iGaeilge

- neamhspleach, laethúil, i nGaeilge

Caithréim na Bóinne

Breis is 300 bliain ó shin troideadh cath fiochmhar ar son na saoirse, mas fíor, ar dhá bhruach na Bóinne.  Inniu ba é an láthair le h-aghaidh caithréim - beirt cheannaire ag oscailt Ionad Mhínithe (an feidir Cath na Bóinne agus an eagothromas a lean é a mhíniú?) Chath na Bóinne sara eirigh siad beirt as a gcúramaí oifigiúla. 

Slán libh Bertie agus Ian.   Go raibh maith agaibh, is dócha, as an meid a rinne sibh.  Ní chreidim gurb é an proiseas siochána ba shlachtmhara ar domhan agus dá mba theach é, ní cheannóinn é.  Bhí an praghas ró ard agus ni raibh spás sa teach le h-aghaidh gach einne, go h-áirithe an phobal Ghaelach.  

Ach sin mar atá. 

Anois tá folúntas ag an bharr, ó thuaidh is ó dheas.  Agus cé go bhfuil fhios againn cé lionfaidh na bhfolúntas sin, Peter ó thuaidh agus Brian ó dheas, níl fhios againn cén sort suathadh a dheinfear.  

Mo rogha ó dheas

Mícheal Mairtín  - Tánaiste/Aire Airgeadais

Mary Coughlan  -  Aire Fiontair agus Trádála

Martin Mansergh - Aire Ghnóthaí Eachtracha

Eamon O Cuiv - Aire Oideachais

Aire Dli agus Cirt - Brian Lenihan

Aire Cosanta Willie O’Dea

Aire Ghnóthaí Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta - Pat Carey

Aire Sport, Ealaíon agus Turasóireachta - Batt O’Keeffe

Aire Iompair - Noel Dempsey

Aire Leasa Shoisialta - Martin Cullen

Aire Cosanta - Mary Harney

Aire Slainte - Mary Hanafin

Os rud é go bhfuil na h-aireachtaí eile faoi smacht na bpairtithe eile, ní doigh liom go mbogfar John Gormley nó Eamon Ryan.   Agus tá’s agam go bhfuil Mary Harney sa Phairtí Daonlathach - ach sílim gur mé féiní iar cheannaire an phairtí sin. 

Ní doigh liom go mbeidh morán de shuathadh ann ó thuaidh - cé nár mhiste liom dá ndéanfaí malartú. Cad faoi Eamon O Cuiv a sheoladh ó thuaidh agus Edwin Poots a thabhairt ó dheas…..?

 

6 05, 2008 Posted by igaeilge | Uncategorized | | No Comments

Ní cloíte go clóite: Deireadh ré don nuachtán phaipéir

An sean phort arís, b’fheidir ach seo toradh de phobal bhreith ar deineadh i measc eagarthóirí nuachtáin an domhain.   

Ar ndoigh, tugann seo le fios domsa go raibh an cinneadh ceart glactha ag Lá Nua níos luaithe i mbliana foilsiú go laethúil ar an idirlíon amháin.  Is é seo an slí chun tosaigh - agus bheadh seans ag na meáin Ghaeilge fánacht chun tosaigh ar an slua.  

Sampla den bhuntaiste atá ag an idirlíon thar an nuacht chlóite an bealach ar eirigh liom ar igaeilge tuairisc réasúnta chuimsitheach a chur le cheile agus a fhoilsiú BEO BEATHACH ó Ostán Bhaile an Róistigh an Céadaoin seo chaite.  

Ní bheadh deis ag nuachtán Ghaeilge atá á fhoilsiú de reir na srianta atá orthu faoi láthair aon ní a chur i gcló go dtí an Aoine - agus más buan mo chuimhne ní raibh tuairisc ar an gcruinniú seo ag Foinse nó Lá Nua.  Mas ceadmhach dom a rá mar iar eagarthóír nuachtáin, ba ocaid nuachtúil a bhí ann agus ba pheaca iriseoireachta é gan é a thuairisciú.  Creidim gurb é Adhmhaidin an t-aon áit ar deineadh an ocaid a thuairisciú ann.  

Tulleadh ar ball…

 

6 05, 2008 Posted by igaeilge | Uncategorized | | No Comments

Imeacht gan teacht ort, a Aire

Agus Brian Cowen ag déanamh a chinntí deireannacha inniu, ní foláir, faoin gComhaireacht úr, níor mhiste liom a rá, ós ard, gur mhaith an rud é dá smaoineodh sé ar an Aire Oideachais a bhogadh…..go carraig aonair taobh thiar de Thóraí. 

Léiríonn an scéal is déanaí ag Lá Nua ar maidin inniu nach bhfuil suim dá laghad ag Mary Hanafin feabhas a chur ar an gcóras oideachais; a cur féin chun cinn an cloch is mó ar a paidrín. 

Deir sí nach bhfuil aon taighde ann a mhaíonn go bhfuil droch thionchar ar shealbhú na Gaeilge ag módh múinte seachas an luath thumoideachais iomlán.    Léiríonn an coras oideachais le 80 bliain anuas bréag an mhaíómh sin.    Is é an fhírinne ná go léiríonn gach taighde gur ar leas thuiscint agus fhoglaim an Bhéarla é an tumoideachas Ghaeilge.   Ach an dtugann an tAire Hanafin súntas ar bith don taighde sin?   

Imeacht gan teacht uirthí!

6 05, 2008 Posted by igaeilge | Uncategorized | | 2 Comments

Ian Mór san Aras?

Tá sé ráite ag Ian Paisley ar Morning Ireland díreach cúpla nóimead ó shin gur cheart don Taoiseach, Bertie Ahern, smaoineamh ar thoghchán na hUachtarántachta tar éis deireadh a threimhse mar thaoisigh.  Bhí sé ag caint roimh an chruinniú níos déanaí an lá céanna ag shuíomh Chath na Bóinne. 

Tá an oiread san geillte ag Rialtas na hÉireann do Phaisley agus a bhuíon chomh choirpigh chomhleacaihte go gcuirfeadh sé íontas orm nach Ian Mór é féin a bheidh á chur chun tosaigh mar iarrthóir FF nuair a bhionn seal Mary McAleese istigh. 

Bheadh ciall áirithe pholatúil leis agus,ar ndóigh, ní gá toghchán a bheith ann nó is cinnte go dtacódh na pairtithe ‘móra’ eile lena leitheid de cheapachán.  FIne Gael, An Lucht Oibre agus SF ach go h-áirithe. 

6 05, 2008 Posted by igaeilge | Uncategorized | | No Comments

TG4 agus RTÉ RnaG ag aighneas

Nach bhfuil sé thar a bheith aisteach go bhfuil an chosúlacht ar an scéal go bhfuil RTÉ RnaG agus TG4 ag aighneas faoi cé acu ar cheart craoladh beo a dhéanamh ar phríomh chomórtas Oireachtas na Gaeilge, Corn Uí Riada.    

Chreid mé i gcónaí go raibh abhar clár teilifíse beo ann - agus anuraidh bhí clár de short eigean, clár ná raibh isteach i halla an chomórtais ach lasmuigh.  Clár brea a bhí ann.  

Ní thuigim cén fath nach mbeadh an dhá chlár ann - clár beo raidio agus clár beo teilifíse.   Agus ní thuigim cén fath nach bhféadfadh TG4 agus RnaG comhoibriú ar an gceist.   

6 05, 2008 Posted by igaeilge | Uncategorized | | 3 Comments