iGaeilge

- neamhspleach, laethúil, i nGaeilge

Oíche cheiliúrtha i Halla Chúil Aodha

Bhí oíche ana dheas i Halla Chúil Aodha – Aras Eamonn Mhic Suibhne – an Satharn seo chaite nuair a deineadh ceiliúradh ar shaol agus ar shaothar m’athair, Dónal O Liatháin, a cailleadh um an dtaca seo den bhliain anuraidh.

Deineadh é a cheiliúradh agus a chomóradh le h-amhráin, ceapóga, agallaimh beirte, píosaí filíochta agus dráma – a chum sé féin don chuid is mó – agus b’iad muintir na h-áite a bhí ag cur na saothair ar fad i láthair.

Mar bharr ar sin deineadh ionad nua óige atá tógtha le h-ais an halla a thiomnadh i gcuimhne m’athair.  Anois tá Ionad Oige Dónal O Liatháin ar Ionad Oige Chúil Aodha.   Chaith m’athair na blianta mar chathaoirleach ar an gcoiste forbartha áitiúil, Comhaltas Chosanta Chúil Aodha, agus b’é togáil an ionaid seo an mhór éacht lena linn.

Tá mo mhathair, Margaret O Liatháin, agus clann Uí Liatháin ar fad fíor bhuioch don Chomhaltas Chosanta agus faoi chomaoin ag pobal Chúil Aodha de bharr an méid atá déanta chun meas agus omós a léiriú do m’athair.

Beidh tuilleadh míreanna ón oíche á fhoilsiú anseo de réir mar a fhoilsítear iad ar You Tube sna laethannta romhainn.

12 11, 2009 Posted by igaeilge | An Ghaeilge, Cultúr | | No Comments Yet

Gradaim na hAislinge – votáil go luath agus go minic

Seo chugaibh deis le votáil ar son bhúr rogha i nGradaim na hAislinge agus an chomhlacht/grúpa/pearsanacht is mó a thug árdú meanman don Ghaeilge le blianta beaga anuas.

Buail ar an nasc seo…..agus votáil go luath agus go minic.

9 11, 2009 Posted by igaeilge | An Ghaeilge, Cúrsaí Reatha | | No Comments Yet

Freagra ó Aonghus stuama foilsithe san Indo

Seo an litir ó Aonghus a fhoilsíodh inné sa Sunday Independent mar fhreagra ar m’alt an tseachtain seo chaite.   Níl an litir ar fáil ar eagrán idirlín an Indo ar chúis éigean ach ós rud é gur cheannaigh mé an nuachtán, tá sé feicthe agam ar leathnach na litreacha.   Tá saghas tuairim agam nach gceannódh lucht leanta iGaeilge an nuachtán sin ach nár mhiste leo a fháil amach nuair a fhoilsítear alt nó litir ann faoin nGaeilge.

Litir stuama é mar a bheithfeá ag súil leis ó Aonghus – ar ndóigh ní aontaím leis cé go dtuigim an argóínt.

Seo chugaibh é…..

Dear Sir,
I am one of those who disagree with Concubhar Ó Liatháin’s analysis of
the purpose and success of the Official Languages Act. (Sunday
Independent 1 Nov)

There is a perfectly simple reason why the Act is full of details
about a bureaucracy. The purpose of the Act is to make the states
bureaucracies take Irish speakers into account, in a planned,
consistent and sensible fashion.

The compulsory English imposed by the State’s various arms on the
people of the Gaeltacht has been a major factor in the decline of
Irish in the Gaeltacht, and a significant factor in reducing the range
of places Irish is spoken outside the Gaeltacht.

The documents it requires translated are those used by the
bureaucracies to communicate with the public. That these can be
improved, and produced and distributed more cost effectively is true,
but not the purpose of the Act. To allow the bureaucracy to continue
to ignore Irish speakers in these documents – which the organs of the
State consider to be important – would be to signal that Irish
speakers need not be considered.

It should also be noted that it is not resources which would be
available for Irish language projects that are spent on these
measures.

Like every other legal measure, the cost of these measures are met
from the administrative budgets of public bodies, which received no
additional funding when the Act became law. And costs related to the
full range of the Act – not just the small number of translated
documents – consume less than a few percent of the administrative
budget, which itself is a small fraction of the actual budget of the
public bodies.

Nobody ever claimed that the Act would improve matters overnight – it
takes time to change attitudes and to undo the damage done by years of
compulsory English.

But the act is improving matters, and where it is put into effect
properly, has led to a jump in the amount of business conducted
through Irish.

is mise, le meas
Aonghus Ó hAlmhain

Bhúr mbarúlacha…..

9 11, 2009 Posted by igaeilge | An Ghaeilge, Cúrsaí Reatha | , , | 11 freagra

I ndíl chuimhne….

An deireadh seachtaine seo táim ag tabhairt chun cuimhne m’athair, Dónal, a cailleadh um an dtaca seo anuraidh.    Bhí sé 74 bliain d’aois.

Seo dán dá chuid a chum sé mar chuimhne ar chara eile liom a d’éag i Lúnasa 1997.  Fear óg dárbh ainm Fiachra O’hAodha, fear chomh brea is a bhí ann riamh.

Fomhar 1997

Thainig na h-ealaí aréir,

Ar shaoire ón aigéin

Dhúisíodar mé ‘rís ar maidin

Is ní rabhais ag luí lem thaobh.

Cé leis go ndéanfad caint?

Cé dho go dtabharfad grá?

D’imigh tú leis an taoide

Agus ní thiocfair thar nais go brách.

Coiscéim ar lic an dorais,

cheapas gur tú a bhí ann.

Go h-oban cheartaigh m’aigne

Macalla ar fán ón uaigh.

Ó dá mba mise Críost

d’ardóinn tú arís ón mbás

Ó a Chríost na trócaire

Tabhair dom faoiseamh ar mo pháis.

Duilleoga fómhair ag séideadh

Tá mo smaointe leo chun fáin

Tá na gaotha tríom ag réabadh

Níl aon ghéag ná craobh díom slán;

Agus chím ar íor na spéire

An Nollaig a’ teacht ar luas

Du’ scamail tíntí is tóirní

A shloigfidh mé siar ‘na bpluais.

Seasaim ar imeall na h-aille,

Is an chuilithe mhealtach thíos fúm

Is níl loinnir de ghrian an Earraig

Ná den Samhradh ‘tá ‘mithe uaim

Ní h-aoibhinn blátha na n-áirne

Ná an samhaircín buí cois claí

Nuair a mhúch an chré do gháire

D’fheoigh gach bláth im chroí.

Mise bláth feochta i ngloine

Mise an luaithreach ar thoitín

Mise cúbhar bán ar an dtuille

Nó an peidhleacán insan draoib

Tabhair dom do sholas a chuisle

Cuir an dóchas arís im chroí

Mar anois má déantar mé a chroitheadh

Bead im luaithreach ar neamhní.

le Dónal Ó Liatháin

7 11, 2009 Posted by igaeilge | An Ghaeilge, Cultúr | , | 7 freagra

Filleadh Foinse ‘neamhspleach’ ar an bhForas

foinseheadIs cosúil, de reir tuarisc ar Nuacht TG4 anocht agus de reir raflaí ag scaipeadh le seachtain anuas, go mbeidh Foinse ag filleadh laistigh de choicís.   Ach ní Foinse mar is eol dúinn é a bheidh san fhoilseachán nua.

De réir na dtuairiscí, beidh Foinse á fhoilsiú mar iatán a scaipfear leis an Irish Independent gach Déardaoin.  Tuigtear go mbeidh an chéad eagrán á eisiúint ar 19 Samhain, an lá roimh a bhaileoidh comhaltaí bhoird Fhoras na Gaeilge le h-aghaidh an cruinniú ag a bhfuil sé i gceist an chinneadh a dhéanamh faoin chonradh don nuachtán seachtainiúil le comharba a aimsiú ar….Foinse.

De reir an raitis a tuairiscíodh anocht ar Nuacht TG4, tá sé i gceist ag an bhForas leanúint orthu leis an chomórtas seo agus tá sé deacair a fheiscint conas nach bhféadfaidís amhlaidh a dhéanamh tar éis costas agus saothar a chuir ar na h-iarratasóirí eile nach bhfuil pairteach i gcaoi ar bith sa chluiche idir Foras na Gaeilge agus foilsitheoir Foinse, Pádraig O Ceidigh.

An raiteas is súntasaí a chuala mé anocht, áfach, go raibh an Roinn Ghnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta ag cur ceiste ar an bhForas athbhreithniú a dhéanamh ar an scéal sa chomhthéacs gur féidir ná raibh gá lena gcomórtas mar go raibh comhlacht trachtála ag déanamh na h-oibre.  D’fhéadfadh sé tarlú, mar shampla, go dtabharfaí dúshlán don bhForas dá mbronnfaidís an chonradh ar dream éigean ar an mbonn go raibh an infhéistíocht ag sarú dlithe an Aontais Eorpaigh maidir le h-iomaiocht sa mhargadh.

Gach seans go gcriochnódh an scéal san Ard Chúirt….

Mar is eol díbh táim féin luaite le h-iarratas sa chomórtas seo – Nuacht 7 – agus táimíd dóchasach is muiníneach faoinár n-iarratas.  Ní chuireann sé isteach orm bheith san iomaíocht le Foinse arís más gá.     Tá nuachtán náisiúnta eile ag cur comhairle agus tacaíócht phraicticiúil ar fáil dár niarratas.

Tá sé ráite ag an bhForas nach mbeadh an ’stadas’ céanna ag baint le h-iatán i nuachtán eile agus gur ísliú céime don Ghaeilge a bheadh ann.  Ní mar sin a bheartaigh siad i gcónaí nó nuair a bhí an comórtas á ullmhú le h-aghaidh nuachtán laethúil i 2006, chinntigh baill áirithe ar bhórd an Fhorais go mbeadh ‘foilseachán’ seachas ‘nuachtán’ á lorg le deis a thabhairt don Irish News cur isteach ar an gcomórtas lena bplean iatán laethúil a fhoilsiú.  Bhain an plean sin le h-imreas idir an Irish News agus foilsitheoirí Lá, Grúpa Meáin Bhéal Feirste, agus iarracht eilimintí laistigh den bhForas deireadh a chur le Lá.   Sin é mo thuiscint ar chúrsaí – ach má tuiscint eile amuigh ansin ó dhuine údarásach, bheadh failte roimhe anseo.

Ar aon nós, bheinn féin abhairín buartha nach mairfeadh Foinse sa chrut nua seo ró fhada.  Nach cuimhin linn gur eirigh Pádraig O Céidigh as an fhoilsitheoireacht i mí an Mheithimh de bharr titim 75% ar fhograíocht stait.  Ní dócha go bhfeabhsóidh seo.   Tá ana chostas ag baint le foilsiú agus clóbhuaileadh 150,000 iatán 28 leathnach uair sa tseachtain agus ní chuirfeadh sé íontas orm go gcosnódh sé isteach is amach le €5m in aghaidh na bliana.    An bhfuil an Independent sásta an bille sin – nó cuid mhór de a sheasamh?   Ní h-aon rún nach bhfuil an Independent gan a chuid trioblóidí féin faoi láthair.  Nó an é Pádraig  O Céidigh a sheasfaidh an chostas?  Agus más é, cá fhad a mhairfidh sin i gcomhthéacs na h-aimsire seo agus an tionscal eitleoireacht trí chéile faoi scamall?

Dá mba rud é ná rabhas bainteach le h-iarratas eile, bheinn ag súil go n-eireodh leis an  bplean seo, ar son na Gaeilge, mar tá sé nua agus difriúil.  Agus tá gá le rudaí nua agus difriúla a dhéanamh san aimsir seo.  Dar ndoigh creidim go bhfuil rud éigean nua agus difriúil le tairiscint ag ár n-iarratas freisin.  Mar sin i gcead do Foinse, Nuacht 7 abú.

Gné aisteach den scéal seo nach bhfiul iar fhoireann Foinse san áireamh, de réir mar a thuigim, sa scéim seo ag an gCéideach.   Tá eagarthóír luaite leis an iatán – Eimear Ní Chéide sílim an ainm a chuala mé ar Nuacht TG4.   Agus tá iar fhoireann Foinse luaite le h-iarratas eile a bheidh a fhiúntas á mheas ag an gcruinniú ar 20 Samhain – Tuairisc ainm oibre an iarratais seo.

Cad a tharlóidh, níl a fhios agam, ach is cinnte go mbeidh aiféaltas ar an bhForas nár deineadh an rogha ar an 16ú Deireadh Fómhair mar a bhí beartaithe roimh ré.

Nó an mbeidh?

Cúpla cinniúnach iad an 19ú agus 20ú Samhain, gan aon amhras!

5 11, 2009 Posted by igaeilge | An Ghaeilge, Cúrsaí Reatha | , , | 11 freagra

Ag léamh na Gaeilge le gloiní glic

gloiníglicSeo smaoineamh ar fiú féachaint air – cé nach bhfuil a fhios agam an chostas a ghabhann leis – agus d’fhéadfadh sé an argóint seo faoi chúrsaí aistriúchán a réiteach go glic.

Spéaclaí atá chomh glic sin go gcuireann siad aistriúcháin ar fáíl don t-é atá á chaitheamh nuair atá sé nó sí ag labhairt le duine eigean nach bhfuil comhtheanga aige nó aici leis an gcéad dhuine.   Is amhlaidh go bhfuil na spéaclaí chomh glic go dteilgíonn siad na fotheidil ar an lionsa.

Is dócha go mbeadh sé indéanta é seo a úsáid freisin le h-aghaidh aistriúcháin téacsa – nó leagan de.   Agus tá’s againn ar fad faoi Google Translate agus na buanna – is na mí bhuntáistí – a bhaineann leis an gcóras sin.

Ar aon nós, is fiú féachaint air mar chóras agus beidh sé speisiúil a dhéanamh amach conas mar a eiríonn leis is an mbeidh sé oiriúnach d’aistriúcháin Ghaeilge.

Beidh sé ar fáil sa tSeapáín ón mbliain seo chugainn.

5 11, 2009 Posted by igaeilge | An Ghaeilge, Cultúr, Cúrsaí Reatha | , , | 14 freagra

Diospóireacht ar Adhmhaidin – Mise V An Aire

concubharaireeamoFiú, tá sin thart.  Caithfidh mé rá go raibh mé cineál neirbhiseach roimh an diospóireacht ar maidin inniu [beo anois] idir mé féin agus an Aire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamonn O Cuív ar Adhmhaidin ar maidin inniu.

D’iarr an tAire ar léiritheoirí an chláir an deis a thabhairt do diospoíreacht liom faoin alt uaim a d’fhoilsigh an Sunday Independent Dé Domhnaigh.  Agus gan amhras ní raibh aon cheist ach go gcuirfí an ardán ar fáíl d’Aire na Gaeltachta ar Raidió na Gaeltachta.  An mó Aire eile atá staisiún náisiúnta raidió ann chun riar a dhéanamh air nó uirthi?

Ar aon nós thosnaigh an diospóireacht agus cé gur an Aire a d’iarr é, is mise a iarradh air labhairt ar dtúis.   Chuireas i láthair go raibh áthas an domhain orm an deis seo a fháil chun an cheist a phlé leis an Aire, ar iarratas an Aire, mar gur trath cinniúnach é seo i stair na tíre agus go bhfuil roghanna tabhachtacha le déanamh againn.

Dar liom, tá ‘airgead na Gaeilge’ á chur amú ar aistriúcháin ar chaipéisí oifigiúla agus chorporáideacha nach bhfuil morán leas le baint ag an bpobal astu fhaid is atá gníomhaithe teanga/eagrais/múinteoirí/eile á ngearradh agus á fhágáil ar an dtrá folamh ag an Rialtas.

Thugas cúpla sampla:

De réir Scéim Teanga na Roinne Oideachais, tá sé mar aidhm ag an Roinn sin leaganacha Gaeilge de chaipéisí chorporáideacha a chur ar fáil go comhuaineach le na leaganacha Béarla.

Foilseacháin Chorpraithe

Foilsíonn an Roinn roinnt foilseachán corpraithe gach bliain. Faoi réir Acht na dTeangacha Oifigiúla, leanfaimid orainn ag soláthar leagan Gaeilge de gach foilseachán corpraithe. Cuirtear na foilseacháin seo amach chuig na Comhpháirtithe Oideachais agus faigheann níos mó ná 4,000 scoileanna cóipeanna de na foilseacháin chorpraithe. Cuirtear leaganacha Gaeilge de dhoiciméid chuig na Gaelscoileanna agus na scoileanna Gaeltachta, ar ndóigh, agus bíonn siad ar fáil do scoileanna eile ach iad a iarraidh.

Foilseacháin

Tá an Roinn freagrach as pleanáil agus soláthar cóiríocht scoile agus dá réir sin tá sí gafa le bainistíocht tionscadal móra tógála. Mar thaca don gclár seo tá sraith de ábhar treoraithe teicniúla ann maraon le doiciméadú de leithéid Líníochtaí Ailtireachta, Billí Cainníochtaí, agus Iarratais ar Thairiscintí, &rl. De bhrí go bhfuil siad casta, teicniúil leanfar de na doiciméid seo a chur ar fáil i mBéarla amháin chomh fada agus a mhaireann an chéad scéim.

De ghnáth, is i mBéarla amháin a bhíonn fáil ar doiciméid taighde, tuairiscí coistí, moltaí meitheal oibre agus doiciméid eile a úsáidtear go hinmheánach nó a scaiptear i measc na gComhpháirtithe Oideachais.

Bileoga Eolais

Cuireann an Roinn bileoga eolais ar fáil do ghrúpaí éagsúla custaiméirí. Bíonn na bileoga seo i mBéarla de ghnáth. Eisíonn an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais a mbileoga eolais go léir i mBéarla agus i nGaeilge.

An Feabhsúchán atá Curtha Romhainn

Go ginearálta, foilsítear an leagan Gaeilge agus an leagan Béarla i diaidh a chéile, ach i gcaitheamh scéime 2005 – 2008 tosóidh an Roinn diaidh ar ndiaidh ag cur amach dlúthdhioscaí leis an leagan Gaeilge agus an leagan Béarla orthu.

Sin mar a deir sé sa scéim.   Cuir seo i gcomparáid leis an dearcadh atá acu i leith pacaí acmhainní do na scoileanna céanna, pacaí a bheadh ina áis agus ina acmhainn do na múinteoirí agus na páistí:

Pacáistí Acmhainne agus Físeáin

Ní bhíonn eolas i bhfoirm pacáistí acmhainne agus físeáin ar fáil ach i mBéarla amháin de ghnáth mar gheall ar chostas foilseacháin líon beag pacáistí acmhainne agus tairgthe físeán i nGaeilge.

Preaseisiúintí

Faoi láthair, cuirtear preaseisiúintí amach as Béarla.

Óráidí nó Ráitis

Óráidí nó ráitis a thugann Airí, na cinn a thugtar san Oireachtas ina measc, nó óráidí a thugann oifigigh sinsearacha, cuirfear ar fáil i dteanga(cha) a dtabhartha iad.

An Feabhsúchán atá Curtha Romhainn

I rith 2005 – 2008, cuirfimid leagan Gaeilge ar fáil de na foirmeacha iarratais do na seirbhísí seo leanas:

• Seirbhís Phárolla do Bhunscoileanna, Meánscoileanna, Scoileanna Pobail, Scoileanna Cuimsitheacha – Rannán Párolla

• Seirbhísí Riaracháin Bunscoile

• Seirbhísí Pearsanra d’fhoireann múinteoireachta agus foireann eile a fhostaítear ag leibhéal Bunscoile.

Déanfar cur i bhfeidhm na dtionscnamh ríomhsheirbhísí Rialtais agus tabhairt isteach na bhfoirmeacha iarratais ar-líne, a dhéanfar in éineacht leis sin, ar bhonn dátheangach. An chéad tionscnamh den sórt sin, gabháil ar-líne bhunachair éileamh tuarastal d’fhoireann múinteoireachta agus foireann eile a fhostaítear i mbunscoileanna, déanfar é a phíolótú i 2006.

An Feabhsúchán atá Curtha Romhainn

I rith 2005-2008, measúnóimid féidearthacht pacáistí acmhainne a aistriú go Gaeilge do chláir scoileanna.

Cé acu  is tabhachtaí dár libh trath go bhfuil rogha le déanamh nuair atá acmhainní gann?    Nár cheart tús áite a thabhairt do na pacaí acmhainní roimh na ‘caipéisí corporáideacha’?

Sampla eile:

Romham ar chlár Adhmhaidin inniu bhí Cabrini de Barra, gníomhaí teanga sna Déise agus duine a bhí go dtí le déanaí fostaithe mar aisitheoir teangan.  Ag tús na bliana rinne an Roinn Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an cúnamh don scéim seo a aistharraingt agus anois tuigim go bhfuil Cabrini gan post.   Mór an náire mar bhí obair mhaith ar bun sa Rinn.  Anuas ar sin tá an t-airgead don Chomharchumann atáimse im bhainisteoir air, Comharchumann Forbartha Mhúscraí, gearrtha le níos mó ná 50% ag Udarás na Gaeltachta agus tá ciorruithe den scála céanna curtha i bhfeidhm ar fuaid na gcomharchumainn ar fad ina bhfuil bainisteoirí faoi oiliúint fostaithe iontu.  Nílim ag lochtú UnaG – nó tá an aisínteacht sin beo ar an airgead a fhaigheann siad ó Roinn Uí Chuív.

Ar an láimh eile, tá an Roinn Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta tar éis Stiurthóir Rannóg Aistriúcháin a earcú le déanaí agus is é an tuarastal atá luaite leis an post sin ná €90,000 go €130,000 móide €13,000.  An chúram a bheidh ar an duine sin suas le 40,000 leathnach d’ionstraimí reachtúla a aistriú go Gaeilge ar chostas €3m nó níos mó.   Dhíolfadh an suim airgid sin as roinnt mhaith gniomhaithe teanga ar an dtalamh sna Gaeltachtaí ar fad agus bheadh an briseadh ann d’iris Ghaeilge don aos óg,  leithéidí nós*, a mhaoiniú, rud atá de dhith go géar.

Ceist roghanna é seo agus tugann na roghanna atá á dhéanamh ag an Rialtas seo, ag an Aire seo, trath na h-eigeandála seo, léargas íontach dúinn ar chur chuige an Rialtais i leith na tíre.  Is léir nach bhfuil a fhios ag an Rialtas cad is feidir a dhéanamh chun stop a chur leis an chur amú atá ar bun san earnáil phoiblí, an earnáil atá, de reir dlí ar aon nos, faoina smacht.

Ba oscailt súl dom – agus táim cinnte d’éisteoirí Raidió na Gaeltachta ar maidin inniu – an chosaint a rinne an Aire ar na roghanna atá á dhéanamh aige agus a chomhleacaithe rialtais i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Tá sé ráite go minic aige go gcreideann sé gur ceart bunusach é go mbeadh abhar ar fáil sa dhá theanga oifigiúil ach, sa chéad anál eile, deir sé go gcuireann Acht na dTeangacha Oifigiúla srian ar an méid aistriúchán atá le déanamh nó, de reir na Bunreachta, a chum a shean athair féin i gcomhair lena chomhairleoirí.

An uair seo, dúirt sé gurb amhlaidh go raibh ‘airgead na Gaeilge’ á sparáil ag Acht na dTeangacha Oifigiúla mar anois go gcaithfidh gach Roinn agus eagras phoiblí atá ceangailte le scéim teanga an t-airgead chun riar a dhéanamh ar an scéim teanga sin a fháil laistigh d’achmhainní na roinne féin seachas ó ‘airgead na Gaeilge’, an fhoinse don obair seo roimh Acht na dTeangacha Oifigiúla.   An rud nach dtuigeann an Aire, is léir, gurb é tuiscint an phobail gur ionann airgead a chaitear ar rudaí fónta agus úsáideacha i nGaeilge agus airgead a chaitear ar aistriúcháin ar chaipéisí oifigiúla chorporáideacha le cheile agus airgead na Gaeilge agus, níos cirte ná sin, amharcann siad ar an airgead seo – agus an cheart acu – mar a gcuid airgid á chur amú ar an nGaeilge.

Bhí seo olc a dhothain mar ‘mhíniú’ ón Aire ach chuir an chéad chuid eile dá chaint an dlaoi mullaigh ar chúrsaí.   Dar leis ná raibh mise buartha ar chorr ar bith faoin airgead atá á chur amú ar na bunchaipéisí Béarla, caipéisí nach mbionn aistriúcháin Ghaeilge ar a bhfurmhór mhór,  agus gur mó i bhfad an cur amú airgid ar seo.   ‘Go tobann,’ arsa an Aire, ‘tá Concubhar buartha mar gheall ar an airgead atá á chur amú ar an nGaeilge’.

I simply can’t take it any more. This latest scandal is piling ignominy on my beloved Irish language. More and more money — our tax euros – is being spent on translating documents which aren’t read in English so they can be equally unread in the First Official Language.

Cén chuid de seo [thuas] nach dtuigeann sé?   Tá béim curtha le cúpla focal agam chun go dtuigfeadh sé go bhfuil imní orm faoi chur amú airgead an phobail – mo chuid airgid agus do chuid airgid – cuma cén teanga ina bhfuil an cur amú á dhéanamh.  Is mó agam, b’fhéidir, an cur amú a fheictear dom bheith á dhéanamh ar chaipéisí Ghaeilge mar gheall ar an ngrá atá agam don teanga agus an tuiscint atá agam ar na bealaí níos fearr agus níos eifeachtaí chun an t-airgead céanna a infheistiú chun toradh nios fearr a fháil ar son na teanga agus ar son na tíre.

Luaigh an Aire figiúir de €18m – creidim,nó ar eigean gur chuala mé de bharr droch líne gutháin ach beifear ábalta seo a seiceáil ar ball nuair a bheidh an agallamh ar fáíl mar phodchraoladh – leis an chaiteachas ar chaipéisí i mBéarla a dheineann ranna rialtais.   Sin suim mhór airgid agus d’admhaigh sé go raibh caipéisí faighte aige ar maidin inniu, caipéis 1000 leathnach ón NSSS (cibé dream iad san) agus caipéisí eile agus bhí sé le tuiscint uaidh nach mbeadh sé á léamh seo.

Más é sin an scéal, a Aire, tá an Rialtas seo ag cur an dubh ina gheal orainn ar fad.  Agus iad ag maíomh go bhfuil eigeandáil airgeadais ann, tá páistí óga ag fánúint ar obráidí a shlánóidh iad ón mbás agus a fheabhsóidh a mbeatha de bharr nach bhfuil maoiniú ann chun íoc as altraí chun cúram a thabhairt doibh i ndiaidh na n-obráidí in aonad dianchúraim. Go fóill tá siad ag caitheamh an oiread sin airgid ar chaipéisí ollmhóra nach leitear.  Is cinnte go bhfuil gach curiarracht le h-aghaidh cur amú airgid á shárú ag an Rialtas seo agus níos measa ná sin arís, níl aon náire orthu faoi seo.

Ag meabhrú ar an gcás sin faoi pháistí ag fanúint ar obráidí in Oisbidéal na bPáistí i gCromghlinn, chuimhnigh mé ar an leithscéal a thug an Aire ar cheapachán an stiurthóra nua ar an rannóg aistriúcháin.  Dúirt sé go raibh air an stiurthóir a cheapadh de bharr go raibh comhairle ‘Bunreachtúil’ faighte aige agus de reir an chomhairle sin go raibh baol ann go dtabharfaí cás in éadan an Stáít.

Nach mó i bhfad an chontúirt go gcuirfí an dlí ar an Stát de bharr easpa altraí dianchúraim má fhaigheann páiste bás agus iad ag feitheamh ar an obráid a shabháilfeadh a mbeatha?   Tá’s agam go cinnte nach staonfainn ó chás cúirte dá leithéid dá mbeadh mo pháiste sa chás sin.

Aontaim leis an bprionsabal go bhfuil ‘cearta teanga’ ann ach caithfear na cearta sin a chur i gcomhthéacs na linne seo agus cad é leas an phobail?  Cuid den cheist faoi leas an phobail isea leas phobal na Gaeilge – ní féidir agus nior cheart pobal na Gaeilge a scarúint ón phobal mhór faoi mar atá grúpaí ar nós Guth na Gaeltachta agus grúpaí eile atá ag stocaireacht ar son a suimeanna leasmhara féin.

Mar a deir an sean fhocal, is ar scath a cheile a mhairimíd…..

3 11, 2009 Posted by igaeilge | An Ghaeilge, Cúrsaí Reatha | , , , , , | 34 freagra

Clibirt TG4 agus RTÉ

Tá’s ag leitheoirí iGaeilge go bhfuil cúis amháin gar dom chroí – agus is é sin, go mbeadh tuairisciú beo  ar TG4 ar mhór ocáidí spóirt náisiúnta, leithéidí craobhacha peile agus iomána Uile Eireann, na cluichí cáilithe i gCorn an Domhain agus cluichí móra rugbaí, na cluichí idirnáisiúnta go h-áirithe.

Ach go dtí seo – trí bhliain deag tar éis  bunú TG4 – ní raibh seo indéanta.   Cén fath?  Mar go raibh na cearta craoltóireachta díolta ag an CLG/GAA ar an praghas is airde le RTÉ, Setanta agus TV3.   Ní raibh TG4 sa reicneáil – cé go dtugann an staisiún, a bhuiochas do Nemeton, comhlacht léirithe na Déise – sár sheirbhís ó thaobh trachtaireacht spóirt.   Is é a locht a laghad.

Anois is cosúíl go bhfuil socrú déanta ag RTÉ comhoibriú le TG4 chun cluichí Sraith Magniers (rugbaí) a chur ar an scailean bheag.  Is é sin an creach atá fagtha de bharr imeacht Setanta UK níos luaithe i mbliana.

Gan amhras, is ar TG4 a thuill an Sraith Cheilteach (mar a bhi aithne air) an clú agus cáil agus an lucht féachana a mheall lucht féachana nach beag agus suimeanna réasúnta mor airgid do lucht eagraithe na sraithe.

De réir an ailt seo, sa Sunday Independent [wouldn't you know!], tá comhnaidhm laidir idir TG4 agus RTÉ agus tá siad ag comhoibriú le cheile chun na cluichí rugair seo a fháil.

Conas nach féidir leo comhoibriú chun a chinntiú go mbeadh trachtaireacht beo ar na cluichí móra náisiúnta, ocáidí móra na hÉireeann, sa dhá theanga oifigiúil ar an dteilifís?

Ceist é sin do RTÉ, TG4, An Aire Ghnothaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, an Choimisinéir Teeanga agus eile.

 

2 11, 2009 Posted by igaeilge | An Ghaeilge, Cúrsaí Reatha | , | 1 freagra

‘Sí an Ghaeltacht – ach ní mar is eol dúinn

Tuairisc spéisiúil ar Nuacht TG4 anocht faoi ‘leid laidir’ atá tugtha ag an Aire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamonn O Cuív, go gcuirfidh sé na toghcháin le h-aghaidh Udarás na Gaeltachta, atá sé luaite leo go mbeidh siad á thionól i mí Dheireadh Fómhair 2010, ar athló.

De réir na tuairisce ag Ronán Mac an Iomaire, tá seo á phlé mar gheall ar an ‘athstructurú’ ó bhonn atá le déanamh ar eagar na Gaeilge mar chuid de Phlean 20 Bliain na Gaeilge.   De réir an meid eolais atá á sceitheadh faoi láthair, bheadh feidhm náisiúnta ag an tUdarás faoin phlean seo agus ní bheadh ach áiteanna ar an mbórd d’ionadaithe Ghaeltachta ó na mór Ghaeltachtaí – Ciarraí, Conamara, Tír Chonaill is dóichí, agus bheadh ionadaíocht náisiúnta ó phobal Ghaeilge na tíre.

Bheinn in amhras faoina leithéid de phlean cé go dtacaím go ginearálta leis an aidhm go mbeadh an tír – an t-oileán ar fad – ina Ghaeltacht agus mar sin go mbeadh ionadaíocht ó gach cearn den tír ar bhórd stiúrtha eagras dá leithéid.

Ach nach bhfuil ceann acu sin theana féin – mar atá Foras na Gaeilge.  Bíodh is go gcreidimíd nach bhfeidhmíonn an Fhoras go h-eifeachtach, tá an struchtúr ann.   Ní bheinn ar shon go mbeadh cead ag an Aire furmhór na mbaill a ainmniú ar an mbord nó an fhianaise go dtí seo go ndeineann Aire an lae riar ar a phairtí pholatúil féin agus na ’suimeanna leasmhara’ san órd sin agus gur beag an spás atá ann d’ionadaithe fónta le samhalaíocht agus cnamhdroma.

Nior mhiste liom, dá mbeadh na h-acmhainní ann chuige, go mbeadh toghcháin uile Eireannda chun ionadaithe a thoghadh ar an mbórd seo – ach arís, fagann sin gur féidir go mbeadh cuma phairtí pholatúil ar an mbórd agus ní eireodh linn tada a dhéanamh.

Tá sé ráite agam go minic go bhfuil gá le h-ath-shamhlú a dhéanamh ar an nGaeltacht – agus is cinnte gur athshamhlú a bheadh i gceist anseo.   Ní féidir leanúint níos mó leis an gcur chuige cine dheighilteach – Gaeltacht V Galltacht – atá ina bhunchloch ar an straitéis – nó easpa straitéise – atá á leanúint ó bhunú an Stáit.

Tá a dhothain ráite agam faoi amáil an phlean seo – go bhfuil sé bliain níos déanaí ná an sceideal a fhograíodh nuair a seoladh Straitéis an Rialtais i leith na Gaeilge i mbéal na Nollag i 2006.  Ach is í an amáil a bhaineann leis an bplean seo a bheith ag teacht chun tosaigh trath go bhfuil an eigeandáil is contúirtí i saol an stáit ina phúca ag an mbórd is measa ar fad.

Cibé cén plean a fhoilseofar agus a aontófar ina dhiaidh sin, cad iad na h-acmhainní a bheidh ann chun an plean a chur i bhfeidhm trath go bhfuil an Chiste Idirnáisiúnta Airgeadais ar lic a’ dorais againn?

Mura bhfuil freagra inchreidte agus seasmhach ar an gceist sin, is caint san aer ar fad é bheith ag caint faoi uaillmhian an Phlean 20 Bliain seo.   Uaillmhian gan seasamh.

 

2 11, 2009 Posted by igaeilge | An Ghaeilge, Cúrsaí Reatha | , , , , | No Comments Yet

Aistriúcháin in aisce….not

An fíor an scéal go bhfuil Leas Phríomh Fheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Tomás  O Ruairc, ceaptha ina Stiurthóir ar an Aonad Aistriúcháin nua i Roinn Uí Chuív agus go bhfuil tuarastal idir €97,000 agus €130,000 luaite leis an bpost céanna, gan trácht ar liúntas €13,000 le h-aghaidh ní fheadar cad é.

An é seo an úsáid is fearr d’airgead an Stáit ag an am seo?  An mbeadh an Chiste Náisiúnta Airgeadais sásta airgead ar bith, gan tracht ar airgead ar an bpá scála seo, a chur ar leataobh dá mba rud é go raibh siad i gcumhacht?

Sin ceist ar fiú freagra a fhail do, nach gceapfadh sibh?

Dála an scéil, guím gach rath ar Thomás ina phost úr.

2 11, 2009 Posted by igaeilge | An Ghaeilge, Cúrsaí Reatha | , | 8 freagra