iGaeilge

- neamhspleach, laethúil, i nGaeilge

Blag nua seolta - iMúscraí

Ar dtúis, bhí iGaeilge.  Anois seo chughaibh iMúscraí, blag faoi Ghaeltacht Mhuscraí atá seolta agam inniu chun tuairisciú ar an saol agus ar an chultúr idir an Sulán, an Ghaorthadh agus an Laoi. 

Tugaigí chuairt air.  Beidh fáílte romhaibh.  De réir a cheile a thogfar an caislean.

9 07, 2008 Posted by igaeilge | Uncategorized | | No Comments

Tá seo chun a bheith pianmhar….

Sin an teachtaireacht atá le léamh ón dheataigh atá ag eirí os cionn tithe an Rialtais ar maidin.   I gceann tamaillín, thart ar 3.15in inniu, beidh preas ocáid ann ag a fhógróidh an Taoiseach agus iar Aire Airgeadais, Brian O Cómhain, agus an tAire Airgeadais, Brian O Luineacháin, na giorruithe atá le déanamh. 

Tabharfar ‘coigiltis’ air nó cumfar focal nua chun é a mhíniú ach sin a bheidh ann.  Agus cé a fhulaingeoidh? 

Na h-othair?  Na daltaí? Is dócha é. 

Na h-airí rialtais, na stat seirbhísigh sinsearacha? Ar eigean é!

Agus cá bhfagfaidh seo an plean chun an Ghaeltacht a tharrtháíl nó an plean 20 bliain don Ghaeilge? 

I lár srutháin an chaca gan céasla, creidim!

8 07, 2008 Posted by igaeilge | Uncategorized | | 1 Comment

Nós* úr amuigh - agus leagan clóite le teacht

 

Angelina Jolie - cailÃn chlúdaigh an eagráin is déanaà de nós*

Angelina Jolie - cailín chlúdaigh an eagráin is déanaí de nós*

Is cosúil go bhfuil sé i gceist nós* a eisiúint mar iris chlóite.   Beart cróga é seo ach nílim cinnte an beart ciallmhar é. 

Iris den scoth é nós* gan aon amhras.  Léiríonn sé dánacht agus iltallann glúin óg na Gaeilge.  Tá sasamh ann le h-aghaidh gach mian - sea, a Chailín sa Chathair, táim ag caint ort! - agus  is léir dom go mbeadh sé ina mhaisiú ar aon seastán irisí i nuachtánaí ar bith. 

Ag an am chéanna, nuair atá tú ag clóbhuaileadh iris, tá costas ort an cló a dhéanamh agus ní mór duit líon mór cóipeanna a fhoilsiú chun teacht ar an rud ar a dtugtar ‘eacnamaíocht an scála’.   Anuas ar sin, bionn ort an iris a dháileadh.   Bionn costas ar sin freisin, mura bhfuil tú chun é a dháileadh trí ghréasán oibrithe deonacha agus ní mhairfidh sin go brách. 

Mar sin, creidim gur fearr i bhfad a bheidh nós*, atá ag fás leis, má fhanann sé ar an idirlíon agus acmhainní a threorú i dtreo suíomh iomlán idirlíne a fhorbairt agus fógraíocht a dhíol mar sin. 

Ach fiú mura nglactar leis an comhairle seo - an ciall a cheannaigh mé go daor - glacfaidh mé sintiús agus fáilte le nós*.  Is brea liom é.  Is é an t-aon foilseachán Ghaeilge ar fiú é a fháil ar sintiús.

7 07, 2008 Posted by igaeilge | Uncategorized | | 7 Comments

Smaoineamh nár tháinig roimh a am

Is cosúil gur tugadh cluas don mhéid a bhí á rá agam le fada - de reir phríomh scéal Foinse ag an deireadh seachtaine, tá plé phaipéar ullmhuithe ag an Aire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta le h-aghaidh an Choiste Oireachtais dá Roinn ar na dréacht rialacháin faoi fhograíocht phoiblí. 

Ar na moltaí sa phlé phaipéar sin tá moladh ann go dtabharfaí cead don roinn fógraíocht i nGaeilge amháin a chur sna meáin Ghaeilge.  

Má chiallaíonn sin nach mbeidh, mar a bhí Dé hAoine seo chaite, fograí ollmhóra, Béarla agus Gaeilge, ar Leathnach 3 den Irish Times le h-aghaidh cúntais diomhaoine ag an Roinn Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, lá maith a bheidh ann don stat chiste agus don Ghaeilge.   [Ní foláír ach gur chosain an fógra sin san Irish Times Dé hAoine €20,000 - má tá bealach ag teastáil ón Aire chun airgead na gcúntas diomhaoine a chaitheamh, is féidir a rá go bhfuil sé aimsithe aige!]

De réir Foinse, deir an plé phaipéar seo go bhfuil isteach is €5m in aghaidh na bliana á chaitheamh ag na ranna stait ar fhógraí phoiblí sna meáín.  Tá tuairim is luach €4m ar fhograí i mBéarla amháin sna meáín Bhéarla, tuairim is €600,000 ar fhógraí dhá theangacha sna meáin Bhéarla agus isteach is amach le €400,000 ar fhógraí Ghaeilge amháin.  Níl sé soiléir cá bhfuil an t-airgead seo á chaitheamh - sna meáín Bhéarla amháin nó sna meáin Béarla agus Gaeilge. 

Díreach mar eolas - faigheann Lá agus Foinse deontas bliantúil ó Fhoras na Gaeilge nach mó ná €600,000 san iomlán.

7 07, 2008 Posted by igaeilge | Uncategorized | | No Comments

Corcaigh abú - aiseirí i bPáirc Uí Chaoimh

Caithréim na gCeannairceach - Michael Cussen agus Pearse O Neill

Caithréim na gCeannairceach - Michael Cussen agus Pearse O Neill

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Léirigh Corcaigh spioraid dúchasach Chontae na Ceannairce lena dtaispeantas croiúil sa dara leath ar bhruacha na Laoi inniu. 

Bhíodar ocht gcuilín ar chúl, gan ach trí phointe acu ar chlár na scóranna ag leath am, bhí an aimsir ina dhíle, bhí Ciarraí in ard a réime agus ag sodar.  

Agus go tobann, d’athraigh gach rud.  Michael Cussen an fear ionad an príomh thionscnóir sa réabhlóid seo ach ba léir freisin go raibh an spiorad dúchasach Chorcaíoch aimsithe arís ag foireann ná raibh cuma nó caoi orthu sa chéad leath. 

Croí Chorcaí - is deacair é sin a sharú.  D’imigh fir groí lar páirce Chiarraí as radharc - ach is docha go bhféadfaí rá gur deineadh éagóir ar Dharragh  O Sé nuair a bronnadh an dara carta buí air as sonc gan mhailís sa dhroim a thabhairt do Ger Spillane.   Roimhe ar an dtaobh líne bhí Marc O Sé a fuair a charta dearg as ucht gualainn nó uilin a thabhairt do Chorcaíoch eile san aghaidh.  Deacair a rá an raibh sin mailíseach - ach is cinnte go raibh sé pianmhar.  

Ba chuma ann nó as mhuintir Uí Shé - ní raibh aon freagra ag Ciarraí ar an gcroí a léirigh Corcaigh nó an scil is an neart.  Bua chúig phointe a bhí ag Corcaigh sa deireadh.     

Duine mise a chonaic an tóin ag titim as Corcaigh go ró mhinic roimhe.  Anuraidh i bPáirc an Chrócaigh mar shampla - agus an bliain roimhe le cois!

Ní raibh mé cois Laoi an uair seo - cúramaí teaghlaigh agus beidh mé i gCorcaigh anocht ag tabhairt cuairte ar m’athair, atá ag feabhsú leis agus cuirfidh an bua seo leis an bhfeabhsú táim cinnte. 

Ach tá súil agam bheith i bPáirc an Chrócaigh nuair a bheidh Corcaigh sa cluiche ceathrú ceannais i gceann sé seachtain.   Agus i bPáirc Uí Chrócaigh arís ina dhiaidh sin, le cúnamh Dé.

Maith sibh Corcaigh.  Tá sibh tar éis an Samhradh a ghealú in ainneoin na doinine.   Tá sibh sa reicneáíl arís agus ní gá dibh bheith imníoch faoi Chiarraí - bí airdealach ina dtaobh ach ná léirigh an iomarca measa doibh.  Tá sibh níos fearr ná iad….

6 07, 2008 Posted by igaeilge | Uncategorized | | 2 Comments

Seo libh, canaíg Amhrán na bhFiann….

 

An Ghearmáin ag ceiliúradh ag Euro 2008 - leagan EA!

An Ghearmáin ag ceiliúradh ag Euro 2008 - leagan EA!

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Is fada an lá ó bhíodh mé ag imirt cluichí riomhaireachta - leitheidí Playstation is eile. [Gan amhras ní raibh an Playstation ann le mo linn!] 

Ach tá cúis agam anois an leagan is deanaí de Euro 2008, an leagan leictreonach den cluiche sacair, a cheannach. 

Nó de reir na scéala seo tá Amhrán na bhFiann á chanadh ag Foireann Thuaisceart Eireann agus iad ag imirt cluichí idirnáisiúnta fiorúla. 

Sa tuairisc, áfach, tugtar leid ar an dtodhchaí nuair a deirtear gurb é Amhrán na bhFiann an amhrán náisiún ag foireann idirnáisiúnta Éire Aontaithe.

Ní go fóill.   Ní go fóill.

[Ar ndóigh níor cheart dom gan a lua go bhfuair mé an t-eolas seo ag slugger anseo.]

5 07, 2008 Posted by igaeilge | Uncategorized | | 1 Comment

Cúntais an Fhorais faoin spotsholas

Faoi dheireadh thiar, is cosúil go bhfuil Ard Reachtaire na gCúntas tar éis an spotsholas a dhiriú ar Fhoras na Gaeilge agus an Bord Ultaise as ucht teip na hinstitiúide tras teorainn sin cúntais a fhoilsiú ó bhí 2003 ann.  

Go deimhin féin, tá sé ráite ag an Ard Reachtaire i dtuairisc a d’eisigh sé an tseachtain seo chaite go bhfuil ceisteanna faoin airgead a chaith an Fhoras siar chomh fada le 2000 nach bhfuil réitithe go fóíll. 

Agus deir an Ard Reachtaire, John Purcell, freisin gurb é an Fhoras Teanga an t-aon fhoras tras teorainn atá chomh fada sin ar chúl lena gcúntais.  Tá gach aon fhoras tras teorainn eile tar éis cúntais a chur ar fáil suas go deireadh 2006.  

Sa chúntas a d’eisigh an Ard Reachtaire, dúirt sé an méid seo faoi chúntais an Fhorais i 2000. 

A draft of the annual financial statements for the Irish Language Body for the period ended 31 December 2000 was only presented for audit in October 2002. The account was the subject of subsequent adjustments and a final version suitable for consolidation into the account of the North/South Language Body only emerged in mid-2004. 

Ghlac sé ceithre bliana orthu na cúntais sin a chur i láthair!   Tá sé níos dóchasaí faoi na cúntais le h-aghaidh 2004-6. 

The accounts of the Irish Agency and the Ulster-Scots Agency have to be consolidated for final audit and certification. The audit of the consolidated accounts for 2004 has been completed but the audit certificate cannot be issued until accounts approved by the board of the North/South Language Body are sent to the C&AGs. Substantial audit work has been completed on the 2005 and 2006 accounts of the Irish Language Agency and the Ulster-Scots Agency. However, the accounts of the Irish Language Agency need further adjustment before they are ready for consolidation. 

Tá cosaint déanta ag an bhForas ar a seasamh san eagrán is déanaí de Lá Nua - nach bhfuil an t-adh ar an bhForas go bhfuil siad fós ag maoiniú an nuachtáin sin nó ní bheadh a leitheid d’ardán acu chun a leithscéalta a chur i láthair an phobail.  Cad a dhéanfaidh an Fhoras má ghlanann siad Lá Nua ón margadh ag deireadh na bliana?

An rud ar cheart tarlú anois go mbeadh ar feidhmeannaigh an Fhorais - agus na h-iar Cathaoirligh - teacht os comhair cruinnithe de Choiste na gCúntas Poiblí san Oireachtas agus ceisteanna an phobail a fhreagairt faoina staid airgeadais.  Agus mura dtugtar freagra sásúil, bhuel ba cheart an cheist a chuir faoi bhráid na h-údaráis i bhfoirm dlithiúil.

4 07, 2008 Posted by igaeilge | Uncategorized | | No Comments

Déanta in Ã‰irinn

 

Colm Meaney sa scannán Kings agus Br�d N� Neachtain sa scannán Cré na Cille

Colm Meaney sa scannán Kings agus Bríd Ní Neachtain sa scannán Cré na Cille

Tá An Post ar tí éisiúint nua stampaí a fhógairt - agus an uair seo beidh An Ghaeilge i lár an aonaigh, an rud is annamh is íontach. 

Tá ceithre scannán a deineadh in Éirinn le cúpla bliain anuas agus a thuill cáil ar leith luaite.  Is iad sin The Wind That Shakes the Barley, faoi stiur Ken Loach agus a deineadh cuid de i nGaeltacht Mhúscraí, Garage, Kings agus Cré na Cille. 

Éiseofar na stampaí nua seo Dé Máirt, 8 Iúil.   Bígí cinnte is go mbeidh sibh ag seoladh litreacha an lá sin!

4 07, 2008 Posted by igaeilge | Uncategorized | | No Comments

Ré na gCriosanna Cúnga

Seo téama a phléamar roimhe anseo.   Tá an Tíogar Cheilteach buailte leis agus tá deireadh le laethannta an rathúnais.   Táimíd anois i ré eile, ré na gcriosanna cúnga.    Beidh orainn bheith cliste agus stuama. 

Cé h-iad sinn?  Sinne an dream a bhionn ag cur na Gaeilge chun cinn an oiread agus is féidir. 

Le blianta beaga anuas, tá go leor bainte amach againn.   Bunú TG4, Acht Teanga, Stadas don Ghaeilge san Aontas Eorpach.   Gan trácht ar na Gaelscoileanna atá bunaithe fud fad na tíre ag tuismitheoirí a bhí ag iarraidh oideachas níos fearr dá bpáistí. 

Ach - agus is ACH mór é - an bhfuilimíd tagtha go pointe go gcaithfimíd anois ár gcuid éilimh agus feachtais a chur in oiriúint don aimsir?    

Tá feachtas tosnaithe ag Darren Prior, mar shampla, ag lorg cothromaíocht don Ghaeilge is don Bhéarla ar chomharthaí bóithre.   Tá litreacha seolta aige chuig na nuachtáin agus tá siad foilsithe in eagráin den Irish Daily Mail agus an Evening Herald.   Os rud é nach n-athrófar na gcomharthaí bóithre go ceann i bhfad, b’fheidir deich nó fiche bliain, ar éigean go bhféadfaí rá go bhfuil gá práinneach leis an bhfeachtas.  Ach ní miste é bheith ar an gclár oibre, is dócha, agus an Rialtas, is dócha, i mbun proisis chun straitéis 20 bliain a chumadh don Ghaeilge roimh dheireadh 2008. 

B’fhearr liomsa feachtais níos praicticiúla.  Mar shampla bheinn ar shon feachtas le go mbeadh ceadúnas buan náisiúnta ag Ráidio Rí Rá, an staisiún raidio don aos óg atá bunaithe ag Conradh na Gaeilge.  Tá sé ar an idirlíon faoi láthair ach creidim gur cheart go mbeadh minicíocht FM ar fáíl do.  Ní bheadh aon chostas le seo - agus go deimhin, leis an mbainistíocht ceart, d’fhéadfadh sé bheith ina fhoinse ioncaim don Chonradh a d’fhagadh go mbeadh an eagras sin neamhspleach ar an Rialtas. 

Mar an gcéanna, tá feachtas aon fhir ar bun agam le tabhairt ar an Rialtas brú a chur ar RTÉ agus ar CLG trachtaireacht beo beathach i nGaeilge ar na cluichí móra CLG a chur ar fáil.  Seirbhís breise é seo - agus ní thuigim cén fath nach feidir é a dhéanamh agus córais idirlíne is eile ann faoi láthair a éascódh a leitheid. 

Má tá ón Aire  líon na n-eagras Ghaeilge a laghdú, ba cheart do a léiriú go bhfuil bealach eile níos éifeachtaí ann chun an teanga a chur chun cinn.  Ach níl sin ag titim amach.   

Go deimhin is mí eifeacht is mó a luaitear leis an straitéis atá ag an Rialtas maidir leis an nGaeilge.  Ní gá ach féachaint ar Fhoras na Gaeilge le sin a ríomh.  Ach féach freisin ar an airgead a chuireann gach roinn rialtais amú gach bliain ar fhógraí móra Gaeilge i nuachtáin Bhéarla, le h-ais na fógraí Béarla, nuair a fhéadfaí na milliún Euro a shabháíl ach na leaganacha Ghaeilge de na fógraí a chuir sna nuachtáin Ghaeilge. 

Tá na moltaí seo luaite agam roimhe seo.  Ní h-aon diobháil iad a lua arís agus arís eile.  Tá gá le smaointe úra ar an streachailt teanga, smaointe atá ciall agus brí leo don aois seo agus don ré seo, ré na gcriosanna cúnga……

 

3 07, 2008 Posted by igaeilge | Uncategorized | | 11 Comments

In éide na Breataine agus in éadan na Breataine

Tá blathfhleasc Ard Mhéara Bhéal Feirste, Tom Hartley, fagtha ina h-aonar anseo ag an Ceineotaf sa chathair sin

Go traidisiúnta ag an am seo den bhliain deintear comóradh ar na saighdiúiri a maraíodh sa slad sin ar tharla i 1916 ar bhruacha An Somme sa Fhrainc.   Maraíodh na céadta míle saighdiúirí ó achan taobh, ina measc na mílte Éireannach, idir náisiúnaigh agus aondachtaithe. 

Go traidisiúnta freisin bionn caismirtí ó thuaidh faoin gcomóradh seo.  Riamh anall ní raibh naisiúnaithe sásta omós a thabhairt doibh san ar cailleadh sa chath sin, nó i gcathanna eile inar throid Éireannaigh go cróga in Arm na Breataine (agus i bhfórsaí thíortha eile) sna cogaí domhanda éagsúla.   De brí gur tharla Cath an Somme an bhliain céanna ar thárla an Eirí Amach a chuir na Briotanaigh faoi chois go brúidiúil, tá teannas ar leith ag baint leis. 

Ar ndóigh níor chuidigh Aondachtaithe leis an leamhshainn seo a réiteach.  Le h-imeacht na mblianta cheangail siad mairbh An Somme le dreamanna ar nós an UDR agus an RUC agus uile sa chiall is gurb ionann omós a thabhairt do mairbh an Somme agus mairbh gach dream eile a chaith éide na Breataine, fiú na Black and Tans is dócha. 

Ní nach íonadh mar sin nár thacaigh Éireannaigh lena leitheid sin de chomóradh.  Is fearr i bhfad an comóradh bliantúil a deintear ag an Oisbidéal Ríoga i gCill Mhaighneáin nuair a thugtar omós do na mairbh ar fad a throid ar son na hÉireann, bíodh sé in éide na Breataine nó in éadan na Breataine. 

Bhí clampar faoi seo i 2002 trath go raibh Alex Maskey ó Shinn Féin ina Ard Mhéara ar Bhéal Feirste.  An bhliain sin leag an Méara Maskey blathfhleasc labhrais ag an Ceineotaf i mBéal Feirste.  Bhí na hAondachtaithe ar buile mar gur dhearna sé seo go luath ar maidin, roimh a gcomóradh siúd, agus, le cois sin, nach blathfhleasc poipíní a bhí ann. 

Ard Mhéara Bhéal Feirste, Tom Hartley, ag leagadh blath fhleasc ar son na saighdiúir� ón dhá thraidisiún a mara�odh ag an Somme i 1916Tharla an rud céanna arís inné agus Tom Hartley, ball eile Shinn Féin, ina Ard Mhéara.  Is fear speisiúil é Tom Hartley atá gean faoi leith agam do.  Bhí sé i láthair ag Comóradh an Leigiúin Bhriotanaí in Éirinn, ag Islandbridge, roinnt blianta ó shin, trath ná raibh aon rath ar a leitheid de thinreamh do phoblachtánaigh mar é.  Ghlac sé páirt i gclár teilifíse in éineacht le David Ervine, ar dheis Dé go raibh sé, roinnt blian ó shin faoin Somme, nuair a thug an dhá pholaiteoir ón dhá thaobh cuairt ar láthair an áir. 

Tá díospóireacht faoi lán seol faoi seo ar shuíomh  Slugger - agus is fiú strac fhéachaint a thabhairt do ar mhaithe le léargas a fháil ar an gcaidreamh idir phairtí ó thuaidh.   

Anseo tá scata griangrafanna ón BBC ar an ocáid comórtha - níl ann ach an pictiúr amháin thuas a thaispeanann an bhlathfhleasc labhrais.  Ach níl aon tagairt do chomóradh an Ard Mhéara Hartley. Léirionn na griangrafanna eile cén fath nach mbeadh naisiúnach páirteach sa chomóradh oifigiúil go fóill. 

Dímheas do na mairbh é, dar liomsa, an chomóradh a dheineann na hAondachtaithe nó léiríonn a ngeaitsíocht pholatúil go bhfuil rud eigean eile ar aigne acu seachas a ndíl chuimhne orthu a chur in iúl. 

 

 

2 07, 2008 Posted by igaeilge | Uncategorized | | 11 Comments