Suíomh ‘dhá theangach an Daingin’ – ach gan scéal i nGaeilge go fóill
Suíomh snásta é an suíomh Dingle News a sheoladh le déanaí agus é mar aidhm aige nuacht leithnis Chorca Dhuibhne a thuairisciú go beo beathach ar líne. Tá acmhainn ann le h-aghaidh scéalta Ghaeilge a thuairisciú – ach níl scéal ar bith ann go fóíll.
Nach aisteach an tuiscint é sin ar dhá theangachas!
Mar sin féin is cur chuige inmholta é do phobail Gaeltachta agus Gaelacha na tíre tabhairt faoi suíomh mar seo dá gcuid féin. Tá sé déanta roimhe seo ag Baile Atha’n Rí is bailte eile.
Maorláthas thuas le díothú Lá Nua
Is minic dom a chloisint ó oibrithe – gabh mo phardún – fostaithe Fhoras na Gaeilge go bhfuil siad ag iompar ualach uafásach oibre agus is cuimhin liom go h-áirithe gurb é seo an phort a bhí á cheol go h-uaigneach ag príomh fheidhmeannach an Fhorais, Ferdie Mac an Fhailigh, nuair a rinne sé agallamh liom nuair a ceapadh é i Samhradh 2006.
Anois is léir go bhfuil cead tugtha le h-aghaidh tuilleadh oibrithe a fhostú – ach is aisteach ar fad iad na fostaithe atá á lorg de réir an fhógra [tá an fhógra ar leathnach 7 den nuachtán] seo i Lá Nua. Is cosúil, mar shampla, go bhfuil fáilteoir ag teastáil ón gCeannaras, duine eigean le suí ar chúl an bhínse beag suarach atá laistigh den phríomh dhoras ag 7 Cearnóg Mhuirfean. Mo léan lom. Is dona liom a dtrioblóid. Agus i mBéal Feirste, tá tuarastal idir £30,000 agus £38,000 chun bheith ina ‘oifigeach aistriúcháin’. Nach dtuigeann an Fhoras go bhfuil Béal Feirste ag cur thar maos le comhlachtaí aistriúcháin agus aistritheoirí – an é go bhfuil an Fhoras ag iarraidh dul in iomaíocht leo ag solathar téacsanna aistrithe don Stat Seirbhís, téacsanna nach léitear i mBéarla gan bacadh le Gaeilge?
Is lú an tuarastal atá ar thairiscint don Oifigeach óige a fhostófar i mBéal Feirste – tuarastal £30,000 ar an uasmhéid atá á thairiscint don t-é ar a dtitfidh an cúram seo. Tugann sin leid mhaith duit ar an ord tosaíochtaí ag Foras na Gaeilge, gur mó luach a chuireann siad ar dhuine a dhéanfaidh aistriú ar théacsanna do leite is neamh léite ná mar a thugann siad do spreagadh na teanga i measc aos óige na tíre! Agus cuireann sin i gcuimhne dhom gurb é an sprioc a chuir Ferdie Mac an Fhailigh roimhe – agus mise ag caint leis – go mbeadh óg chlub Ghaeilge i ngach baile in Éirinn. Níl a fhios agam an é seo an chéad chéim. Guím rath ar an t-é a cheapfar ach samhlaitear dom go mbeidh an obair roimhe dheacair…
An post is aistí acu ar fad, an tearmeolaí atá le fostú ar chonradh sealadach bliana ag oifig an Fhorais ar Shráid Fhreidiric Thuaidh. Níl an post chomh h-aisteach is atá an raon tuarastail atá ar thairiscint – idir €27,000 agus €53,000 in aghaidh na bliana a bheidh ar fáil don t-é a cheapfar. Cén fath an difir ollmhór seo? Tá an suim is mó dhá oiread chomh mór nach mór leis an pointe is lú ar an raon. Ritheann sé liom go bhfuil sé seo aisteach – ach b’fheidir go bhfuil duine eigean amuigh ansan atá níos mó eolais acu ná mise agus go roinnfidh siad an t-eolas liom. Ní fheadar, mar shampla, an mbeidh cúram ar ár gcára an dtéarmeolaí cinsireacht a dhéanamh ar irisí Ghaeilge ar eagla mhasla a bheith á fhoilsiú ann in éadan mór institiúid na Gaeilge is polaiteoirí gaolmhara – nior mhaith leat an obair shalach sin a fhágáil ag na daoine deasa ar bhórd stiurthóirí irise….
Anuas ar sin tá oifigeach cléireachais agus rúnaí príobháideach a bheidh á fhostú ag an gCeannaras agus ag an oifig i mBéal Feirste faoi sheach. San iomlán d’fhéadfadh costas €202,000 a bheith ar an rabharta fostaíochta seo ar fad, rabharta atá ag titim amach agus cosc daingean ar earcú i réim san earnáil phoiblí.
Nach maith atá an t-airgead – tuairim is €250,000 – a baineadh den earnáil nuachtáin Ghaeilge á chaitheamh ag an bhForas! Bhuel, os rud é ná bhfuair siad an t-airgead breise sa bhuiséad, ná raibh orthu an t-airgead a fháil in áit eigean.
Tá mé ar mo shuaimhneas anois agus mé ag tuiscint go bhfuil an Ghaeilge slán sábhailte i lámha na gcúramaithe cúramacha ag Foras na Gaeilge! An maorláthas abú! Síos le nuachtáin Ghaeilge agus rudaí eile costasacha agus gan tairbhe! Murar féidir leat iad a chloí, liostáil leo! Léimimís isteach i shruth na meala!
An óige agus an Sean Nós
Máireann an sean nós i measc an óige, go h-áirithe anseo i Múscraí. Bhuaigh Aoife Ní Mheachair Chorn Joe EInniú ag an Oireachtas, corn a bhronntar ar an amhránaí sean nóis is fearr faoi aois 15. Bainigí sult as a leagan de Trucaill Pheigí Bhreatha….. Is é seo an cineál rud a chuireann in iúl go neamhbhalbh, go binn, cén fath ar fiú an Ghaeilge…..
Tá tuilleadh den chineál seo le fáil ar iMúscraí….
Ní féidir fráma a chur ar an idirlíon
Bua amháin atá ag nuachtáin thar an idirlíon gur féidir leat an nuachtán a choimead agus fráma a chuir air. Ba shin a rinne go leor i Meirceá Dé Chéadaoin mar gheall ar bhua stairiúil Barack Obama san olltoghchán. Dá mbeadh fonn ort cóip den New York Times a cheannach, bheadh ort $249.99 a thabhairt air ar E-Bay.
Níl a fhios agam an bhfuil aon sean choipeanna de Lá/Lá Nua ag luí thart agus cén luach a bheadh orthu i gceann cúpla bliain?
Ní neart go cur le chéile…
Creid nó creid é, is é sin an mána atá tatúáilte ar chraiceann imreoirí Rugbaí Sraithe na hÉireann – nó an ‘Blarney Army’ mar atá á bhaisteadh orthu – agus iad ag iompar an bhrait ar son na tíre seo i gCorn an Domhain san Astráil.
D’eirigh le na Cúanna Faoile bascadh a thabhairt do Shamóa inné – rud a chiallaíonn go mbeidh siad sa bhabhta leath cheannais den chomórtas Dé Domhnaigh in éadan na hAstráile.
Tá gach ball den bhfoireann agus cuid den fhoireann oiliúna tar éis an tatú seo a mhaisiú ar a gcraiceann mar rosc catha agus, freisin, mar ghníomh ‘le cheileachas’, thug duine de na h-oiliúnaithe le fios ar Newstalk aréir.
Is mór an gaisce é sin agus molaim go mór é. Nior mhaith liom é a fháil ar mo chraiceann féin, áfach. Ach dá mbeadh sé acu ar a léine… agus dá mbeadh an léine mór a dhothain….is cinnte go gcaithfinn é!
B’fheidir nach bhfaigheadh TG4 an athghlaoch….
An oiread cainte is a bhí déanta roimh ré faoi Chorn Uí Riada bheith á chraoladh beo den chéad uair – nó, ar a laghad, cuid de phríomh chomórtas an Oireachtais bheith á thaispeáint ar an dteilifís – bhíos den tuairim go mbeadh TG4 ar barr a maitheasa don ocáid is mó sa saol Ghaelach.
Is dona liom a thuairisciú go raibh lochtanna suntasacha ar chraoladh beo TG4 ar Chorn Uí Riada. Agus ní fios cad is cúis leo ach léirigh an slí a rinne an staisiún craoladh ar an gcomórtas easpa tuisceana agus easpa cuirtéise.
Bhíos san oisbidéal le m’athair atá ag teacht chuige féin tar éis droch thinneas agus tús á chur leis an gclár ag 9in Dé Satharn. Dáithí Ó Sé a bhí á chur i láthair agus déarfaidh mé an méid seo anois, ní raibh locht dá laghad air as a tharla. Bhain na deacrachtaí leis an órd reatha a tugadh do agus an easpa cumarsáide idir TG4 agus an halla chomórtais.
Bhíos ag amharc ar na pictiúirí ar an dteilifís – ach bhí an fuaim múchta agam le go bhféadfainn éisteacht a thabhairt do na h-iomaitheoirí agus iad go fóíll ag ceol na h-amhráin malla.
An chéad duine a cuireadh i láthair ar an dteilifís, Mícheál Ó Conghaile, buaiteoir an choirn ón bhliain seo chaite, agus cuireadh é ag ceol amhráin eile. Seo againn anois é – amhrán sean nós ar an dteilifís ó bhuaiteoir Choirn Uí Riada anuraidh agus amhrán sean nóis ar an raidió agus cé fios ach gurb é an buaiteoir ón mbliain seo a bheadh ann? Cé do a thabharfainn mo chluas? Amhranaí an raidio a chinn mé.
Bhí beirt nó triúr amhránaí eile acu ar an dteilifís agus iad go léir ag canadh le linn Chorn Uí Riada bheith ar siúl. Níl aon locht agam orthu as ucht glacadh le cuireadh amhrán a chanadh beo ar TG4 – cé mhéid uair a chloistear amhrán sean nóis ar an staisiún sin taobh amuigh d’fheile bhliantúil an Oireachtais? Anuas ar sin bhí pacaiste ‘buaicphointí’ ón méid a bhí canta cheana féin sa halla chomórtais. Arís b’a pacaiste é sin a fhéadfaí craoladh idir an phríomh chomórtas agus an glaoch ar ais gan cur isteach ar thaithneamh dhuine ar bith sa chomórtas féin.
Niorbh é seo an ocáid le h-aghaidh comórtas amhránaíocht sean nóis ar na h-aerthonnta. Bhí ceart ag TG4 bheith níos mó i dtiúin leis an rud a bhí ag tarlú sa halla chomórtais agus ligint don chomórtas criochnú sarar thosnaigh siad ar na h-amhránaithe sean nóis a chur i láthair.
Bhí sé amhail is go raibh TG4 ag iarraidh lucht féachana/eisteachta a mhealladh ó RTÉ Raidió na Gaeltachta: Amhail is go raibh an staisiún ag rá: ”Féach, ná bac leis an gcomórtas sin, eist lenár n-amhránaithe sean nóis, nach iad atá bínn agus glórach!”
B’fheidir go raibh siad bínn agus glórach ach ní raibh sé cothrom ar na h-iomaitheoirí nó na h-amhránaithe a bhí ar chlár TG4 iad a chur in iomaíocht lena chéile.
Tá TG4 ann chun taifead físe a dhéanamh den mhór ocáid seo – ach níor cheart go mbeadh srianta ama an staisiúin ag cur isteach ar reachtáil an chomórtais. Sé sin le rá níor cheart, mar shampla, go mbeadh srian ar na moltóirí an athghlaoch a chur ar níos mó iomaitheoirí má chreideann siad gur shroich siad an chaighdeán don athghlaoch de bharr iad a bheith buartha go sárófaí srian ama staisiún teilifíse.
Tá sé ráite liom, mar shampla, go raibh beirt nó triúr eile a bheadh glaoch ar ais faighte acu ar an Satharn ach amháin go raibh buairt ann go saródh an clár an srian ama a bhí leagtha síos ag TG4. Bheadh cúis maith gearáin ag na daoine sin ná bhfuair an athghlaoch mar gheall ar seo nó chaill siad seans ar an Chorn a bhuachaint agus gach seans go mbeidh ar chuid acu gabhail tríd an phroisis cáílithe in athuair sara mbeidh siad ar ais ar an bpríomh ardán.
Is léir narbh iad seo na clocha ba mhó ar an bpaidrín ag TG4. An é go raibh an staisiún fós gangaideach faoin mbealach ar baineadh na cearta craoltóireachta eisiacha uatha tar éis doibh iad a ‘bhaint’ i gceann craoltóíreachta? Más amhlaidh go raibh a srón as alt de bharr an méid a tharla roimhe, bheadh sé nios fearr ag an staisiún fánúint glan ar an imeacht ar fad seachas iarracht a dhéanamh é a chur faoina smacht.
Ní h-é go raibh gach rud a rinne TG4 ar an oíche go h-olc. Bhí cuma mhaith ar an halla, bhí na ’seatannaí’ dea chumtha don chuid is mó, bhí an cur i láthair ó Dhaithí lán le spioraid agus bhí roinnt aoíanna speisiúla ann.
An rud amháin a bhí ar iarraidh, dar liom, ná raibh aoinne ann chun labhairt ar na h-amhráin sean nóis a bhí á cheol ag na h-iomaitheoirí chun míniú a thabhairt don lucht féachana a bheadh ag tabhairt Corn Uí Riada faoi ndeara don chéad uair b’fheidir céard a bhí ag tarlú ar chorr ar bith. Cén fath go bhfuair duine amháin glaoch ar ais seachas duine eile? Cén fath gur roinneadh na duaiseanna faoi mar ar roinneadh iad? Cé mhíneodh mistéir an sean nóis doibh?
An mholadh a bheadh agamsa do TG4 clár beo beathach a dhéanamh ón Oireachtas gach oíche an bhliain seo chughainn, an Déardaoin, Aoine agus Satharn ach go h-áirithe. Go mbeadh buaiteoirí an lae ann cinnte ach go mbeadh sé ar siúl tar éis don bpríomh chomórtas bheith criochnaithe. Chiallódh sé seo go raibh an chuid is fearr de gach rud acu agus go mbeadh an lucht éisteachta a bhí ag an Raidio suas go dtí sin ag teacht chuthu. Má tá Corn Uí Riada le craoladh beo ar TG4 an bhliain seo chughainn, dein é i gcomhairle le RTÉ Raidió na Gaeltachta seachas i gcomórtas leo.
Tá mise ar shon Corn Uí Riada bheith ar an dteilifís, agus ar an Raidió. Ní i gcomórtas le cheile atá siad, i m’aigne. Ach má bhí comórtas ann, bheadh an Corn ag an Raidió agus ní bheadh athghlaoch á fháil ag TG4.
Ach, mar a léiríonn an físeán thuas agus Bríd Ní Maolchiaráin ag canadh An Sagairtín i gclár speisialta a rinne TG4 ar bhuaiteoirí Chorn Uí Riada anuraidh, níl sarú TG4 le fáil as bheith ag déanamh cláracha brea faisnéise faoin chorn agus comórtais eile an Oireachtais. Ba cheart a thuilleadh den chineál sin a bheith ann…..
Cé atá ag déanamh cinsireacht ar COMHAR?
Seo eagarfhocal eile nár foilsíodh i gComhar ach atá ar fáil i Lá Nua inniu. Tréaslaím le hAindrias O Cathasaigh a stuaim, a chnamhdroma, a dhílseacht d’idéil Uí Chadhain. Caint na réabhlóide é seo – agus tá súil agam nach fada go mbeidh réabhlóid againn i saol na Gaeilge…
An cheist atá agam – agus tá dhá cheist agam – cé atá ag déanamh cinsireachta ar eagarthóir Comhar agus cad é atá á rá aige atá ag cur an oiread sin oilc orthu nach ligfí d’alt tuairimíochta chomh brea leis an ceann seo thíos dul i gcló.
Rud eile nár mhiste a rá. Nuair a d’fhograíodh go h-éagórach san Irish Times ag tús na bliana seo go raibh deireadh le ré Comhar – Slán le Comhar na bhfocail calma – bhí Lá Nua chun tosaigh agus sinn ag iarraidh teacht i gcabhair ar an dtreimhseachán. Dheineas, mar eagarthóir ar an nuachtán, tairiscint go bhfoilseoimís Comhar mar iatán i Lá Nua go dtí go raibh foinse maoinithe eile aimsithe acu. Dar liom go mba bhoichte sinn ar fad Comhar bheith scuabtha chun bealaigh.
Anois tá an bróg ar an gcos eile. Tá eagarthóir Comhar – agus ní h-ionann é agus bórd Comhar – ag aithint an tabhacht atá le Lá Nua a choinneáil beo. Aithníonn sé an rud nach bhfeiceann muintir an Fhorais, iad san atá dall d’aon ghnó ar fhiúntas an nuachtáin agus iad spalpadh ‘mantra’ an mhargaidh amhail is go raibh aon bhrí le sin i gcomhthéacs aon mheán Ghaeilge nó ní bheadh meán ar bith beo murach an deontas stáit.
Is léir domsa nach bhfuil aon dílseacht ar feidir a lua le bórd Comhar don iriseoireacht Ghaeilge nó don chultúr Ghaeilge má tá sé fíor gur rinne siad cinsireacht ar an alt thíos faoi Lá Nua.
Stadchló
Dúirt muid anseo mí ó shin go raibh sé in am a theacht ar mhodh eile leis na tréimhseacháin Gaeilge a mhaoiniú. Agus na focla sin dá gcur i gcló, chuir Foras na Gaeilge a gcruthúnas ar fáil lena gcinneadh éirí as nuachtán laethúil a mhaoiniú.
Ní hé deireadh an nuachtáin laethúil amháin atá i gceist ag an bhForas, ach nuachtán Gaeilge a chur den saol ar fad. Má bhí sé míshásta le Lá Nua mar pháipéar laethúil, d’fhéadfadh an Foras cur ar a chumas athsheoladh mar nuachtán seachtainiúil, cuir i gcás. Ach ina ionad sin, tá socraithe aige nach gceadóidh sé ach an t-aon seachtaineán amháin feasta. Un giornale, una voce!
Baineann an ghné is aistí de chinneadh an Fhorais le seirbhís nuaíochta ar líne. Cibé locht atá ar Lá Nua, níl gar a shéanadh ach gurb é atá chun tosaigh maidir le nuaíocht i nGaeilge a fhoilsiú ar an idirlíon. D’fhéadfadh an Foras cuidiú leis chun an tseirbhís seo a fhorbairt. Ach tá socraithe aige gurb é an comhlacht céanna a chuirfeas an nuachtán i gcló a chuirfeas nuaíocht amach ar líne – gur monaplacht nuaíochta a chruthófar.
Tá Foinse dá fhoilsiú mar nuachtán seachtainiúil le dosaen blianta, agus ag fáil deontas ón bhForas chuige. Luigh sé le réasún, mar sin, go mbeadh tosach suntasach aige ar Lá Nua, nó ar dhream ar bith eile, sa rás le maoiniú an nuachtáin sheachtainiúil a bhaint amach. Agus, a chomhartha lena chois, tá Lá Nua tar éis a lámh a chaitheamh isteach.
Ba mhór an caillteanas é Lá Nua a imeacht as. D’admhódh an cara is dílse leis go bhfuil lochtanna air, ach ní fhéadfaidh aon tréimhseachán Gaeilge an chéad chloch a chaitheamh ansin.
Tá de bhua cinnte ag an bpáipéar gur i nguth tuaisceartach a labhraíonn sé ar chúrsaí na tíre. Is dearbhú é gur líne gan chuibheas gan chiall a gearradh trasna na tíre seo i 1921. Is léiriú é ar a dhoimhne is atá intinn na hÉireann críochdheighilte faoin am seo gur vótáil na Sinn Féinithe ar bhord an Fhorais ina fhábhar seo.
Tá iarracht ar bun ag Foras na Gaeilge a dheimhniú go bhfuil a chuid airgid dá chaitheamh go tairbheach, agus iniúchóir neamhspleách ag breithniú na bhfiontar atá dá maoiniú aige. Ní dochar ar bith é sin ann féin, ach is bocht an scéal é má tá nuachtán fiúntach le n-íobairt ar altóir na cuntasaíochta. Ach más ceist cuntasaíochta é, cá bhfuil an t-iniúchadh neamhspleách ar éifeacht chaiteachas an Fhorais ar imeachtaí dá chuid féin?
Ní acmhainn dúinn nuachtán Gaeilge a chailleadh. Níos mó éagsúlachta atá ag teastáil i meáin na Gaeilge seachas níos lú. Is é a chosúlacht aríst gurb eol don Fhoras praghas an uile ní ach nach eol dó luach aon ní. Cruthaíonn an buille seo aríst nár cheart cumhacht bháis is bheatha ar ár gcuid tréimhseachán a ligean leo. An bhfuil sé ró-dheireanach an cinneadh seo a chasadh siar, agus Lá Nua a choinneáil beo?
Breacadh ré úr i SAM, ré an Uachtaráin Obama
Comhghairdeas le Barack Obama, uachtarán úr Mheirceá. Cé go bhfuil an feachtas is déine agus is daoire i stair na polataíochta ar a chúl, anois a thosnaíonn an obair.
Agus é ag tabhairt oráide an bhua i Chicago tamall gairid ó shin, luaigh an tUachtarán nua-thofa go raibh ré an athruithe ag teacht go Meirceá. Beidh áthas ar phobal SAM agus pobal an domhain sin a chlos.
Ach beidh áthas níos mó orainn é a fheiscint ag titim amach.
Rinne mé féin tuar go mbeadh bua chuimsitheach den chineál seo ag an bhfear ildánach seo – agus is cosúil gur mó arís ná an tuar a rinne mé ar shuíomh an Washington Post a bheidh an bua ar deireadh.
Tá 51% den vóta phobail buaite ag an Uachtarán Obama – in éadan 47% den vóta a shaothraigh John McCain – ach is mó arís a bhua sa Choláiste Toghcháin nó de bharr an chórais atá acu i SAM, tá farasbarr ollmhór aige ansin, 338 vóta in éadan 155. 45 vóta atá go fóill le roinnt ag 5.30 ar maidin.
An bhfuil gach rud athruithe de bharr an bhua seo? Beidh le feiceáil. Ach tá tús úr ann ar aon nós agus is maith sin.
Rud amháin a athróidh go bunusach mar gheall ar an mbua seo, athrú cinnte amháin, an bealach a reachtáíltear feachtais toghcháin. Tá súil agam nach bhfuil ann ach an tús. Léiríonn an fís seo a d’aimsigh mé ar Youtube an rud atá i gceist agam….
Agus maidir leis an Uachtarán Bush….slán abhaile agus imeacht gan teacht ort, a chonúis lofa!
Conradh úr an Fhorais: sop seachas seirbhís nuachta ar líne atá á lorg
Táim tar éis cíoradh a dhéanamh ar an bhfoirm iarratais atá éisithe ag Foras na Gaeilge maidir leis an gcomórtas don nuachtán seachtainiúil Ghaeilge agus an seirbhís nuachta leictreonach agus is léir gur beag an tuiscint atá ag an bhForas ar cad é atá i gceist leis an dara mhír den dtairiscint sin, an seirbhís nuachta leictreonach.
Ar an bhfoirm iarratais, níl ceist amháin dírithe ar an mhír seo, an seirbhís nuachta leictreonach. Seoladh caipéis eile chugam ón bhForas maraon leis an bhfoirm iarratais – caipéis ag iarraidh orm ‘eolas breise’ a sholathar.
Ar na míreanna eolais ar fad atá le solathar, tá mír amháin ag tagairt do ‘abhar leictreonach’.
Seo a deir sé:
- pleananna le hábhar an nuachtáin a chur ar fáil go leictreonach
Sin an méid. Is mó i bhfad an tagairt atá ann don “phlean margaíochta”. Is léir ón tagairt seo amháin nach seirbhís nuachta atá i gceist seachas leagan leictreonach den nuachtán. De reir loighic mar sin, is léir nach bhfuil seirbhís nuachta leictreonach i gceist, seirbhís a bheadh á uasdatú i rith an ama. Níl ann ach leagan leictreonach den nuachtán agus os rud é gur nuachtán seachtainiúil é, ní féidir go bhfuil sé i gceist ach go mbeadh ábhar an nuachtáin á uasdatú go seachtainiúil ar líne.
Níl seo maith a dhothain ar chorr ar bith in aois na h-idirlíne, nuair atá gá le seirbhís atá scéalta á fhoilsiú go h-úr i rith an ama. Fiú mura raibh na h-acmhainní ann ach chun seirbhís 8 uair a chloig in aghaidh an lae, 5 lá na seachtaine a chur ar fáil, bheadh sin réasúnta i gcomparáid le seirbhís nach mbeadh á uasdatú ach uair sa tseachtain.
Nuair a labhair mé le feidhmeannach ón bhForas inniu, ní raibh an chaipéis os mo chomhair. D’iarr mé go beacht air, mar sin féin, an mbeadh seirbhís a bheadh á uasdatú go leanúnach á lorg ag an bhForas. Dúirt sé go mbeadh. Is ait liom mar sin a fheiscint a laghad airde atá tugtha don mhír tabhachtach den seirbhís seo san fhoirm iarratais. Is léir domsa nach bhfuil i gceist leis an ’seirbhís nuachta’ atá á lorg ag an bhForas ach sop in áit na scuaibe.
Táim chun iarratas a chur isteach ar mo shon féin agus comhphairtithe eile le seirbhís nuachta cearta a chur ar fáil. Mura nglacann an bhForas leis gurb é sin a gheall siad agus an conradh le h-aghaidh nuachtán laethúil á bhaint de Lá Nua, leireófar ná raibh i gceist ach cur i gcéill.
Is léir go gcreideann Foras na Gaeilge gur amadáin iad pobal na Gaeilge. Nó cén fath go ndéanfaidís caint phoiblí faoi bheith ag lorg seirbhís nuachta leictreonach – ach ansan a thabhairt le fios nach a leitheid de sheirbhís ach á uasdatú go seachtainiúil?
Ar ndóígh ba léir don dall agus, go h-áirithe, d’éinne a bhionn ag plé le seirbhís nuachta a chur ar fáil ar bhonn leanúnach go raibh sé do dheanta an nuachtán seachtainiúil, an nuacht sheirbhís ceart is buan agus plean margaíochta a chur ar fáil ar an gconradh d’uasmhéid €400,000 a thairg Foras na Gaeilge i mí Meán Fómhair agus iad ag tabhairt an tua don nuachtán laethúil. Ní íocadh an briseadh uaidh sin i ndiaidh nuachtán a fhoilsiú go seachtainiúil agus an plean margaíochta as cupán caifé leath thé le dul le do nuachtán maidin Satharn.
Anois is soiléiré arís an cur i gcéill agus an bréag a bhí i gceist sna raitis sin ó urlabhraithe an Fhorais agus a leithscéalaithe i Sinn Féin.
eolas-le-solathar_sceim-nuachtan08
foirm-iarratas_sceim-nuachtan08
Sa deireadh thiar thall, ní raibh anseo ach plean chun Lá Nua a bhaint den margadh – faigh reidh leis an nuachtán achrannach seo a dúirt an rí lena ghiollaí agus sin a rinne siad go feall agus go fuilteach. Tá calaois déanta ar Lá Nua cinnte – ach tá calaois déanta ar Foinse agus ar aoinne eile a bheadh ag cur isteach ar an ‘gcomórtas’ poiblí seo chun nuachtán seachtainiúil a sholathar. Beidh daoine ag súil le miorúilt na mbulógaí agus na n-iasc má tá siad ag súil le nuacht sheirbhís leictreonach.
Ní leor sin a thuilleadh. Tá pobal na Gaeilge i dteideal seirbhís ceart nuachta ar líne. Tá iriseoirí na meán chlóíte Ghaeilge i dteideal pá ceart, ar aon chéim lena gcomrádaithe ar Nuacht TG4 mar shampla. Pá don iriseoir físe nua ag tosnú le Nuacht TG4 – €53,000 in aghaidh na bliana. Tuarastál an eagarthóir chláir – €82,000 in aghaidh na bliana. Ní chreidim go bhfuil na daoine seo ag fáil an iomarca airgid ach ní chreidim ach an oiread gur fiú iad an dhá oiread phá a bhí a gcomhionann ag Lá Nua ag saothrú, má bhí siad ag saothrú fiú an méid sin.
Aois na cinsireachta
Mar a bheadh le rá ag an Bhantiarna Bracknell ón ndráma The Importance of Being Earnest, is mí adh é foilseachán Ghaeilge [Lá Nua] a chailliúnt ach is féidir a rá gur mí chúram amach is amach é an dara fhoilseachán Ghaeilge a chailliúnt in achar gearr ama.
Is cosúil go bhfuil Comhar i mbaol arís de bharr gur eirigh an t-eagarthóir, Aindrias O Cathasaigh, as an chúram in eagarfhocal ar fhoilsíodh i Lá Nua inniu, seachas i gComhar féin. Is cosúil go bhfuil an tUasal O Cathasaigh ag rá go raibh bórd Comhar ag cur iachaill air an t-iris a chuir faoina mbraid le go bhfaofaí é – faomhadh focal brea eile a thug Foras na Gaeilge dhúinn mar fheirín – sara bhfoilseofaí é.
An ceart glan ag Aindrias an fód a sheasamh in éadan na cinsireachta agus ar shon saoirse an phreasa. Tá sé chomh maith do a rá nach bhfuil ann ach an giolla agus go bhfuil an cinneadh dheiridh fagtha faoin mBórd.
Ach cén fath go bhfuil an Bórd ag iarraidh an cumhacht seo? An é go bhfuil siad ag iarraidh gan olc a chur ar leitheidí Fhoras na Gaeilge atá, de reir dealraimh, ag comhaoiniú aiseirí Comhar, Euro ar Euro, le maoinitheoirí eile na h-irise?
Tá leid bheag sa mhéid seo a deirtear san Eagarfhocal:
Tá sé de chúram ar eagarthóir irise í a chur i dtoll a chéile go neamhspleách ar bhord, coiste nó foras ar bith a bhfuil clár eile oibre acu. Ní eagarthóir fiúntach a bheadh sa té a ghlacfadh le ladair a chur isteach mar sin, ná ní iris fhiúntach a chuirfeadh an té sin in eagar.
Agus anuas ar sin, tá sé ráite gur bhain ceann de na h-eagarfhocail nár foilsíodh leis an ngéarchéim ag Lá Nua. Stad Phreas an ceann teideal air sin. An é go raibh eagarthóir Comhar ag féachaint chun tosaigh agus ag aithint na deacrachtaí a bheadh ann do leitheoireacht na Gaeilge dá mbainfí an fhoilseachán Ghaeilge is mó díol, fiú ag an lá is measa [1500 coip] agus, ar an lá is fearr, i bhfad níos mó ná sin[4,500 coip in aghaidh an lae] den mhargadh?
De reir foilsitheoir ar labhair mé leis ag Oireachtas na Gaeilge, tá taighde déanta a léiríonn nach bhfuil de mheán dhíolachán ag leabhair Ghaeilge ach 184 coip. Sin taighde údarásach a deineadh ar 1,000 leabhar Ghaeilge.
Léiríonn sin nach bhfuil margadh ann don Ghaeilge. Ach conas a bhféadfadh margadh a bheith ann? Caithfimid an margadh a bhunú, a bhuanú, a fhás agus a fhorbairt? Agus níl an acmhainn againn sin a dhéanamh gan airgead ón bhForas – ach caitheann Foras na Gaeilge gach pingin margaíochta atá acu ag cur Foras na Gaeilge chun tosaigh seachas aon tairge ar leith nó aon rud Gaelach ar leith. Ní fheadar an mó céad míle Euro atá díolta acu le comhlachtaí caidrimh poiblí ar nós Financial Dynamics chun preas raitis a eisiúint – sa bhfíor shaol, gort na n-eagras agus na meán Ghaeilge, is an eagras nó an meán féin a ullmhaíonn agus a dháileann an phreas ráiteas seachas bheith ag díol €1,000+ in aghaidh an lae le comhlacht caidrimh phoiblí chun an ’sclabhaíocht’ sin a dhéanamh.
Cé atá freagrach as foilsitheoireacht na Gaeilge? Foras na Gaeilge. Go bhfoire Dia ar fhoilsitheoireacht na Gaeilge nó is cosúil gur cinsireacht seachas foilsitheoireacht atá á spreagadh ag an bhForas.
Míle náire iad an Fhoras, míle náire freisin Bórd Comhar nár sheas leis an eagarthóir ar cheap siad tar éis comórtas phoiblí.
Admhóidh mé anseo go raibh mise san iomaíocht don phost a fuair Aindrias. Rinne mé comhghairdeas leis as a cheapachán. Ach tréaslaím a chnamh droma agus a chrógacht leis inniu. Tá tuilleadh dá leitheid uainn agus má tá an iomarca eagrais Ghaeilge againn, mar a mhaíonn an tAire ó am go cheile, b’fheidir go bhfuil sé in am an sléacht a dhéanamh. Tosnaigh leis an bhForas….
-
Archives
- November 2009 (24)
- October 2009 (11)
- September 2009 (22)
- Lúnasa 2009 (16)
- July 2009 (40)
- June 2009 (68)
- May 2009 (51)
- Aibreán 2009 (51)
- Márta 2009 (44)
- February 2009 (50)
- January 2009 (43)
- Nollaig 2008 (28)
-
Categories
-
RSS
Entries RSS
Comments RSS


