Beart de réir briathar de dhíth anois
Tá deis anois ag an dTaoiseach agus a Rialtas nua beart a dhéanamh de réir na n-oráidí breatha atá déanta aige faoin nGaeilge.
Breis is ocht mbliain ó shin ar iompaigh an Dr. Michael Woods an fód ar Ionad Náisiúnta Oideachais don Ghaeilge ar láthair Choláiste Iosagáin i mBaile Bhuirne, Co. Chorcaí. Tá glúin iomlán daltaí scoile tar éis teacht agus imeacht ón Scoil Naisiúnta ó shin agus ní raibh aon buntaiste le baint acu as an Ionad seo de bharr nár tógadh é….go deimhin níor tharla tada faoi.
Tá na hAirí Oideachais a bhí sa phost sin ó bhí an Dr. Michael Woods ann tar éis an togra a ligint i ndearmad. Anuraidh, d’fhógair an tAire Oideachais, Mary Hanafin, go raibh sí chun deontas €1m a thabhairt le h-aghaidh Ionad Taighde don Ghaelscolaíocht a bhunú i mBaile Bhuirne. Ach fán am gur tháinig sé go foilsiú Leabhar na Meastacháin, ní raibh aon rian den airgead seo. Agus níl aon duine fostaithe le h-aghaidh an gnó seo go fóill ag An Chomhairle Um Oideachais Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.
Mar sin tá deis ann ag an Aire nua, Batt O’Keeffe, atá tofa ina TD sa Dáilcheantar ina bhfuil Músgrai, beart a dhéanamh de réir na ngeallúintí ar fad ag a réamh chomharbaí agus ag Taoiseach an lae
Ní ar mhaithe le Músgraí amháin a bheadh a leitheid de bheart. Bheadh sé ar leas paistí Gaelscoile agus Gaeltachta thuaidh, theas, thoir agus thiar. Tá gá le h-ábhair, le na h-achmhainí, na téacsleabhair, leis an oiliúint, a chuirfí ar fáil ona leitheid d’ionad. Tá gá leo anois.