Nuacht 24 – comharba Lá i gcló
Bí ag caint ar an fheinics a aiseirigh ó luaithreach an tine. Maireann spiorad Lá beo i mBéal Feirste. Tá a fhios agam go bhfuil a fhios agaibh faoi An Druma Mór agus an seirbhís nuachta den scoth atá á chur ar fáil aige ach seo seirbhís breise ó lucht seinnte an Druma.
Cad é Nuacht 24 ach nuachtán brea snásta lán dáite! Rinné mé a íoslódáil inniu agus, ar ball, béarfaidh mé chuig m’uncail Peadar é. Bhí sintiús ag Peadar le h-aghaidh Lá/Lá Nua – agus bhain sé an sult as i gcónaí, mar a bhaineadh m’athair, Dónal, suaimhneas síoraí dá anam.
Ní h-é nach bhfuil cleachtadh aige ar an ríomhaire ach is cinnte gur fusa do foilseachán ar nós Nuacht 24 a léamh ná bheith ag léamh ar an scáileán.
Ar aon nós, tá Nuacht 24 ann anois agus go maire sé. Ba cheart do lucht a fhoilsithe bealach éigean a aimsiú chun deis a thabhairt do dhaoine sintiús airgid a chur ar fáil doibh – tá bealaí ann ar nós Paypal nó uimhir cúntais bainc a bheith acu le h-aghaidh dochar díreach.
Is brea liom seirbhís saor in aisce, gan amhras, ach ba mhaith an rud é freisin dá mbeadh luach saothar le fáil ag an dream cróga seo, rogha na coitantachta theana féin don ghradam ‘Gael na Bliana’ 2009!
3 Comments »
Leave a comment
-
Archives
- July 2009 (14)
- June 2009 (68)
- May 2009 (51)
- April 2009 (51)
- March 2009 (44)
- February 2009 (50)
- January 2009 (43)
- December 2008 (28)
- November 2008 (29)
- October 2008 (51)
- September 2008 (36)
- August 2008 (25)
-
Categories
-
RSS
Entries RSS
Comments RSS

go fios domh tá mionsonraí síntiús dá cur le chéile faoí choimirce BANC NA hÉIREANN 202 Bóthar Bhaile Andarsan Béalfeirste BT119BE.uimhir chuntais 13052133. beidh foirmeacha ordú seasta srl. ar fáil ar ball beag.
Is iontach an scéal é.
Tá sé seo ar fheabhas.Maireann an fonn troda.