iGaeilge

- neamhspleach, laethúil, i nGaeilge

Greann nó gráin? Aerach nó aorúil?

 

Priomhleathnach conspóideach an New Yorker

Priomhleathnach conspóideach an New Yorker

Seo thuas an clúdach ar an eagrán is deanaí den New Yorker, iris liteartha agus chultúrtha Nua Eabhrach.  Léiríonn sé Barack Obama, é féisithe mar a bheadh treall chogaí Ioslamach ann, a bhean céile, Michelle agus í gléasta mar sceimhlitheoir armtha le AK 47 ar a gualainn.   Os cionn an tinteán tá pictiúir de Osama Bin Laden agus ag dóghadh sa tine tá brat na Stait Aontaithe. 

Aor a thugann eagarthóir an New Yorker ar seo.  Léiríonn sé an bealach atá scéalta aiféise á scaipeadh faoi Obama, de bharr an ainm ‘aisteach’ atá aige agus an méid a bhí le rá ag an tUrramach Jeremiah Wright.   

Cháin feachtas Obama an clúdach go géar. Is cinnte go bhfuil siad buartha faoin fhínscéalaíocht seo bheith ag fáil ardán ar bith, go h-áirithe ar phríomh leathnach iris ar nós an New Yorker.  Ar éigean go bhfeicfidh lucht cáinte Obama an plé tuisceanach ar chúl an iomhá – ach bainfear feidhm as an íomhá chun eagla craicinn a chuir ar votairí atá á imeaglú lá i ndiaidh lae theana féin. 

Bhuel is cinnte go líonfaidh an plé faoi seo roinnt colúin – agus go ndíolfaidh sé roinnt coipeanna den New Yorker.  Abhar an oiriúnach do shéasúr na seafóide, gan amhras!

15 07, 2008 - Posted by igaeilge | Uncategorized | | No Comments Yet

No comments yet.

Leave a comment