Scannán Gaelach agus Gaeltachta eile i gCannes
Níl sé ach dhá bhliain ó bhuaigh an scannán, The Wind That Shakes The Barley, an duais mór, an Palme d’Or ag Féile Scannáin Cannes. Scannán é seo faoi thréimhse Chogadh na Saoirse in Éirinn agus deineadh é a scannánú timpeall ar mo cheantar dhúchais féin, anseo i Músgraí Uí Fhloinn i gContae Chorcaí. Ken Loache abea stiurthóír an scannáin agus bhí an scannán conspóideach mar is dual don scánnánaí chonspóídeach seo.
Bhí go leor rudaí a fhéadfaí a rá faoi The Wind - ach ceann acu go raibh roinnt Ghaeilge ann - nó mar a deirtear timpeall an cheantair seo - Gaoluinn - agus canadh cúpla amhrán ann, Oró Sé Do Bheatha Bhaile agus Amhrán na bhFiann. Mar sin d’fhéadfaí a rá gur bhain scannán Gaoluinne an Palme d’Or. Sa mhéid is go raibh go leor den scannánaíocht déanta i gceantar Mhúsgraí, d’fhéadfaí a mhaíomh gur scannán Gaeltachta a bhí ann freisin.
Oíche amarach ag Cannes, taispeanfar scannán eile ón dtír seo, cé gur stiurthóír ó thar lear atá ina mbun. Ealaíontóír é Steve McQueen ar bhain Duais Turner lena shaothar roimhe seo. Is é Hunger, scannán faoi laethannta deiridh Bobby Sands, a chéad shaothar scannáin ar an scaileán mhór.
Os rud é go raibh baint mhór ag an nGaeilge le saol agus le h-aislingí Bobby Sands, ní chuirfeadh sé aon íontas orm mura raibh an Ghaeilge in úsáid sa scannán seo. Nílim cinnte go bhfuil Hunger san iomaíocht ag Cannes - b’fheidir nach bhfuil sé ach á thaispeaint ann - ach nach breá an rud é go mbeadh scannán Gaelach agus Jailtachta á thaispeaint i gCannes.
Nach aisteach freisin go bhfuil an oiread san spéise á léiriú ag stiurthóírí scannáin ón mBreatain i stair na hÉireann agus sa teanga freisin. Is mó a speis, b’fheidir, ná leitheidí Neil Jordan is eile a rinne beag den teanga riamh anall….

