iGaeilge

- neamhspleach, laethúil, i nGaeilge

Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeilge, Maorláthas na Gaeilge….cad faoi Aontas na Gaeilge?

‘Shake up’ a thugann an ceannlíne sa scéal seo sa Sunday Tribune ar an méid atá á rá go poiblí ag Eamonn O Cuív faoin phlean atá ann ról níos leithne a thabhairt do Udarás na Gaeltachta.  Is cosúil gur Udarás na Gaeilge a bheidh air má ghlactar leis an bplean atá á phlé faoi lathair ag an bhfo-choiste Comh-Aireachta  i leith na Gaeilge.

D’fhéadfadh seo a bheith ina thús nua do chúrsaí na Gaeilge sna 26 contae – ach is ansan atá an fadhb is mó leis an mbeartas.

Ní h-aon chara mise le Foras na Gaeilge ach bunaíodh an Fhoras mar institiúid uile oileánda chun an Ghaeilge a chur chun cinn.  Anois tá orthu dul san iomaíocht leis an Udarás seo nó tá orthu focas as an úr a chur ar ghnóthaí tras teorainn.   Tá sé deacair a dhéanamh amach cá thosnaíonn ‘tras teorainn’ agus cá chriochnaíonn ‘26 contae’.   An oiread is go bhfuil sé ina chur amú airgid go bhfuil dhá chóras sláinte ar an oileán agus dhá chóras oideachais le cois – nach cur amú é go mbeadh dhá institiúid stáit ann chun an Ghaeilge a chur chun cinn?

Dhá mhaorláthas, dhá runaíocht. Ag an am chéanna, beidh an tua ag titim ar na h-eagrais Ghaeilge, leithéidi Conradh na Gaeilge agus Gaelscoileanna.

Ar ndóigh d’fhéadfadh seo tochailt faoi bhunús Chomhaontú Aoine an Chéasta – agus cé nach gcreidim gur bó beannaithe é an Chomhaontú céanna, is cinnte go gcaithfear a chinntiú nach bhfuil leithscéal á thabhairt d’Aondachtaithe atá nimhneach in éadan na Gaeilge, leithéidí Nelson McCausland, Aire Cultúr an Tuaiscirt, cúlú ó dhualgaisí an staitín ó thuaidh i leith na Gaeilge.

16 11, 2009 Posted by igaeilge | An Ghaeilge, Cultúr, Cúrsaí Reatha | , | 7 freagra

‘Mar gur fiú níos mó ná biorán thú’

Tá roinnt bileoga tagtha chugam le linn an fheachtais seo – agus a bhfurmhór is isteach sa bhosca athchúrsála a théann siad.

Ach tháinig chugam ó Thoireasa Ferris, iar Mhéara Chiarraí agus bean óg atá gealladh fuithí, atá san iomaíocht thar cheann Shinn Féin a mheall mo shúil.

Ar ndóigh is bean dathúil í Toireasa – ach ní h-é sin an fath go raibh mé tógtha faoina bileog. Níl morán ar an mbileog i nGaeilge – cúpla manna anseo is ansiúd ach tá teachtaireacht laidir sa mhéid atá ann.

“Mar gur fiú níos mó ná biorán thú”.

An manna i mBéarla, a chomhionann is dócha, ‘Sinn Féin – because you deserve better’.

An rud amháin faoin leagan Ghaeilge, níl sé chomh leamh is a bhíonn furmhór na mannaí toghcháin: ‘A strong voice in Europe’ is a leithéid.

alt spéisiúil san Irish Times i dtaobh Toireasa ag Harry McGee a bhí ar an gcanbhas lei i gcathair Chorcaí agus, mar is é seo an dualgas atá ar iriseoirí an Irish Times, bhí ar iarracht éigean a dhéanamh í a cheangal le stair fhoreigneach a páirtí. Le bheith cothrom do Harry bhí an alt níos measta ná an ceannlíne – More Armani than Armalite – cé nach gcreidim go bhfuil daoine fós ag baint ceoil as seana phort sin!

Bhí an cheist ann faoin uair gur dhiultaigh sí cáineadh a dhéanamh ar mharú an Garda Gerry McCabe in Ath Dhara i 1996 nuair a bhí ar an Late Late Show. Agus thug sí an freagra ceart ar an gceist – baineann sin leis an stair agus an uair ar thárla sé, ní raibh sí ach sé bhliain deag d’aois. Nach mbeadh sé chomh maith ag iriseoirí na linne seo bheith ag iarraidh ar Fhianna Fáil dúnmharú Mhichíl Uí Choileáín a cháíneadh?

Tá amhras orm i gcónaí faoi Shinn Féin, go h-áirithe an eite thuaisceartach den pháirtí agus an caidrimh lofa atá acu leis an DUP. Agus ní thaithníonn caint débhríoch Mary Lou liom nó port Phiarais ach an oiread.

Ach táim ag ceapadh go bhfuil seans mhaith ag Toireasa. Neosfaidh an aimsir. Bheadh sé go maith dá nglacfadh glúin óg is oilte seilbh ar an bpáirtí sara n-iompaíonn sé go Fianna Fáil….

Tabhair cuairt ar a suíomh agus b’fhéidir go dtuigfidh sibh…
toireasaferris

26 05, 2009 Posted by igaeilge | An Ghaeilge, Cúrsaí Reatha, Nuacht | , , , , , , , , , | 2 freagra

Ar eagla na n-easaontóirí

Pictiúir stairiúil ó aimsir an Eirí Amach i mBaile Átha Cliath i 1916

Pictiúir stairiúil ó aimsir an Eirí Amach i mBaile Átha Cliath i 1916

Tá scannán ag teacht inár dtreo go luath faoi Eirí Amach 1916, Easter Sixteen.

Ach tá rabhadh ‘sláinte’ á thabhairt ag an starai, Lord [Paul] Bew, faoin scánnán seo nó ceapann sé go gcothóidh sé agus go spreagfaidh sé ‘easaontóirí’.

Bew raised his fear that modern-day dissidents might take their lead from the characters in the movie, saying: “They — the dissidents — can surely say, ‘Well, we may be so-called micro groups but we have an historic legitimacy as saviours of the nation’. One would hope that such an irony of our history would not be missed, but I wonder.”

Níl a fhios agam an bhféadfadh scannán ar bith easaontóirí a spreagadh nó a ghríosadh chun rud a dhéanamh ná raibh siad ag iarraidh a dhéanamh ar aon nós. Ach tá an baol ann is dócha nó, mar a WB Yeats trath:

Did that play of mine send out good men the English shot?

Tá cluiche aisteach á imirt anseo ag leithéidí Bew agus athscriobhaithe eile na staire. Feictear domsa gurb iad is mó atá ag cothú na h-easaontóirí agus iad ag iarraidh a thabhairt le fios tre talamh tirim a dhéanamh go bhfuil Sinn Féin anois ag cur riail na Breataine i bhfeidhm in Éirinn gur easaontóir gach duine nach n-aontaíonn le SF. Ar chúinse ar bith.

Níl sé chomh simplí sin an dubh a chur ina gheal ar dhaoine. I mo chás féin: Is poblachtóír mé sa chiall is leithne den bhfocal. Ní aontaím le Sinn Féin faoin cur chuige atá ag an phairtí i leith na Gaeilge. Tá díomá orm faoi easpa cumais is éifeacht an phairtí san Fheidhmeannas ó thuaidh ach ní chiallaíonn sin go bhfuilim ag easaontú, mar shampla, leis an gcinneadh bheith páirteach san Fheidhmeannas ó thuaidh ar bhonn phrionsabail. Bhí gá leis an dul sa tseans sin – fiú murar eirigh leis go dtí seo nó mura n-eiríonn leis go ceann i bhfad. Nó is fearr é sin ná an rogha eile, an rogha fuilteach dúnmharfach náireach a léiríodh dúinn roinnt seachtainí ó shin nuair a maraíodh poilín agus beirt shaighdiúir ó thuaidh.

An cluiche atá á imirt ag leithéidí Bew síol an amhrais a chur ag fás is a chothú i measc gach cineál poblachtóír ar mhaithe le scoilteanna a chruthú agus a chothú ar an dtaobh sin. Tá seo á dhéanamh le go mbeadh scoilteanna ar an dtaobh náisiúnach poblachtach Éireannach mar atá ar an dtaobh Aondachtach Dílseach Briotanach. Íonsaí faoi choim atá ann ar Shinn Féin, ar ndóigh, mar go dtugann sé le fios go bhfuil an páirtí sin ‘ceart go leor’ anois i súile na nAondachtóirí. Tuigeann leithéidí Bew gur mioscais atá ar bun acu, cheapfainn, nó ba cheart go dtuigfeadh Ollamh le Polataíocht in ollscoil ar bith, fiú Ollscoil na Ríona, gur amhlaidh an scéal.

Tá sé feicthe agam go bhfuil iarracht déanta ag roinnt daoine a easaontaíonn le SF ar cheist na Gaeilge a lua le h-easaontas níos ginearálta le SF. Mar a dúirt ní féidir bheith chomh dubh agus bán le sin ar cheisteanna dá leithéid.

Ní imeartas focail atá ar bun agam nuair a deirim nach n-aontaím le SF ar nach mór gach rud atá ar bun ag an phairtí faoi láthair agus le tamall anois ach ag an am chéanna go ndeirim ós árd nach easaontóir mé. Is fuath liom rogha an doirteadh fola, an t-aon malairt ar an réimeas láithreach atá á thairiscint ag na h-easaontóírí.

Idir an dhá linn, táim ag súil go mór leis an scannán nua seo faoi 1916. Níl a fhios agam an mbeidh sé chomh maith le ‘The Wind That Shakes The Barley’‘Michael Collins’ nó fiú ‘Michael Collins – The Musical’.

Ach taitníonn sé liom go bhfuil iarracht á dhéanamh ag Hollywood an scéal seo a ínsint. Mas mall is mithid.

Tá cuimhne agam gurb iad Paul Bew agus athscríobhaithe mar é a thog raic leis an BBC agus RTÉ i 2001 as an chomhléiriú a rinne siad i sraith theilifíse faoi 1916 agus an méid a lean é. Bhí siad ar buile gan amhras gurb é Ronan Bennett, iar chime Phoblachtach atá anois ina scríobhnóir mór le rá, a scríobh an dráma don sraith seo, Rebel Heart. Bhí siad ar buile freisin gur léirigh sé radharc náireach ó stair an RUC, nuair a rinne scuaid den fhórsa náirithe sin íonsaí ar an dteaghlach McMahon agus gach mac mathar acu a mharú ina dteach cónaithe. Eachtra míchlúiteach é sin a tharla i dtús na 1920í agus luaitear an Oifigeach san RUC, John Nixon, leis an eachtra dúnmharfach sin. Ina dhiaidh sin toghadh é ina MP i gceantar na Seanchille i bPairlimint Stormont. B’é Ian Paisley a runaí Phairliminte….

Is ait an mac an stair…

19 04, 2009 Posted by igaeilge | An Ghaeilge, Cultúr, Cúrsaí Reatha | , , , , , , , , , , | 6 freagra

An Ghaeilge ina teanga de chuid na Ríochta: BBC

bbcscealAn bhfuil an pingin ag titim – nó an é ná bhfuair an comhfhreagraí a d’ullmhaigh an tuairisc seo le h-aghaidh suíomh nuachta an BBC ‘ar an mór thír’ an meamram ó Bhéal Feirste?

Sin an cheist a ritheann liom agus mé ag léamh an tuairisc dearfach seo faoin nGaeilge ag an BBC.

Sa chéad dul síos, sa tuairisc seo, aithnítear an Ghaeilge mar theanga de chuid na Riochta Aontaithe. Agus bíodh is go gcreidim gur theanga náisiúnta na hÉireann í an Ghaeilge, caithfidh mé glacadh leis – agus glacaim leis go fonnmhar – má tá craoltóir stáit na Breataine á aithint mar theanga dá gcuid. Cuireann sé i gcuimhne dhom na h-amannta go mbionn an BBC ag aithint filí agus aisteoirí is laochra spoirt, leitheidí Séamus Heaney agus Liam Neeson agus Ruairí McIlroy, mar Bhriotanaigh nuair a bhuann siad gradam idirnáisiúnta éigean. Ach má chuireann siad cos as alt, is Éireannaigh iad arís.

Má tá an BBC sa Bhreatain sásta an Ghaeilge a aithint mar theanga de chuid na Ríochta Aontaithe, an bhfuil aon údar acu cur i gcoinne an argóínt gur cheart don BBC caitheamh leis an Ghaeilge i dtuaisceart Éireann mar a chaitheann an BBC leis an Bhreatnais sa Bhreatain Bheag nó an Ghaeilge in Alba?

I bhfocal amháin: níl.

Agus tabhair faoi ndeara rud eile faoin tuairisc seo, tá an Ghaeilge á lua gan ‘andulsterscots’ bheith luaite amhail is gur chuid den fhocal amháin iad ‘Irish’ agus ‘andulsterscots’.

Aithnítear freisin buntáistí an oideachais dhá theangaigh sa tuairisc:

Professor Colin Baker from the University of Bangor is an expert in bilingual education, and says bilingual children have an advantage in terms of intelligence.

Some parents want their children to identify strongly with their nation
“They actually have a higher IQ,” he said.
“It seems having two languages in the brain stimulates it, adds extra associations into the brain and deepens thinking.”

Samhlaigh an aischothú a spreagfadh an ráiteas sin dá luafaí é ós ard ar fhóram, leitheidí ‘slugger o’toole‘! Bheadh daoine le ceangal.

B’fhéidir nár mhiste go bhfoghlaimeodh siad an Ghaeilge nó dar leis an tOllamh Baker, in alt eile ón BBC ar an cheist :

And he believes the ability to speak more than one language makes children more tolerant and accepting.

12 02, 2009 Posted by igaeilge | An Ghaeilge, Nuacht | , , | 1 freagra

Moladh ar mire an Aire

Ní go dtí inné ar léigh mé den chéad uair an moladh is déanaí faoi chúrsaí Gaeilge ón Aire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe is Gaeltachta. 

De reir phríomhscéal Foinse [anois agus Lá Nua imithe nach bhfuil sé in am go n-eireodh an nuachtán sin den seafóid 'príomhnuachtán náisiúnta na Gaeilge', an teideal a thugann an nuachtán do féin, amhail is go bhfuil nuachtán eile ann]  tá an tAire ag moladh go mbeadh Udarás na Gaeilge ann chun féachaint i ndiaidh cúramaí Ghaeilge sa Stat ó dheas. 

Dar leis gur laincis ró mhór air féin agus an Stat go bhfuil foras tras teorainn i mbun na teanga ar an oileán.  Gan dabht, os rud é gur ar Fhoras na Gaeilge atá sé ag caint, tá an ceart aige.  Ach níl an Fhoras ina bhac ar fhorbairt na Gaeilge san taobh ó dheas den tír amháin nó is constaic é ar chruthaitheacht is eile sa teanga ar fud na hÉireann is gach aon áit ina labhartar an teanga. 

Ag fágaint ar leataobh ceisteanna faoi eifeacht an Fhorais [agus níl aon cheist faoi sin - is foras chun dochair na teanga é] agus na crioch dheighilte [ní luíonn sé le ciall an dream is mó ar suim leo an teanga a scarúint ó dhlínse an údaráis nua seo], tá ceisteanna eile le freagairt. 

Más amhlaidh, mar shampla, go mbeadh ionadaithe le toghadh ag an phobal ar bhórd an údaráis seo, faoi mar atá d’Udarás na Gaeltachta, bheadh buntaiste eigean ann don phobal.  Bheadh rud ann nach bhfuil ann maidir leis an bhForas – cúntasacht.  Ní féidir le Foras ar bith a rá go bhfuil siad freagrach don phobal más amhlaidh nach feidir leo cúntais a fhoilsiú go poiblí gach bliain.  Ba don bhliain 2003 go deireannach a d’fhoilsigh Foras na Gaeilge a gcúntais. 

Ach an féidir a rá go bhfuil an ciall le maorláthas eile a bhunú chun riar a dhéanamh ar an nGaeilge?   Nach bhfuil an ceacht sin foghlamtha againn?  Is maorláthas é Foras na Gaeilge agus is ionann é agus lámh marbh ar an dteanga.   Is é nadúr an mhaorláithis faisceadh an bháis a bhreith ar an ábhar atá á mhaorláithiú acu agus é a mharú ar mhaithe leis an mhaorláthas a bheith beo. 

In áit bheith ag iarraidh roth pollta agus cam a athchruthú, ba cheart maoiniú ceart a thabhairt do na h-eagrais atá ann agus na feidhmeanna atá acu a rá go soiléir le go mbeidh na h-eagrais agus pobal cinnte faoi céard atá ar bun.   Foilsigh plean – nó léarscáil más fearr  leat – a leireoidh an pointe tosaigh agus an ceann scríbe agus roinnt moltaí faoin mbealach le tabhairt faoin dturas – agus ansan fag ag na h-eagrais na bealaí is eifeachtaí go ceannscríbe a bhaint amach. 

Tá ceist na criochdheighilte ag croí na deacrachtaí atá agam leis an moladh seo.  Má tá fadhbanna ann maidir le polasaí na Gaeilge ar bhonn tras teorainn, ar an mbonn go bhfuil aire frith Ghaeilge i mbun an roinn leis an gcúram sin air ó thuaidh, bhuel is cinnte gur constaic é sin.  Ach ní leithscéal é chun pobal na teanga a fhágáíl leo féin. 

Nach aisteach an scéal é go roghnaíonn an tAire an am seo, nuair atá guth an tuaiscirt tostaithe ag Foras na Gaeilge, chun a thuairim crioch dheighilteach a chur chun tosaigh. 

Níl aon chinnteacht go mbeadh maoiniú ann don dhá fhoras – mar bheadh dhá fhoras/udarás/institiúid teanga tras teorainn i gceist – ach nó ag an uair is rachmasaí don Tiogar Cheilteach, ba bheag an dibhinn a fuair an Ghaeilge uaidh.   Ní raibh aon ardú súntasach ar mhaoiniú an Fhorais ó 1999 go dtí an lá inniu in ainneoin go raibh arduithe ollmhóra ar bhuiséid leitheid an Chomhairle Ealaín – suas ó €22m i 2002 go dtí €80m do 2008.  [Maith go leor tá laghdú ar an mbuiséad do 2009 ach go fóill tá an Chomhairle Ealaíon ag fáil i bhfad Éireann níos mó ná an Fhoras cé, dar liom, go mbeadh comhthabhacht leis an dhá thosaíocht - go deimhin is tabhachtaí an Ghaeilge faoin mBunreacht.]

Níl de leithscéal ag an Aire – agus is leithscéal réasúnta é cheapfá – nach féidir airgead poiblí a thabhairt do dhream chomh mí eifeachtach le Foras na Gaeilge. 

Ar ndóigh is é an tAire féin a cheap comhaltaí an Fhorais. Eisean, in éineacht lena leathbhádóir, Greagóir an Bhéil Chaim, atá freagrach as an maorláthas ar mire atá ag tachtadh ár dteanga….

Agus ná dearúdtar é seo a rá – Nollaig Shona agaibh go léir.  Go mbeirimíd beo ag an am seo arís!

24 12, 2008 Posted by igaeilge | An Ghaeilge, Cultúr, Cúrsaí Reatha | , , , | No Comments Yet

Cé chomh Briotanach is atá na hAondachtaithe?

Is  cosúil go bhfuil aondachtaithe ar buile faoin Bhille Ceart seo atá molta ag Coimisiún Cheart Daonna Thuaisceart na hÉireann.   Deir siad go bhfuil an bille ‘ró ghlas’

Ró ghlas sa chiall go gcreideann siad go bhfuil sé ag ‘tabhairt’ cearta do náisiúnaithe, cearta teanga ina measc, seachas go bhfuil sé ag caomhnú na timpeallachta. 

Unionists argue the report is green in agenda and features language and other protections which would dilute Britishness.

Is é seo a deir an Bille Ceart faoi chearta teanga: 

Language rights

Recommendations supplementary to the Human Rights Act 1998

and the European Convention on Human Rights, and to be

considered for incorporation in a Bill of Rights for Northern

Ireland

Provisions should be drafted to ensure that –

1. Everyone belonging to a linguistic minority has the right to learn or

be educated in and through their minority language where there are

substantial numbers of users and sufficient demand.

2. Everyone has the right to access services essential to life, health or

security through communication with a public authority, assisted by

interpretation or other help where necessary, in a language (including

sign language) and a medium that they understand.

3. Public authorities must, as a minimum, act compatibly with the

obligations undertaken by the UK Government under the European

Charter for Regional or Minority Languages in respect of the support

and development of Irish and Ulster-Scots.

Dar liomsa, is beag sa bhreis atá sa mhéid seo do chainteoirí Gaeilge an Tuaisceart.  Níl sé ionchurtha ar chorr ar bith leis an reachtaíocht a chuireann cearta teanga ar fáil do chainteoirí Breatnaise na Breataine Bige – agus ní bhíonn aoinne ag maíomh go bhfuil uisciú á dhéanamh ar a gcuid Briotanachas. 

Thar aon duine eile, ba cheart don Tiarna Laird bheith sásta leis an láimhseáil atá déanta ar cheist na teanga.  Nó tá caite leis an Ghaeilge agus an Albainis Uladh amhail is go bhfuil siad ar chomhchéim le cheile – nuair is léir don dall nach amhlaidh an scéal.  Ach níl an Tiarna Laird sásta, ná leath shásta. Ba mhaith leis cloigeann Monica McWilliams ar phláta as ucht gurb í an Príomh Choimisinéar agus go bhfuil tuairisc éisithe ag an gCoimisiún nach dtagann lena dhearcadh cúng féin, dearcadh a thugann ‘carte blanche’ don Rialtas agus nach bhfagann aon chearta ag na saorannaigh.  Cheapfá go raibh sé ar shon comhrialtas buan idir Sinn Féin agus an DUP an slí go raibh sé ag caint i dTeach na Tiarnaí ag Westminster. 

Lord Laird told peers that he is in favour of a UK Bill of Rights but added that the 1998 Belfast Agreement does not require a “provincial Bill”.

“The Northern Ireland Human Rights Commission was asked to advise on supplementary rights, not interfere with the UK’s international obligations,” he said.

“And it was asked to address ‘the particular circumstances of Northern Ireland’ – meaning sectarian violence and division – not the full range of domestic public policy, including economic and social issues.”

Gan amhras, dá reachtófaí an Bille seo, leagfaí an dualgas ar na h-údaráis ó thuaidh maidir le cur i bhfeidhm Chairt na hEorpa ar Theangacha Reigiúnda agus Mionlaigh.  Bheadh orthu, ar an méid is lú, na dualgaisí a ghlac Rialtas na Breataine leo faoi théarmaí na Cáirte sin a chomhlíonadh.  

Dia linn is Muire!  An é sin atá ag déanamh tinnis dóibh?  Nach deir na h-údaráis go bhfuil seo á dhéanamh acu theana féin, agus, cinnte, tá an béim, ar an ‘méid is lú’. 

Ach, éist, léiríonn an aisfhreagra feargach seo an sáinn ina bhfuil aondachtaithe. Ba mhaith leo go nglacfai leo ar ‘mhór thír na Breataine’ mar Bhriotanaigh gan cháim – ach níl siad sásta glacadh mar chomhdhaoine le comhchearta ‘Briotanacha’, más maith leat,  a gcomharsain.  Ní bheidís sásta, mar shampla, go mbeadh reachtaíocht a thabharfadh cosaint agus tacaíocht don Ghaeilge ó thuaidh, fiú dá leireodh sé go raibh na cearta céanna le fáil ag Gaeilgeoirí an Tuaiscirt agus atá ag a gcomh Bhriotanaigh sa Bhreatain Bheag, na cainteoirí Breatnaise.

An cheist atá agamsa:  Conas is féidir le h-aondachtaithe a mhaíomh go bhfuil siad chomh Briotanach le Briotanaigh ar mhór thír na Breataine mura bhfuil siad sásta na cearta céanna a éileamh? 

Más sa Bhriotáin atá an Tuaisceart, de reir dlí, agus de réir léargas pholatúil is saoil na n-aondachtach, dá olc é an dlí céanna agus dá cúinge an léargas,  ba cheart go mbeadh comhchearta ag gach saoránach ann lena gcomhshaoranaigh Briotanacha i ngach réimse, an réimse teanga san áireamh.

11 12, 2008 Posted by igaeilge | An Ghaeilge, Cultúr, Cúrsaí Reatha, Nuacht | , , , | 2 freagra

An Raidio Ga-Ga-Gaelach?

 

Raidio Ga Ga

Raidio Ga Ga

Inniu a sheol RTÉ dornán staisiúin nua ráidió digiteach – agus mar is ghnath, ón gcraoltóir náisiúnta, is beag freastal atá á dhéanamh ar an bpobal Gaelach sa tír seo. 

Chuardaigh mé gach sceideal le h-aghaidh RTÉ XFM, RTÉ 2FM, RTÉ Choice, RTÉ Junior agus RTÉ Pulse ón Luan go dtí an Domhnach agus oiread is clár amháin Ghaeilge a d’aimsigh mé ar na sceidil ar fad. 

Tá seans ann, áfach, go mbeidh roinnt Ghaeilge le cloisteáil ar chlár nua atá dírithe ar an bpobal aerach, The Cosmopolitan, de bharr go bhfuil sé á láithriú ag Scott de Buitléar, craoltóir a bhíodh, mura bhfuil dearúd orm, ag cur clár Ghaeilge i láthair ó Cheatharlach/Chill Chainnigh.    Bhí sé fógartha ar Raidió na Gaeltachta ar maidin, amhail is go raibh an chraoltóir náisiúnta le moladh as ceannródaíocht, gurb é seo an chéad clár dírithe ar an bpobal homaighnéasach ag an staisiún.  Ní miste liom a rá go raibh sé thar am aitheantas a thabhairt don phobal seo. 

Beidh athas ar dhaoine a chloisteáil freisin go bhfuil clár ar RTÉ Choice dírithe ar éisteoirí ar suim leo ghnóthaí Chomhlathais na Breataine. Craolfar ‘Pick of the Commonwealth’ ag 5rn gach Luan.  

Tá cláracha freisin dirithe ar an bpobal Gearmánach sa tír seo agus an pobal Sualannach agus an phobal ó Choiré.   Tá clár ann freisin do phobal na Polainne – níl a fhios agam an i mBéarla nó i bPolainnis atá an chlár sin.   Is cosúil gur i mBéarla atá furmhór mhór na gcláracha murach gur i mBéarla atá siad ar fad.

Táim sásta go bhfuil aitheantas is aerspás á thabhairt do na pobail seo ar fad – íocann siad cáin agus cuireann siad leis an saibhreas pobail.

Ach tá amhlaidh á dhéanamh ag an pobal Ghaeilge is Ghaeltachta.  Cén fath nách bhfuil oiread is clár amháin sa bhreis le fáil againn?    Tá curtha go mór le líon na gcláracha phop cheol is a leitheid – seirbhísí breise do lucht éisteachta 2FM agus Lyric agus Radio 1 iad san ar fad.

Má deirim go bhfagann san pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta in áit na leathphingine, ní h-ionann sin agus cáineadh ar RTÉ Raidio na Gaeltachta ach a mhalairt.   Deineann RTÉ RnaG riar mhaith ar phobal na Gaeilge is na Gaeltachta, riar chomh maith sin is gur féidir a rá go bhfuil sé tuillte acu fás agus forbairt a dhéanamh.  

B’é seo an deis, mar shampla, staisiún raidio i nGaeilge don aos óg a bhunú.  Ach nior tapaíodh an deis. An é nach bhfuil a mhéar ar an chuisle ag an Aire Ghnóthaí Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta agus é ag iarraidh, mar a deir sé go minic, plean a chur le cheile chun an Ghaeilge a shlánú mar theanga beo sa Ghaeltacht?

Tá staisiún ann dírithe ar dhaoine óga, RTÉ Junior. In ainneoin go bhfuil sé léirithe arís is arís eile go bhfuil suim thar na beartaibh ag an t-aos óg sa Ghaeilge, níl oiread is clár Ghaeilge amháin ar an sceideal sin ach an oiread.

 Ní feidir liomsa a aithint – agus b’fheidir go bhfuilim dall – an bhfuil aon chlár dírithe ar cheol thraidisiúnta i measc na gcláracha pop cheol ar fad.   Cuireann sé íontas orm nach bhfuil a leitheid ann de bhrí go bhfuil cartlann chomh fairsing ag RTÉ de cheol thraidisiúnta agus go bhfuil sé léirithe ag craoltóirí éagsúla, leitheidí Philip King, Ciarán Mac Mathúna, lucht Ceilí House is eile, go bhfuil siad go maith i mbun a leitheid is go bhfuil lucht éisteachta domhanda acu. 

Shamhlóinn freisin gur fánach an mhaise é bheith ag ag díriú ar phopcheol amhail is nach bhfuil foinsí eile ag daoine bheith ag éisteacht leis.   Cén fath go n-eistfeadh duine le clár cheoil atá faighte ar iasacht ag RTÉ ó Los Angeles, Morning Becomes Eclectic, nuair atá an clár céanna ar fáil ar an idirlion?

1 12, 2008 Posted by igaeilge | An Ghaeilge, Cultúr, Cúrsaí Reatha | , , | 6 freagra

Acht ‘Teangacha Mionlaigh’ ó thuaidh – cad ar cheart a bheith ann

Is cosúil go bhfuil réiteach i ndán ar an leamhshainn ó thuaidh a d’fhag go raibh an áit sin gan ‘rialtas’ ar feadh 22 seachtain.  Ar ndóigh, bhí sé gan rialtas ar feadh na mblianta fada roimhe sin freisin agus, níos measa arís, bhí mí rialtas ann ón am ar bunaíodh an fo chúigín i 1921 ach sin scéal do lá eile….

Anois is cosúil go mbeidh cruinniú den ‘Fheidhmeannas’ an tseachtain seo le roinnt rudaí a chinneadh agus, inniu, ag Stormont, bhí comh agallamh phreasa ag an gCéad Aireacht, Peter Robinson agus Martin McGuinness, chun na socruithe maidir le aistriú cumhachtaí phoilíneachta is dlí agus cirt a chur inár láthair. 

Dar le Tommie Gorman, is é seo an phíosa dheireannach dena ‘míreanna meara’ a chuirfidh an pictiúr iomlán den todhchaí geal atá i ndán don tuaisceart inár láthair.  Nó rud eigean cosúil le sin a dúirt sé, ní raibh mé ag eisteacht leis go cruinn. 

Ach ní h-é an píosa dheireannach den phictiúir é, a Tommie.  Ná dein dearúd ar an gceist chultúrtha is teanga, an cheist is mó a scoilteann an phobal ó thuaidh. Ní raibh riamh sa chaint faoi dlí agus cirt agus poilíneacht ach útamáil is unfairt thart.  Is iad na ceisteanna cultúrtha is ionannais na ceisteanna is gaire don chroí is don chnámh. 

Tá sé á thuar go mbeidh Acht do Theangacha Mhionlaigh i gceist ó thuaidh.  B’fheidir é.  Ach ná tosnaigh ag ceiliúradh fós nó, gan amhras, ciallaíonn san go mbeidh leas á bhaint as an reachtaíocht céanna ag Albainis Uladh agus an Ghaeilge, go mbeidh siad ar chomhchéim.  Mar a léiríonn gníomhaíochtaí an Boord o’Ulster Scotch, is gléas pholatúil í an Albainis Uladh seachas gléas cumarsáide.  Dá mba rud é go raibh sí á úsáid mar theanga, mar atá an Ghaeilge á úsáid ag sciar shuntasach den phobal ó thuaidh, nior mhiste, ach ní h-é sin atá i gceist ach beartas chun cinntiú nach bhfaighidh an Ghaeilge an rud atá dlite di, an rud a bheadh le fáil aici dá mbeadh sí i gcuid ar bith den ‘Bhreatain’ seachas i dtuaisceart na hÉireann. 

An rud nach bhfuil ag teastáil reachtaíocht atá bunaithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla ó dheas, na scéimeanna agus an Choimisinéir is eile.  Níl ansan ach sop in áit na scuaibe agus cé go ndeir Seán O Cuirreáin roinnt nithe ina thuarascálacha bhliantúla [tuigfidh gach éinne seachas Foras na Gaeilge céard atá i gceist agam le tuarascáil bhliantúil!], is chun donais atá staid na Gaeilge ag dul ó dheas chomh fada is a bhaineann sé liomsa.  Ní chuidíonn maorláthas breise le teanga ná baol air. 

An rud atá de dhíth reachtaíocht a thugann tacaiocht phraicticiúil don teanga sa chóras oideachais, sna cúirteanna, sna meáin, go h-áirithe iad siúd a fhaigheann airgead phoiblí, agus sa phlé a bhionn ag an ghnath dhuine ó lá go lá leis an stat chóras.  Ní chiallaíonn seo foirmeacha pas i nGaeilge le gur féidir leat pas Briotanach a fháil i mBéarla, mar shampla!  

I bhfianaise an easpa samhlaíochta is cumais atá léirithe ag Sinn Féin go dtí seo ina gcuid gcainteanna leis an DUP, tá mé imníoch gur céim siar in áít chun tosaigh a bheidh sa reachtaíocht atá á mholadh.  Beidh le feiceáíl…..

Tagaim leis an moladh atá tugtha do POBAL.  Má tharlaíonn sé go mbeidh Acht Ghaeilge nó Acht Teangacha ann, beidh an chuid is mó den chreidiúint ag dul do Janet Muller agus a gcomhleacaithe ag POBAL nó is iad a rinne an obair choise ar fad ar son na cúise seo.  Dar le Maurice Hayes, ba acht ‘réasúnta’ a bhí sa mhéid a mhol siad roinnt blian ó shin.  Is cinnte go raibh sé cuimsitheach is ceart bhunaithe agus bheadh sé inghlactha domsa. Is é an buairt atá agam, áfach, go nglacfaidh SF leis an leath bhulóg, mar ar ghlac siad leis ar gach ceist tabhachtach go dtí seo, agus go mbeidh an Ghaeilge  agus pobal na Gaeilge thíos leis dá bharr.     Nach aisteach go bhfuil an brú ghrúpa eile, a bhunaigh SF, Acht, imithe gan tasg gan tuairisc…..

18 11, 2008 Posted by igaeilge | An Ghaeilge, Cúrsaí Reatha, Nuacht | , , , , | 3 freagra

An Ghaeilge ar nós an ‘Titanic’

Tá an Ghaeilge ar nós an Titanic – tá na soilse ar siúl ar an bharr deic, na paisinéirí ag gabhail timpeall agus ag damhsa sa halla rince ach tá sí pollta faoi bhun an líne snámha agus uisce ag doirteadh isteach sa seomra innil. 

B’é sin an teachtaireacht dúshlánach a thug an Seanadóir Eoghan Harris don slua a bhí báilithe i Seomra an Chomhairle ag Halla na Cathrach i gCorcaigh le h-aghaidh ocáid oscailte Oireachtas na Gaeilge cois Laoi anocht. 

Thagair sé do ghrúpaí ‘paisinéirí’ éagsúla, paisinéirí na ndeontas agus paisinéirí na n-eagraíochtaí Ghaeilge ach go h–áirithe agus é ag iarraidh a chur ina luí ar an lucht éisteachta go raibh gá le gníomh chun an teanga a shábháíl. 

Dúirt sé go raibh sé tuairiscithe i ndaon áireamh nuair ar bunaíódh an Stat go raibh breis is 1m cainteoir dúchais Ghaeilge sa tír – agus dúirt sé gur léir go raibh borradh tagtha ar an nGaeilge sa treimhse ó shin nó bhí an daon áireamh is déanai ag tuairisciú go raibh breis is 1.5m ag tabhairt le fios go raibh Gaeilge acu. 

“Ach is féidir leat rud ar bith a dhéanamh le figiúirí,” dúirt sé.   Thug sé le fios gurb í an Ghaeilge eigeantach an rud a chinntigh go raibh cumas éigean sa teanga ag an oiread san daoine ach dúirt sé gur léir go raibh deacrachtaí sa chóras oideachais agus dá gcuirfí deireadh leis an Ghaeilge eigeantach, bheadh difríocht suntasach le braistint sna figiúirí céanna. 

Agus thagair sé freisin do na deacrachtaí a bhí ag an Ghaeilge sa Ghaeltacht áit ná raibh ach 17,500 ag labhairt na teanga ar bhonn laethúil go rialta.  Dúirt sé go raibh gá le h-Udarás Tarrthála na Gaeilge sa Ghaeltacht anois. 

Dar leis an Seanadóir Harris, atá lán fuinnimh agus brí in ainneoin do bheith ag teacht aniar ó bhabhta dhroch thinnis, tá go leor pleananna agus eagraíochtaí ag póirseáil timpeall agus iad ag iarraidh an Ghaeilge shábháíl ach níl aon mór phlean nó ollfhís chun tabhairt faoi sin. 

Mhol sé go h-ard an fuinneamh agus an samhlaíocht a bhí á léiriú ag leitheidí Pheadair Uí Riada agus muintir Chúil Aodha agus an tionscnamh, Acadamh Fodhla,  ach dúirt sé go raibh a leitheid de shamhlaíocht ag teastáil go géar. 

Rinne sé íonsaí fiochmhar ar Shinn Féin agus é ag tagairt don úsáid a bhí á bhaint as an nGaeilge mar ‘armalite chultúrtha’ agus ag cur an traidisiún Protastúnach ó dhoras na teanga. 

Dúirt sé gur ar leas gluaiseacht na Gaeilge dá n-eireodh Sinn Féin as a gcleasanna leis an teanga.  Dar leis go raibh Gaeilge clasaiceach na hAlban sa traidisiún Phrotastúnach ó thuaidh agus go saibhreodh sin teanga na hÉireann ach an deis a bheith ag an dhá theanga meascadh.  An t-aon chonstaic dar leis, Sinn Féin agus an mbealach gur shealbhaigh an phairtí sin an teanga. 

Is cinnte go gcothóídh an chaint a thug an Seanadóir Harris conspóid áirithe i measc Gaeil.  Ag suí taobh leis agus é ag tabhairt na h-oráide bhí an tAire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta Éamon O Cuív agus is léir ón mhéid atá ráite aige siúd le déanaí go gcreideann sé go bhfuil stadas ‘paisinéirí’ ag cuid de na h-eagrais Ghaeilge.

27 10, 2008 Posted by igaeilge | Uncategorized | , , , , | 7 freagra

Geaitsí gan bhrí Shinn Féin

Táim ar shon agóidithe in éadan na gciorruithe sa Bhuiséad – ní aontaím leo cé go n-aithním go bhfuil gá le leasuithe chun airgead a shabháil agus a chinntiú nach bhfagfar aisioc fiacha na glúine seo ag na glúinte atá le teacht. 

Ach ní aontaim ar chorr ar bith le geaitsí Shinn Féin ar an gceist.  Tá sé i gceist ag an bpairtí sin, is cosúil, léirsithe a reachtáíl taobh amuigh d’oifigí na n-airí.  Maith go leor tá ár n-aird tuillte ag ár n-airí Rialtais as ucht a gcuid mí stuaim agus mí ionraiceas roimh an toghchán anuraidh agus ó shin. 

Ach ní feidir Sinn Féin a thrust ar na ceisteanna seo. Nó anuraidh bhí siad á dtairiscint féin mar phairtí le dul i gcomhrialtas le Fianna Fáíl faoi mar a bheadh sean striapach á tairiscint féin d’fhear meisce tar éis Rasaí na Gaillimhe.  Bhí siad ar son arduithe sa ráta cánach corporáideach – agus ansan bhí siad ina gcoinnibh.  Níl aon difir idir Sinn Féin agus pairtithe polatúla eile – níl uatha ach cumhacht agus ní miste leo prionsabal ar bith a chur ar leataobh chun sin a bhaint amach.  Mar a dúirt mé níl aon difir eatarthu agus pairtithe eile polatúla agus má bhaineann siad cumhacht amach táim cinnte go mbeidh siad ag seasamh san áit atá Airí an Chomhaontais Ghlais anois agus ag tacú leis an Rialtas in ainneoin na deacrachtaí i bprionsabal atá acu. 

Níl sna léirsithe an tseachtain seo ach geaitsí.  Níl aon réiteach á moladh ag Sinn Féin ar na fadhbanna airgidis, níl siad ach ag iarraidh teacht i dtír air ar mhaithe lena leas féin. 

Bhí trath ann ar chreid mé go raibh difir idir an phairtí seo agus na pairtithe eile, go raibh rud éigean níos mó i gceist ná cumhacht ar mhaithe le cumhacht, seachas ar mhaithe le cumhacht a fheidhmiú ar leas an phobail.   

Ach tá an t-am sin caite. 

An cheist atá agam do Shinn Féin:  Céard a dhéanfadh sibh agus cumhacht agaibh?  An feidir libh bannaí a thabhairt go gcinnteodh sibh nach dtitfeadh an t-ualach le h-aghaidh na fadhbanna seo ar na dreamanna is leochaillí inár measc?  Nó mura mbeadh sibh ábalta sin a dhéanamh, an bhfagfadh sibh an Rialtas?  Ní chreidim go ndéanfadh sibh an méid a mhaíonn sibh.

Tá feicthe ag pobal na Gaeilge céard a rinne sibh agus sibh ag suí ar bhord an Fhorais nó timpeall ar bhórd Fheidhmeannas an Tuaiscirt.  Tá a fhios ag muintir Lá Nua a bheidh gan post i mbéal na Nollag ach go h-áirithe agus, ach amháin iarrachtaí Lá Nua chun a chur in iúl do Shinn Féin a mí eifeacht agus go raibh cur chuige níos eifeachtaí ag teastáil, bheadh a fhios ag na comhlachtaí léirithe teilifíse a bhí i mbaol nuair a gearradh an Ciste Craoltóireachta ó thuaidh, ar sheal faire SF, chomh maith.

25 10, 2008 Posted by igaeilge | Uncategorized | , , , | No Comments Yet