An bhfuil Gaeilge ag do ’satnav’?
Agus an chaint á dhéanamh faoin baol do thurasóirí dá mbeadh comharthaíocht i nGaeilge amháin taobh amuigh agus taobh istigh den nGaeltacht le h-aghaidh bailte is cinn scríbe Gaeltachta, deineadh dearmad ar an dteicneolaíocht.
Nó tá tuairisc faighte agam ó chara faoi chustaiméir a bhí ag iarraidh teacht ar chuairt chuig a chomhlacht agus gur chláraigh ‘Cúil Aodha’ sa ‘Sat Nav’.
Chriochnaigh an chustaméir i nGúgán Barra.
In ainneoin go bhfuil na ’sat navs’ seo inúsáidte in Éirinn, níl Gaeilge acu. Cad a dhéanfaidís dá mbuailfeá ‘An Daingean’ isteach – tú a threorú go Co. Uibh Fháilí? Dála an scéil, ní chreidim go mbeidh rath ar an aistriúchán seo de satnav. Murar féidir an fhocal a ghiorrú go focal chomh simplí le ’satnav’ ní bheidh rath air. Aon tuairimí agaibhse faoi aistriúchán níos fearr? Treoraí Tiomána?
Ar ndóigh ní h-é an teanga an t-aon fadhb ag na satnavs seo – tá fadhb náisiúntachta acu freisin dar le Barra Mac Giolla Dhubh ó Shinn Féin.
Tá dhá réiteach ar an gcéad deacracht – is feidir linn gach ainm a bheith i mBéarla ar mhaithe leis an ’satnav’ nó is féidir linn rá le lucht déanta ’sat nav’ go gcaithfidh siad an leagan Ghaeilge agus an leagan Bhéarla d’ainmneacha sraidbhailte Gaeltachta a chlarú sna bogearraí ón gcéad lá.
Níl sin ró dheacair, an bhfuil? Agus nuair atá sin déanta is féidir leis an Rialtas rialachán úr a reachtú. Go mbeadh sat nav ‘dhá theangach’ i ngach gluaistean sa tír.
Reiteodh sin fadhbanna muintir an Daingin/Dingle in aon preab amháin.
Ar chúis éigean cuireann an clampar go léir an dráma clúiteach le Brian Friel i gcuimhne dhom. ’Aistriúcháin’ – Translations. Chonac ar an ardán é i mBéal Féirste roinnt blian ó shin nuair a léirigh Aisling Ghéar é. Sar léiriú, sár dhramadóirí. Tá sé fógartha anois go bhfuil Gabriel Byrne le bheith ina éarlamh ar an gcomhlacht. Sin ‘coup’ deas!
7 Comments »
Leave a comment
-
Archives
- July 2009 (14)
- June 2009 (68)
- May 2009 (51)
- April 2009 (51)
- March 2009 (44)
- February 2009 (50)
- January 2009 (43)
- December 2008 (28)
- November 2008 (29)
- October 2008 (51)
- September 2008 (36)
- August 2008 (25)
-
Categories
-
RSS
Entries RSS
Comments RSS


Bhuel, níl locht agam ar loingseoireacht satailíte.
Ach maidir le giorrúchán – is faoin bpobal sin.
Tá sé ró fhada agus ni bhainfear feidhm as go brách. Sin an fath go bhfuil mé ag moladh an TT. An Treoraí Tiomána. Má fhagann tú téarma ar nós loingseoireacht satailíté ag an pobal, ní bhainfear feidhm as. Usáídfear an focal béarla i rith an ama.
Ar aon nós, creidim go bhfuil loingseoireacht satailíte mí chruinn. Is gléas loingseoireachta satailíte atá i gceist. Is ainm bhriathar é loingseoireacht satailíte – ní ainmfhocal. Mar sin de tá gá le beachtú air.
Mar aistriúcháin ar “satellite navigation” tá sé ceart.
Tá (i bhfad) níos mó i gceist ná an gléas úd sa charr! Níl tada agam i gcoinne satnav do sin – mar atá abair sellotape agus hoover ann cheana.
Cinnte, seans go n-éireodh le TT – ach dream éigin margaíocht a dhéanamh ar an ngléas faoin ainm sin. Tá TomTom ann cheana…
Feicim go bhfuil leiriúchan de “Translations” le bheith ar siul san Órainn Mhór (Oranmore)ag an deireadh seachtaine (Satharn 26 Iuil) mar chuid d’Fheile Ealaíne na Gaillimhe- (www.galwayartsfestival.ie)- tá neart cloiste agam faoin ndráma seo le Friel ach gan é a bheith feicthe agam go fóill…
B’é an léiriú a bhí ag http://www.aislingghear.com an léiriú ab fhearr ar Translations a chonac mise. Bhí sé i nGaeilge agus bhí cumhacht breise ann dá bharr….
D’fhéachas ar suíomh Aisling Ghéar. An cuma ar an scéal go bhfuil an-bheocht faoin nGaeilge i mBéal Feirste agus sa Tuaisceart, in ainneoin gach constaic faoina fheidhmíonn sí ansin. Cén fáth nach bhfuil Cultúrlann nó comhlacht drámaíochta dá leithéid i mBAC?
Níl