iGaeilge

- neamhspleach, laethúil, i nGaeilge

Eolas faoi Eagarthóir an Bhlag seo

concubhar.jpg 

Is mise Concubhar Ó Liatháin, eagarthóir an bhlag seo. Bhí mé go dtí le déanaí im eagarthóir ar an nuachtán laethúil Ghaeilge, Lá Nua. Táim anois im chónaí i gCúil Aodha, an sraid bhaile i nGaeltacht Mhusgraí inar tógadh mé. Táim pósta ar Caroline agus tá beirt phaiste againn, Art (5) agus Danú(2).

 

Rinne mé cúpla iarracht tús a chur le blag laethúil roimhe seo ach de bharr mo chúramaí mar eagarthóir, ní raibh an am agam tabhairt faoi mar ba mhaith liom. Tá an suíomh seo á thogáíl agam de reir a cheile agus beidh mé buioch as bhúr foighid. Bheinn buioch freisin as aischothú uaibh.  

Ní miste liom a lua ón tús gur blag é seo nach mbeidh ag fáil nó ag lorg aon chabhair deontais ó aon fhoinse Stáit.  Ciallaíonn sin go mbeidh sé neamhspleach agus má bhionn sé claonta, is claontaí an eagarthóra féin a bheidh á nochtadh.Creidim go laidir go bhfuil gá le h-earnáil eigean sna meáin Ghaeilge nach bhfuil ag brath ar dheontais nó iocaíochtaí stait.  

Anois tá an t-idirlíon againn agus is féidir foilsiú beag beann ar lámha marbha an mhaorláithis.   

4 Comments »

  1. Dia dhuit a Chonchubhair agus go mbeidh an t-adh leat agus le do bhlog. Ni bhim i dteagmhail le himtheachtai sa Ghaeilge de ghnath ach is trua cad ata ag tarlu sa tuaisceart maidir leis an nGaedhilg. B’fheidir nach bhfuil Sinn Fein i ndan a lan a dheanamh mar ceapaim gur cuid den fhadhb iad in ionad reitiu na faidhbe. Gach ata molta aca ta an Dup in a choinnibh is cuma ceart no micheart e. Bhios i gCul Aoidh uair no dho i rith mo shaoil agus bhaineas taithnaemh as an timpeallacht. Maidir le Gaeilge ar an idirlion is trua nach mbaineann na h-udarais poibli Gaeilge an oiread san usaid as. Ag usaid Skype no Yaahoo no Msn Messenger saor in aisce. Caitheann siad - na hudarais - na milte agus is lu a dtairge.
    Slan anois.
    jake.

    Comment by jake | 9 05, 2008

  2. A Chonchubhair, a chara,

    Gach seans go bhfuil tú ar an eolas cheana féin, ach bheinn thar a bheith buíoch dá bhféadfá an scéal a scaipeadh mar gheall ar chomórtas blagáil an Oireachtais – tá súil agam go bhfuil tú féin ag smaoineamh ar cur isteach air! Tá gach eolas le fáil ar http://www.antoireachtas.ie

    Duais: €1000 Maoinithe ag Oifig na Gaeilge, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath
    Táille Iomaíochta: €15

    Ba cheart don scríbhneoireacht sa bhlag a bheith dúshlánach, spreagúil, corraitheach agus taitneamhach, agus insint agus stíl bhríomhar sholéite i nGaeilge nádúrtha a bheith i gceist. Maidir le hábhar, bheadh aon cheann de na seánraí seo a leanas inghlactha: prós; filíocht; dialann; gné-alt; tuairisceoireacht nuachta; tráchtaireacht spóirt, pholaitiúil nó eacnamaíochta; léirmheastóireacht cheoil, drámaíochta, scannánaíochta; alt taighde nó eile (níl aon srian maidir le hábhar).
    Déantar postáil ar an mblag ó 1 Márta 2008 go 30 Meitheamh 2008 a mheas.
    Déanfar an blag a mheas maidir leis na critéir seo a leanas: caighdeán na scríbhneoireachta tríd síos; chomh húdarásach is atá an scríbhneoir agus é ag scríobh faoi pé ábhar atá roghnaithe aige; an méid a chuireann an blag leis an bpobal Gaeilge ar líne trí ábhar suimiúil a chur faoi bhráid a lucht léitheoireachta (idir thagairtí d’fhoinsí eile agus a chuid scríbhneoireachta féin); an tuiscint agus tiomantas a léiríonn an t-údar i leith úsáid na meán ar líne ar bhonn sóisialta agus na buntáistí atá anseo don Ghaeilge; an méid idirphlé a chruthaíonn an blag agus an dóigh a spreagtar an t-idirphlé seo (mar shampla, spás do nótaí tráchta agus naisc le blaganna eile a bheith
    curtha ar fáil).

    Comment by Clare | 14 05, 2008

  3. Beidh mo vota agat a Chonchubhair maidir le blog dushlanach spreaguil le stil bhriomhar. Agus gan dabht i nGaeilge so leite.

    Comment by jake | 14 05, 2008

  4. Haigh conchubhair..is fada o bhiomar ag caint…cloisim go bhfuil rud eigin scriofa agat fe Mhathair an Fhiaigh ach nil ag eiri liom teacht ar an teacs. Bheinn fior bhuioch da gcuirfa an piosa critice chugham ar riomhphost ma ta seans agat…go neiri go geal le do bhlag …fair ple dhuit Adh Mor Dairena

    Comment by Dairena Ni Chinneide | 22 05, 2008

Leave a comment