Athghabhail na hÉireann ≠ Athghabhail na Gaeilge
Céard a cheapfadh Conradh na Gaeilge 1915 faoi Chonradh na Gaeilge na linne seo? Sin í an cheist a thógaim (nó, fiú, mar a deir siad ar Foinse, TG4 agus RTÉ RnaG, a ardaím![Béarlachas how are you!]) tar éis gur fhógair an eagras náisiúnta Ghaeilge go mbeadh sí ag cur deireadh leis an sprioc a bhí ag an eagras ‘pobal náisiúnta saor Gaelach a chothú’, de reir phríomh scéal Lá Nua inniu.
Aon duine ar chuimhin leo a gcuid staire, bheadh a fhios acu gur ag Ard Fhéis na bliana sin a tharla scoilt atá go fóíll ag cothú easaontais i measc chainteoirí Gaeilge. Shiúl Dúglás de hIde ón Ard Fheis nuair a glacadh leis an rún, gurb é an sprioc nua a bhí ag an eagras ‘Éire ní h-amháin Gaelach ach Saor chomh maith, ní h-amháin Saor ach Gaelach chomh maith’ a bhaint amach.
Beart ciallmhar é seo ag an Chonradh – den chéad uair tá siad chun tosaigh ar an CLG. Roinnt blianta ó shin ní bheinn tar éis aontú leis nó, an uair sin, mhothaigh mé narbh fhiú an cheangal a bhriseadh. Anois táim tagtha ar mhalairt tuairime – ba bhagaiste é an sprioc seo ón aois seo chaite agus bhí iompar an bhagaiste ag moilliú an gluaiseacht i dtreo priomh aidhm an eagrais a bhaint amach. Anois tá sé sin soiléir agus ní féidir dul thairis: Is í aidhm na h-eagraíochta an Ghaeilge a athréimniú mar ghnáth theanga na hÉireann.
Nuair a mheabhraíonn tú ar an sprioc sin, leis féin, is leor é mar sprioc d’aon eagras. Fagtar an pholataíocht ag na polaiteoirí- is faoi phobal na Gaeilge atá sé tabhairt faoi na h-oibre seo maidir le h-athreimniú na teanga. Dar liom féin, má bhaintear amach an sprioc sin, beidh an saoirse atá de dhíth ormsa bainte amach agam…..
5 Comments »
Leave a comment
-
Archives
- July 2009 (14)
- June 2009 (68)
- May 2009 (51)
- April 2009 (51)
- March 2009 (44)
- February 2009 (50)
- January 2009 (43)
- December 2008 (28)
- November 2008 (29)
- October 2008 (51)
- September 2008 (36)
- August 2008 (25)
-
Categories
-
RSS
Entries RSS
Comments RSS


Aiméan.
Agus ó tharla iad a bheith ag glacadh le baill aonair anois, seans go rachaidh mé leo. (Níl an t-am agam do craobhacha, agus níor mhaith liom gan mo cion a dhéanamh dá mbeinn im bhall de chraoibh)
Is breá liom do chúinne, a Choncubhar.
Go raibh maith agat as cuairt a thabhairt a Mhichíl. Abair led chairde ar fad cuairt a thabhairt – beidh fáilte rompu i gcónaí.
fuair mé an teachtaireacht sin a choncubhair go raibh maith agat.An bhfuil ríomhphost eile agat seachas nuacht.com?
Tagaim leat, a Chonchubhar. Is cuma liom cén dearcadh amaideach atá ag aon dhuine maidir le cúrsaí polaitíochta. Ba bhreá a bhieth ag éisteacht leis agus ag díospóireacht leis trí mheán na Gaeilge. Tá jab mór go leor ag CnaG leis an Ghaeilge. Fag an Phoblacht Úr faoi dhaoine eile!