Caithréim na Bóinne
Breis is 300 bliain ó shin troideadh cath fiochmhar ar son na saoirse, mas fíor, ar dhá bhruach na Bóinne. Inniu ba é an láthair le h-aghaidh caithréim – beirt cheannaire ag oscailt Ionad Mhínithe (an feidir Cath na Bóinne agus an eagothromas a lean é a mhíniú?) Chath na Bóinne sara eirigh siad beirt as a gcúramaí oifigiúla.
Slán libh Bertie agus Ian. Go raibh maith agaibh, is dócha, as an meid a rinne sibh. Ní chreidim gurb é an proiseas siochána ba shlachtmhara ar domhan agus dá mba theach é, ní cheannóinn é. Bhí an praghas ró ard agus ni raibh spás sa teach le h-aghaidh gach einne, go h-áirithe an phobal Ghaelach.
Ach sin mar atá.
Anois tá folúntas ag an bharr, ó thuaidh is ó dheas. Agus cé go bhfuil fhios againn cé lionfaidh na bhfolúntas sin, Peter ó thuaidh agus Brian ó dheas, níl fhios againn cén sort suathadh a dheinfear.
Mo rogha ó dheas
Mícheal Mairtín - Tánaiste/Aire Airgeadais
Mary Coughlan - Aire Fiontair agus Trádála
Martin Mansergh – Aire Ghnóthaí Eachtracha
Eamon O Cuiv – Aire Oideachais
Aire Dli agus Cirt – Brian Lenihan
Aire Cosanta Willie O’Dea
Aire Ghnóthaí Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta – Pat Carey
Aire Sport, Ealaíon agus Turasóireachta – Batt O’Keeffe
Aire Iompair – Noel Dempsey
Aire Leasa Shoisialta – Martin Cullen
Aire Cosanta – Mary Harney
Aire Slainte – Mary Hanafin
Os rud é go bhfuil na h-aireachtaí eile faoi smacht na bpairtithe eile, ní doigh liom go mbogfar John Gormley nó Eamon Ryan. Agus tá’s agam go bhfuil Mary Harney sa Phairtí Daonlathach – ach sílim gur mé féiní iar cheannaire an phairtí sin.
Ní doigh liom go mbeidh morán de shuathadh ann ó thuaidh – cé nár mhiste liom dá ndéanfaí malartú. Cad faoi Eamon O Cuiv a sheoladh ó thuaidh agus Edwin Poots a thabhairt ó dheas…..?
No comments yet.
Leave a comment
-
Archives
- July 2009 (14)
- June 2009 (68)
- May 2009 (51)
- April 2009 (51)
- March 2009 (44)
- February 2009 (50)
- January 2009 (43)
- December 2008 (28)
- November 2008 (29)
- October 2008 (51)
- September 2008 (36)
- August 2008 (25)
-
Categories
-
RSS
Entries RSS
Comments RSS
