Czar na Gaeilge – cé bheadh ann?

Le linn an chíor thuathail ar fad le seachtain anuas sa Bhreatain agus Gordon Brown le cos san uaigh agus ar tí bheith caite isteach ag a pháirtí, bheartaigh sé Alan Sugar, réalt ‘The Apprentice’, a fhostú mar Czar Fiontraíochta. Is é an tUasal Sugar an Czar is déanaí atá fostaithe ag ceannairí Rialtais chun tabhairt faoi dhúshlán ar leith.
De réir dealraimh séard a dúirt John McCain le déanaí faoin Uachtarán Obama, go raibh níos mó Czar ag Uachtarán SAM ná mar a bhí ag teaghlach Romanov na Rúise. Bhí 18 acu – tá 20 ag Obama.
Ag an am chéanna, is tuairim é arbh fhiú é a thriail chun saol na Gaeilge a shuathadh. Duine cumasach a aimsiú chun rudaí a chur ag gluaiseacht sa treo ceart agus ag gluaiseacht go tapaidh sa treo sin. Ní bheadh an fheidhmeannach seo ceangailte le maorláthas agus bheadh buiséad neamhspleach aige nó aici, buiséad substaintiúil.
Cé h-é nó h-é an duine a roghnófá don phost sin, dá mba rud é gurb é sin ceann de na moltaí ar tháinig as an bPlean Gníomhaíochta don Ghaeilge atá le foilsiú go luath, sara ndeinfear athshuathadh ar an gComhaireacht pé scéal é! Agus go mbeadh sé i gceist na moltaí sa Phlean a chur i bhfeidhm, a deirim sotto voce!
9 06, 2009 Posted by igaeilge | An Ghaeilge, Cúrsaí Reatha | Alan Sugar, Éamon Ó Cuív, Barack Obama, Czar, Gordon Brown | 7 freagra
An chaint úd i gCairo….
Tá sé deacair a shamhlú, i ré seo an ’soundbite’, go bhféadfadh oráid ó pholaiteoir bheith spreagúil, géar chúiseach agus dea thomhaiste. Ach is iad san – agus eile- na deathréithe atá á lua leis an gcaint a thug Barack Obama, Uachtarán Stait Aontaithe Mheiriceá, i gCairo inniu agus é ag iarraidh tús a chur le caidreamh nua idir SAM agus an domhan Mhuslamach.
Ní Muslamach mé – ach creidim gur eirigh leis an Uachtarán Obama aghaidh a thabhairt ar na gceisteanna tabhachtacha agus na lochtanna a bhí ar an dhá thaobh go h-eifeachtach agus i dteanga cúramach ach firinneach ag an am chéanna.
An mó uair a éisteann tú le polaiteoir agus iad ag ‘going forward’ agus a leithéid agus go dtuigeann tú go bhfuil sé nó sí i gcaint nach dtuigeann eisteoir nó cainteoir?
B’fhéidir go mbeidh mé ábalta teacht ar leagan físe den chaint ar Youtube ar ball – go dtí seo, is féidir an oráid a léamh i gcló anseo.
4 06, 2009 Posted by igaeilge | Cúrsaí Reatha, Nuacht | Barack Obama, Ioslamaigh, SAM | 5 freagra
Fogra Gaeilge ar an New York Times – cás don tUasal Ó Ripley
Seo mise ag spáisteoireacht timpeall an idirlín agus fuaireas alt bhrea, agallamh le hUachtarán SAM, Barack Ó Bama, le fear ón New York Times. Bhíos ag léamh liom nuair a thugas faoi ndeara fogra ar thaobh an leathnaigh.

Ní fhéadfadh sé sin bheith ann….d’fhéachas arís, níos géire an dara uair.

Ghlacas cúpla griangraf den leathnach ar an scaileán – bhí eagla orm nach gcreidfí mé dá ndéanfainn é a thuairisciú anseo ar iGaeilge.
Fogra d’fhón phoca Samsung, ár sean chara Gaelach, an Tocco, os comhair mo shúile ar leathnach [idirlín] de chuid an IrishNew York Times! A leithéid de radharc. An rara avis cinnte! Ní doigh liom go bhfaca mé a leithéid ar leathnaigh an Irish Times fiú.
Nach é seo an New York Times céanna ina raibh díspeagadh ar an nGaeilge le linn mhí na Márta, nuair a thug Brian Cowen ar Barack Obama le h-aghaidh Lá Fhéile Phádraig! Rinneas tagairt do anseo agus spreag mo chuid tuairimí ar an gceist ar bhlar dhiospóireachta an NYT féin roinnt aischothú feargach ó thrachtairí éagsúla.
Ní thuigim cé acu an bhfuil níos mó airgead ná ciall ag lucht Samsung agus go bhfuil siad ag ceannach fograí ar leathnaigh idirlín an New York Times don ghaelfón? An amhlaidh go gceapann siad go mbeidh corr Ghael fánach ag léamh na leathnaigh seo agus go rithfidh siad amach chun an fón a cheannach.
Sa chás seo bhí an Gael corr agus fánach seo ag léamh an leathnaigh – ach ar droch amharaí an tsaoil, tá Tocco agam theana féin.
Nó an é go bhfuil bogearraí chomh cliste sin ag an New York Times go n-aithníonn siad gur Éireannach mé, le suim sa Ghaeilge, agus go bhfuil an fogra seo á threorú i mo threosa. Mas amhlaidh an scéal, nár cheart go mbeadh eagla orm. Sin cumhacht theicneolaíocht na faisnéise duit. Sin cumhacht lán stad.
Tar éis é sin go léir, chuas ar ais go dtí an leathnach arís. Bhí sé druidte agam agus bhí orm é a athlódáil. Bhí an fogra don Ghael Fón imithe agus ceann eile ina áit. B’fhéidir gur mearú súl a bhí ann.
Ach féach ar na griangrafanna arís. Tá sé ann. Ní mearú súl – agus níor dhein mé ‘Photo-shopáil’ air ach an oiread.
Cás é seo don tUasal Ó Ripley, creidim!
30 04, 2009 Posted by igaeilge | An Ghaeilge, Cúrsaí Reatha | Barack Obama, Fógraíocht, Gael Fón, New York Times, Samsung, Tocco | 2 freagra
Barack Obama ag obair ar son Ghaelcholáiste nua…
Is cosúil go bhfuil Barack Obama earcaithe ag gluaiseacht na Gaeilge le cuidiú linn sna fiontair agus na beartais éagsúla atá idir láímhibh againn. Nuair a luaigh mé an tseachtain seo chaite go raibh ceacht Ghaeilge faighte aige ón Taoiseach, Brian Cowen, an tseachtain seo chaite ag an ocáid sa Teach Bhán ar Lá Fhéile Phádraig, nior thuig mé go h-iomlán na feidireachtaí.
Seo an úsáid a bhain dream nua atá ag iarraidh Gaelcholáiste nua a bhunú i ndeisceart Bhaile Atha Cliath as na focail draíochta sin, ‘Is Féidir Linn’. Is maith liom é agus tá sé cliste – tá ár dtacaíocht tuillte aige.
23 03, 2009 Posted by igaeilge | An Ghaeilge, Cúrsaí Reatha | Barack Obama, Deisceart Bhaile Átha Cliath, Gaelcholáiste | No Comments Yet
Tá an cúlú thart!
Cén fath go gceapaim go bhfuil gach rud ina cheart agus an ghéarchéim thart. Bhuel nach bhfuil an Chaithréim Mhór bainte amach ag ár bhfoireann rugbaí don chéad uair i 61 bliain agus, ar an oíche chéanna, bhuaigh Bernard Dunne gradam dornálaíochta domhanda nuair a sharaigh sé Cordoba san 02.
Nach é sin an cineal ardú croí atá ag teastáil chun sinn a thabhairt as an sáínn seo! Deirtear go minic gurb é an bua a bhí ag Éire ar Shasana sa sacar ag Euro 1998 a chuir tús le ré an Tiogair – agus an uair sin féin, ní raibh ach an bua amháin i gceist. Cad é an toradh a bheadh ar chúig bhua ar fhoirne rugbaí mhóra le rá!
Agus tharla seo an tseachtain céanna inar labhair Uachtarán Mheirceá, Barack Obama, an fear is cumhachtaí agus is cumasaí ar domhan, cúpla focal Ghaeilge. Tá ár chupa a chur thar maoil!
B’fheidir go bhfuilim blúirín ró shoiniceach – ach creidim go bhfuil ard mholadh tuillte ag Brian Ó Driosceoil agus a fhoireann agus Declan Kidney, Bernard Dunne agus, sa deireadh thiar, Barack Obama is a mhúinteoir Gaeilge, as ucht údar a thabhairt dúinn ár gcroithe a ardú. Táim tinn tuirseach den ghruaim is den chrá croí a bhionn le clos lá i ndiaidh lae ar na méain [Bhéarla gan dabht!] agus is dócha nach fada go dtosnófar ar an bport sin a sheint in athuair.
Ach ar feadh an lae inniu, bíodh gliondar inár gcroí agus gáire ar ár smúis agus tabharfaimís aghaidh ar an chuid eile den tseachtain leis an spiorad dochlóite céanna. B’fhéidir gur cheart don Rialtas iarratas a dhéanamh ar an bhfoireann rugbaí an chorn a thabhairt timpeall na tíre le go mbeadh deis ag gach pobal ar fuaid na hÉireann a meas agus a mbuiochas a chur in iul don mheitheal mhiorúilteach seo.
22 03, 2009 Posted by igaeilge | An Ghaeilge, Cultúr, Cúrsaí Reatha, Nuacht | Barack Obama, Bernard Dunne, Brian Ó Driosceoil, Brian Cowen, Corn na Sé Náisiún, Rugbaí | 4 freagra
Grand Slam na Gaeilge
Ar dtúis bhí Barack Obama ann lena chúpla focal – agus seo chugainn anois Brian O’Driscoll ag cur deireadh le preas agallamh faoin gcluiche mór amarach leis an dhá fhocal ‘Sin é’. Ní mór an méid é ach nuair a chuireann tú san áireamh gurb é Barack Obama an fear is mó ar domhan ar a bhfuil meas agusgo bhfuil an Driosceoileach, laoch chaptaen na hÉireann, ar na daoine is mó ar a bhfuil meas sa tír seo, is fiú morán na focail sin. Dá mba rud é go dtosnódh Bono ag labhairt i nGaeilge anois, d’fhéadfaí a rá go raibh ‘Grand Slam’ ag an nGaeilge! Fiú chuala mé Charlie Bird ag labhairt cúpla focal de bharr an méid a dúirt Obama….ní raibh sé ach a aistriú.
Mar thoradh ar an cúpla focal a bhí ag Barack Obama, bhí alt sa New York Times faoin nGaeilge – ní raibh an alt ró chothrom agus bhí sé claonta i dtreo áirithe dar liom, ach bhí sé ann.
Ní fheadar an mbeidh toradh chomh dearfach céanna ar an cúpla focal ó Bhrian Ó Driosceoil. Ní fheicim go bhfuil morán seans go mbeidh Gerry Thornley, príomh scríobhnóir rugbaí an Times, ag scríobh a réamh bhreith [ag tuar bua d'Éirinn ar ndóigh] i nGaeilge amarach.
Nior cheart go mbeadh íontas orainn go mbeadh cúpla focal i nGaeilge ag Ó Driosceoil. Chaith sé na blianta ar chúrsa samhraidh i gCamus i gConamara agus é ina cheannaire ann. Chuaigh a chlann ar fad ar an gcoláiste samhraidh céanna. Mafia Chluain Tairbh a tugadh orthu.
Is cuimhin liom gur dheineas iarracht agallamh a fháil leis an Driosceoilach uair amháin ach séanadh sin orm ar chúiseanna nach dtuigim. Ach ní doigh liom go bhfuil aon meán Ghaeilge tar éis fiú ceist i nGaeilge a chur ar Ó Driosceoil ag preas agallamh. Má tá, maith dhom an éagóir, ach mura bhfuil, cén fath nach bhfuil?
Tá cluiche mór amarach i gCaerdydd agus tá súil agam go mbeidh an bua ag Éire. Ceapaim gur féidir go mbeidh an bua acu. Ach rud amháin cinnte, ní bheidh aon cheist ann ach go mbeidh imreoir nó triúr ó fhoireann na Breataine Bige sásta agallamh a thabhairt i mBreatnais do S4C i ndiaidh an cluiche, cé acu an bua nó diomua a bheidh ann.
Ba dheas liom freisin dá ndéanfadh Aontas Rugbaí na hÉireann athmhachnamh ar an dearadh ar léine na foirne. Is docha go mbeidh léine nua ann ar aon nós agus mar sin niorbh olc an rud é go gcuirfidís san áireamh ainm na tíre, Éire, a chur ar an léine i nGaeilge. Tá ainm ‘Alba’ ar léine na hAlban agus ainm ‘Cymru’ ar léine na Breataine Bige.
20 03, 2009 Posted by igaeilge | An Ghaeilge, Cultúr, Cúrsaí Reatha, Nuacht | Éire V Cymru, Barack Obama, Bono, Brian O'Driscoll, Foireann Rugbaí na hÉireann, Grand Slam, Rugbaí | 6 freagra
Barack Obama ag Paráid Bhéal Atha’n Ghaorthaidh
18 03, 2009 Posted by igaeilge | An Ghaeilge, Cultúr | Ballingeary, Barack Obama, Béal Atha'n Ghaorthaidh, Brian Cowen, Gerry Adams, Michelle Obama, Osama Bin Laden, Paráid Lá Fhéile Phádraig, St Patrick's Day Parade | No Comments Yet
“Is féidir linn…”
“Is féidir linn…” B’shin iad na focail ó bhéal Barack Obama agus é ag glacadh leis an seamróg ón dTaoiseach Brian Cowen sa Teach Bhán i Washington inniu.
B’fheidir gur cheart dúinn é sin a ghlacadh mar mhanna agus sinn i mbun ár nGaeltacht idirlín.
Moladh amháin atá agam, go nglacaimís leis go bhfuil sé bunaithe. Tá an baol ann má thosnaíonn daoine ag caint ar an ghá atá lena leitheid is na buntáistí a bheadh lena leithéid go ndeintear an dúl chun oibre a pharailísiú.
Tá sean fhocal sa Bhéarla a choimríonn an rud atá i gceist agam: The perfect is the enemy of the good.
Mar sin, i bhfocail Barack Obama, is féidir linn.
17 03, 2009 Posted by igaeilge | An Ghaeilge, Cúrsaí Reatha, Nuacht | An Teach Bhán, Barack Obama, Brian Cowen | 11 freagra
FF agus Barack Obama – an cheangal idirlíne
Is cosúil go bhfuil suíomh nua idirlíne ag Fianna Fáil. Ní fheadar an bhfuil aon seans ann go mbeidh níos mó Gaeilge ná Polainnis ar an suíomh…
Is léir ón gcéad fhéachaint ar an suíomh go bhfuil FF ag iarraidh áird na bPolannaigh a mhealladh fiú agus iad ag filleadh ar a dtír dhúchais le cungú an gheilleagair anseo, a bhuí d’Fhianna Fáil.
Ní chuige sin atáim an uair seo. Nó aréir i mBaile Átha Cliatha bhailigh slua mór blogálaithe le cheile mar go bhfuair siad cuireadh freastal ar ocáid ag a mbeadh fear darbh ainm Joe Rospars ag caint. B’é Joe Rospars an t-é a bhí i bhfeidhil ar fheachtas idirlíne Barack Obama agus is leis an comhlacht Blue State Digital a bhionn sé ag obair.
De reir tuairiscí, tá an comhlacht seo tar éis comhairle a chur ar Fhianna Fáil mar gheall ar an suíomh nua atá á fhorbairt acu. Caithfidh go bhfuil go leor airgid timpeall an phairtí go foill nó raibh comhairle óna leitheid saor in aisce.
Ach bhí lúb ar lár sa chuireadh nó deir na blagalaithe a chuaigh ann ná raibh aon tagairt do shuíomh FF – agus chuaigh siad ann chun éisteacht le Joe.
Agus bhí siad le ceangal nuair a cuireadh an suíomh seo ina láthair tar éis caint, ró ghearr, dar leo, ó Joe Rospars.
Is docha go mbeadh údar feirge acu ceart go leor cé go gceapaim gur scéal maith é go bhfuil suíomh úr ag FF freisin.
Má cheap siad go raibh siad ag fáil chuig ocáid ag a mbeadh laoch idirlíne cosúil le Joe Rospars ag caint agus go raibh seo saor in aisce, bhí dul amú orthu. Níl rud ar bith ann agus lón saor in aisce, is léir.
An cheist atá agamsa ná cén fath? An amhlaidh go gceapann FF má cheanaíonn siad seirbhísí comhlacht ar nós Blue State Digital go mbeidh siad san ábalta votaí – agus airgead – a mhealladh mar a dhein Barack Obama?
Tá na scéalta cloiste againn, gan amhras, faoi Seamus Brennan, beannacht Dé lena h-anam, ag caitheamh seal i Meircea le linn fheachtas Jimmy Carter i 1976 agus an toradh a raibh ar sin gur eirigh le FF bua ollmhór a bheith acu i dtoghchán 1977 nuair a bhain siad úsáid as na cleasanna toghcháin ar fhoghlaim Seamus thall.
Ná ceapadh FF gur féidir leo amhlaidh a dhéanamh le Obama an uair seo, cé gur tugadh le fios ag an am go raibh leitheidí Mary Hanafin agus polaiteoirí sinsireacha eile ó FF i láthair ag Comhdháíl na nDaonláthach i nDenver i mí Lúnasa seo chaite.
Tá gach éinne ag sanntú ‘Tionchar Obama’ – ach ní rud é sin ar féidir é a cheannach.
Agus is bocht an léargas a thugann sé ar Fhianna Fáil gurb é sin a cheapann an pháirtí….
26 02, 2009 Posted by igaeilge | An Ghaeilge, Cúrsaí Reatha, Nuacht | Barack Obama, Blue State Digital, Fianna Fáil, Joe Rospars | No Comments Yet
Aor Obama
Tá ‘Nob Nation’ ar an raidió – ach is beag atá ar an teilifis chun léargas ‘aorúil’ a thabhairt dúinn ar eifeacht – nó easpa éifeachta – ár Rialtas.
Ní h-ionann an scéal i Stáit Aontaithe Mheirceá. Fiú go n-aithnítear gurb é Barack Obama an ‘Slánaitheoir’, níl sé as an áireamh go ndeinfear magadh éadrom faoi.
Seo iarracht ‘Newsweek’ – agus níl sé ró olc in aon chorr. Gan amhras tá an cháil ar Newsweek go bhfuil sé claonta i dtreo na bPoblachtóirí – agus sin ‘rara avis’ nach bhfaighfeá in Éirinn.
I gcead dóibh, creidim go bhfuil cláracha ar nós “Langerland” ró ghairsiúil agus ró gharbh – ach sin mise. Tá gá le h-aor atá cruinn is gar don chnámh cinnte – ach laghdaíonn magadh ró gharbh an éifeacht, dar liom.
Níl a fhios agam an bhfuil aon rud a bhogfaidh an Rialtas seo mura bhfuil siad sásta bogadh ar cheisteanna tabhachtacha nuair a thagann slua 120,000 amach ar na sráideanna.
Ach caithfear féachaint chuige. Bí ag faire ar an spás seo.
25 02, 2009 Posted by igaeilge | An Ghaeilge, Cúrsaí Reatha, Nuacht | Barack Obama, Langerland, Newsweek | No Comments Yet
Eolas ábharach
Cé mise?
Is mise Concubhar Ó Liatháin, blagarthóir an bhlaig seo. Bhí mé go dtí Feabhra 2008 im eagarthóir ar an nuachtán laethúil Ghaeilge, Lá Nua. Táim anois im chónaí i gCúil Aodha, an sraid bhaile i nGaeltacht Mhusgraí inar tógadh mé. Táim pósta ar Caroline agus tá beirt phaiste againn, Art (6) agus Danú(3).
Rinne mé cúpla iarracht tús a chur le blag laethúil roimhe seo ach de bharr mo chúramaí mar eagarthóir, ní raibh an am agam tabhairt faoi mar ba mhaith liom. Tá an suíomh seo á thogáíl agam de reir a cheile agus beidh mé buioch as bhúr foighid. Bheinn buioch freisin as aischothú uaibh.
Ní miste liom a lua ón tús gur blag é seo nach mbeidh ag fáil nó ag lorg aon chabhair deontais ó aon fhoinse Stáit. Ciallaíonn sin go mbeidh sé neamhspleach agus má bhionn sé claonta, is claontaí an eagarthóra féin a bheidh á nochtadh.Creidim go laidir go bhfuil gá le h-earnáil eigean sna meáin Ghaeilge nach bhfuil ag brath ar dheontais nó iocaíochtaí stait.
Anois tá an t-idirlíon againn agus is féidir foilsiú beag beann ar lámha marbha an mhaorláithis.
Foláireamh Cruinnis Agus Stíle
Sara léann tú an blag seo, bí ar an eolas go bhfuil sé ráite faoi bhlagarthóir an suímh, an t-é atá thuasluaite, go bhfuil dearcadh ‘laissez faire’ aige i leith cruinneas is stíl na Gaeilge agus freisin go bhfuil sé ‘abhairín scaoilte’.
MÁS FOGHLAIMEOIR GHAEILGE THÚ, D’FHÉADFADH SÉ DOCHAR BUAN A DHÉANAMH DOD’ CHRUINNEAS TEANGAN BHEITH AG LÉAMH iGaeilge.
-
An Druma Mór- Thiocfadh dó go gcaillfeadh First Trust £85mThiocfadh dó go gcaillfeadh First Trust Bank (Allied Irish sa tuaisceart) suas le £85m mar gheall ar chalaois a tharla, más fíor ag craobh dá gcuid ar an Iúr. Tugadh an méid sin le fios inniu nuair a leanadh de bhannaí Peter Creegan ó Bhéal Atha an Airgid, iarbhainisteoir ar First Trust ar an Iúr. Tá curtha ina leith go raibh sé i mbun calaoise. Leanadh dá b […]
- Beirt eile marbh mar gheall ar an fhliú mucúilDearbhaíodh inniu gur mharaigh an fliú mucúil beirt eile sna 26 Chontae le seachtain anuas. Bean a bhí ag iompar clainne agus páiste an bheirt a cailleadh. Mharaigh an galar 16 duine ó dheas go dtí seo mar aon le deichniúr ó thuaidh.
- Nuacht24 ar fáil anoisTá an t-eagrán is úire de Nuacht24 ar fáil anois. Bain sult as.
- Thiocfadh dó go gcaillfeadh First Trust £85m
Gaelport- 5 phost mar aistritheoirí sa Lár-Aonad Aistriúcháin fógarthaTá curtha in iúl ag an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív T.D., gur fógraíodh poist mar aistritheoirí sa Lár-Aonad Aistriúcháin sa Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta inniu. Bunaíodh an Lár-Aonad Aistriúcháin seo tar éis don Stát gealltanas a thabhairt don Chúirt Uachtarach i gcomhthéacs achomhairc a bhaineann le haistriú Io […]
- Inneall Aistriúcháin níos fearr ná Google Translate! Le déanaí chuir an comhlacht idirlín Google seirbhís aistriúcháin ar fáil do Ghaeilgeoirí dar teideal Google Translate. Tugann Google Translate an deis d’úsáideoirí idirlín a gcuid torthaí cuardaigh ar shuíomhanna idirlín i dteangacha iasachta a fháil i nGaeilge. Ach ó shin i léith tá easaontas ann ar cé chomh fiúntach is atá an córas sin agus anois tá cain […]
- Ionadaíocht ar 26 teanga ag Comhdháil Mhá Nuad Beidh ionadaithe ar son 26 teanga ó 31 tír i láthair nuair a thionólfar an 37ú Cruinniú de chuid an Association of Language Testers in Europe (ALTE) faoi scáth Ollscoil na hÉireann Má Nuad in Óstán Carton House ón 11-13 Samhain. Is é téama na comhdhála ná “Tástáil na dteangacha neamhfhorleathana i gcomhthéacs ilteangach”.
- 5 phost mar aistritheoirí sa Lár-Aonad Aistriúcháin fógartha
nós*- buaigh eitiltí go Londain!Is maith linn bheith fial flaithiúil anseo ag nós* – agus ba mhaith linn tuilleadh síntiúsóirí a fháil chun forbairt a dhéanamh ar an iris – mar sin tá tairsicint speisialta á cur ar fáil againn idir seo agus deireadh na bliana. Má cheannaíonn tú síntiús bliana don leagan clóite de nós* roimh Lá Nollag, cuirfear [...]
- tuilleadh aitheantais do nós*Is deas an rud é i gcónaí nuair a aithnítear do chuid oibre agus tá an-áthas orainn anseo ag nós* gur tháinig cúpla gradam agus ainmniúchán inár dtreo le cúpla mí anuas. Tugadh aitheantas dúinn ar dtús ag na Irish Webs Awards ag tús mhí Dheireadh Fómhair nuair a bronnadh an gradam, ‘An Suíomh Gaeilge Is [...]
- seachtain mhór cois cuainIs gnóthach an chathair í Béal Feirste an tseachtain seo le himeachtaí ag tarlú gach oíche i suíomhanna éagsúla ar fud na cathrach. Dé Máirt 10 Samhain is i gCumann Chluain Ard a bheas an chraic ar fad le Tráth na gCeist agus oíche mhór cheoil ar siúl sa chlub ar Shráid na Scéiche. Ócáid í seo [...]
- buaigh eitiltí go Londain!
-
Líon na gCuairteanna
- 89,850 cuairt
-
Na freagraí is déanaí
Blogroll
- An Bhlaglann
- An Cainteoir Dóchais
- An Caomhach
- An Druma Mór
- An tImeall
- An tOileánach Tréigthe
- Blag Mháirtín Uí Mhuilleoir
- Blag Pholatúil an Irish Times
- Blog na Gaeilge
- Cín Lae Uí Reachtair
- Clár plé na Gaeilge ar Politics.ie
- Crosbhealai
- Cuairt na Cruinne in 80 bliain
- Dónal na Gealaí
- Des Bishop,
- Gael Gan Náire
- Garraí Johnny Mhorgan
- Glór Mhic Airt
- iMúscraí
- Iris Eoghanaigh
- Irish Blogs Directory
- Lá Nua
- Léargas Gerry Adams
- Metro Éireann
- Mise Áine
- Nuacht Líne
- Raidió Fáilte
- Raidio Rí Rá
- Scríbhneoirí Óga na Gaeilge
- Slugger O’Toole
- Smaointe Fánacha Aonghus
- Thall is Abhus
- XXL2L
Gradaim Blagála na hÉireann 2009

Buaiteoir, Gradam Blagála, Oireachtas na Gaeilge 2008
Cartlann na nÁbhar
Acht na dTeangacha Oifigiúla Aistriúcháín in aisce An Bórd Snip Nua An Choimisinéir Teanga An Druma Mór An Ghaeilge An Lucht OIbre An tAire Ghnóthaí Pobail An tAire Ghnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta An Taoiseach An tOireachtas Barack Obama BBC Brian Cowen Ciorruithe Comhar Conradh na Gaeilge Cúil Aodha Dónal Ó Liatháin Fianna Fáil Fine Gael Foinse Foras na Gaeilge Gearóid Ó Cairealláín Gerry Adams Irish Times Lá Nua Maorláthas Ar Mire Múscraí Nuacht 24 Nuacht TG4 nós* Oireachtas na Gaeilge Polataíocht Pádraig Ó Céidigh Pól Ó Muirí RTÉ RTÉ Raidio na Gaeltachta Ryan Tubridy Sinn Féin Sunday Independent TG4 Tuaithe agus Gaeltachta Udarás na Gaeltachta Éamon Ó Cuív
-
Archives
- November 2009 (14)
- October 2009 (11)
- September 2009 (22)
- Lúnasa 2009 (16)
- July 2009 (40)
- June 2009 (68)
- May 2009 (51)
- Aibreán 2009 (51)
- Márta 2009 (44)
- February 2009 (50)
- January 2009 (43)
- Nollaig 2008 (28)
-
Categories
-
RSS
Entries RSS
Comments RSS

