Bertie agus feall eile RTÉ
B’fhéidir go bhfuil cuimhne ró fhada agam. I measc na cuimhní a rith liom agus mé ag éisteacht le laithreoir Morning Ireland ar RTÉ ar maidin agus í ag tathant ar Willie O’Dea bheith ag amharc ar Bertie Ahern, iar thaoiseach, ag cur i láthair clár spóirt RTÉ, The Road To Croker, anocht, i measc na cuimhní bhí an cuimhne agam ar an oíche úd nuair a dhein micléinn óga agóid faoi chlár teilifíse eile, clár Béarla, bheith á thaifead sa Ghaeltacht.
The Road To Croker an ‘Quicksilver’ nua? Bertie Bibi na linne? RInneadh an eagrán speisialta a thaifeadadh ag Tigh Tabhairne Páidí O Sé ag Ard a’Bhóthair.
An t-aon difriocht idir seo agus an oíche úd i mBealtaine 1989 go bhfuil TG4 ag craoladh inniu. Ar an droch uair ní bheidh cothrom ‘The Road To Croker’ ar TG4. Ní bheidh tuairisciú beo acu ó Pháirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh nuair a thugann dhá chontae aghaidh ar a cheile i gcluiche leath cheannais na hÉIreann, dhá fhoireann le captaein ón nGaeltacht – Tomás O’Sé i gcás Ciarraí agus Antaine O’ Loingsigh i gcás Chorcaí.
An mbeidh trachtaireacht beo i nGaeilge ar staisiún teilifíse de chuid RTÉ mar chúiteamh? Ní bheidh ná baol air. Masla eile ó RTÉ don nGaeilge. Feall eile ar an dteanga le breacadh i leabhar dubh an reiteora. Tá sé in am an carta dearg a thaispeáint!
3 Comments »
Leave a comment
-
Archives
- July 2009 (14)
- June 2009 (68)
- May 2009 (51)
- April 2009 (51)
- March 2009 (44)
- February 2009 (50)
- January 2009 (43)
- December 2008 (28)
- November 2008 (29)
- October 2008 (51)
- September 2008 (36)
- August 2008 (25)
-
Categories
-
RSS
Entries RSS
Comments RSS

ar an droch uair is é an tairgead a ríalaíonn cúrsaí cumarsáide na hÉireann an lá atá inniú ann. cad é an tairgead a ghlacfadh sé le go mbeadh an cluiche le feiceail ar RTé agus TG4 ag an am amháin? fíor bheagán ó thaobh na techneolaíocht de déarfainn.ansin thiocfadh le TG4 nó RNG trachtaireacht a chur leis.Bheadh rogha éascaí ag daoine ansin.Níl a fhios agam ar chuir duine ar bith sin roimhe na húdarais cuí ?. Bhí réiteach amháin ag Cultúrlann McAdam/ÓFiaich i mBéal Feirste ar an fhadhb sin sna blianta a chuaigh thart.Bhíodh sé de nós acu na cluichí a tháipeáint ar scáileann mór, an fhuaim a mhuchadh agus trachtaireacht RNG a chur taobh leis.D’oibrigh sé go maith agus ócáid theacht le chéile ag Gaeil a bhí ann.Go pearsánta bhéinn sásta roinnt púnta a íoc ar an trachtaireacht a bheith agam i nGaeilge.Is féidir go bhfuil daoine eile amuigh ansin a d’íocfadh fosta.Seans ar bith go mbeadh TG4 pro gníomhach ar an abhar seo?
Bhí reiteach na Cultúrlainne go maith mar réiteach chun bearna a líonadh – ach an rud atá á mholadh agamsa is reiteach buan é, deis le tapú chun an Ghaeilge a chur i láthair an phobail mhóir ar bhealach tarraingteach. Tá airgead ag an Ciste Craoltóíreachta agus ag TG4 agus ba cheart go mbeadh siad abalta seo a dhéanamh gan tusa nó mise ár lámha a chur inár bpócaí.
Litir fiúntach bainteach le seo agat san Examiner inniu, Conchubhar!
Aontaíom leat.
Le teacht na gcorás digiteacha, seans go mbeadh leigheas na Cultúrlainne ina chuid buan den gcórás.
Ach b’fhearr liom dá ndeanfadh an tAire cuí an rud a mhol tú, agus riail a thabhairt isteach go mbeadh cluichí airithe “saor go haer” as Béarla agus as Gaeilge.
Margaí eagsúla atá iontu, mar sin ní dóigh liom gur airgead amháin atá i gceist.