Fianna Fáil – páirtí gan náire
Fuaireas an r-phost seo ó Mhícheál O Máirtín ar maidin inniu ag iarraidh orm, i mBéarla amháin, votáil don Chonradh seo agus, anuas ar sin, ag lorg €20 uaim ar son an fheachtais a mhaíonn siad bheith ar siúl acu ar son an Chonartha.
A leithéid de ráiméis. Níl aon feachtas ar siúl ag Fianna Fáil – nó ag aon pháírtí eile – seachas ar na meáin agus is beag an dealramh atá le sin. An oiread is nach é Mícheál O Mairtín a sheol an r-phoist chugam, seachas feidhmeannach íseal i gcomhlacht Blue State Digital i Meirceá, níl bun nó barr leis an bhfeachtas bréagach seo.
D’oibrigh feachtas den chineál seo do Bharack Obama – ach ní h-ionann Fianna Fáil agus Barack Obama.
Tá an chuma ar an Rialtas go bhfuil sé ag titim as a cheile agus an Tánaiste, Máire Ní Chochláin, ag tabhairt le fios nach luíonn go leor moltaí i dTuairisc an Bhord Snip le ciall. Gan amhras níl ciall leo ach sa mhéid is go gcaithfear teacht ar €5bn in áit éigean i mbliana agus an méid céanna arís i 2010 agus i 2011.
Conas a dheinfear sin gan coigiltis a chur i bhfeidhm, níl a fhios agam.
Ar aon nós, léiríonn an méid a bhí le rá ag Máire Ní Chochláin inné go bhfuil dóchas ann do na grúpaí feachtais éagsúla atá buartha faoi thua Mhic Charthaigh a bheith ag titim ar a n-earnálacha.
Gan amhras tá an Roinn Airgeadais tar éis freagra a thabhairt ar na ceisteanna a thóg chaint Uí Chochláin – ach tá an praiseach ar fuaid na miasa anois.
Super Mario, Status Quo agus Éamon na nDeontaisí
Tá daorbhreith tugtha ag Roinn an Airgeadais ar éifeacht na ndeontaisí Ghaeltachta éagsúla, idir Scéim na Mná Tí, Scéim na bhFoghlaimeoirí Ghaeilge is eile, i litir atá faoi chaibidil in alt atá foilsithe san Sunday Tribune ag an deireadh seachtaine.
Caithfear a admháil, creidim, nach daoradh gan dealramh é an méid atá luaite sa litir seo ó Sráid Merrion, ceathrú ná raibh riamh caradach don Ghaeilge nó don Ghaeltacht agus atá go leor ceisteanna le freagairt ag na h-áitritheoirí faoin pháírt a ghlac siad féin i gcliseadh an gheilleagair agus ruaigeadh an Tiogair.
In correspondence between finance minister Brian Lenihan’s department and Colm McCarthy’s An Bord Snip Nua seen by the Sunday Tribune, Finance suggested to McCarthy that the many Irish-language and rural-support grants should be abolished because they were simply not working.
An bhfuil siad ag obair? Agus mura bhfuil, cad é an eifeacht atá leo i bhfirinne? Nach bhfuil i gceist ach an ’status quo’ a choinneáil mar atá sé?
Tá mise i gcoinnibh an Status Quo – agus ní h-é an banna ceoil iomráiteach atá i gceist agam. Creidim go bhfuil gá le h-athrú cur chuige agus gealltar dúinn go mbeidh seo le sonrú sa Phlean (neamh fhoilsithe) chun an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a athréimníú. Tá’s agam – Plean 2028 atá i gceist agam – ach mothaím go bhfuil an dhá rud pósta le cheile anois agus nach féidir ceann acu a scarúint ón gceann eile.
On a variety of grants to support the Irish language, Finance was highly critical of Ó Cuív’s spending habits. On the Scéim Labhairt na Gaeilge, which gives an annual grant of €260 to economically deprived Irish-speaking families, Finance said the scheme “no longer [fulfilled] its original purpose”.
Ar ndóigh, níl aon cheangal ann ar an t-é a bhfaigheann an deontas seo bheith ar an ngannchuid mar atá luaite anseo. Níl a fhios agam cad é an ”original purpose” a bhí ag an scéim seo thar go raibh sé ag iarraidh ‘labhairt na Gaeilge’ a spreagadh. Ach creidim go bhfuil an cheart ag an Roinn Airgeadais a rá nach bhfuil sé ag déanamh seo. Conas a spreagann an t-airgead seo páistí óga chun Gaeilge a labhairt?
Mo mholadh féin: an t-airgead seo a chaitheamh ar shuíomhanna idirlín agus scéimeanna chun úsáid na Gaeilge a spreagadh i gcluichí ‘Nintendo DSI’ ar nós Super Mario!
Sílim gur botún é, áfach, an tua a thabhairt do Scéim na Mná Tí agus go bhfuil sotal ar chúl an raitis seo ó Roinn an Airgeadais.
On the €10.50 per day paid to Gaeltacht households who accommodate students attend ing Irish-language courses, the Merrion Street mandarins said “a reduction to €5 per day would not impose any undue hardship”.
B’fhéidir dá laghdófai liuntaisí na statseirbhíseach i Roinn an Airgeadais go dtí €5 in aghaidh an lae go mbeadh tuiscint níos fearr acu ar céard is ‘undue hardship’ ann. An t-aon freagra a bheidh ar an gcinneadh áfach an praghas atá á ghearradh ar áiteanna ar na coláistí Samhraidh a ardú €100 – €150 agus gan amhras cuirfidh sin go leor teaghlaigh a chuireann a bpáistí chun na Gaeltachta ó dhoras agus cuirfidh sé poll mór i ngeilleagar na Gaeltachta. Creidim go bhfaigheann an Rialtas an €10.60 agus tuilleadh le cois ar ais.
Ag an am chéanna, tá gá le h-athrú ar an gcur chuige. Tá gá le cur chuige atá samhalaíoch agus a théann i ngleic i gceart le na fadhbanna is na dúshláín. Ní léir go bhfuil an teachtaireacht sin ag dul i bhfeidhm go fóíll….
Tá an domhan cothrom!
Dúirt Galileo gur cruinneog an domhan, agus tugadh eiriceach air mar gur chreid na daoine an uair sin go raibh an domhan cothrom (sa chiall fisiciúil atá i gceist agam).
Anois is eiriceach é an duine a mhaíonn go bhfuil an domhan cothrom (táimíd go fóill ag caint ar an gciall fisiciúil!). Ach uaireanta tá gá le h-eiriceach chun rud nach bhfuil ag teacht leis an ghnath thuiscint ar an saol a rá ós árd.
Tá an domhan cothrom! Ní mise amháin atá á rá sin – mar gur sin príomhtheachtaireacht an scríobhnóra Mheirceánach Thomas Friedman ina leabhar ‘The World is Flat’.
Séard atá i gceist ag Friedman go bhfuil an t-idirlíon tar éis an domhan a chothromú – sé sin go bhfuil rudaí, daoine agus tíortha níos giorra dá chéile. Giorraíonn an leathanbhanda an bóthar eadrainn.
In ainneoin an méid a dúirt mé faoi Galileo, ní doigh liom gur aon rud réabhlóideach atá á rá ag Friedman. Ina leabhar, mar shampla, bionn cur síos ar go leor samplaí a léiríonn daoine ag obair de reir an phrionsabail gur sraidbhaile beag an domhan seo sa deireadh thiar. Tá daoine san Ind ag déanamh cúntais do Mheirceánaigh ó oifigí san Ind. Tá coras curtha le cheile ag Walmart a thugann le fios do lár oifig na comhlachta cé acu an bhfuil a dhothain d’aon rud in aon storas de chuid Walmart ar fuaid an domhain agus a sheachadann é an lá céanna chuig an siopa atá ganntanas air.
Bhíodh – agus tá go fóill – feidhm ag an riail céanna i saol na Gaeilge. Bhíodh daoine ag léamh Lá Nua ar lá a fhoilsithe i Hawaii agus in áíteanna eile nios faide ó bhaile. Tá daoine ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta, Raidió Fáílte agus Raidió Rí Rá ar fuaid an domhain agus tá lucht féachana domhanda ag cláracha TG4.
Faoi láthair, táimíd ag fánacht ar rud éigean – ar phlean na Gaeilge 2028/2030/?, ar dheimhniú an Rialtais maidir le na ciorruithe atá á bheartú acu don Ghaeilge is don Ghaeltacht tar éis foilsiú Thuarascáil McCarthy (tuarascáil, creidim, a chuirfidh ar cheal an phlean atá á bheartú ag an Aire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta d’athréimniú na Gaeilge).
Tá Sinn Féin ag baint leasa as an sean náth cáínte – ná cuirtear amú an ghéarchéim – chun cur lena seasamh sa Ghaeltacht agus feachtas á reachtáil acu chun troid in aghaidh na gciorruithe – ach creidimse nach mbeidh aon dea thoradh ar seo, fiú do Shinn Féin.
Tá gá le dearcadh atá níos mó samhalaíócht ag baint leis ná freasúra scun scan do na ciorruithe. Tá an tír i bponc – de bharr mí eifeacht agus lofacht na bpolaiteoirí, na mbanc agus na bhforbróirí agus na stat seirbhíseach – agus is fúinne atá sé an tír a thabhairt slán ón bponc.
Mar chuid de sin, caithfimid dearcadh nua oscailte a shamhlú agus a shealbhú. Caithfimíd a léiriú do phobal na hÉireann agus an domhain nach ag iarraidh an ’status quo’ atáímíd, ach ag iarraidh feabhais is forbartha is leasuithe.
Má tá an domhan mór cothrom, ba cheart go mbeadh domhan na nGael cothrom freisin….
Séasúr na seafóide agus séasúr na G-spóireachta
Tá ‘G-spóireacht’ ar siúl anocht ar an gCeathrú Rua faoi mholtaí Thuarascáil Mhic Carthaigh agus na h-impléachtaí don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Ní olc an rud é sin agus dá mbeadh deis agam, d’imeoinn ann. Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo….
Is maith ann an diospóíreacht seo agus tagann sé leis an méid a deir Breandán Delap in alt bhrea ar Beo.ie na míosa seo chaite faoin úsáid atá á bhaint as an eigeandál eacnamaíochta seo chun tabhairt faoin chaiteachas ar an nGaeilge is ar an nGaeltacht.
I gcroílár na díospóireachta seo caithfear plé a dhéanamh ar an luach a chuirtear ar chearta teangan. An dtig géilleadh do phrionsabail de réir mar a athraíonn cúrsaí geilleagair? B’fhíor don Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, nuair a thug sé le fios i mbliana nár cheart breathnú ar antacaíocht atá de dhíth ar an Ghaeilge mar ábhar roghnach breise: “Isbuanchearta iad cearta teanga; ní lamháltais ná pribhléidí iad a thugtar le linn aimsir na flúirse. Níl luach níos lú leis an gcoincheap a bhaineann le cearta agus le comhionannas nuair is i gcomhthéacs teanga é.” Nó lecasadh úr a chur ar an sean-nath: “Language rights are rights forever, not just for Christmas!”
Creidim go bhfuil an ceart ag Breandán nuair a thugann sé le fios gurb ionann agus an Nollaig ag cuid againn blianta an Tiogair – bhí an t-uafás airgid á chaitheamh ar aistriúchán na gcaipédsí Stáít agus níl deireadh leis an gcaiteachas sin go fóill. Dá dtagadh an Ciste Idirnáisiúnta Airgeadais in áít an Rialtais, cheapfainn gurb é seo an cineal caiteachais a chuirfí deireadh leis láíthreach. Cad is fiú bheith ag aistriú caipéisí oifigiúla go Gaeilge mura bhfuil ach an dornán is lú daoine á léamh?
Ach seo sinn anois – ag fánúint ar phlean atá le foilsiú uair eigean agus níl a fhios againn cén uair nó ní ionann an tuiscint atá ag an Aire ar sprioc am is atá agamsa nó agatsa. Tá an comhthéacs athruithe go h-iomlán ag Tuarascáíl McCarthy agus mura n-aithnímíd é sin anois agus dul i ngleic leis i slí atá ciallmhar, is measa dúinn a bheidh sé.
Thagair Breandán Delap do roinnt altanna a fhoilsíodh le déanaí ar an gceist seo – cuid acu maslach is spídiúil is aineolach, cuid eile acu ar cheart aird a thabhairt orthu. Luaigh sé altanna leis an iar Thaoiseach Garret Fitzgerald inar mhol seisean do na Glasaigh:
“The Greens might also gain considerable kudos by using their new bargaining power to force Fianna Fáil to abandon the extravagant and anti-environmental Ó Cuív policy of requiring State bodies to publish expensive glossy reports in Irish as well as English, and requiring these bodies to throw out their notepaper so as to substitute it with Irish- language headings. That is the kind of playacting that undermines necessary public support for the language.”
Luaigh sé freisin caint a thug an Dr. Eoin O’Malley inar cuireadh Acht na dTeangacha Oifigiúla sa réimse céanna agus na h-innil votála leictreonacha atá taréis na milliún a chosaint orainn agus gan aon rath faighte againn uathau. Cuirim le sin alt amháin eile, a fhoilsíodh sa Sunday Independent ag an deireadh seachtaine, ón Dr. Colum Kenny, léachtóír i bpolasaí theilifíse ag DCU agus namhaid seana bhunaithe do bhunú TG4, fear a raibh mé ag diospóireacht leis uair nó dhó roimhe seo, agus an port atá á thuairisciú aige siúd go mbeidh na seóanna is fearr ar RTÉ thíos leis má thugtar sciar d’airgead an cheadúnais do TG4 mar atá molta ag Tuarascáíl McCarthy.
Ar ndóigh is é TG4 – agus níl sé gan locht – an seod Gaelach. Dá bhfaighfí reidh leis, buille mór a bheadh ann do shaol na Gaeilge cé nach buille marfach a bheadh ann i bhfianaise an spioraid atá léirithe ag lucht nós* agus Nuacht 24, tionscnaimh tuaisceartacha, le tamall anuas.
Tá gá le ‘G-spóireacht’ agus tá súil agam go mbeidh sé de acmhainn ag lucht riartha na diospóireachta anocht míreana a thaifeadadh agus a chraoladh ar an idirlíon sna laethannta romhainn. Beidh orainne freisin tosnú ag reachtáil ár gcuid diospóireachtaí féin….
Faoiseamh de dhith tar éis na deireadh seachtaine….
Deireadh seachtaine saoire bainc mo thóin! Bhí an deireadh seachtaine díreach caite an ghnóthach anseo i gCúil Aodha agus muintir na h-áíte go dícheallach ag ullmhú le h-imeachtaí éagsúla. Faoiseamh atá i gceist le tús na seachtaine úire.
Faoiseamh agus pleisiúr atá i gceist nuair a fhoilsítear an eagrán is déanaí de Nuacht 24, príomh nuachtán náisiúnta agus idirnáisiúnta na Gaeilge, agus nuair a chuirtear in iúl don phobal an méid sin leis an teachtaireacht úd ar An Druma Mór. Ní túisce go mbionn an eagrán is déanaí ar mo scaileán ná go mbím ag súil go mór leis an gcéad eagrán eile.
Mar atá ráíte agam anseo roimhe, is ag Nuacht 24 atá seilbh na liathróide chomh fada agus a bhaineann sé leis an ‘gcomórtas’ atá á reachtáíl ag Foras na Gaeilge chun comharba a aimsiú ar Foinse, a lig siad leis imeacht le sruth i mí an Mheithimh. Tá Eoghan O Néill agus a cháírde chomh fada sin chun tosaigh go bhfuil sé geall le bheith ag amharc ar Chiarraí ag tabhairt greadadh nach beag do pheileadóirí Bhaile Atha Cliath ar bhrat Bhriotanach Pháirc an Chrócaigh Dé Luain. Is Corcaioch mise agus, mar sin, mothaím pian lucht peile na hArd Cathrach – cé go gcreidim go raibh sé aiféiseach go raibh talamh tirim á dhéanamh ag na trachtairí peile de ‘chosa nite’ na gCiarraíoch. Ní h-ionann an rud a ghuíonn tú ar a shon agus an rud a tharlaíonn ar pháirc na h-imeartha, tá’s agat.
Ach ní chuige sin atáim. Is le moladh a thabhairt do Nuacht 24 atáim inniu – agus ní de bharr go gcuirim féin colún ar fáil go deonach don nuachtán atáim ag déanamh san. Bhíos ag léamh Nuacht 24 ar maidin agus, mar a dheinim go rialta, tosnaím le colún mo shean chara, Gearóid O Cairealláin. Bhíodh ‘Seo an rud’ ó pheann Ghearóid ina bhuaic phointe i Lá – agus is deas liom go bhfuil faobhar ar pheann Ghearóíd aris agus Nuacht 24 ar an bhfód.
Bhí sé ag tagairt do na Gaeil móra le rá a bhí ag scríobh in altanna i Nuacht 24 roinnt seachtainí ó shin, ag scríobh agus na deora ag sileadh óna súl, faoi ná raibh aon nuachtán Ghaeilge ann níos mó anois go raibh Foinse á bhású ar an slí céanna is ar cuireadh Lá Nua chun báis roimhe sin.
Nách dtuigeann na saoithe seo an íoróin a bhaineann le bheith ag rá a leithéid in altanna atá á fhoilsiú i Nuacht 24, an t-aon nuachtán Ghaeilge atá fagtha. Dearcadh sean fhaiseanta ar nuachtáin atá ag lucht caointe Foinse – agus ní chreidim ar feadh noiméid gur chaoin siad deor le bás Lá Nua nó níor áirigh siad an nuachtán sin ina nuachtán cheart ar chorr ar bith.
Tá anailís ghéar ag Gearóid ar na bhfathanna lena dearcadh maslach, fiú más dearcadh neamh choinsiasach é, i leith Nuacht 24 agus Lá Nua. Creideann sé gur dearcadh crioch dheighilteach atá ar chúl cuid den mheoin aigne sin – ach léiríonn an dearcadh freisin an spleachas maraitheach atá ag céasadh na Gaeilge agus na nGael le tamall anuas, an spleachas tachtach seo ar an Stát.
Is léir go bhfuil sé sa bhfuil ag cuid againn, nach féidir le glacadh le rud ach é bheith tite anuas chugainn mar a thitfeadh blúirín aráin ó bhórd bídh an Stáit. Ní foirfe go faofa ag an Stát is cosúil. Ar ndóigh má tá an Stát ag seachaint na dualgaisí atá air – agus má tá dream eile go neamhspleach ag seasamh sa bhearna agus ag déanamh na h-oibre sin – ba cheart duínn bheith buioch agus ag áireamh na mbeannachtaí.
Agus chun riar a dhéanamh ar an gcur chuige craiceáílte sin, tá Foras na Gaeilge ag reachtáíl comórtais chun nuachtán nua a fhoilsiú. A leithéid d’amaidí. Is aimsir na h-eigeandála é seo – ba cheart don bhForas a rá, ós ard, go bhfuil siad ag tabhairt urraíochta do Nuacht 24 arbh fhiú €100.000 sa bhliain é abraimís agus nach bhfuil siad chun leanúint leis an gcomórtas craiceáilte seo. Ní gá comórtas poiblí a reachtáil ar son urraíochta – thug siad urraíocht €65,000 don Sunday Independent chun dluth dhioscaí maidir le foghlaim na Gaeilge a scaipeadh agus ní raibh comortas ann chuige sin.
Níor cheart go mbeadh ar Nuacht 24 aon athrú a dhéanamh ar an módh scaipeachán – ach b’fhéidir go gcuideodh seo leo daoine a íoc – agus nílim ag caint orm féin nó ní ghlacfaidh mise pingin as mo cholún – mar is ceart. Bheadh sé seo ina shocrú eatramhach go dtí go mbeadh Nuacht 24 – agus ní aon ‘carpetbagger’ eile – in ann socrú ceart a dhéanamh leis an bhForas nó cibé dream a thagann i gcomharbacht ar an bhForas chun nuacht sheirbhís atá maoinithe mar is ceart a chur ar fáil.
Tá ré nua breactha don Ghaeilge agus don Ghaeltacht le foilsiú tuairisc McCarthy. Tá na baincéirí agus na forbróirí is na polaiteoirí a thug go dtí an poll ifrinn seo sinn ag suí go te agus taimíd go léir ceaptha le h-ioc as a bhfeall agus a bhfaillí. Tá modhanna nua oibre ag teastáil chun torthaí nua fónta a bhaint amach. Má leanaimíd lena sean módhanna, ná bíodh íontas orainn má bhionn na torthaí tubaisteacha céanna ar an saothar.
Feartlaoi ró luath, ró chineálta ar an Aire?
Tá cosa an Aire Uí Chuív nite is cosúil mas aon tomhas an moladh deireadh a chur leis an Roinn Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta i dtuarascáil Mhic Carthaigh - An Bórd Snip Nua – agus, anois, alt san Irish Times ag Seán Tadhg Ó Gairbhí ag tomhas an tionchair a bhí ag gharmhac Eamon Devalera ina thréimhse mar Aire sa roinn sin.
Nílim chomh cinnte go bhfuil deireadh leis an Roinn nó tá go leor cainte ag na h-airí faoi thuarascáil Mhic Carthaigh bheith ina ‘bhiachlár’ ar féidir leo bheith ag roghnú as de réir mar is mian leo.
Ach nílim cinnte ach an oiread nach bhfuil an feartlaoi seo ró chinealta faoin Aire.
Mar sin féin, beidh pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta buíoch d’Éamon Ó Cuív amach anseo. Nuair a thagann deireadh lena ré mar Aire Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta tá gach seans ann go ndéarfar gurb é an tAire Gaeltachta ab fhearr riamh é.
An Aire Gaeltachta ab fhearr riamh – b’fheidir é mar ní mór é a chur i gcomparáid le h-Airí eile a raibh sa phost sin agus is beag Aire Gaeltachta a raibh thar moladh beirte.
An deacracht atá agam leis an Aire O Cuív go raibh sé – agus go bhfuil sé fós – ró cheangailte le nóisean sean aimseartha den Ghaeltacht agus den Ghaeilge agus go bhfuil an tionchar atá aige ag cur moille ar chúrsaí seachas a bheith á mbrostú chun cinn.
Sin an fath gur thug mé ‘aire analógach sa ré diigteach’ air. Ar ndóigh, taobh amuigh de Éamon Ryan, is beag aire atá ann a thuigeann, dar liom, an saol chomhaimseartha agus na feidireachtaí a bhaineann leis an dtodhchaí digiteach. An bhfuil aon dealramh bheith chomh buartha faoi na bainc – agus ag caitheamh airgead amú chun iad a tharrtháil - sa ré seo?
Na rudaí a luann Seán Tadhg ar thaobh an sochair, chuirfinnse anois iad ar thaobh an dochair:
Ar thaobh an tsochair de chuntas Uí Chuív tá, i measc rudaí eile, an tAcht Teanga, stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach, agus an feabhas as cuimse atá tagtha ar bhonneagar na Gaeltachta.
Dar liomsa, tá an ró bhéim ar mhaorláthas san Acht Teanga ag tachtadh na Gaeilge agus ní fheicim morán de bhuntáiste phraiciticiúil le stádas oifigiúil oibre a bheith ag an dteanga san Aontas Eorpach seachas postanna a chur ar fáil do dhlítheangeolaithe.
Ní fheictear dom ach an oiread go bhfuil an bonneagar sa Ghaeltacht tar éis feabhsú ‘as cuimse’. B’fhéidir gur amhlaidh an scéal i gConamara, i gcúlchlós an Aire féin, cé nach gceapfainn go n-aontódh muintir an Cheathrún Rua liom sa mhéid sin agus iad go fóill gan uisce inólta ón sconna. Tá réimsí móra den Ghaeltacht go fóill gan leathanbhanda, rud a fhagann iad go mór faoi míbhuntáiste sa ré digiteach.
Mar atá ráite agam anseo roimhe seo, creidim gur theip go tubaisteach ar an Aire aon chabhair phraicticiúil a thabhairt do Foinse nó do Lá Nua nuair a bhí géarghá leis an dtacaíocht sin. Ní h-amháin nár tháinig sé i gcabhair ar cheachtar nuachtán nuair a chuaigh siad in adharca le Foras na Gaeilge ar cheisteanna mhaoinithe ach tá sé ag suí ar a lámha maidir le rialachán a dhéanamh ar cheist na fograíochta. Fiú má dheineann sé cinneadh anois, ag cur iachaill ar na h-eagrais poiblí is na ranna stáit fógraí a fhoilsiú go dhá theangach, na leaganacha Ghaeilge sna meáin Ghaeilge agus na leaganacha Bhéarla sna meáin Bhéarla, beidh sé ró mhall nó tá Foinse agus Lá Nua i measc na h-iar nuachtáin Ghaeilge eile anois, i gClólann na Naomh!, Anois, Inniu, Amarach, an tÉireannach, Fáínne Geal an Lae, an Claidheamh Solais &rl.
Dár ndoigh, ní gá go gcosnódh sé níos mó airgid nuachtán Ghaeilge a fhoilsiú dá mba rud é gur léiríodh níos mó solúbthacht ar an módh foilseacháin. Dá mba rud é go mbeadh cead ag Lá Nua nó Foinse foilsiú mar leagan PDF amháin, mar a d’iarr Lá Nua ar aon nós, bheadh níos mó airgid ar fáil chun an abhar agus an dearadh a fheabhsú de bharr go raibh níos lú á chaitheamh ar chló agus ar dháileadh. Maith go leor, ní raibh an rogha sin ar fáil sa chonradh a bhí ag Lá Nua ach is peaca é ná raibh an rogha ar fáil sa chonradh a bhuaigh Foinse agus nach bhfuil sé ar fáil sa chomórtas atá ar siúl faoi láthair chun comharba ar Foinse a aimsiú. In áit a bheith ag reachtáil comórtas le h-aghaidh nuachtán seachtainiúil – a bheadh, is cosúil, lonnaithe sna 26 contae, tá rogha ar fáil don Fhoras agus don Aire a mhaoiníonn an Fhoras, maoiniú mar is ceart a chur ar fáil don Druma Mór/Nuacht 24. Ach seo chugainn an maorláthas – agus an criochdheighilteachas arís – nó ní féidir leis an Aire nó an Fhoras, is cosúil, tacú le togra atá lonnaithe ó thuaidh.
Tá smaointeoireacht an Aire ró theorannta – agus ní an ‘teorainn’ amháin atá i gceist agam le seo. Ní teorainneacha na Gaeltachta ach an oiread.
Anois táimíd ag fánacht ar an Aire an plean a fhoilsiú chun an Ghaeilge a thabhairt slán. Tá méar fada an Aire tar éis foilsiú an phlean a gealladh i Nollaig 2006 go mbeadh sé ar fáíl roimh dheireadh na bliana seo chaite nó ‘laistigh de dhá bhliain’ agus anois beidh sé á fhoilsiú ag am go bhfuil an comhthéacs athruithe go h-iomlán. Má tá acmhainní breise – nó acmhainní ar bith – ag teastáil chun míreanna an phlean seo a chur i bhfeidhm, beidh sé deacair nó dodhéanta teacht ar na h-acmhainní seo ón Státchiste. Agus cad é an tairbhe don Stat plean a fhoilsiú mura bhfuil na h-acmhainní – nó an toil pholatúil troid san fhóram phoiblí ar son na hacmhainní seo – ann chun an plean a chur i bhfeidhm? Tá seilfeanna lán de phleananna ag bailiú deanaigh i Roinn na Gaeltachta.
I mo shamhlaíocht den phlean seo, bhí áit lárnach ag na meáin Ghaeilge, idir fuaim, fís agus cló is ar líne, san obair chun 250,000 cainteoirí laethúla Ghaeilge a bheith ann faoi 2028. Ach anois tá na meáín cló nach mór imithe, tá ciorruithe eile á moladh do TG4 agus tá RTÉ Raidió na Gaeltachta fós siocaithe sa sean aois.
Sin ar fad ar sheal faire an Aire Uí Chuív.
Is cuimhin liom go raibh geallúint mar cheannlíne i gclár toghcháin FF ag an olltoghchán i 2007 go mbeadh Aireacht Sinsearach Rialtais ag an nGaeltacht. Rinne an Aire é féin mór den mhéid sin agus é ag caint liom is iriseoirí eile sna meáin Ghaeilge. Anois is cosúil go bhfuil an geallúint sin le briseadh, cosúíl le go leor geallúint eile.
An Aire Gaeltachta is fearr riamh, ní fheadar. An Aire Gaeltachta deireannach, is doichí.
Fagann sin an cheist. Céard a dhéanfaimíd mar fhreagra ar seo ar fad? An gá dúinn, mar a mhol Máire Mhic Niallais ó Chomharchumann Gaoth Dobhair ar RnaG an lá deireannach, ‘eirí amach’ i gcoinne mholtaí Mhic Carthaigh.
Táim féin ag obair ar thrachtaireacht ar an dtéama; An Ghaeltacht Ghlic: a bheidh á fhoilsiú anseo go luath. Níl mo Ghaeltacht ina Ghaeltacht ‘A’, ‘B’ nó ‘C’. Is Gaeltacht gan teorainn é. Gaeltacht digiteach don ré digiteach. Ach beidh tuilleadh faoi seo ar ball. Mura mbionn Aire ‘Gaeltachta’ ann amach anseo, beidh orainn ‘aire’ a thabhairt don Ghaeltacht sinn féin!
Aifric – ‘Hannah Montana’ na Gaeilge

Is cuimhin liom roinnt blianta ó shin bheith ag tuairisciú ar phlean uaillmhianach, cheap mé, scánnán a dhéanamh den chlár teilifíse do dhéagóirí, Aifric. Bhí gach rud faoi réir ag an gcomhlacht léirithe agus bhíodar dírithe ar an scannán a leiriú an Samhradh seo.
Dhiultaigh an Bórd Scannáin don iarratas agus anois tá iarrachtaí ar bun chun scannán laghdaithe a léiriú, bunaithe ar bhuiséad nios lú.
Ní thuigim cinneadh an Bhóird Scannáin ach go bhfuil a fhios agam nach dtacaíonn siad go h-ionadúil le scannáin Ghaeilge. Bhí deacrachtaí freisin ag ‘Cré na Cille’ agus d’eirigh leis an scannán sin áít a bhaint ar an ngearrliosta le h-aghaidh féile mór scannáin san Áis, rud a leiríonn nach bhfuil gach eolas ar an gcéard seo ag an mBord Scannáin.
Dealraíonn sé dom go raibh margadh cruthaithe ag an sraith teilifíse le h-aghaidh an scannán – lucht leanúna nach beag i measc lucht scoile na tíre, dream a thaithníonn na scéalta faoi chúrsaí grá agus teaghlaigh a bhí fite fuaite sa sraith seo.
Ritheann sé liom gur togra é seo ar cheart tacaíocht a fháil ó leithéidí Ciste na Gaeilge – táím réasúnta cinnte gur infhéistíocht é seo a bheadh rath air do chuile thaobh.
Más aon tomhas Hannah Montana, an comparáid is giorra do Aifric, is cinnte go saothródh sé luach a infhéistíochta ar ais.
Tá roinnt tograí fiúntacha Gaelacha ann ná raibh gá ar bith le Bórd Snip chun deireadh a chur leo. Ba leor an bhiogóidíocht frith Ghaelach atá sna h-údaráís chun iad a chur go tóin phoil.
Tuairisc na scoilte
Cuireadh ceist ar Mao uair amháin faoina dhearcadh i leith Réabhlóid na Fraince. Dúirt sé go raibh sé ró luath le rá, fiú go raibh sé ag caint beagnach 200 bliain i ndiaidh na Réabhlóíde sin.
Níl seachtain caite ó fhoilsíodh Tuairisc McCarthy nó An Bórd Snip Nua – agus creidim go bhfuil sé ró luath breith iomlán a thabhairt air cé go gcreidim go bhfuil an cumhacht ag an dtuairisc seo an stat seo a scoilt ar bhealach atá chomh bunusach sin nach n-aithneoimíd é. Béimíd ar nós Oisín ag filleadh ó Thír na nÓg na céadta bliain ón uair gur fhag sé a fhód dhúchais.
Tá alt spéisiúil san Irish Times ar maidin ag caint timpeall ar an dtéama seo.
Battle lines for urban-rural confrontation have been drawn. In that classic Irish tradition of marking the man and not the ball, Irish Farmers Association president Pádraig Walshe told protesters in Cavan on Sunday that the report was written by “Dublin 4” economists who do not know how the rural economy works. Yet, the import of the McCarthy report suggests rural Ireland has been in receipt of disproportionate privilege from the exchequer.
The report says the Government should: amalgamate small rural primary schools, cease funding for the Rural Transport Scheme, terminate the Suckler Cow Scheme, close the Rural Environmental Protection Four Scheme (Reps), suspend the Western Development Commission, reduce the allocation for local and community development programmes, possibly privatise Bord na Móna, and rationalise Teagasc offices. Oh, and abolish the Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs.
The report did not mince its words. Rural Ireland will perceive itself to be under attack, with proposals beginning with verbs such as amalgamate, cease, discontinue, terminate, abolish and close. This is where implementation of the McCarthy report will face its biggest challenge.
Glacaim leis gur de bhunadh cathrach an scríobhneoir seo agus nach n-aithníonn sí na buntáistí atá faighte ag Baile Átha Cliath de bharr mí rialtas Fhianna Fáil agus cibé dream a bhionn ag leath bhadóireacht leis an bpáirtí sin. An Luas, an Dart, an bonneagar ar fad atá ina thalamh tirim sa chathair ach a chaitear saothrú go dian ar a son fán dtuath. Mar shampla, ar an gCeathrú Rua agus i go leor ceantracha eile ar fuaid na tíre, ní féidir an t-uisce a ól ón sconna. Tá sé lofa. Ar ndóigh níor óladh uisce ón sconna sa chathair le linn ré an Tiogair – níor óladh ach uisce i mbuidéil galánta.
Ní séanadh an méid sin ar na buntáistí a fuarthas fán dtuath. Nó a raibh le fáil ag sciar ar leith den bpobal fán dtuath. De reir loighic Charlie Haughey agus a chomharbaí, de réir mar a líon an taoide, d’ardaíodh gach bád san uisce. Ar ndóigh bhí Fianna Fáil agus a gcáirde ar bhórd na luaimheanna galánta agus bhí an chuid eile againn i leath bháid is sean churachaí!
Agus ansan, de bharr mí rialtas Charlie agus Bertie is Brian, táimid go léir anois ar snámh i ndíle an éadóchais. Ach tá lucht seolta na luaimheanna fós sna luaimheanna agus táimid go fóill sna sean churachaí.
Anois an t-am le meabhrú ar cá bhfuilimíd ag dul – nílim ag iarraidh ‘geilleagar’ seachas ‘pobal’. Nílim ag iarraidh go n-íocfadh mo pháistí as peacaí mo ghlúinse nó go n-íocfadh na h-easláin an éiric atá dlite uaimse.
Tá gá le athrú dearcaidh uaim agus uainn go leir le teacht slán. Más amhlaidh go mbeidh an tír banc bhriste, béidh an IMF istigh chugainn gan mhoill agus béimid go léir ag íoc go daor an uair sin.
Tá gá le h-athrú Rialtais gan moill. Níl aon muinín agam as na pairtithe atá i gcumhacht faoi láthair. Ar maidin bhí FF agus FG ag argóint faoi cé acu ar cheart pairc glas a bheith ar chúl Teach Laighin nó carr chlós.
Tá fonn orm Fianna Fáil a chur os cómhair na cúirte – ní bínse fiosruithe – chun go gcuirfí iochaill orthu íoc as a gcuid mí rialtais go dtí seo.
Ach ni sin an tosaíocht faoi láthair. Caithfimid teacht ar chomhthuiscint nua faoi nadúr na tíre seo – an bhfuil an geilleagar ag obair ar son an phobail nó an bhfuil an pobal ag sclabhaíocht ar son an gheilleagair?
Mura réitímid an cheist seo, deinfear scoilt ar an dtír seo a bheidh níos buaine agus níos fuiltí ná an gcrioch dheighilt atá linn mar oidhreacht ar an gcogadh cathardha dheireannach ar an oileán seo.
Ná cuirtear amú an géarchéim seo
Táim ar saoire gairid sna Dése agus ag scriobh seo ar iPhone. Is é seo mo chéad fhreagra ar thuairisc an Bhoird Snip.
Nach den íorón go bhfuil aithne ar an ngrúpa seo de reir a ainm Ghaeilge nuair a thuigtear i gceart an sceannairt a moladh ina dtuairisc ar an nGaeilge is ar an nGaeltacht.
Moltar ar shuíomhanna eile go ndeinfear na giorruithe seo a throid
go tréan. Ní aontaim go h-iomlan. Aontaim gur tubaisteach don Ghaeilge is don Ghaeltacht na moltai seo. Ach creidim gur deis iontach atá ag glún nua cinnirí an stiúr ar ghluaiseacht na Gaeilge a bhaint on gceannasaiocht a thug sinn go dtí an cul de sac seo.
Bhiomar beo ar dheontaisi ar feadh Ii bhfad agus seo an toradh. Nuair a meabhraimid ar an an gceist, nach dtuigimid gur tugadh na tionscnaimh is fiúntaí ar an saol gan deontas – leithéidí Gaeltacht Bhéal Feirste mar shampla.
Beidh gach grúpa atá amuigh ag troid in éadan na ngiorrú a bhaineann leo féin. Agus má théimíd an bealach sin go h-iomlán, gan malairt straitéise, caillfear ár n-achainí i measc an slua agus caillfear ár gcúis mar nach mbeidh an dara rogha againn.
Níl mé ach ag tosnú ar seo. Fillfidh mé ar ball agus beidh a thuilleadh le rá agam….ach an comhairle is tréine atá agam idir seo agus sin. Is géarchéim é seo agus deis. Ná cuirtear amú é!
Faoiseamh [cánach] a gheobhadsa….
Tuairim mire eile nó b’fhéidir nach ea! Le fada an lá tá an Ghaeilge beo ar dheontaisí – deontaisí chun tigh a thogáil sa Ghaeltacht, deontaisí chun fostaíocht a chur ar fáil, deontas chun nuachtán a fhoilsiú[go dtí le déanaí] agus iliomad deontaisí eile.
Ach má tá an Ghaeilge beo beathach inniu – agus, tá, mar a léiríonn suíomhanna is fiontair ar nós, bhuel, nós*, An Druma Mór, Nuacht 24, Gaelnet, Caint, go leor leor eile, nil aon chreidiúint ag dul do na deontaisí [ach a mhalairt b'fhéidir].
Is amhlaidh go bhfuil nadúr an chaidrimh idir an Ghael agus an Stát – agus na h-udaráis ó thuaidh – bun os cionn. Táimíd ag féachaint ina dtreo ag súil go dtacóidh siad le cibé fiontar atá ar bun againn agus creidimíd mar go bhfuil sé san fhuil anois gurb é an deontas an t-aon uirlis atá ag an Stát chun teacht i gcabhair orainn. Sa tsli sin tugaimíd an cumhacht ar fad, cumhacht beatha agus bás fiontair, don Stát.
Ba cheart go dtuigfimís gur againne atá cumhacht beatha agus bás an togra. Gan sinne, ní bheadh na fiontair thuasluaite, fiontair a thugamar beatha dóibh gan deontas, beo ar chorr ar bith. Ní bheidís ag cur le ‘caipteal shoisialta’ an phobail, ag feabhsú an tsaoil don phobal Gaelach agus, mar gur cuid den mhór phobal an phobal Gaelach, don mhór phobal.
Ag an am chéanna tá obair ar bun againne ar cheart a bheith ar siúl ag an Stát. Mar shampla nuair a deir Éamon O |Cuív gur cheart go mbeadh cultúrlann cosúil le Cultúrlann McAdam O Fiaich i ngach cathair is baile mór [agus baile beag!] sa tír, is é an chéad freagra a bheadh againn – agus ní cáineadh é seo nó táim féin ciontach as seo freisin – cá bhfuil an deontas chun íoc as. Mar atá’s ag an saol, ní raibh deontas ann nuair a bunaíodh Cultúrlann Mc Adam O Fiaich agus dá mbeadh bunaitheoirí na Cultúrlainne ag fánacht ar dheontas roimh dul i mbun oibre, seans maith go mbeimís go fóill gan Cultúrlann.
Conas mar sin a aithneoidh an Stát, agus is cuma an thuaidh nó theas atá tú, nó tá dualgaisí ar na h-údaráis beart a dhéanamh ar son na Gaeilge agus pobal a labhartha sa dhá dlínse de réir caipéisí éagsúla – an Bunreacht ó dheas, Comhaontaithe Chill Rimhinn is Aoine an Chéasta ó thuaidh, an chaipiteal shoisialta atá á chur ar fáil ag na Gaeil?
Sa tslí céanna a d’aithin siad an chaipteal soisialta a cuireadh ar fáil nuair a deineadh athfhorbairt ar cheantaracha sna cathracha a raibh imithe i léig – leithéidí Barra Temple i mBaile Átha Cliath mar shampla – le scéimeanna faoiseamh cánach.
Dá mba rud é go raibh faoiseamh cánach ar fáil d’fhiontraithe a rinne beart éigean ar son na Gaeilge agus, mar sin, ar son an phobail, nár cheart go mbeadh spreagadh ann doibh sin a dhéanamh agus aitheantas as a gcuid iarrachtaí?
Os rud é gur faoiseamh cánach a bheadh i gceist, bheadh gach éinne i dteideal a leithéid – ní bheadh sé teoranta don Ghaeltacht amháin – agus bheadh sé bunaithe ar obair a dhéanamh seachas deontas a éileamh ar bhunús eigean eile – suíomh tír eolaíoch. D’oibreodh sé mar a oibríonn faoiseamh cánach i réimsí eile an tsaoil – sé sin shaothródh fiontar brabhús ach d’fhéadfadh an fiontraí cuid dá chostaisí a chur in éadan an bhrabhúis chun an dlisteanacht cánach a laghdú go mór.
Tarlaíonn seo ar aon nós – go deimhin, tá sé ag titim amach i réimse na n-acmhainí nadúrtha nó tá margadh ar leith idir an Stát agus Shell faoin cháin a íocfar amach anseo ar an ollbhrabhús a dhianshaothróidh Shell as an ghás sin a dhíol go h-idirnáisiúnta. Is é an argóint atá ag an Stát ar son an mhargaidh sin, go ndeir siad go bhfagfaí an ghás faoin ghruinneal mura mbeadh sé ann.
Céard eile an Ghaeilge ach acmhainn nadúrtha? Ach tá sí á iompó, in ainneoin iarrachtaí tionscnóirí na dtionscnaimh eile agus gniomhaithe diograiseacha eile in eagrais ar nós Conradh na Gaeilge, ina docmhainn. San aoráid seo, tá béim as an nua ar chur amú acmhainní agus nuair nach bhfeictear an buntáiste díreach óna leithéid don phobal mór, tugtar amach na sceanna agus tosnaítear ar an ghearradh.
Ceapaim féin gur tuairim réabhlóideach a dhothain é seo ach aithním freisin go bhfuil an réabhlóid sin curtha i gcrich theana féin le beartanna dionghabhailte ag daoine eile – na tionscnóirí thuasluaite, mar shampla, bunaitheoirí Phobal Bhóthar Seoighe, Bunscoil Phobal Feirste (iad san a bagraíodh priosún orthu dá leanfaidís leis an scoil sin!).
-
Archives
- November 2009 (24)
- October 2009 (11)
- September 2009 (22)
- Lúnasa 2009 (16)
- July 2009 (40)
- June 2009 (68)
- May 2009 (51)
- Aibreán 2009 (51)
- Márta 2009 (44)
- February 2009 (50)
- January 2009 (43)
- Nollaig 2008 (28)
-
Categories
-
RSS
Entries RSS
Comments RSS


