Tá ‘caint’ saor….ach tá luach le beart
Díreach nuair a cheap tú go raibh sé slán sabhailte, seo chughainn duine éigean eile agus plean aige an Ghaeilge a thabhairt slán.
Níl a fhios agam cé tá ar chúl Caint ach tá sé nó sí le moladh as dul sa bhearna baoil. Feictear dom go mbeidh éileamh ar na t-léinte seo go h-áirithe – nó tá siad tarraingteach agus greannmhar. Is maith liom an t léine, Rith an Modh Coinniollach! (Run, it’s the Modh Coinniollach!) agus tá m’ordú seolta agam do seo theana. Ba mhaith liom an ceann a fhograíonn ‘Is Mise An PUC[Sic!] ar baile a fháil freisin – ach go bhfuil rud éigean a deir liom nár cheart dom é a cheannach go mbeidh an leagan cheartaithe ann, is é sin, ar ndóigh, ‘An Poc Ar Buile’.
I bhfirinne, is cuma liom faoi sin. Tá t-léine amháin ceannaithe agam agus ceannóidh mé ceann eile lá nios faide anonn, ceann le toisí níos lú ná an ceann XXXL a d’ordaigh mé an uair seo.
Feachtas é seo atá dírithe ar Bhéarlóirí atá suim acu sa Ghaeilge, is léir, nó tá an suíomh féin i mBéarla le cúpla focal Ghaeilge. Ní h-é seo an chéad uair a bhí iarracht an Ghaeilge a chur inár láthair go taitneamhach le t-léinte sa tslí seo. Tá mo chófra lán de t-léinte i nGaeilge – ní thaitníonn sé liom t-léinte le mannaí Bhéarla a chaitheamh. Má tá aon úsáid le baint as mo bholg le h-aghaidh spás fograíochta, baintear úsáid as chun an dea scéal a fhógairt!
Níl aon t-léine de chuid na Gaeil Óga nó nós* agam go fóill – cé go gceapaim go bhfuil siad go deas. Táim ar aiste bia chun an meachan a chailliúint chun go mbeidh mé ábalta ceann a chaitheamh go compórdach – agus ní fada uaim an lá.
Molaim dibh dul ar chuairt chuig Caint agus strac fhéachaint a thogaint ar na h-earraí atá ar fáil ansan. Más fíor é gur feachtas é seo atá tosnaithe ag dream nó duine gan tacaíocht ar bith ó fhoras stáit, is dul chun cinn é. Más amhlaidh go bhfuil dream éigean, fiú Foras na Gaeilge, ar chúl an tionscnaimh, ní miste liom sin ach an oiread agus molaim iad as…más amhlaidh an scéal.
4 freagra »
Leave a comment
-
Archives
- November 2009 (14)
- October 2009 (11)
- September 2009 (22)
- Lúnasa 2009 (16)
- July 2009 (40)
- June 2009 (68)
- May 2009 (51)
- Aibreán 2009 (51)
- Márta 2009 (44)
- February 2009 (50)
- January 2009 (43)
- Nollaig 2008 (28)
-
Categories
-
RSS
Entries RSS
Comments RSS


is fada mé ag cuartadh Gaelige ar shean fhocal a bhíodh ag mo mháthair “talk’s cheap but it takes money to buy drink” agus seo chugaim é ar iGaeilge “tá an chaint saor ach tá luach le beart” GRMA
Fear darbh ainm Paul Feeney atá taobh thiar de CAINT. Tá sé lonnaithe sa Chóiré Theas! Tá ceist faoi chruinneas roinnt de na t-léinte ach beir leis as an díograis agus an chruthaitheacht atá léirithe aige. Ní dóigh liom go bhfaigheann sé aon chabhair ó Fhoras na Gaeilge.
Tá cuntas Twitter ag CAINT chomh maith ina mbíonn “ceacht Gaeilge” laethúil ar fáil uaidh.
Féach ar an suíomh seo chomh maith http://www.clubsonas.com
Maith sibh, a fheara! Ní raibh mé ar an eolas faoi na suíomhanna sin. Tá siad istigh sna ‘Naisc Úsáideacha’ ar mo bhlag agam anois.
Con, súil agam go bhfuil ag éirí go maith leis an bhfeachtas meáchain sin atá ar bun agat i láthair na huaire. Léigh mé d’alt ar Nuacht 24 an tseachtain seo caite. Go n-éirí go geal leat, a chara. Is rómhaith a thuigim do chás…:-)
[...] Via Concubhar – Caint Campaign based in South Korea no less have started a campaign to save Irish. The site is aimed primarily at English speakers favourably disposed towards Irish. Love the t-shirts. [...]
Pingback by Fluffy Links – Wednesday July 8th 2009 « Damien Mulley | 8 07, 2009 |