Albainis Uladh - teanga na sceimhle agus an airgid
Nach ait an mac an saol. Sna 80aí agus sna 90aí bhíodh ’scagadh pholatúil’ ar bun ag na h-údaráis ar an bpobal Ghaeilge le cinntiú nach bhfaigheadh aon dream le ceangal dá laghad le SF aon pingin rua ón Stat chiste. Bhí eagla ar na h-údaráis go n-imeodh an t-airgead a bhí dlite le h-aghaidh seirbhisí pobail ar ghunnaí is ar armlóin don IRA.
Anois, agus an siocháin i réim, níl siad chomh cúramach faoi mar a mhinítear san alt seo. Is cosúil go bhfuil airgead á fháil ag banna ceoil a ghlacann páirt i bparáid chonspoideach agus atá nasctha, go h-oscailte, leis an UVF, airgead ón Crannchar Náisiúnta sa Bhreatain. Níl fhios agam an dtagann an deontas seo faoin teideal ‘good causes’.
Agus tá grúpa eile, na Mourne Defenders, atá luaite leis an UDA, ag fáíl airgid le h-aghaidh ionstraimí ceoil - ní sceimhle nó céasadh maítear - ón Boord o’Ulster Scots. Deirtear go gcaithfidh gné eigean ‘Albainis Uladh’ a bheith ag baint leis an imeacht atá deontas á lorg ar a shon sara bhfaighidh siad airgead - an é an nasc leis an UDA an nasc seo dar libh?
Tá muintir Albainis Uladh agus a n-urraithe san DUP - ag maíomh go h-oscailte go bhfuil siad ag fáil níos mó airgid ná lucht na Gaeilge anois. Ní h-aon íontas, b’fheidir, nach féidir leis an Fhoras Teanga, mathair fhoras an Boord [agus Foras na Gaeilge] a gcuid cúntais nó tuairiscí bliantúla a fhoilsiú agus é soiléir don saol mór go bhfuil siad ag cuidiú le cur chun cinn cultúr atá bainteach le sceimhle agus seicteachas ná mar atá aige le teanga nó cultúr.