An Choimisinéar ar líne amháin, an tAire ar an líne eile
Is cosúil go bhfuil an t-alt liom sa Sunday Indo tar éis daoine a mhúscailt. Go dtí seo ar maidin tá dhá ghlaoch guthán faighte agam mar gheall air – ceann acu ón Choimisinéir Teanga é féin, an tUasal Seán O Cuirreáin, agus ceann eile ó Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Is cosúil go bhfuair leiritheoir an chláir glaoch ón Aire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamonn O Cuív, ag iarraidh orthu diospóireacht idir eisean agus mise a shocrú don mhaidin amarach. Mar sin bígí ag éisteacht le hAdhmhaidin maidin amárach tar éis na gcinnlínte ag 8.30rn.
Fagfaidh mé sin don lá amárach. Is cinnte go mbeidh cuid agaibh ansan ag súil go ndeinfear sceannairt orm agus mo chuid barúlacha nach bhfuil ag teacht leis an seasamh ceart creidmheach go mba cheart an oiread agus is feidir de chaipéisí oifigiúla a aistriú go Gaeilge, is cuma faoin chostas agus is cuma arís eile faoin eileamh atá orthu – nó nach bhfuil orthu – i measc an phobail.
De reir dealraimh, agus de réir Gael Gan Naire agus é ag scríobh mar fhreagra ar thrachtaireacht eile, is cosúil gur úrlabhraí ‘neamh mhaith’ mé agus tá mé gafa anois ag an Sunday Independent frith Ghaelach.
An talt sin sa Sunday Independent a thug ar Sheán sós a ghlacadh óna sceideal ghnóthach, ag monatóireacht ar scéimeanna teanga is eile. Casadh Seán orm na blianta fada ó shin agus mise ag glacadh páirte in agóide ar son theilifís Ghaeilge a reachtáladh ag na Forbacha i gConamara nuair a bhí taifeadadh ar siúl ar chlár theilifíse de chuid BiBi Baskin ag RTÉ. Bhí furmhór an chláir sin ar siúl i mBéarla cé go raibh sé á thaifeadadh sa Ghaeltacht, go deimhin ós comhair Roinn na Gaeltachta, mar a bhí, agus Udarás na Gaeltachta.
Dar le Seán, bhíos tar éis mí bhrí a bhaint as a raiteas le linn na seachtaine agus bhí casadh curtha agam ar an scéal le tabhairt le fios go raibh sé ag tathant ar ‘Irish speakers’ bheith ag ‘clogging up’ the court system. Dar léis ná raibh sé ach ag iarraidh a chur ar shúile dhaoine go raibh an ceart sin acu, de réir Alt 8 de Acht na dTeangacha Oifigiúla. Chomh fada agus a bhaineann sé liomsa síolraíonn an ceart sin ón Bhunreacht ach ní miste, tá an cheart ann.
Teastaíonn ó Sheán go rachainn i dteagmháil leis an Sunday Independent agus faoistin a dhéanamh faoin ‘mhí thuiscint’. Níl sé i gceist agam amhlaidh a dhéanamh. Má tá gearán le déanamh ag Seán faoi rud eigean a scríobh mise sa Sunday Independent, tá sé go maith ábalta litir a scríobh chuig an Sunday Independent é féin agus an gearán sin a dhéanamh. Táim cinnte go bhfoilseoidh siad a litir, ós rud é gur Coimisinéir é a fuair a shéala ón Uachtarán féin. Is cuimhin liom an ceannteideal a chur ar an scéal mé féin ‘Coimsiúnaithe’ i Lá Nua.
Nior bhain mé mí bhrí as a alt – ach is cinnte anois a bhuí don alt seo agus clampar atá á spreagadh aige – go bhfuil daoine ar an eolas faoin cheart seo ná beadh dá mbeidís ag brath ar na meáin Ghaeilge amháin. Mar sin, má bhionn borradh mór ar an líon cásanna i nGaeilge sna cúirteanna, b’fhéidir go mbeidh an mileán á chur ormsa ag trachtaire éigean eile san Irish Mail on Sunday amach anseo.
Sílim go bhfuil an dhá shliocht seo ó mo alt chomh soiléir agus is féidir bheith ar an gceist.
THE Irish Language Commissioner, Sean O Cuirreain, has urged Irish speakers to avail of their right to have their cases heard in the First Official Language in the Irish court system.
Agus:
Of course, let me hastily point out that the Irish Language Commissioner, An Choimisineir Teanga, the much respected Sean O Cuirreain, hasn’t called on more Irish speakers to break the law, one of the possible requirements to appear in court. He has, however, called on more Irish speakers to avail of their right, under the Constitution, to fight their cases in Irish.
Gan amhras, is féidir go mbeadh an toradh ar an scéal go mbeadh na céadta Gaeilgeoirí ag imeacht ós comhair na cúirteanna ag iarraidh a gcásanna a throid i nGaeilge. Agus chuirfeadh sin costas níos mó ar an Stát ná mar a bhí go dtí seo.
Ach is é an fianaise atá ann – agus is é mo fhoinse ar seo an méid a bhí le rá faoi ag an gCoimisinéir féin in alt san Irish Times Dé Chéadaoin seo chaite – nach bhfuil ach sciar bheag de Ghaeilgeoirí ag lorg a gcásanna a throid i nGaeilge.
Is é an deacracht le seo, gan amhras, go bhfuil an Stát tar éis fáil reidh leis an riachtanas go mbeadh Gaeilge ag abhar dlíodóirí. Ní raibh morán brí leis an scrúdú a chuirfeadh siad ar dhaoine nuair a bhí an riachtanas ann – ach anois níl fiú sin ann.
Fágann sin go bhfuil furmhór na mbreitheamh agus na ndlíodóirí gan Ghaeilge. Agus seo i stát ina bhfuil an Ghaeilge ina teanga oifigiúil inti, de réir na Bunreachta. Is ait an scéal é go mbeadh gá le h-ateangairí a fhostú chun do chás a throid i gcúirteanna na tíre seo de bharr nach bhfuil cumas i dteanga oifigiúil na tíre seo ag oifigigh na cúirte.
Is é seo dea shampla den ghalar sin, reiteach Éireannach ar fhadhb Éireannach. In áit talamh tirim a dhéanamh de go bhfuil oifigigh dlí na tíre cumasach a dhothain sa Ghaeilge le bheith in ann í a thuiscint ar a laghad – nó nár chaith siad 13 bliain á foghlaim i scoileanna na tíre an oiread is gur chaith einne eile – tá an Stat ag rá go seasfaidh siad a aineolas leo agus go n-iocfaidh siad as ateangairí a chur sna cúirteanna chun teanga oifigiúil amháin a aistriú go teanga oifigiúíl eile.
A leithéid de charn fhuilligh – agus is sinne atá ag íoc as. An t-aon solás as seo ar fad nach bhfuil ach cúpla míle Euro caite ar seo le blianta beaga anuas! Ach níl an t-airgead sin ann níos mó agus gach rud faoi bhagairt anois i ré na ngiorruithe. Beatha na Gaeltachta féin.
An rud is mó a dúirt Seán a chuir meangadh ar mo bhéal, go raibh seisean beo sa saol réalaíoch.
Tá dualgas air, gan amhras, maoirseoireacht de short éigean a dhéanamh ar fheidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla. Is éard a rinne mé im alt ná ceist a thogáil faoi brí agus eifeacht na reachtaíochta sin i gcomhthéacs an lae inniu agus i gcomhthéacs, fosta, an staid ina bhfuil an Ghaeilge inniu, gan nuachtán agus an tua á thabhairt do chláracha raidió agus teilífíse ar gach taobh… ceal acmhainní.
Ba cheart don Choimisinéir a aithint fosta gur deis iontach é seo an dea scéal a scaipeadh ar ardán níos mó ná mar a bheadh aige choiche ó aon nuachtán Ghaeilge, dá fheabhas é, nó meán Ghaeilge eile. Tá deis aige anois an argóínt a dhéanamh, mar a rinne mise, ar son a léargas ar cheist na Gaeilge. aistriúcháin is eile. Ní gá do ach ceart freagartha a éileamh ar Eagarthóir an Sunday Independent agus de bharr go bhfuil an nuachtán sin ina bhall de Chomhairle Phreasa na hÉireann, beidh ar an nuachtán sin an ceart sin a gheilleadh do agus spás a chur ar fáil sa chéad eagrán eile chun an mí léamh a deir sé gur rinne mé ar an méid a dúirt sé a ‘cheartú’.
Níl a fhios agam cén fath nach n-aithníonn sé an deis sin agus nach dtapaíonn sé í. An é go bhfuil eagla air dul i ngleic le na mictíre sna meáin Bhéarla ar eagla go réabfaidís a chosaint ar an gceist seo ó bhaithis go bonn? An é go gceapann sé go dtabharfadh freagra uaidh siúd ardán domsa agus go méadódh sé mo sheasamh leis an nuachtán? An é go bhfuil sé ag iarraidh a mholadh a choimead faoi rún nó nach ionann an rud atá ar bun aige go dtí seo ach bheith ag díriú ar sciar bheag den phobal – is é sin pobal na Gaeltachta agus na Gaeilge – gan a bheith ag dul i ngleic leis an bpobal mhór?
B’fhéidir go bhfuil míniú eile ar fad aige ar an scéal. Níl a fhios agam.
Maidir le daoine atá ag iarraidh freagra a thabhairt ar m’alt agus litir a sheoladh chuig an Sunday Independent ach go gcreideann siad nach bhfoilseoidh an nuachtán sin na litreacha céanna – agus is iomaí litir uaimse nár fhoilsigh an nuachtán céanna – is féidir leo iad a sheoladh anseo agus chomh fada agus go ndíríonn siad ar an argóint seachas ormsa – mar a dhein Gael Gan Náire ina fhreagra – foilseofar iad anseo, i mBéarla nó i nGaeilge.
Is é an fath gur bheartaigh mise alt a scríobh ar an ábhar seo faoin cheist seo don Sunday Independent go raibh mé tinn tuirseach de litreacha uaim a bheith fagtha gan foilsiú. Táim ag seasamh ar son polasaí ciallmhar ar son na Gaeilge – seachas cur amú airgid gan ciall ar rudaí nach mbainfear úsáid astu agus nach bhfuil ann, is cosúil, ach chun ’stadas’ na Gaeilge a dhaingniú sa stát chóras.
Níl faic a dhaingneoidh stadas na Gaeilge seachas í a labhairt agus a scríobh agus a léamh agus a chraoladh agus a mhúineadh. Ní chuidíonn Acht na dTeangacha Oifigiúla le seo.
Aistriúcháin in aisce – alt liom sa Sunday Indo
Seo chugaibh alt liom a foilsíodh sa Sunday Independent ar maidin…
THE Irish Language Commissioner, Sean O Cuirreain, has urged Irish speakers to avail of their right to have their cases heard in the First Official Language in the Irish court system.
Apparently only a little over €1,000 was spent on interpreter services for Irish speakers in 2007, and in 2006, the figure was less than €2,000.
Although interpreters were sought in legal actions involving 71 different languages, Irish wasn’t among the top 10 languages for which such services were sought.
Of course, let me hastily point out that the Irish Language Commissioner, An Choimisineir Teanga, the much respected Sean O Cuirreain, hasn’t called on more Irish speakers to break the law, one of the possible requirements to appear in court. He has, however, called on more Irish speakers to avail of their right, under the Constitution, to fight their cases in Irish.
This call suggests to me that an tUasal O Cuirreain is a glass-half-full kind of guy. Isn’t it good news that the court system isn’t clogged up with Irish speakers? Doesn’t it prove that Irish speakers are more law-abiding than the rest of the population?
You may have guessed that I am a Gaelgeoir myself and are, perhaps, wondering why I’m adopting such an apparently anti-Irish stance.
I simply can’t take it any more. This latest scandal is piling ignominy on my beloved Irish language. More and more money — our tax euros — is being spent on translating documents which aren’t read in English so they can be equally unread in the First Official Language.
And yet my six-year-old son attending primary school in the Gaeltacht is starved of reading material in Irish due to lack of resources.
I used to be an editor of an Irish-language daily newspaper — but it closed due to lack of resources. At its peak, more than 4,000 copies of La Nua were being sold daily. That’s not to mention the number of hits the website attracted from all over the world.
When I make these points to my Gaelgeoir friends, they tell me that I’m naive to expect that if translation of the official documents were to stop, the resources saved would be spent on the provision of high-quality textbooks or a youth-oriented magazine as Gaeilge.
The point, to put it bluntly, is that as long as the money is being spent on Irish, no matter if it’s read or not, that’s fine. After all, it provides work
for highly qualified translators who are paid more than your average journalist for their unread translations. On average, they’re paid €14 per 100 words. The scale of the folly is underlined by the recent revelation that translation of rarely read documents cost €1.8m last year — that’s more than was spent on funding Irish language books, newspapers and magazines combined.
You might expect that the undoubted expertise of these translators be used to produce the textbooks or magazines for which there is, it appears, demand among the public?
Not at all. Because the Official Languages Act only provides for the translation of some official documents and doesn’t, for instance, compel the Department of Education and Science to ensure that textbooks of a similar quality are provided in all subjects in each of the official languages.
So now, here we go again, as if we needed more ways to waste public money in entirely futile gestures, the Coimisineir Teanga, whose ultra-modern office in An Spideal is funded to the tune of €1m per year, comes up with another way to put us further in the red. All ‘ar son na cuise’.
When the Official Languages Act was mooted and vociferously demanded back in the early days of the Celtic Tiger, it was sold as the panacea for all Irish language ills. And I have to admit that I was to the forefront of those who believed it might be of benefit — until I read the bill as it was proposed and realised it was little more than a bureaucrats’ charter.
Now we have the legislation and Irish is an official working language in the European Union. All should be well — but it’s clearly not, as the Irish language is increasingly under threat in the Gaeltacht, and Irish speakers are on tenterhooks. As we await the publication of a plan to revitalise the Irish language by 2028 with the ‘creation’ of 250,000 daily speakers, the certainty is that the money doesn’t exist to fund the fulfilment of such a plan. But I fully expect the farcical situation of rarely read documents being translated to continue.
The famed satirist Myles na gCopaleen would have had a field day with this. His memory will be recalled in a revival this month of his classic An Beal Bocht by Belfast-based Aisling Ghear who are taking their production on an All-Ireland tour.
If ever there was an antidote to the farce of futile translation, it’s this. Maybe Sean O Cuirreain could take a time out to attend and realise the folly of his proposal.
Sunday Independent
Deintear díchoimisiunú ar an gCoimisinéir Teanga…
Dá mba rud é go raibh rogha agamsa, ar mhaithe le Foinse a thabhairt slán (agus Lá Nua roimhe!), chuirfinn deireadh leis an gCoimisinéir Teanga.
Níl aon chol agam do Sheán Ó Cuirreáin agus a fhoireann atá suite in oifig ghalanta ar an Spidéal ach ní fheictear dom an tairbhe atá á dhéanamh aige don Ghaeilge agus dar liom go mbeadh níos mó de bhuntáiste ag baint le na meáin a chothú ná madra faire ar nós an Choimisinéir, madra faire nach féidir leis abhastraigh i bhfurmhór na gcásanna ina mbionn leatrom á dhéanamh ar phobal labhartha is úsáide na Gaeilge.
An sampla is fearr den rud ar a bhfuil mé ag trácht, an eachtra a tharla le déanaí nuair a rinne votairí ar an Spidéal, i gcúlchlós an Choimisinéara féin, gearán faoi phobalbhreith iar votála a rinne RTÉ/An Sunday Independent ann lá an vóta, 5 Meitheamh.
Ní raibh aon rud a fhéadfadh an Choimisinéir a dhéanamh chun múineadh a chur ar RTÉ de bharr nach bhfuil scéim teanga aontaithe idir an chraoltóír agus an Aire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta go fóill.
Mar sin is féidir le comhlacht phoiblí aon sort smacht a sheachaint tre bheith mall ag aontú scéime teanga. Sin cosaint íontach a thug Acht na dTeangacha Oifigiúla don craoltóir.
Má cheapann sibh gur vóta mímhuiníne atáimse ag moladh, agus gur cineal tréas é sin ar na h-iarrachtaí a deineadh chun Acht na dTeangacha a bheithann, ní faic é i gcomparáid leis an vóta mímhuiníne ó mhathair roinn an Choimisinéara, Roinn Uí Chuív, atá geall leis dhá bhliain ar chúl le cur i bhfeidhm an dara scéim teanga.
Tá liosta ollmhór de chomhlachtaí phoiblí ann – breis is 650 – agus scéimeanna teanga le h-aontú lena bhfurmhór. Seo an liosta de na comhlachtai atá scéimeanna aontaithe leo go dtí seo, sé bliana i ndiaidh reachtú Acht na dTeangacha Oifigiúla.
Is léir go nglacfaidh sé breis is scór bliain go dtí go mbeidh scéim teanga ag gach comhlacht phoiblí ar an liosta – agus idir an dhá linn, caithfear athnuachan a dhéanamh ar na comhlachtaí atá scéimeanna aontaithe acu roimhe sin. Cur amú ama is dúthrachta an obair sin i gcomparáíd leis an bhfíor obair atá le déanamh, pobal na Gaeilge a mhealladh chun úsáid a bhaint as an nGaeilge leis na comhlachtaí poiblí le go mbeidh orthu, mar thoradh ar éileamh, riar a dhéanamh orthu i nGaeilge.
Agus cén bealach is éifeachtaí chun sin a dhéanamh? An Ghaeilge a bheith feiceálach ar na meáin agus chuige sin tá gá le h-earnáil fuinniúil is gairmiúil de na meáin Ghaeilge.
Ait liom go fóill gur fhagadh na meáin ar lár ó mholtaí na Tuairisce faoi Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht….
Cé mhéid airgead a shabhailfí dá ndéanfaí díchoimisiunú ar an gCoimisinéir Teanga – suas le €1m in aghaidh na bliana. An mbeadh aon bannaí ann go roinnfí an t-airgead sin ar Foinse nó na meáin Ghaeilge dá gcuirfí deireadh le ré an Choimisinéara? Gan amhras níl. Is dócha go mbeadh na h-iar Airí ar Theachtai Dála iad go fóill ag lorg a bpinsin arís nó rud éigean seafóideach mar sin.
Ach i bhfírinne, ní fheictear dom go bhfuil an dara rogha ann. Mar a duradh roimhe i dtaca le h-armlóin an IRA is eile, nior bhain dichoimsiunú le díchur na n-arm an oiread is gur bhain sé le cur ó mhaith an mheoin aigne a lig do dhaoine úsáid a bhain úsáid mharfach as na h-armlóin céanna.
Sa tslí céanna, ní féidir leis an Choimisinéir a chuid oibre a dhéanamh, sé sin le rá tabhairt ar chomhlachtaí poiblí gnó a dhéanamh le saorannaigh ina rogha teanga oifigiúil, Béarla agus Gaeilge. Againn amháin atá an rogha sin agus ní dhéanfaimíd sin mura gceapaimíd go bhfuil an Ghaeilge tabhachtach inár saol. Cuidíonn laithreacht is neart na Gaeilge sna meáin linn teacht ar an dtuiscint sin níos mó, dar liom, ná reachtaíocht teanga nó Coimisinéirí Teanga.
An Choimisinéir Teanga agus an Chraoltóír Náisiúnta
Le linn na seachtaine, bhí raic i gConamara faoi cheisteanna a bheith á gcur ar votairí i gceantair Gaeltachta faoin mbealach a chaith siad vóta sna toghcháin áitiúla. Taighdeoirí ar son an Sunday Independent agus RTÉ a bhí ag cur na gceisteanna ar mhaithe leis an suirbhé tar éis votála a bhí siad ag déanamh le h-aghaidh na cláracha toghcháin a bhí le leanacht i ndiaidh an toghchán ar 5 Meitheamh.
Deineadh gearán chuig an Choimisinéir Teanga ar an gceist seo agus dúirt an Choimisinéir ná raibh aon ról aige san aighneas mar ná raibh RTÉ ar na gcomhlachtaí poiblí a raibh scéim teanga aontaithe acu leis an Roinn Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.
Níl a fhios agamsa cén fath ná raibh RTÉ, an institiúid phoiblí is mó tionchar ar an bpobal sa tír, ar an chéad comhlacht a deineadh scéim teanga a aontú leis. An é go bhfuil na scéimeanna seo á aontú de réir ord na h-aibitir agus go gcaithfimíd fánacht go dtí go mbeidh ‘R’ sroichte? Más amhlaidh, beimíd go léir faoin chré fán am a shroicheann an Roinn an Craoltóir Náisiúnta.
Idir an dhá linn tá RTÉ ag imeallú an nGaeilge ar an seirbhís ar líne agus digiteach. Agus tá ciorruithe á chur i bhfeidhm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ciorruithe a fhagfaidh an staisiún gan aon seirbhís cúrsaí reatha.
De réir agallaimh a rinne ceanasaí an staisiún, Edel Ní Chuirreáin, Ceannasaí RTÉ RnaG, le déanaí faoin abhar seo, tá sé soiléir nach bhfuil cúrsaí reatha i measc tosaíochtaí an staisiún. Is é an chéad tosaíocht na postanna buana ag an staisiún a chosaint. Ansan caithfear an sceideal a chosaint agus is iad na tosaíochtaí ansin: 1. Nuacht 2. Ceol Traidisiúnta 3. Irischláracha ó na mór Ghaeltachtaí. Sin an fath go bhfuil Seó Beo, Faoi Chaibidil agus go leor cláracha eile ag imeacht ón sceideal – agus is dócha go mbeidh níos mó agallaimh le sean leaideanna agus iad ag caint faoin uair go mbídís ag ithe leite déanta as ciaróga móna….
Tá an clóg á iompó siar ag RTÉ ar an nGaeilge agus níl aon bealach againne é sin a stopadh. Níl ’scéim teanga’ i bhfeidhm an dtuigeann sibh agus go dtí go mbeidh, ní bheidh an Choimisinéir Teanga ábalta a gcuid dualgaisí a chur in iul do RTÉ.
Tá barúil agam, áfach, gur cheart go mbeadh cumhacht ag an gCoimisinéir iachaill a chur ar chonhlachtaí stáit, atá dualgaisí orthu i leith na Gaeilge faoi reachtaíocht eile seachas Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus na scéimeanna teanga iomráiteacha. Tá dualgasaí ar RTÉ faoi achtanna craolacháin éagsúla riar a dhéanamh ar an Ghaeilge. An féidir a rá go bhfuil seo á dhéanamh acu nuair atá an Bhéarla á bhrú acu ar votairí sa Ghaeltacht trath toghcháin?
Roinn Uí Chuív ar bharr ‘Léig na Náire’
Tá scéim teanga na Roinne Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta imithe in éag le breis is bliain go leith. Sin an ceannteideal is mó atá le baint ón dtuarascáil bliantúil a d’éisigh an Choimisinéar Teanga, Seán Ó Cuirreáin, inniu. Ní h-amháin sin ach sharaigh Roinn Uí Chuív an reachtaíocht ar bhealach eile, rialaigh an Choimisinéir.
Cé gur seoladh an tuarascáil inniu sa Ghailllimh, bhí sé curtha faoi bhráid an Aire Uí Chuív i mí Feabhra agus coinníodh faoi chois é go dtí an lá inniu. Deirfear liom é má táim ag déanamh éagóir ar aoinne ach seoladh an tuarascáil seo níos luaithe i mblianta eile. B’fheidir nár cheart aon íontas bheith orainn go raibh moill ar fhoilsiú an tuarascála nó bhí go leor sa tuarascáil nár mhaith leis an Aire bheith os comhair an phobail, bheinn ag ceapadh.
Sa tuarascáil, tuairiscítear gur imigh an Chéad Scéim Teanga a bhí ag an Roinn in éag i mí Meán Fómhair 2007. Fagann sin go bhfuil 20 mí caite gan é a bheith ath-nuaite. Ciallaíonn sin go bhfanann forálacha na scéime a chuaigh in éag i bhfeidhm fhaid is atá an scéim nua á ullmhú – ach ní dheintear aon fhorbairt orthu.
Tá an Roinn ar bharr Léig na Náíre mar sin, cuid mhaith chun tosaigh ar Oifig an Uachtaráin, Máire Mhic Giolla Íosa, an bhean céanna a d’oscail Oifig an Choimisinéara go h-oifigiúil.
Cliseadh nach beag é seo ar an gcur chuige scéimeanna – agus ní h-aon íontas gur mhol, de reir mo thuiscint, an Roinn ó dheas an cur chuige seo don Fheidhmeannas ó thuaidh mar shlí chun reachtaíocht lag a chur ar na leabhair, reachtaíocht nach gcuirfeadh isteach ar an status quo.
Tá tuairim is 650 comhlacht phoiblí ann – agus níl scéimeanna teanga daingnithe ach i 155 acu seo go fóill. Tá dhá chomhlacht is fiche, Roinn an Taoisigh san áireamh, a dhaingnigh scéim teanga ach atá an scéim sin anois imithe in éag gan scéim nua bheith tagtha i gcomharbacht ann.
Seo a bhí le rá ag an gCoimisinéir féin ar an chéist:
Chonacthas dom nach raibh an dara scéim teanga tugtha i bhfeidhm fós i gcás aon
chomhlachta phoiblí agus go raibh 22 scéim teanga tar éis dul “in éag”, mar a deirtear i
bhfo-alt 15(1) den Acht. De réir na reachtaíochta, caithfidh na comhlachtaí poiblí
leanúint de sholáthar seirbhísí trí Ghaeilge de réir na ngealltanas a bhí tugtha acu sna
chéad scéimeanna ach níl aon dualgas orthu tuilleadh forbartha a dhéanamh ar na
seirbhísí sin in éagmais scéim nua.
Chuir mé in iúl go bhfacthas dom nach raibh an folús a bhí cruthaithe ag teacht lena raibh
beartaithe faoi fhorálacha an Achta ná faoi na rialacháin reachtúla a bhí déanta faoin
Acht.
Léirigh mé freisin gur ábhar imní ar leith a bhí ann dom nach raibh aon Scéim nua
daingnithe i gcás na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta féin cé go
ndeachaigh an chéad Scéim “in éag” ar an 21 Meán Fómhair 2007.
Dúirt mé gurbh í an imní ba mhó a bhí orm ná go mbeadh baol ann go gcaillfeadh an
tionscnamh ina iomláine an móiminteam nó an luas a bhí faoi, rud a d’fhéadfadh a bheith
ina bhuille an-mhór ar fad. Thug mé le fios gur mheas mé go gcaillfeadh an pobal agus
na comhlachtaí poiblí muinín i gcur i bhfeidhm fhorálacha an Achta go ginearálta dá
mbeadh moill mhíchuí i ndaingniú scéimeanna nua, go háirithe an dara babhta
scéimeanna agus dara Scéim na Roinne féin san áireamh. Dúirt an tAire Gnóthaí Pobail,
Tuaithe agus Gaeltachta mar fhreagra go raibh sé féin agus a Roinn chomh tiomanta is a
bhí riamh maidir le forálacha an Achta a chur i bhfeidhm agus na spriocanna a bhain leis
a bhaint amach.
Dúirt sé freisin go raibh dréacht dá ndara Scéim faighte aige ó fhormhór na gcomhlachtaí
poiblí a raibh sin iarrtha orthu agus go raibh plé gníomhach ar siúl ag oifigigh a Roinne
leo chun an próiseas maidir le haontú agus le daingniú na ndara scéimeanna sin a
thabhairt chun críche a luaithe agus ab fhéidir. Bhí an obair i dtaca le daingniú dara
Scéim dá Roinn féin “cuid mhaith chun cinn freisin,” a dúirt sé.
Dar liom, má chailleann an Roinn a chur an reachtaíocht seo, Acht na dTeangacha Oifigiúla, ar na leabhair dlí an t-údarás – agus creidim gur buille mór an tuarascáil seo d’údarás na Roinne – is beag spéis a bheidh ag na ranna eile an dlí a chomhlíonadh.
Cad é bhúr mbarúil?
Dála an scéil, ní chreidim go gciallaíonn seo go bhfuil Oifig an Choimisinéara ar leas na Gaeilge nó na Gaeltachta. Ní h-é nach gcreidim go bhfuil daoine maithe cumasacha eifeachtacha ag obair ann – agus is mó mo mheas ar Sheán Uí Chuirreáin ná riamh – ach ní chreidim gurb é seo atá ag teastáil ó phobal na Gaeilge is na Gaeltachta faoi láthair. B’fhearr liom ‘Czar na Gaeilge’ a bheith fostaithe a bheadh feidhim aige nó aici bealaí nuálacha a aimsiú chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus chun leas na Gaeilge d’eacnamaíocht na tíre a léiriú.
Creidim go bhfagfaidh tuarascáil an Choimisinéara droch bhlás i mbéal an phobail mhóir agus iad ag smaoineamh, gan amhras, gur cur amú airgid gach pingin a chaitear ar an nGaeilge de bharr faillí na Roinne agus na ranna eile rialtais ar an reachtaíocht a chuir siad féin in áit.
Seo an tuairisc atá ar shuíomh RTÉ – i mBéarla amháin atá sé. Nach ait an scéal nach bhfuil aon scéim teanga i bhfeidhm ag an comhlacht poiblí is mó tionchar sa tír, cé go bhfuil sé luaite ar liosta na gcomhlachtaí phoiblí? Nár cheart go mbeadh ról ag an gCoimisinéir Teanga – seachas ag an Aire – ordú a thabhairt do chomhlachtaí tabhachtacha scéimeanna teanga a ullmhú.
Agus dá mbeadh an ról sin aige, nach gcuirfeadh sé ar shúile RTÉ gur cheart go mbeadh seirbhis nuachta ar líne ann, ar chomhchéim leis an seirbhís atá ann i mBéarla, mar bhun riachtanas in aon scéim teanga…..
Seirbhís Phóilíneacht Teanga le bunú
Tá sé fógraithe ag an Aire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, go bhfuil sé chun Seirbhis Phoilíneacht Teanga a bhunú le tacú leis an gCoimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, atá ag iarraidh an seirbhís phoiblí a mhealladh chun an Ghaeilge a úsáid leis an bpobal.
”Nuair a chuireas an tUasal Ó Cuireáin i mbun a dhualgaisí i 2004, dúirt sé go n–úsáidfeadh sé éagsúlacht straitéisí chun dul i mbun a chuid oibre, idir an chairéad agus an mhaide,” dúirt an tAire in agallamh eisíach le iGaeilge. Bhí sé ag caint tar éis do cruinniú bheith aige le h-oifigigh shinsearacha leis an eagras, Comhláthas na Náisiún, maidir le ballraíocht a lorg d’Éirinn arís san eagras sin.
”Nílim ag iarraidh é a cháineadh ach dar liomsa ná raibh a dhóthain úsáide á bhaint aige as an mbata agus thóg mé sin leis – agus mar thoradh ar an bplé eadrainn, bheartaíomar ar an seirbhís seo a bhunú.
“Beidh sé um an dtaca seo an bhliain seo chugainn sara mbeidh an tseirbhís seo ag dul i mbun oibre go hoifigiúil, iad ag cíoradh gach caipéis oifigiúil agus neamh oifigiúil a fhoilsítear i nGaeilge fud fad na hÉireann agus go brea sásta a bheidh siad ag obair leo lena bpínn dearga.
“An rud is fearr faoi seo, ar nós feidhmiú an Achta Teanga, ní chosnóidh sé tada, nó tá sé i gceist againn na poilíní teanga a earcú ar an mbonn céanna le Fórsa Chúltaca na nGardaí.
”Ní bheidh siad á n-ioc – cé go mbeidh orainn pínn dearga a chur ar fáil dóibh.
”Tá ár saineolaí riomhaireachta is fearr ag obair ar ghléas a chuirfidh ar chumas na poilíní botúin gramadaí ar shuíomhanna idirlín a mharcáil óna scaileáin féin. Céim mhór chun tosaigh é seo sa teicneolaíocht idirghníomhach,” dúirt sé.
Tá sé i gceist Ard Chonstábla a cheapadh le bheith i gceannas ar an seirbhis seo. Post é seo a bheidh tuarastal inchurtha le tuarastal an Choimisinéara Teanga ag gabhail leis agus beidh runaí príobháideach agus oifigeach feidhmiúcháin ag déanamh friotháil ar an Ard Chonstábla.
Beidh teacht aige – nó aici- ar sheirbhísí chomhlachta chaidrimh phoiblí aitheanta chun scéalta a éisiúint don phobal agus tá obair ar bun theana féin ar shuíomh idirlíne.
Ar an suíomh seo beidh treoir á fháil ag úsáideoirí idirlín a chuirfidh ar mhórbhothar eolais a leasa iad – agus a chinnteoidh go seachnóidh siad suíomhanna le Gaeilge amhrasacha orthu.
Níl aon ainm á lua leis an bpost, a fhógrófar go luath i bhfógraí iomlán leathnaigh is dhá theangacha sna mór nuachtáin ar fad ar fud an oileáin, go fóíll. Deirtear go mbeidh ’sotal’ is ‘eirí in airde’ ar chailíochtaí riachtanacha ag an t-é a cheapfar sa phost. Ní dheinfear dícháiliú ar iarratasóirí a bhaineann úsáid as Bearlachas – go deimhin is buntáiste é.
Beidh an t-é a cheapfar ag obair in oifigí Fhoras na Gaeilge i nGaoth Dobhair nó i mBéal Feirste, cibé ceann is túisce a bheidh ag feidhmiú.
Cad is fiú “cothromas” don Ghaeilge?

Sin mo cheist. Eascraíonn sé ón méid a tugadh dom mar fhreagra ar an méid seo a bhí scríte agam in alt roimhe seo:
Tubaistí don Ghaeilge iad an stadas oifigiúil agus Acht na dTeangacha Oifigiúla agus níl aon seasamh le raiteas an Rialtais i leith na Gaeilge thar mar a bheadh ag eisiúint oifigiúil aer the ar bith!
Ar ndóigh, sara dtáinig Acht na dTeangacha Oifigiúla ar an bhfód, bhí an Ghaeilge chun tosaigh ar an mBéarla, de réir na Bunreachta. Reachtaíodh an reachtaíocht sin i 2003 agus, mar thoradh ar sin, cuireadh laincis ar an nGaeilge. Anois ní raibh sé chun tosaigh ar an mBéarla, bhí sé ‘cothrom’. Anuas ar sin tá ar gach eagraíocht stát scéim a aontú leis an Aire chun na dualgaisí atá ar an eagraíocht sin a leagadh síos. Ag an gcomhaireamh dheireannach bhí thart ar 90 scéim daingnithe.
Ach cad is fiú scéim daingnithe? Má fhéachann tú ar an liosta feicfidh tú, mar shampla, go bhfuil an Roinn Oideachais is Eolaíochta ann. Chuir comhleacaí glaoch ar an Roinn seo in Atha Luain ar na mallaibh ag lorg duine áirithe san oifig ansin. Bhí ainm an duine seo ag mo chomhleacaí i nGaeilge nó b’shin an ainm a bhí ar litir a seoladh chuig an chomhleacaí. Nuair a tugadh an ainm seo don bhfeidhmeannach a fhreagair an fón, ní raibh a fhios in aon chorr ag an duine sin cé a bhí i gceist. Go deimhin léiríodh mí chuirtéis do mo chomhleacaí as ucht an trioblóíd a chuir ar ionadaí na Roinne bheith ag plé le h-ainm Ghaeilge mar seo. Sa deireadh chuir mo chomhleacaí an fón síos agus fuarthas uimhir díreach don duine a bhí á lorg ó chomhleacaí eile agus cuireadh an glaoch agus deineadh an gnó, i nGaeilge.
Má tá an Roinn Oideachais sásta duine nach bhfuil tuiscint acu ar an nGaeilge agus atá dúr le cois a chur ag freagairt an fón i bpríomh oifig de chuid na Roinne, cad a deir seo mar gheall ar fhiúntas na ’scéime’?
Níl ansan ach sampla amháin. Thógfainn ceist freisin faoin fhiúntas atá leis an scéim i bhfianaise an chosaint atá an Roinn go fóíll ag déanamh ar an meamram ag cur cosc ar thumoideachas. Agus cad faoi cothromas a bheith ann ó thaobh téacsleabhair Ghaeilge is téacsleabhair Bhéarla? An bhfuil sin ann – níl ná baol air.
Ní miste liom stadas oifigiúil a bheith ag an nGaeilge san Aontas Eoraip chomh fada augs go gciallaíonn sin rud éigean i bhfírinne do chainteoirí Ghaeilge in Éirinn agus, go deimhin, san Eoraip.
Ar éigean go n-éistim leis an méid a bhíonn le rá acu i mBéarla nó i dteanga eile ar bith i bPairlimint na hEorpa. Tuigim go mbeadh corr Fheisire ag labhairt i nGaeilge anois is arís, leitheidí Seán Ó Neachtain agus Bairbre de Brún, ach ní fheictear dom go bhfuil aon meachan leis an meid a deir siad. Mar sin de, cad is fiú é?
Maidir leis an stuif eile go léir atá ar fáil i nGaeilge ón Aontas Eorpach – an bhfuil pobal na Gaeilge níos fearr as dá bharr? Suíomhanna idirlíne ar nós an ceann seo – má bhrúann tú ar nasc ar bith, abraimís an ceann a deirtear gur féidir lán léargas ar an AE a fháíl ann, ní bhfaighidh tú ach leathanach Béarla ar son do thrioblóíd.
Arís eile, fiú dá mbeadh an leathnach seo i nGaeilge, cad is fiú é? Níl ann ach leathnach i measc na milliún leathnach eile atá ar fáíl ar shuíomh an Aontais. An bhfuil tabhacht aige seo i do shaol – beag an baol ach gur tusa a d’aistrigh é.
Dá mbeadh an t-airgead a chaitear ar an aistriuchán in aisce seo le caitheamh ar chuidiú phraicticiúil do chainteoirí Ghaeilge – mar shampla tacaíocht d’ionaid teanga ar nós Cultúrlann McAdam Ó Fiaich ar fuaid na hÉireann agus, ná dearúdaimís, corr cheann san Eoraip in áíteanna ar nós an Loibhéin sa Bheilg nó Lubin sa Pholainn, nach mbeadh leas nios fearr as sin? Nó cabhair le h-aghaidh staisiún raidió craoladh sa teanga ársa Eorpach seo, an Ghaeilge?
Tá airgead na Gaeilge á ligean le sruth mar gheall ar an ró bhéim ar aistriúcháin agus gan a dhothain béime ar chabhair phraicticiúil do chainteoirí agus úsáideoirí na teanga.
Sin é mo bharúil. Cad é bhúr dtuairim?
Mar eolas don t-é a dúirt go mbeadh leitheidí TG4 thíos le h-aisghairm Acht na dTeangacha Oifigiúla, ní miste liom an méid seo a rá. Níl mír ar bith san Acht a deir tada faoi TG4. Bhí TG4 ar an bhfód sara dtáinig Acht na dTeangacha Oifigiúla chun tosaigh mar smaoineamh. Bhíos ar an dream a bhí ag agóidíocht ar son TG4, trath go raibh ciall ag baint le feachtais na Gaeilge.
-
Archives
- November 2009 (14)
- October 2009 (11)
- September 2009 (22)
- Lúnasa 2009 (16)
- July 2009 (40)
- June 2009 (68)
- May 2009 (51)
- Aibreán 2009 (51)
- Márta 2009 (44)
- February 2009 (50)
- January 2009 (43)
- Nollaig 2008 (28)
-
Categories
-
RSS
Entries RSS
Comments RSS

