mbarúil?
Agus sara ndeinim dearúd ar, fair plé do Shinn Féin as an brú a chur ar an BBC ar an gceist. Ní fheadar an é ná raibh dúil acu labhairt i nGaeilge leis an BBC go dtí go raibh leithscéal ón gcraoltóir, mar ar thug mé dúshlán don pháirtí a dhéanamh, agus gurb é sin an fath ar bhrúigh siad an cheist go h-eifeachtach, an iarraidh seo, nó an bhfuil dearcadh an pháirtí i leith na Gaeilge agus éilimh phobal na Gaeilge ag eirí níos dearfaí agus níos gniomhaí. Ach is toradh é ar fiú aitheantas a thabhairt do. An chéad tasc eile: tabhairt ar chraoltóirí sa BBC, iad san nach bhfuil ag craoladh as Gaeilge, ainmneacha i nGaeilge a fhoghrú mar is ceart, mar a dheinfídís le ainmneacha i dteanga eile.
Déarfaidh lucht SF nach mbím riamh shásta – agus an cheart acu. Ach is é sin gnó na polataíochta nach ea?
Imeallú na Gaeilge ar ‘RTÉ Player’

Dá mbeadh Flann Ó Briain beo, chuirfeadh sé síos ar an gceannlíne thuas ina ‘Catechism of cliché’. Cén rud a dheineann an Craoltóír Náisiúnta leis an dTeanga Náisiúnta – deineann sé imeallú uirthí. Cad eile a dhéanfadh sé?
Seo smaoineamh fánach a rith liom agus mé ag déanamh roinnt fiosruithe tar éis dom nóta a fháil ó shean chara faoin mbealach a chaitheann an Craoltóir Náisiúnta leis an nGaeilge ar an mbréagán nua atá ar a suíomh, an RTÉ Player.
Fiú mura bhfuil scéim teanga curtha i bhfeidhm ag an staisiún, tá dualgaisí air i leith na Gaeilge faoi reachtaíocht ar nós an tAcht Craoltóíreachta. Seo a deirtear sa Cháirt Um Chraoltóireacht Sheirbhís Phoiblí i leith coimitmintí RTÉ i leith na Gaeilge:
An Ghaeilge
agus an dátheangachas i sochaí na hÉireann á léiriú aige, tacóidh RTÉ go
gníomhach le húsáid na Gaeilge sa ghnáthshaol trí chláir oiriúnacha a thairgeadh
Labhair mé roimhe seo faoi nadúr crioch dheighilteach an Player – ach ní raibh sé tugtha faoi ndeara agam go dtí gur cuireadh ar mo shúile dhom anocht é go raibh na cláracha Ghaeilge luaite sa chatargóir céanna leis na cláracha creidimh.
I bhfianaise na síor ionsuithe atá á dhéanamh ar na h-oird rialta ar RTÉ agus sna meáín eile mar gheall ar an t-uafás atá tugtha chun solais i dTuairisc an Bhreithimh Uí Riain faoin mbealach náireach a chaith braithre, sagairt is siúracha le páistí a bhí faoina gcúram i ndíleachtannaí an Stait ar feadh na nglúinte, ní fhéadfá a rá gur comhartha measa é sin ar an dteanga agus ar na cláracha – an bheagán cláracha – atá á léiriú i nGaeilge ag RTÉ.
Tá sé seafóideach nuair a thugann tú faoi ndeara go bhfuil An Nuacht, fiú, luaite i measc na gcláracha creidimh seachas i measc na cláracha i News and Current Affairs.
Agus an Ghaeilge ina theanga oifigiúil sa tír seo, cheapfá go mbeadh dualgas ar an gCraoltóír leagan Ghaeilge den Player a chur ar fáil. Níl cosaint bunreachtúil ag an Bhreatnais nó ag an Ghaidhlig in Alba mar atá ag an nGaeilge ach go fóíll tá iPlayer an BBC ar fáil i mBreatnais agus i nGaidhlig na hAlba.
Níl morán measa agam ar na scéimeanna teanga seo atá mar chuid d’Acht na dTeangacha Oifigiúla agus níl a fhios agam an bhfuil ceann RTÉ faobhaithe go fóill ag an aonad taobh istigh den Roinn Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Nach mbeadh sé spéisiúil a fháil amach ag cén staid a bhfuil scéim teanga RTÉ? Ní fheicim scéim de chuid RTÉ luaite ar liosta na scéimeanna daingnithe. Níl RTÉ luaite ach an oiread ar liosta na gcomhlachtaí phoiblí atá ordú tugtha dóíbh ag an Aire dréacht scéim a ullmhú.
Cén fath nach bhfuil an t-ordú tugtha don eagraíocht phoiblí is tabhachtaí sa tír – ó thaobh múnla mheoin an phobail – scéim teanga a ullmhú go fóíll? Dá mbeinnse im Aire, bheadh RTÉ ar bharr mo liosta.
Ní fheicim scéim teanga luaite i dTuarascáil Bhliantúil an chraoltóra i 2007, an ceann is déanaí atá ar fáil, cé go n-aithním go bhfuil an caipéis sin ar fáíl i nGaeilge. Beag an tairbhe don ghnath dhuine go mbeadh caipeis mar seo, nach bhféachfá air ach go h-annamh, ar fáil i nGaeilge ach nach mbeadh an t-ábhar siamsúil/nuachtúil ar fáil i nGaeilge.
Thug mé faoi ndeara le deanaí gur thug an tAire Cumarsáid, Eamon Ryan, le fios go raibh sé ag rialú nach mbeadh gá ag daoine a fhéach ar theilifís ar a riomhaire glúine ceadúnas teilifíse a bheith acu. Maith go leor – ach nior cheart go gciallódh sin nach gceisteofaí RTÉ faoin laghad seirbhíse a thugann siad ar líne i nGaeilge – cá bhfuil an nuacht sheirbhís i nGaeilge ar chomh chéim leis an nuacht sheirbhís ar líne i mBéarla mar shampla? Ar bharr sin tá siad ag déanamh imeallú seafóideach ar an dteanga sna catargóir agus níl leagan Ghaeilge den Player ar fáíl.
Tá sé léirithe ag Seán Ó Cuirreáin roimhe seo go bhfuil sé sásta an bata a thabhairt d’eagrais atá ag déanamh leatrom ar an nGaeilge. Tá sé in am do anois an ceist a chur ar a iar fhostóir faoi na neamairtí atá á dhéanamh acu ar cheist na Gaeilge.
Tá sé ábhairín iorónach gurb é rosg poiblíochta an Player, ‘See what you’re missing’. Tuigimíd go maith céard tá á chailliúint againn. Tuigimid go bhfuil airgead ceadúnais na nGael ag íoc as craoltóir atá ag déanamh imeallú ar ár dteanga.
An BBC, an Irish News agus bun an bhairille
Is léir go bhfuil bun an bhairille á chuardach ag an BBC agus iad sa tóir ar scéalta nuachta nuair a athfhoilsíonn an chraoltóir stáít Briotanach scéal ón Irish News faoin Aire OIdeachais, Caitríona Ruane ó Shinn Féin, bheith ag glacadh a h-iníon, 12, ar saoire le linn téarma scoile. Is amhlaidh go raibh an Aire ag labhairt sa Chipir agus thug si a h-iníon lei agus níl aon amhras orm gur turas oideachasúil a bhí ann.
Os rud é go raibh mo mhac féin liom agus mé ag filleadh ón nGaillimh inné, lá scoile, tuigim cás an Aire Oideachais ó thuaidh go rí mhaith. Is é an tuismitheoir príomh chaomhnóir an pháiste – aige nó aici atá cúram an pháiste agus má chreideann siad gur ar leas an pháiste é bheith leo seachas ar scoil lá nó dhó nó trí le linn téarma scoile, tá sin réasúnta dár liom.
Tuigim, mar shampla, nach bhfuil ceist ann faoin Aire bheith ag iarraidh costaisí ar son a h-iníne nó a leithéid – faoi mar a bheadh á dhéanamh ag feisirí eile ó thuaidh – agus ó dheas.
Ach creidim go mbaineann an scéal seo leis an bhfeachtas leanúnach atá ar bun ag sciar áirithe den bhuanaíocht ó thuaidh plean Ruane le h-aghaidh atheagar an chórais oideachais a chur ó mhaith. Sílim go bhfuil gá deireadh a chur leis an gcóras dé shruthach ina mbionn na daltaí is saibhre ag freastal ar scoileanna breatha agus an chuid eile ag freastal ar scoileanna atá ag déanamh a ndícheall ar bheagán acmhainní.
Ceist a bhaineann le cogadh na n-aicmí é seo agus is léir go bhfuil an mheán aicme ag baint úsáid as gach cleas is féidir chun na b
RTÉ ag iomaíocht le ‘English language broadcasters’
Tá litir spéisiúil san Irish Times ar maidin ina dtugann Árd Stiurthóir RTÉ, Cathal Goan, freagra ar eagarfhocal sa nuachtán sin an tseachtain seo chaite.
Sa litir ar maidin tá abairtín amháin ina léirítear fíor mheon RTÉ i leith na Gaeilge.
The dual, not-for-profit, funding model under which RTÉ operates is the most prevalent method of funding public service broadcasting (PSB) in Europe and it is the only model by which a small country like Ireland could realistically hope to sustain a high quality PSB service – a service that must compete against some of the best resourced English-language broadcasters in the world
Tá míthuiscint iomlán ar Chathal Goan faoi ról RTÉ. Nó tá míthuiscint ormsa.
Tá tosaíocht á thabhairt ag an tUasal Goan don iomaíocht seo le craoltóirí mhóra an Bhéarla agus is é sin an údar mar shampla leis an gcinneadh an oiread san a infhéistiú i bhforbairt idirlín an chraoltóra náisiúnta. An rud a thugann tú faoi ndeara mar gheall ar sheirbhís idirlín RTÉ, áfach, a laghad Ghaeilge atá ann.
Níl seirbhís nuachta i nGaeilge ar ghréasán RTÉ mar atá ar ghréasán an BBC ag an mBreatnais. Go deimhin d’fhéadfaí a rá go bhfuil níos mó ábhar Ghaeilge ar ghréasán idirlín an BBC ná mar atá ar shuíomh an Chraoltóra Náisiúnta.
Léiríodh an t-easpa seo go soiléir nuair a sheol RTÉ cainéil digiteacha raidió roimh na Nollag. Ní raibh oiread is clár amháin i nGaeilge ar an sceideal don sé staisiún sin – agus tá tagairt déanta agam roimhe seo don agallamh a bhí ar chlár Ronáin Mhic Aodha Bhuí le beirt laithreoir ón staisiún, Scott de Buitléar a chuireann clár don phobal aerach i láthair agus fear éigean eile a bhionn ag plé le cúrsaí rince. Bhí sé soiléir ón mhéid a bhí le rá ag an mbeirt nach mbeadh ach an ‘cúpla focal’ á úsáid acu. Gan amhras tá siad ceart go h-iomlán sa cur chuige sin – tá siad ag déanamh an rud a deirtear leo agus a bhfaigheann siad iocaíocht as.
Ní fiú do RTÉ bheith ag tabhairt tosaíocht don ‘iomaíocht’ bréagach seo le craoltóirí an Bhéarla. Ní mór don craoltóir náisiúnta na dualgaisí atá orthu maidir le cur chun cinn chultúr na hÉireann a aithint agus beartú dá réir. Maith go leor, cialloidh sin go mbeidh go leor cláracha i mBéarla acu ach ba cheart go mbeadh meascán ann idir cláracha Béarla agus cláracha Ghaeilge ar an Raidió agus ar an dTeilifís agus solathar Ghaeilge agus Bhéarla ar an seirbhís idirlín.
Ar ndóigh bhéinn chomh cainteach céanna ar sholathar Ghaeilge an Irish Times. Faigheann siad airgead mhór ón sparán phoiblí – trí fograí stáit – agus bíodh is gurb é an nuachtán is fearr i measc na meáin Bhéarla chun abhar i nGaeilge a sholathar, ní leor é.
Sin agaibh é, racht an tSathairn!
An Ghaeilge ina teanga de chuid na Ríochta: BBC
An bhfuil an pingin ag titim – nó an é ná bhfuair an comhfhreagraí a d’ullmhaigh an tuairisc seo le h-aghaidh suíomh nuachta an BBC ‘ar an mór thír’ an meamram ó Bhéal Feirste?
Sin an cheist a ritheann liom agus mé ag léamh an tuairisc dearfach seo faoin nGaeilge ag an BBC.
Sa chéad dul síos, sa tuairisc seo, aithnítear an Ghaeilge mar theanga de chuid na Riochta Aontaithe. Agus bíodh is go gcreidim gur theanga náisiúnta na hÉireann í an Ghaeilge, caithfidh mé glacadh leis – agus glacaim leis go fonnmhar – má tá craoltóir stáit na Breataine á aithint mar theanga dá gcuid. Cuireann sé i gcuimhne dhom na h-amannta go mbionn an BBC ag aithint filí agus aisteoirí is laochra spoirt, leitheidí Séamus Heaney agus Liam Neeson agus Ruairí McIlroy, mar Bhriotanaigh nuair a bhuann siad gradam idirnáisiúnta éigean. Ach má chuireann siad cos as alt, is Éireannaigh iad arís.
Má tá an BBC sa Bhreatain sásta an Ghaeilge a aithint mar theanga de chuid na Ríochta Aontaithe, an bhfuil aon údar acu cur i gcoinne an argóínt gur cheart don BBC caitheamh leis an Ghaeilge i dtuaisceart Éireann mar a chaitheann an BBC leis an Bhreatnais sa Bhreatain Bheag nó an Ghaeilge in Alba?
I bhfocal amháin: níl.
Agus tabhair faoi ndeara rud eile faoin tuairisc seo, tá an Ghaeilge á lua gan ‘andulsterscots’ bheith luaite amhail is gur chuid den fhocal amháin iad ‘Irish’ agus ‘andulsterscots’.
Aithnítear freisin buntáistí an oideachais dhá theangaigh sa tuairisc:
Professor Colin Baker from the University of Bangor is an expert in bilingual education, and says bilingual children have an advantage in terms of intelligence.
Some parents want their children to identify strongly with their nation
“They actually have a higher IQ,” he said.
“It seems having two languages in the brain stimulates it, adds extra associations into the brain and deepens thinking.”
Samhlaigh an aischothú a spreagfadh an ráiteas sin dá luafaí é ós ard ar fhóram, leitheidí ‘slugger o’toole‘! Bheadh daoine le ceangal.
B’fhéidir nár mhiste go bhfoghlaimeodh siad an Ghaeilge nó dar leis an tOllamh Baker, in alt eile ón BBC ar an cheist :
And he believes the ability to speak more than one language makes children more tolerant and accepting.
In am bogadh chun tosaigh…
Tá an cheart ag Máirtín Ó Muilleoir nuair a deir sé go bhfuil an clampar seo ar fad faoi thuairisciú an BBC ar mhórshiúl Acht na Gaeilge Dé Satharn seo chaite ag tógáint ár n-áird ón bpríomh chuspóir, sé sin Acht Ghaeilge, le dealramh agus le brí, a reachtú ó thuaidh.
Tagaim leis an méid atá le rá freisin ag Philip Cummings ina cholún an tseachtain seo:
Maidir leis an tréith is coitianta ag Gaeilgeoirí, .i. an gearán, is leor sampla amháin. Den chéad uair, bhí tuairisc ag an BBC faoi mhórshiúl ar son na Gaeilge.
In ionad an rud cliste a dhéanamh agus tuile litreacha molta a sheoladh chuig an BBC as an tuairisciú lena chinntiú go ndéanfadh an stáisiún arís é, cad é a bhí beartaithe ag grúpa amháin i ndiaidh an mhórshiúil, Dé Sathairn?
Tá, gearán a dhéanamh leis an BBC cionn is go raibh an figiúr míchruinn foilsithe ag an stáisiún.
Go leor ráite?
Ar ndóigh deineann an BBC mí thuairisciú ar imeachtaí faoin nGaeilge, is é sin nuair a dheineann siad iad a thuairisciú ar chorr ar bith. An uair seo, thar na h-uaireannta eile ar fad, rinne siad tuairisciú ar an ócáid. Bhí an tuairisc mí chruinn, bhí sé ró ghairid agus nior thug sé a cheart don ocáid. Tá an ghearán déanta – ach bog ar aghaidh anois, tá an seó sin thart agus bí ag smaoineamh is ag beartú ar an gcéad ocáid eile chun aird an phobail a dhíriú ar an mór cheist.
An rud ar cheart a dhéanamh má tá ocáid eile chun a bheith ann, go mbeadh sé nach mór beo ar You Tube, nó a chothrom, le go bhfeicfeadh an domhan mór é gan an BBC a theacht sa tslí chun a leagan leath bhacáilte a thabhairt. Go deimhin ba cheart smaoineamh ar You Tube agus ocáid a reachtáil díreach ar an meán sin amháin agus féachaint conas mar a eiríonn leis. Tá sé saor in aisce agus tá sé iomlán faoi do smacht….Agus cinnte go bhfuil go leor léiritheoirí teilifíse thart chun cuidiú libh jab ceart a dhéanamh de….
Feicim anois go bhfuil litir éisithe ag an BBC ag tabhairt a taobh den scéal. Tá siad ag seasamh leis. An aon íontas é sin? Fagfaimís an scéal mar atá sé….
-
Archives
- November 2009 (16)
- October 2009 (11)
- September 2009 (22)
- Lúnasa 2009 (16)
- July 2009 (40)
- June 2009 (68)
- May 2009 (51)
- Aibreán 2009 (51)
- Márta 2009 (44)
- February 2009 (50)
- January 2009 (43)
- Nollaig 2008 (28)
-
Categories
-
RSS
Entries RSS
Comments RSS

