Freagra ó Aonghus stuama foilsithe san Indo
Seo an litir ó Aonghus a fhoilsíodh inné sa Sunday Independent mar fhreagra ar m’alt an tseachtain seo chaite. Níl an litir ar fáil ar eagrán idirlín an Indo ar chúis éigean ach ós rud é gur cheannaigh mé an nuachtán, tá sé feicthe agam ar leathnach na litreacha. Tá saghas tuairim agam nach gceannódh lucht leanta iGaeilge an nuachtán sin ach nár mhiste leo a fháil amach nuair a fhoilsítear alt nó litir ann faoin nGaeilge.
Litir stuama é mar a bheithfeá ag súil leis ó Aonghus – ar ndóigh ní aontaím leis cé go dtuigim an argóínt.
Seo chugaibh é…..
Dear Sir,
I am one of those who disagree with Concubhar Ó Liatháin’s analysis of
the purpose and success of the Official Languages Act. (Sunday
Independent 1 Nov)There is a perfectly simple reason why the Act is full of details
about a bureaucracy. The purpose of the Act is to make the states
bureaucracies take Irish speakers into account, in a planned,
consistent and sensible fashion.The compulsory English imposed by the State’s various arms on the
people of the Gaeltacht has been a major factor in the decline of
Irish in the Gaeltacht, and a significant factor in reducing the range
of places Irish is spoken outside the Gaeltacht.The documents it requires translated are those used by the
bureaucracies to communicate with the public. That these can be
improved, and produced and distributed more cost effectively is true,
but not the purpose of the Act. To allow the bureaucracy to continue
to ignore Irish speakers in these documents – which the organs of the
State consider to be important – would be to signal that Irish
speakers need not be considered.It should also be noted that it is not resources which would be
available for Irish language projects that are spent on these
measures.Like every other legal measure, the cost of these measures are met
from the administrative budgets of public bodies, which received no
additional funding when the Act became law. And costs related to the
full range of the Act – not just the small number of translated
documents – consume less than a few percent of the administrative
budget, which itself is a small fraction of the actual budget of the
public bodies.Nobody ever claimed that the Act would improve matters overnight – it
takes time to change attitudes and to undo the damage done by years of
compulsory English.But the act is improving matters, and where it is put into effect
properly, has led to a jump in the amount of business conducted
through Irish.is mise, le meas
Aonghus Ó hAlmhain
Bhúr mbarúlacha…..
Aistriúcháin in aisce – alt liom sa Sunday Indo
Seo chugaibh alt liom a foilsíodh sa Sunday Independent ar maidin…
THE Irish Language Commissioner, Sean O Cuirreain, has urged Irish speakers to avail of their right to have their cases heard in the First Official Language in the Irish court system.
Apparently only a little over €1,000 was spent on interpreter services for Irish speakers in 2007, and in 2006, the figure was less than €2,000.
Although interpreters were sought in legal actions involving 71 different languages, Irish wasn’t among the top 10 languages for which such services were sought.
Of course, let me hastily point out that the Irish Language Commissioner, An Choimisineir Teanga, the much respected Sean O Cuirreain, hasn’t called on more Irish speakers to break the law, one of the possible requirements to appear in court. He has, however, called on more Irish speakers to avail of their right, under the Constitution, to fight their cases in Irish.
This call suggests to me that an tUasal O Cuirreain is a glass-half-full kind of guy. Isn’t it good news that the court system isn’t clogged up with Irish speakers? Doesn’t it prove that Irish speakers are more law-abiding than the rest of the population?
You may have guessed that I am a Gaelgeoir myself and are, perhaps, wondering why I’m adopting such an apparently anti-Irish stance.
I simply can’t take it any more. This latest scandal is piling ignominy on my beloved Irish language. More and more money — our tax euros — is being spent on translating documents which aren’t read in English so they can be equally unread in the First Official Language.
And yet my six-year-old son attending primary school in the Gaeltacht is starved of reading material in Irish due to lack of resources.
I used to be an editor of an Irish-language daily newspaper — but it closed due to lack of resources. At its peak, more than 4,000 copies of La Nua were being sold daily. That’s not to mention the number of hits the website attracted from all over the world.
When I make these points to my Gaelgeoir friends, they tell me that I’m naive to expect that if translation of the official documents were to stop, the resources saved would be spent on the provision of high-quality textbooks or a youth-oriented magazine as Gaeilge.
The point, to put it bluntly, is that as long as the money is being spent on Irish, no matter if it’s read or not, that’s fine. After all, it provides work
for highly qualified translators who are paid more than your average journalist for their unread translations. On average, they’re paid €14 per 100 words. The scale of the folly is underlined by the recent revelation that translation of rarely read documents cost €1.8m last year — that’s more than was spent on funding Irish language books, newspapers and magazines combined.
You might expect that the undoubted expertise of these translators be used to produce the textbooks or magazines for which there is, it appears, demand among the public?
Not at all. Because the Official Languages Act only provides for the translation of some official documents and doesn’t, for instance, compel the Department of Education and Science to ensure that textbooks of a similar quality are provided in all subjects in each of the official languages.
So now, here we go again, as if we needed more ways to waste public money in entirely futile gestures, the Coimisineir Teanga, whose ultra-modern office in An Spideal is funded to the tune of €1m per year, comes up with another way to put us further in the red. All ‘ar son na cuise’.
When the Official Languages Act was mooted and vociferously demanded back in the early days of the Celtic Tiger, it was sold as the panacea for all Irish language ills. And I have to admit that I was to the forefront of those who believed it might be of benefit — until I read the bill as it was proposed and realised it was little more than a bureaucrats’ charter.
Now we have the legislation and Irish is an official working language in the European Union. All should be well — but it’s clearly not, as the Irish language is increasingly under threat in the Gaeltacht, and Irish speakers are on tenterhooks. As we await the publication of a plan to revitalise the Irish language by 2028 with the ‘creation’ of 250,000 daily speakers, the certainty is that the money doesn’t exist to fund the fulfilment of such a plan. But I fully expect the farcical situation of rarely read documents being translated to continue.
The famed satirist Myles na gCopaleen would have had a field day with this. His memory will be recalled in a revival this month of his classic An Beal Bocht by Belfast-based Aisling Ghear who are taking their production on an All-Ireland tour.
If ever there was an antidote to the farce of futile translation, it’s this. Maybe Sean O Cuirreain could take a time out to attend and realise the folly of his proposal.
Sunday Independent
Cad a dhéanfá le €1.8m?
Tá sé tugtha chun solais san Irish Independent inniu gur caitheadh €1.8m ar aistriúcháin chaipéisí oifigiúla go Gaeilge. Is fiú an scéal a léamh ar mhaithe le tuiscint a fháil ar scála na seafóide atá ag titim amach. Tá na milliún Euro á chaitheamh gach bliain ar chaipéisí nach léitear nuair atá daoine atá ag iarraidh foilseacháin a bheadh léamh agus tóir orthu fagtha ar an dtra folamh.
An cheist atá agam ná seo – an bhfuil tusa sasta go bhfuil an oiread sin airgid á chaitheamh ar aistriucháin, go h-áirithe ag an am seo. Gan amhras tá go leor lúbanna ar lár sna tuairiscí a bhionn sna meáin Bhéarla ar an gceist seo – ní chuirtear san áireamh an méid airgid a chaitear ar na leaganacha Bhéarla de na caipéisí céanna nó ní áirítear an líon uaireannta a deineadh íoslódáil ar na caipéisí seo. Go deimhin tá cosaint tréan déanta agam ar an gcaiteachas seo i litir a foilsíodh san Irish Examiner inné. Dar liom gur fearr an t-airgead a chaitheamh ar chaipéisí a aistriú seachas bheith á thabhairt do leithéidí Brendan Drumm (a fuair bónas €70,000 in aineoin an easpa acmhainní sa chóras sláínte) nó John O’Donoghue, a chaith na céadta míle Euro ar chamchuaird ar rás chúrsaí na hEorpa.
Ach má eirímíd ró ghafa le na poinntí seo, ní fheicfimíd an phictiúir mhór. Is é sin go bhfuil michlú á charnú ar an nGaeilge de bharr an bhásta seo trath go bhfuil eigeandáil airgeadais sa tír.
An bhfuil sé ceart agus cóir go bhfuil an oiread san airgid á chaitheamh ar chaipéisí Ghaeilge nuair atá sé soiléir nach bhfuil tóir ag Gaeilgeoirí ar na caipéisí céanna?
Agus cad is fiú do Ghaeilgeoirí bheith ag gearán faoi easpa leabhair, téacsleabhair scoile san áireamh, nuachtáin is irisí i nGaeilge nuair atá an oiread sin acmhainní á chur i dtreo na caipéisí nach léir aon tóir a bheith orthu?
Tá mé tinn tuirseach is dubh dóite leis an bhfimínteacht a bhionn á chleachtadh ag Gaeilgeoirí ar an gceist seo. Amhail is gur cuma leo go bhfuil airgead á chur amú nuair atá airgead á chaitheamh ar chaipéisí Ghaeilge nach léifeadh na Gaeilgeoirí céanna!
Leis an fhigiúir €1.8m IN AGHAIDH NA BLIANA a chur i gcomhthéacs, is mó é ná conradh CEITHRE BLIANA le h-aghaidh nuachtán seachtainiúil a sholathar, conradh atá measúnú á dhéanamh anois ar ag Foras na Gaeilge. €1.6m - nó €400,000 ar a mhéid – atá á thairiscint don chonradh sin san iomlán – agus táim ag caint ar uasmhéid.
Agus is bocht an chosaint a dheineann an tAire O Cuív ar chúrsaí:
But Community, Rural and Gaeltacht Affairs Minister Éamon Ó Cuív defended his policy. He said it is “a fundamental right of the Irish speakers of this country to get certain basic documents in Irish and to get basic services through Irish”.
He said the Official Languages Act 2003 “limits the State’s obligation to translate documents” and without it, “the State could be held legally obliged to translate every single document produced”.
Anuas ar sin, tá An Choimisinéir Teana, Seán O Cuirreáin ag gearán nach bhfuil a dhothain Gaeilgeoirí ós comhair na cúirte ag troid a gcásanna i nGaeilge. Mar a dúirt sé i bpreas ráiteas a d’eisigh a oifig inniu, d’iarradh seirbhísí ateangaireachta i gcúirteanna na tíre i 71 teanga anuraidh. “Ní raibh an Ghaeilge fiú i measc na chéad deich dteanga,” a dúirt Seán Ó Cuirreáin.
Dá mbeadh mioscais ionam, bheinn ag ceapadh go raibh an Choimisinéir Teanga ag iarraidh ar níos mó Gaeilgeoirí an dlí a bhriseadh níos minicí. Ach ní dócha gur shin atá i gceist aige.
Dar liom gur coir ann féin é bheith ag moladh do dhaoine níos mó airgid a chur amú – ná mar atá á chur amú go dtí seo – ar sheirbhísí trí Ghaeilge a éileamh nuair nach bhfuil siad ag iarraidh na seirbhisí trí Ghaeilge sa chéad dul síos.
Má tá airgead le caitheamh ar an nGaeilge, agus creidim go bhfuil sé riachtanach fiú san trath eigeandála seo, ba cheart go mbeadh airgead ann le h-aghaidh téacsleabhair is eile i nGaeilge.
Ar ndóigh tá’s agam go gcothóidh an chaint seo an ghnath aisfhreagra ón dream a chreideann – agus is dócha go bhfuil an cheart acu – má staontar ó airgead a chaitheamh ar chaipéisí a aistriú go Gaeilge nach mbeidh na h-acmhainní sin ar fáil le h-aghaidh fiontair fónta ar nós na téacsleabhair thuas luaite.
Gaelscoil Bharra V Aistriucháin?
Tá go leor tacaíocht léirithe ag Gaeilgeoirí éagsúla don cheangal atá ar chomhairlí chontae is údaráis phoiblí eile aistriúcháin a dhéanamh ar chaipéisí oifigiúla go Gaeilge, fiú is nach bhfuil na caipéisí céanna á cheannach ag na Gaeilgeoirí céanna. Gan amhras ní gá iad a cheannach nó tá siad ar fáil ar an idirlíon saor in aisce – ag an am chéanna, an bhfuil aon fhianaise go bhfuil siad á léamh ar chorr ar bith? Bíodh siad saor nó daor?
Mar a luaigh mé i dtrachtaireacht roimhe seo, tá áird á dhíriú ar an gceangal idir caiteachas ar aistriúcháin agus an easpa airgid atá ann le h-aghaidh, mar shampla, áiseanna do dhaoine aosta agus ar chumas laghdaithe a chur ar fáil doibh ina dtithe. Ar ndóigh, mar a dúirt mé roimhe freisin, is léir nach bhfuil easpa airgid sa tir nuair atá bonas €70,000 á dhíol le ceannasaí an FSS/HSE nó nuair atá airgead á chaitheamh ar aistriúcháin nach bhfuilimíd, pobal na Gaeilge, ag cur spéis iontu.
Fagann coimhlintí mar seo mise idir dhá thine Bealtaine. Ar láimh amháin nior mhaith liom bheith ag cur in éadan ceart teanga, sé sin go mbeadh ábhar ar fáil i nGaeilge – ach ar an láimh eile, nílim chun seasamh ar leataobh nuair atá acmhainní á shéanadh ar pháistí Gaelscoile agus iad fagtha i seomraí réamh dhéanta atá céasta ag franncaigh agus ag luchóga? An bhfagfá do pháistí féin?
Tá gá le cur chuige nua ar na ceisteanna seo ó ghluaiseacht na Gaeilge, i gcomhthéacs na h-aimsire nua, an oiread is go bhfuil gá le h-athchuairt a thabhairt ar Acht na dTeangacha Oifigiúla le cinntiú go bhfuil an reachtaíocht sin ar leas na Gaeilge agus ar leas phobal na Gaeilge agus ar leas phobal na tire anois agus sa todhchaí.
Mura gcreideann tú mé, tóg cúpla noimead chun féachaint ar seo. Agus má tá tú sásta go mbeadh páistí ag foghlaim i bhfoirgnimh mar seo, bhuel glacfaidh mé le sin. Mura bhfuil, dein rud éigean. Ceannaigh an cheirnín atá éisithe acu ar iTunes – Cá Bhfuil Mo Scoil?
Polataíocht an ionsaí dheiridh
Tá scéal san Irish Examiner inniu agus baineann sé leis an sean phort faoi airgead a bheith á chur amú ar an nGaeilge tre acmhainní bheith curtha amú ag aistriú caipéisí go Gaeilge nach mbionn á éileamh [á cheannach] ag pobal na Gaeilge.
An iarraidh seo is i gContae an Chláir atá an achrann seo. Tá comhairleoir de chuid an Chomhaontais Ghlais, Brian Meaney, ag tabhairt chun solais gur caitheadh €30,000 ar leagan Ghaeilge den phlean forbartha chontae a chur ar fáil. Is cosúil nach bhfuil aon dream tar éis an chaipéis a cheannach.
Tá comhbhá áirithe agam don Chomhairleoir Meaney. Is cinnte go bhfuil go leor airgid á chur amú ar chaipéisí oifigiúla – na leaganacha Ghaeilge agus na leaganacha Bhéarla.
Mar a deir sé féin:
“Spending this money on translating these plans, that no one reads, makes a mockery of the language. If the council is given a choice in the future of spending €10,000 on translating an annual report into Irish or providing €10,000 in grants in improving homes for the elderly or people with disabilities, I know which choice I would make.”
Ach an é sin an rogha atá á dhéanamh? Ní dealraíonn sé domsa go bhfuil easpa acmhainní ann. Ar an bpríomh leathnach céanna atá an scéal seo luaite san Irish Examiner inniu, tá scéal ann faoi Mary Harney ag séanadh aon fhreagracht as ucht an bónas €70,000 in aghaidh na bliana a díoladh leis an Ollamh Brendan Drumm, ceannasaí an Feidhmeannacht Seirbhísí Sláinte, trath go bhfuil an seirbhís sin i bpriacal de bharr easpa airgid! Anuas ar sin, níl aon easpa airgid ann chun pinsean brea ramhar a ioc le John O’Donoghue, an Ceann Comhairle ar eirigh as de bharr an raic faoi na costaisí taistil a shaothraigh sé le dhá bhliain anuas mar Cheann Chomhairle, isteach is amach le €250.000 ag freastal ar na Rasaí i Longchamps is eile.
Ach go tobann tá easpa airgid ann maidir leis an nGaeilge.
Tá rud éigean aisteach faoi sin.
Tá sé raite agam go minic roimhe nach fiú na h-aistriúcháin seo a dhéanamh a fhaid is nach bhfuil téacsleabhair ar chomhchéim leis na téacsleabhair Béarla ar fáil sna scoileanna do pháistí atá ag foghlaim Gaeilge agus trí Ghaeilge. Sin an feall is mó atá á dhéanamh ar an dteanga – mar mura dtuigeann páisti go bhfuil an leagan Ghaeilge chomh maith nó níos fearr ná an leagan Bhéarla agus iad ar scoil nó fiú ar an naíonra, ní bhacfaidh siad riamh le leagan Ghaeilge de chaipéis níos déanaí ina saol.
B’fhearr liom freisin go mbeadh an airgead á chaitheamh ar leabhair Ghaeilge, agus ar dhíolaíocht na leabhar sin, seachas é a bheith á chaitheamh go h-amaideach, dar liom, ar chaipéisí nach léifear i dteanga ar bith. Ach sin maorláthas an Stáit duit – tá dúil uafásach acu i ndubhach agus i bpáipéar agus is cuma leo sa tsioc faoin chostas mar ní iadsan atá ag ioc na mbillí. Ní iadsan atá ag ioc na mbillí…ach sinne!
Creidim féin go bhfuil talann na n-aistritheoirí á chur amú ar chaipéisí oifigiúla nuair a fhéadfaidís bheith ag cur rudaí i bhfad ní ba thairbhí ar fáil i nGaeilge, ábhar a bheadh éileamh ann do gan amhras.
Creidim go laidir mar sin go bhfuil sé fánach a bheith ag gabhail don siar agus aniar seo le leithéidí Brian Meaney le cur in iúl do go bhfuil slí níos fearr ann chun airgead an chomhairle a chaitheamh. Eirímíd, mar phobal, sáite i gcogadh nach mbainfimid mar tá na fórsaí atá inár gcoinnibh ró thréan agus ró ghlic. Tá sé in am athrú cur chuige bheith ann.
Mhothaigh mé go raibh athrú dearcaidh le sonrú sa bhealach a raibh Julian de Spainn ag plé leis an cheist inniu ar chlár Eamon Keane ar Newstalk – bhí sé ag rá nach é aistriú gach caipéis go Gaeilge an cloch is mó ar phaidrín an Chonartha. Dúirt sé go raibh an Chonradh ar shon,mar shampla, módhanna níos eifeachtúla chun an Ghaeilge a theagasc ionas go mbeadh níos mó daoine in ann í a usáid agus, amach anseo, go mbeadh níos mó daoine ag éileamh na caipéise conspóidí seo: ie http://www.clarecoco.ie/Planning/Docs/Irish_Version_County_Dev_Plan.pdf.
Roinnt blian ó shin, agus mé ag obair le Lá Nua, tógadh raic den tsort céanna i gContae Chorcaí mar gheall ar fhoilsiú phleananna áitiúla i nGaeilge agus gan éinne bheith á lorg. Ach ní h-é ná raibh daoine á lorg – ní rabhdar á gceannach. Cé a chuirfeadh an locht orainn nó chosain siad breis is €150 an coip? Agus bhí siad ar fáil saor ar an idirlíon. Mar atá plean an Chláír….anseo.
Ach tá lúb ar lár ag baint le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, an reachtaíocht faoinar dréachtaíodh na scéimeanna atá ag solathar an phaipearachais ar fad i nGaeilge dúinn. Cén fath nach féidir iachaill a chur ar an Roinn Oideachais, mar shampla, faoin reachtaíócht seo, cúram a dhéanamh de sholathar leabhair Ghaeilge do bhunscoileanna, Gaelscoileanna, Scoileanna Gaeltachta, Mean Scoileanna agus araile? Cairt na maorlathach atá ann agus is beag an tairbhe é don ghnath Ghaeilgeoir, nach léir go bhfuil aon leas á bhaint aige nó aici as.
Ach sin mise fillte ar mo shean phort in athuair.
Cad a dhéanfaimís feasta gan POBAL?
Cé go gcuirim a mhalairt in iúl ó am go chéile, tuigim go bhfuil gá agus riachtanas le reachtaíocht chun an Ghaeilge a chosaint. Is amhlaidh nach gcreidim go bhfuil an chosaint chuí á thabhairt ag Acht na dTeangacha Oifigiúla don teanga. Is cairt mhaorláthach atá ann seachas cáirt cosaint teanga.
Ag an am chéanna, caithfear dul i ngleic leis an maorláthas céanna agus an teanga a bhaineann siad úsáid as a úsáid chun cosaint cheart a fháil don Ghaeilge.
Sin é go díreach an obair barr riachtanach ar bun ag POBAL ó thuaidh. Bionn POBAL de shior ag stocaireacht, ag beartú, ag gníomhú agus ag plé le na h-udaráis ar mhaithe leis an Ghaeilge agus pobal a labhartha. Ní doigh liom go bhfuilim ag tabhairt masla d’aon ghrúpa teanga eile san oileán má dheirim nach bhfuil a sarú le fáil. Is é seo an obair leadránach, dúinne nach bhfuil ag gabhail do pé scéal é, fadalach, tuirsiúil, gan buiochas, atá á dhéanamh ag POBAL. Obair riachtanach atá i gceist agus obair nach bhfuil á dhéanamh ag aon pháirtí pholatúil agus atá ina acmhainn ag gach páirtí polatúil…..
Agus léirigh siad an barr feabhais atá ar a gcuid oibre nuair d’áitigh siad ar na Náisiúin Aontaithe tacú le seasamh POBAL go bhfuil Rialtas na Breataine ag cliseadh ar a ndualgaisí i leith na Gaeilge. Sin rud nár dhein Coiste Cearta Shoisialta, Eacnamaíochta agus Cultúrtha riamh roimhe, ráiteas a éisiúint ar cheist teanga mar seo.
An tseachtain seo chaite a d’éisigh na Náisiúin Aontaithe an daorbhreith seo ar mhí-iompar Rialtas na Breataine i leith na Gaeilge. Cé gur feidir go dtugtar neamairt ar an iompar seo, b’fhearr liomsa mí-iompar a thabhairt air. Aithníonn Rialtas na Breataine go bhfuil gá cosaint a thabhairt do Ghaeilge na hAlba in Alba agus don Bhreatnais sa Bhreatain Bheag – ach ar chúis éigean ní féidir leo na dualgaisí atá orthu maidir leis an Ghaeilge a aithint i dtuaisceart na hÉireann.
Bhí sé suntasach go raibh sé luaite sa ráiteas a d’éisigh na Náisiúin Aontaithe go raibh gá le cosaint reachtúil ar nós na reachtaíochta sna tíortha eile – ach anuas ar sin go raibh gá le cead an Ghaeilge a úsáid sna cúirteanna agus, freisin, go raibh sé riachtanach go mbeadh an Ghaeilge á chraoladh sna meáin chraolta.
Dar liomsa ní fiú morán reachtaíocht ar son na Gaeilge mura bhfuil cosaint á thabhairt don Ghaeilge sna meáin, sna meáin chraolta ach go h-áirithe. Tá sin soiléir ó dheas nó, mar atá léirithe agam ar an mblag seo anseo, tá sceannairt á dhéanamh ag RTÉ ar chláracha chúrsaí reatha i nGaeilge ar sceideal RnaG agus iad ag iarraidh ciorruithe a dhéanamh. Go deimhin is dócha go bhfuil cosaint ag an nGaeilge sa reachtaíocht faoinar bunaíodh RTÉ ach is beag ceann seachas béal craiféacht a thugann an Chraoltóir Náisiúnta do sin.
Tá reachtaíocht, bunaithe ar phroiseas chomhairliúcháin fadalach agus cuimsitheach, cumtha ag POBAL chun cosaint a thabhairt don Ghaeilge ó thuaidh. Reachtaíocht ceart bhunaithe atá ann – seachas scéim bhunaithe. Níl aon suim ag Feidhmeannas an Tuaiscirt rud ar bith a dhéanamh faoi – agus bí cinnte de seo, má chuireann siad reachtaíócht ar na leabhair lá i bhfad nios faide anonn, beidh an reachtaíocht sin bunaithe ar chur chuige gan chnamhdroma na reachtaíochta ó dheas sna 26 contae seachas ar reachtaíocht POBAL. Sin an chomhairle atá tugtha go minic ag an Aire Ó Cuív d’údaráis an Tuaiscirt nó tá sé ráite aige sa Dáil go gcungaíonn an reachtaíocht, Acht na dTeangacha OIfigiúla, na dualgais atá ar an stat ar aon nós, de réir na Bunreachta, maidir leis an nGaeilge.
Ní ró bhuioch atá na h-údaráis ar cheachtar taobh den teorainn as ucht an bharra maidir le cearta teanga a ardú. Agus sin an fath go mbionn an scatheagras i gcónaí faoi bhagairt ó mhaoinitheoirí ar nós Foras na Gaeilge, is dócha…
An cheist €6m+
De reir tuairisc sa Sunday Tribune inniu, caitheadh – nó cuireadh amú – breis is €6m ar chaipéisí rialtais a aistriú go Gaeilge le sé bliana anuas.
Ach i bhfirinne, tá an fhigiúir níos mó ná sin. Nó ní chuirtear san áireamh an tuairim is 90 eagras stát atá scéimeanna teanga aontaithe acu leis an Aire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe is Gaeltachta.
Tá a fhios agaibh nach bhfuil morán measa agam ar aistriúcháin agus go gcreidim gur tubaistí teanga iad Acht na dTeangacha Oifigiúla agus Stadas Oifigiúil na Gaeilge sa Chomhaontas Eorpach.
Cuirim an cheist anseo: an fearrde an teanga gur caitheadh na mílte Euro ar ráiteas straitéise na Roinne Ghnóthaí Eachtracha a aistriú go Gaeilge?
Dá mbeadh €6m le caitheamh agat, agus níl ansan ach an chodán is lú den chaiteachas seo, arbh fhearr leat dá mbeadh an t-airgead sin, €1m in aghaidh na bliana, ar aistriúcháin den tsort atá luaite agam thuas nó, mar shampla, ar nuachtán laethúil Ghaeilge – Lá Nua mar a bhí – nó fiontar teanga fiúntach eile?
Sin mo cheist _ agus mo fhreagra. An bhfuil moltaí nó freagraí agaibh?
Cad is fiú “cothromas” don Ghaeilge?

Sin mo cheist. Eascraíonn sé ón méid a tugadh dom mar fhreagra ar an méid seo a bhí scríte agam in alt roimhe seo:
Tubaistí don Ghaeilge iad an stadas oifigiúil agus Acht na dTeangacha Oifigiúla agus níl aon seasamh le raiteas an Rialtais i leith na Gaeilge thar mar a bheadh ag eisiúint oifigiúil aer the ar bith!
Ar ndóigh, sara dtáinig Acht na dTeangacha Oifigiúla ar an bhfód, bhí an Ghaeilge chun tosaigh ar an mBéarla, de réir na Bunreachta. Reachtaíodh an reachtaíocht sin i 2003 agus, mar thoradh ar sin, cuireadh laincis ar an nGaeilge. Anois ní raibh sé chun tosaigh ar an mBéarla, bhí sé ‘cothrom’. Anuas ar sin tá ar gach eagraíocht stát scéim a aontú leis an Aire chun na dualgaisí atá ar an eagraíocht sin a leagadh síos. Ag an gcomhaireamh dheireannach bhí thart ar 90 scéim daingnithe.
Ach cad is fiú scéim daingnithe? Má fhéachann tú ar an liosta feicfidh tú, mar shampla, go bhfuil an Roinn Oideachais is Eolaíochta ann. Chuir comhleacaí glaoch ar an Roinn seo in Atha Luain ar na mallaibh ag lorg duine áirithe san oifig ansin. Bhí ainm an duine seo ag mo chomhleacaí i nGaeilge nó b’shin an ainm a bhí ar litir a seoladh chuig an chomhleacaí. Nuair a tugadh an ainm seo don bhfeidhmeannach a fhreagair an fón, ní raibh a fhios in aon chorr ag an duine sin cé a bhí i gceist. Go deimhin léiríodh mí chuirtéis do mo chomhleacaí as ucht an trioblóíd a chuir ar ionadaí na Roinne bheith ag plé le h-ainm Ghaeilge mar seo. Sa deireadh chuir mo chomhleacaí an fón síos agus fuarthas uimhir díreach don duine a bhí á lorg ó chomhleacaí eile agus cuireadh an glaoch agus deineadh an gnó, i nGaeilge.
Má tá an Roinn Oideachais sásta duine nach bhfuil tuiscint acu ar an nGaeilge agus atá dúr le cois a chur ag freagairt an fón i bpríomh oifig de chuid na Roinne, cad a deir seo mar gheall ar fhiúntas na ’scéime’?
Níl ansan ach sampla amháin. Thógfainn ceist freisin faoin fhiúntas atá leis an scéim i bhfianaise an chosaint atá an Roinn go fóíll ag déanamh ar an meamram ag cur cosc ar thumoideachas. Agus cad faoi cothromas a bheith ann ó thaobh téacsleabhair Ghaeilge is téacsleabhair Bhéarla? An bhfuil sin ann – níl ná baol air.
Ní miste liom stadas oifigiúil a bheith ag an nGaeilge san Aontas Eoraip chomh fada augs go gciallaíonn sin rud éigean i bhfírinne do chainteoirí Ghaeilge in Éirinn agus, go deimhin, san Eoraip.
Ar éigean go n-éistim leis an méid a bhíonn le rá acu i mBéarla nó i dteanga eile ar bith i bPairlimint na hEorpa. Tuigim go mbeadh corr Fheisire ag labhairt i nGaeilge anois is arís, leitheidí Seán Ó Neachtain agus Bairbre de Brún, ach ní fheictear dom go bhfuil aon meachan leis an meid a deir siad. Mar sin de, cad is fiú é?
Maidir leis an stuif eile go léir atá ar fáil i nGaeilge ón Aontas Eorpach – an bhfuil pobal na Gaeilge níos fearr as dá bharr? Suíomhanna idirlíne ar nós an ceann seo – má bhrúann tú ar nasc ar bith, abraimís an ceann a deirtear gur féidir lán léargas ar an AE a fháíl ann, ní bhfaighidh tú ach leathanach Béarla ar son do thrioblóíd.
Arís eile, fiú dá mbeadh an leathnach seo i nGaeilge, cad is fiú é? Níl ann ach leathnach i measc na milliún leathnach eile atá ar fáíl ar shuíomh an Aontais. An bhfuil tabhacht aige seo i do shaol – beag an baol ach gur tusa a d’aistrigh é.
Dá mbeadh an t-airgead a chaitear ar an aistriuchán in aisce seo le caitheamh ar chuidiú phraicticiúil do chainteoirí Ghaeilge – mar shampla tacaíocht d’ionaid teanga ar nós Cultúrlann McAdam Ó Fiaich ar fuaid na hÉireann agus, ná dearúdaimís, corr cheann san Eoraip in áíteanna ar nós an Loibhéin sa Bheilg nó Lubin sa Pholainn, nach mbeadh leas nios fearr as sin? Nó cabhair le h-aghaidh staisiún raidió craoladh sa teanga ársa Eorpach seo, an Ghaeilge?
Tá airgead na Gaeilge á ligean le sruth mar gheall ar an ró bhéim ar aistriúcháin agus gan a dhothain béime ar chabhair phraicticiúil do chainteoirí agus úsáideoirí na teanga.
Sin é mo bharúil. Cad é bhúr dtuairim?
Mar eolas don t-é a dúirt go mbeadh leitheidí TG4 thíos le h-aisghairm Acht na dTeangacha Oifigiúla, ní miste liom an méid seo a rá. Níl mír ar bith san Acht a deir tada faoi TG4. Bhí TG4 ar an bhfód sara dtáinig Acht na dTeangacha Oifigiúla chun tosaigh mar smaoineamh. Bhíos ar an dream a bhí ag agóidíocht ar son TG4, trath go raibh ciall ag baint le feachtais na Gaeilge.
-
Archives
- November 2009 (24)
- October 2009 (11)
- September 2009 (22)
- Lúnasa 2009 (16)
- July 2009 (40)
- June 2009 (68)
- May 2009 (51)
- Aibreán 2009 (51)
- Márta 2009 (44)
- February 2009 (50)
- January 2009 (43)
- Nollaig 2008 (28)
-
Categories
-
RSS
Entries RSS
Comments RSS

