Glaoch i nGaoluinn ó Vancouver
Agus an lá oibre déanta agam inné agus mé agus mo bhean ag cur na páistí ina luí - proiseas fada inár dteach - tháinig glaoch guthán. Fear darbh ainm Mícheál O Ceallaigh a bhí ar an guthán agus bhí sé ag glaoch ó Vancouver.
Ciarraíoch ó dhúchas é Mícheál ach tá furmhór a shaoil caite aige ar dheoraíocht óna fhód dhuchais, díreach taobh ó thuaidh de Lios Tuathail. I 1960, tar éis roinnt blianta ag fánaíocht timpeall an Oirthir agus é ag obair ar bhórd loingeas mar innealtóir raidió, tháinig sé go Ceanada agus tá sé féin agus dearthar agus deirfiúr leis tar éis clainn a thogáil ann. In áit a raibh triúr, anois bhí triocha+, idir páistí, gar pháistí agus eile. Dar le Mícheál is áit álainn é Vancouver agus Ceanada agus tá sé an sásta ann.
Rud amháin a mhothaíonn sé uaidh isea comhráití Ghaeilge le cáirde. Tamall ó shin bhíodh suíomh acu i Vancouver, suíomh comhrá, ina mbíodh daoine ag cur in iúl go raibh siad sásta labhairt le duine eile i nGaeilge ag am áirithe ar skype nó ar an guthán nó ar IM. Tá an suíomh sin fós ann ach níl sé chomh beo beathach is a bhíodh.
Mar sin chuir Mícheál glaoch orm aréir. De reir dealraimh bionn sé ag léamh iGaeilge gach lá agus taithníonn sé leis. Chaitheamar cúpla nóiméad ag caint.
Cúpla smaoineamh a rith liom. Mhol mé do dul chuig An Líonra mar go bhféadfaí, táim cinnte, grúpa a chruthú ansin do dhaoine ar mhian leo a leitheid a bhí ag tarlú ar Comhrá a dhéanamh.
Agus ansan dúirt mé leis go mbeinn féin ar fáil ar Skype. Má tá suim ag aoinne bheith ag comhrá beo beathach i nGaeilge le Mícheál, b’fheidir go bhféadfaidís sonraí teagmhála a sheoladh chugham agus cuirfidh mé an t-eolas ar fáil do Mhícheál an chéad uair eile a dhéanfaidh sé teagmháil liom.
Is deas liom go bhfuil tionchar iGaeilge ag síneadh chomh fada le Vancouver, cathair alainn deirtear.






