iGaeilge

- neamhspleach, laethúil, i nGaeilge

Bhí Comhdháil Mór i mBaile an Róistigh

Seo iarracht ar bhlagadóireacht bheo, mo chéad iarracht ar a leitheid.  Táim i láthair ag cruinniú poiblí atá á reachtáil ag an Roinn Ghnóthaí Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta le dul i gcomhairle leis an bpobal faoi phlean atá le cumadh chun an Ráiteas a fhíorú.   

Cruinniú tosnaithe - agus Seán  O Laighin ón Roinn ag tabhairt léargas ar an méid atá déanta go dtí seo, nach mór 18 mhí ón am a fhograíodh an ráiteas ar 20 Nollaig, 2006.   On méid atá ráite go dtí seo, is cosúil go bhfuil sé i gceist ‘caipéis criochnaithe’ a chur faoi bhráid an Rialtais ‘faoi dheireadh na bliana’ agus go ndéanfaidh siad san measúnú air sin agus uair eigean ina dhiaidh sin, i 2009/10/11, cá bhfios, beidh an plean ag teacht uatha….

Alan Titley, Ollamh le Gaeilge ag Coláiste na hOllscoile Corcaigh, atá sa chathaoir.  Sa chéad áit is í an earnáil oideachais atá faoi chaibidil:

  • Tomás Mac Gearailt ag moladh go mbeadh bainisteoirí lán aimseartha i mbun Gaelscoileanna. 
  • Fear ó Chloch na Caoilte ag moladh ‘Easy Irish On The Buses’ - is é sin go mbeadh ranganna Ghaeilge á chraoladh agus daoine ag taisteal ar bhusanna CIE.   Ba mhaith leis go n-ainmneofaí Mí na Márta mar mhí na Gaeilge.  
  • An Dochtúir Ciarán O Donnbháin ag moladh go mbeadh imeachtai tar éis scoile ann trí Ghaeilge.  Dúirt sé freisin go mbeadh gá le Daidí na Nollag le Gaeilge i gCorcaigh.
  • Adrian Breathnach ag moladh réabhlóide - cén fath go bhfuil an chaint sa ráiteas Rialtais ar pholasaithe ar pholasaithe a theip le 80 bliain ó shin. Réabhlóid atá de dhíth - go mbeadh gach ábhar á mhúineadh trí Ghaeilge i ngach bunscoil faoi cheann 40 bliain.  An bhfuil sin indéanta?
  • Roibeard O hUrdail ag léiriú imní gur ionann ‘Easy Irish’ agus ‘Pidgin Irish’.
  • Dónall O Murchú - Comhar na Múinteoirí Gaeilge.  Ualach litríochta ag an Ard Teist an trom.  Sa Fhrainncís, sa Ghearmáinis agus eile tá an béim ar chumarsáid.  

Na h-ealaíona

  • Dramaí Ghaeilge á choinneáil ó Amharclann na Mainistreach.
  • Gan leirmheasanna ar shaothair ealaíona Ghaeilge ar RTÉ. 

Na Meáin Cumaráide

  • Féach Cúig Mholadh Easca I
  • Cén fath go mbionn láithreoirí RTÉ ábalta teacht i láthair i nGaeilge le linn Seachtain na Gaeilge agus nach féidir leo í a labhairt an 50 seachtain eile den bhliain? 
  • Uair a chloig i nGaeilge gach lá ar staisiúin raidio áitiúla. 
  • Spreagadh cánach a thabhairt do chomhlachtaí an Ghaeilge a úsáid i bhfógraí nuachtáin agus teilifíse.
  • Gnath Ghaeilge a úsáid sna meáín cumarsáide.
Gnó agus Tráchtáil
  • An Ghaeilge beo ar feadh na mblianta ar iascaireacht/feirmeoireacht - anois tá an Ghaeilge le beathú i réimsí eile. 
  • Níos lú maorláithis ag teastáíl chun deontais a fháil chun gnóanna a bhunú.  Obair tionsclaíochta an Udaráis a thabhairt ar láimh go dtí Enterprise Ireland - Tomás Mac Gearailt, Bard na nGleann.
  • Liúntas cánach do lucht gnó níos mó úsáide a bhaint as an Gaeilge agus níos mó seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil. 
  • Moladh do Phádraig O Cuanacháin, ar dheis Dé go raibh a anam, as ucht an méid a rinne sé ar son na Gaeilge. 
  • Pól Ruiséal, Ionad na Gaeilge Labhartha:  An suim léirithe i gcúrsaí Ghaeilge do lucht gnó ag an tIonad. 
Stadas na Gaeilge
  • Pleanáil Teanga a bheith i gceartlár an phroisis phleanála sa tír agus daonra na tíre ag dul i méid, de reir gach tuar. 
  • Ionaid buail isteach i ngach baile le  h-aghaidh an Ghaeilge a spreagadh.   An Ghaeilge bheith in áit larnach i mbailte nua atá le togáil.
  • Riachtanas teanga Ollscoil na hÉireann a choinneáil slán.
  • An Post ag athrú seoltaí ar litreacha go Béarla.
Ginearálta
  • Is fearr Gaeilge briste ná Béarla cliste
  • “Smart kids don’t do honours Irish - they do pass Irish and count six honours.”
  • Paipéar II is a head wrecker
  • Moladh ag dul do Des Bishop, Brian Cowen agus eile. 
  • An Ghaeilge as a riocht le na teangacha eile. Ualú níos cothroime ar na scileanna éagsúla - léamh, scríobh, labhairt, éisteacht.  Sceannairt á dhéanamh ar an gcluas thuiscint.  An bhfuil bonn eolaíoch le Imlitir 0042/07?  Cé chuathas i gcomhairle leo? 
  • Stadas na Gaeile níos aírde ná riamh - ní h-ionann sin agus an Ghaeilge a bheith á labhairt níos mó ná riamh. 
  • Deja vú arís.  40 bliain ó shin ag cruinnithe mar seo roimhe - an mbeidh aon toradh ar an sraith cruinnithe seo nó ní raibh aon toradh ar na gcruinnithe sna 60í?
  • Tinreamh Aifreann Ghaeilge chathair Chorcaí an iseal.  Deineadh iarracht deireadh a chur leis anuraidh.  Aifreann 10rn ag Eaglais Naomh Peadar agus Pól gach Domhnach.  Bí ann. 
  • Eamon Lankford - níl múinteoirí i meanscoileanna ag labhairt a dhothain Gaeilge le daltaí mar níl Gaeilge a dhothain acu. Oiliúint de dhíth orthu. Spriocanna ag ollscoileanna. 
  • Aras na Díge le h-athnuachan.  

30 04, 2008 Posted by igaeilge | Uncategorized | | 2 Comments

Bertie an Chnoic

An Taoiseach, Bertie Ahern, i Washington n�os luaithe inniu

Sin é mar sin.  Slán le Bertie.  Bhuel, geall leis.  Nó an tseachtain seo chughainn beidh sé ag cur fáilte roimh an tUrramach Ian Paisley go láthair Cath na Bóinne agus, an trathnóna sin, ag tabhairt aghaidh ar Aras an Uachtaráin chun séala na h-oifige a thabhairt ar ais.   An maidin dar gcionn, agus tá creidiúint mhór ag dul do as seo, sílim, beidh sé ag tabhairt chuairt ar Chnoc An Arbhair le h-omós a léiriú do laochra 1916. 

Ní raibh morán Ghaeilge in oráid an Taoisigh ag Cnoc an Chapitol, is cinnte.  ’Ar dheis Dé’ amháin agus ‘go raibh maith agaibh’ ag an deireadh.  Ní bheimís ag súil le níos mó.  Ní h-aon Ghaeilgeoir mhór é Bertie.  B’fheidir anois go gcuirfidh sé an dua ar féin snás a chur uirthi agus é ar saoire, b’fheidir, i mBaile an Fheirtéaraigh….

An oráid féin, bhí sé mar a bheithfeá ag súil leis.  Ní raibh rud ar bith ná raibh ráite roimhe ráite inniu[Dé Chéadaoin] ach bhí cuid is mó den méid a dúradh ábharach agus substaintiúil. 

An mbainfidh lucht na n-inimirceach, na teifigh eacnamaíochta a theith ón dtír seo sna 80í agus sna 90í, an mbainfidh siad aon buntaiste nó leas as an meid a duirt Bertie, agus é ag lorg socrú speisialta, shamhlaíos, le gligint don dream atá mídhleathach (ar iarr aon dream inimircigh go Meirceá cead ó na dúchasaigh a bhí ann rompu agus mura d’iarr an gciallaíonn sin go bhfuil gach éinne a tháinig ó ré na Pilgrim Fathers ‘mídhleathach’?

Mhothaigh mé freisin go raibh RTE agus a leitheid ag iarraidh amadán a dheanamh de tre bheith ag déanamh comparáide idir é agus leitheidí Martin Luther King agus JFK, le pacáistí craoltóireachta dá reir ar Pat Kenny agus Ryan Tubridy ar an gCéadaoin.  Ní h-aon MLK nó JFK é Bertie Ahern - ní docha gur chreid sé féin amhlaidh riamh ach an oiread. 

Ach tá dream tímpeall ar Bhertie - ar nós an dream a bhí timpeall an Impire ná raibh aon éadaí á chaitheamh aige - agus bionn siad á lionadh le ‘noiseans’.  I bhfirinne mhothaigh mé go raibh sé cineal tragóideach go raibh an focal dheireannach ar ardán mhór - an uair dheireannach go gcraolfar a leitheid beo ar aon nós - i dTeach Comhdhála Mheiriceá seachas sa bhaile in Éirinn.  

Agus shíl mé ná raibh sé de cheart ag Bertie an ardán iasachta seo a usáid le h-aghaidh an cás a dhéanamh ar son Chonradh Liospóín.  Bíodh Ard Fheis aige sa bhaile chun a leitheid a dhéanamh.  Ar ndóigh, beidh sé speisiúil a fheiceáíl cé acu an mbeidh deis ag duine den lucht ‘Ní hea’ tuarisiciú den chineal céanna a fháil ar oráid ina luann sé/sí a naimhdeas don Chonradh seo.   

30 04, 2008 Posted by igaeilge | Uncategorized | | No Comments

Cúig Mholadh Éasca III

Anocht in Ostán Bhaile an Róistigh a reachtáilfear an chéad chruinniú i sraith de chruinnithe chomhairliúcháin ag lorg tuairimí ón bpobal le cur sa phleán atá á ullmhú, más fíor, ag an Rialtas chun ‘tír dhá theangach’ a bhaint amach faoi 2028, de reir an ráitis a fhograíodh i mí na Nollag 2006. 

Tá tagairt déanta agam do seo ar theachtaireacht eile ach is cinnte gurb é ceann de na fadbhanna is fad bhunaithe sa Stat go bhfuil easpa mhór téacsleabhair Ghaeilge sa scoileanna, idir bunscoileanna agus meanscoileanna Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.

An rud a chaithfear a dhéanamh gan a thuilleadh moille scéim a bhunú chun achmhainní oideachais a chur ar fáil do na scoileanna atá ag saothrú go dian i ngoirt na Gaeilge is na Gaeltachta. 

In áit bheith ag iarraidh teacht suas leis an earnáil Bhéarla, ní mór beartú anois chun go mbeidh earnáil na Gaeilge agus na Gaeltachta chun tosaigh.  An bealach a tharlódh seo go mbeadh ollshuíomh idirlíne ann le gach cineal achmhaine oideachais i nGaeilge le h-aghaidh na scoileanna seo.  Leaganacha Ghaeilge de na téacsleabhair, achmhainí le h-aghaidh ‘cláracha báin’ agus, le cois sin, cluichí riomhaireachta le brí oideachasúil.  

Le go n-oibreodh seo ba cheart go mbeadh fearas riomhaireachta den scoth i ngach scoil.  Creidim féin go bhféadfaí tús a chur le scéim phíolótach le go mbeadh riomhaire glúine ag gach dalta i scoil Gaeltachta agus Gaelscoile.  Ba cheart go mbeadh a leitheid ag gach dalta sa tír - sílim gur mhol Fine Gael é seo roimhe - ach má tá seo le tarlú, ba cheart scéim píolótach bheith ann agus gur cheart go mbeadh an scéim seo sa Ghaeltacht.  

Le go n-oibreodh seo ba cheart go mbeadh córas leathanbhanda maith i ngach mball den tír.  Ach seo rudaí atá de dhíth ar aon nós - mar sin ní bheadh aon chostas breise ag baint leis an moladh atá agamsa sa mhéid sin.  Agus tá gá leis an achmhainn idirlíon freisin - ach níl á mholadh agam ach go mbeadh an leagan Ghaeilge ann ar dtúis.  Bheadh sé go deas, nach mbeadh, dá mbeadh an leagan sa chéad teanga oifigiúil sa chéad áit don chéad uair….

30 04, 2008 Posted by igaeilge | Uncategorized | | 3 Comments

Baile na dTri nAinmneacha - An Daingean agus Dingle/Daingean úi[sic] Chúis

An Daingean
Geilleadh do na dúramáin inniu [Dé Máirt] sa Daingean nuair a chinn an Aire Comhshaoil John Gormley an ordú a deineadh maidir le h-ainm an bhaile bheith i nGaeilge amháin ar chómharthaí bóithre a athrú go dtí an leagan macarónach mílitrithe, Daingean úi [sic] Chúis.  Más cuimhin libh b’é an leagan seo a votáil tromlach mhór muintir an Daingin ar a shon i 2005 - sea, tá sé chomh fada sin ó shin.   Cás eile é seo den aineolas ag fáil an lámh in uachtar.  

Ag éisteacht le hAdhmhaidin ar maidin, is cosúil go bhfuil an dá thaobh sásta leis an moladh atá déanta ag an Aire Gomley. Níl sé soiléir chomh fada agus a bhaineann sé le Todhchaí na Gaeltachta de cén cur i láthair a dheinfear ar ainm an bhaile ar chomharthaí bóithre taobh amuigh den Ghaeltacht ach tá siad sásta gur i nGaeilge i nGaoluinn amháin a chuirfear i láthair é ar chomharthai taobh istigh den Ghaeltacht. 

Dar le Joe O’Toole, seanadóir ildánach Dingle/Daingean úi [sic] Chúis, is é seo léiriú den daonláthas áitiúil ag obair - agus táím ar shon an dhaonláíthis áitiúil.  An rud ar shíl me bheith suarach faoi fheachtas ‘Dingle/Daingean úi[sic] Chúis’ an slí ar mheall siad breaill na meáín Bhéarla le tacú leo go h-aineolach maslach.  Cé mhéid uair a chuala sibh ‘Taliban’ á thabhairt ar an dream a bhí in éadan Dingle/Daingean úi[sic] Chúis? Dá n-úsáidfí a leitheid sin de théarmaíocht ag cur síos ar dhream ar bith eile sa tír, bheadh míle murdair ann.   Ach tá cead, is cosúil, de reir cód aonteangach eiticí phreas na tíre, rud ar bith a thabhairt ar phobal na Gaeilge.   

29 04, 2008 Posted by igaeilge | Uncategorized | | 1 Comment

Ré na hIar Ghaeltachta

 

Ba spreagúil an chaint a craoladh ar sheó Mhairtín Mhic Dhonnchadha ar RTÉ RnaG ar maidin, oráid a thug an chraoltóír féin faoi Ghaeltachtaí Mhaigh Eo agus a thuiscint ar a gcás.    Dar leis gur miorúilt a bheidh ann má bhionn an Ghaeilge á labhairt mar theanga phobail i gcodanna do Mhaigh Eo i gceann deich mbliana, gur in ainneoin an Stat a tharlóidh sé agus gur de bharr seasmhacht na dteaghlach ansin seachas aon ní eile. 

Beidh an chaint ar fad ar fáíl mar phodchraoladh ar ball anseo.  B’fhiú eisteacht leis.   Chuala mé roinnt dá raibh le rá ag an gcraoltóir - agus d’aontaigh mé le cuid mhaith de.   Nach aisteach, mar shampla, go mbeadh daoine ag súil le h-aos óg na Gaeltachta bheith ag labhairt i nGaeilge 80+ bhliain tar éis bunú an Stait agus d’iachall orthu staidéar a dhéanamh ar théacsleabhair Bhéarla?  Conas go bhfuil na milliún Euro á chaitheamh ar aistriucháin go Gaeilge de théacsanna nach léitear i mBéarla nó i dteanga ar bith eile de chuid an Aontais a bhuí do Stadas, nó ar aistriúcháín Ghaeilge de thuarascáil bhliantúil Chóras Iompair Eireann seachas ar na téacsleabhair céanna atá éileamh orthu?     Dá mbeadh an saol cothrom bheadh an dhá rud ar fáil - ach féach go bhfuil idir báta agus cairéad á úsáid le cinntiú go mbeidh an leagan Ghaeilge de thuarascáíl CIE ar fáil ach tá daltai na Gaeltachta - agus na Gaelscolaíochta - fós ag iarraidh ciall a bhaint as leabhair Bhéarla le h-ullmhú dá scruduithe is eile. 

B’é an pointe ba láidre a bhí ag Mac Donnchadha gur cheart go dtuigfeadh an dream óg go raibh sé nadúrtha - ní h-ionann sin agus ‘cúl’ nó ‘gnéasúil’ - an Ghaeilge a labhairt.    Maith thú a Mhairtín!

Bhí an scéal seo ar phríomh leathnach Lá Nua inniu freisin.

29 04, 2008 Posted by igaeilge | Uncategorized | | No Comments

Cúig Mholadh Éasca II

Gran Turismo - cluiche Playstation a bhionn á imirt ag an t-aos óg  agus iad san nach bhfuil chomh h-óg

An dara moladh atá agam, baineann sé le cluichí freisin.  Cluichí riomhaireachta atá i gceist an uair seo áfach, cluichí do leitheidí an Playstation 3, an Wii agus an X-Box.  Bheadh orainn freisin leithéidí an PSP agus an Nintendo DS a chur san áireamh. 

Suas le €40-€70 a chosnaíonn na cluichí seo - san áireamh sa phraghas seo tá 21% cáin breis luacha.  

An moladh atá agamsa go dtabharfar spreagadh do chomhlachtaí agus do thuismitheoirí araon cluichí le leaganacha Ghaeilge a cheannach.  Mholfainn nach mbeadh aon gá CBL a íoc ar na cluichí seo, rud a mhaolódh an chostas ar thuismitheoirí agus, le cois sin, spreagfadh sin breis éilimh.   Os rud é go bhfuil sé mar sprioc ag an Rialtas an Ghaeilge a spreagadh i measc na n-óg, ba leor sin mar chúiteamh ar an easpa ioncaim. 

Mholfainn freisin go ndéanfaí coimisiúnú ar shraith chluichí ar leith bunaithe ar scéalta Fhionn Mhic Cumhaill agus Chú Chulainn.  Dá ndéanfaí margaíocht ar seo mar is ceart, d’fheadfadh sé bheith ina shruth ioncaim.   Agus cad faoi cluiche bunaithe ar ghramadach na Gaeilge, a la Test Your Brain - le h-aghaidh an DS….don aos fásta suas….?

Tá daoine ann a chreideann nár cheart go mbeadh paistí óga, idir buachaillí agus cailíní, ag imirt na gcluichí seo ach fhaid is atá siad tá sé chomh maith dúinn na cluichí a úsáid chomh fada agus gur féidir linn iad a mhealladh i dtreo na Gaeilge….

29 04, 2008 Posted by igaeilge | Uncategorized | | 1 Comment

Cúig Mholadh Éasca

 

Béarla is cosúil an chéad teanga oifigiúil a bheidh againn faoi 2028 - ach beidh an Ghaeilge againn má roghna�mid �?

An tseachtain seo, tá sé fógartha, cuirfear tús le sraith cruinnithe ina mbeidh cuireadh ag an bpobal a dtuairimí a thabhairt le cur san áireamh le h-aghaidh an phlean chun tír dhá theangach (Gaeilge agus ?) a dhéanamh d’Éirinn faoi 2028. 

Tá an t-eolas ar fad faoi na cruinnithe seo le fáil ar shuíomh idirlíne speisialta ach le cúnamh Dé beadsa i láthair ag Ostán Bhaile an Róistigh Dé Chéadaoin ag 7.30in nuair a bheidh an chéad chruinniú sa sraith ann.  Chuir sé íontas orm, áfach, gur cosúil gurb í an Bhéarla an chéad teanga ar an suíomh, www.plean2028.ie, agus go raibh ort leagan Ghaeilge a lorg den suíomh ina dhiaidh sin.  Nó b’fhéidir nár chuir sé íontas dá laghad orm….  Thóg sé ceist liom:  An é gurb é bun theachtaireacht an plean seo atá bunaithe ar Ráiteas an Rialtais i leith na Gaeilge, ráiteas a fhoilsíodh ar 20 Nollag 2006, agus gurb é seo an céad toradh feiceálach poiblí air, an é bun teachtaireacht an phlean seo go mbeidh an Bhéarla á mbrú ar an bpobal ar fad mar an gcéad teanga oifigiúil agus go mbeidh an Ghaeilge mar rogha ina dhiaidh sin?  An bhfuil sé sin sasúil? 

An tseachtain seo táim chun cúig mholadh a chur in bhúr láthair, ceann gach lá idir seo agus an Aoine.   Beidh sé d’aidhm ag na moltaí seo bealaí phraicticiúla leis an Ghaeilge a chur i mbéal an phobail a aimsiú gan aon chostas breise, nó gan morán chostas breise ar a laghad, a bheith ar aon dream dá  bharr.  Go deimhin d’fhéadfadh siad airgead a shábháíl ar an Stat, cuid acu.

Tá deireadh leis an dá shraith náísiúnta anois - agus iad ag ceiliúradh i dTiobrad Arann agus i nDoire a mbuanna san iomáint agus sa pheil faoi sheach sara dtosnaíonn na Craobh Chomórtais Uile Éireann i gceann coicíse nó mar sin.  Ar 24 Bealtaine beidh Cúige Mumhan ag imirt in éadan Toulouse i Staid na Mílaoise i gCaerdydd. Beidh foirne na hÉireann sa sacar agus i rugbaí ag imirt cluichí dúshláín le linn an tSamhraidh agus, ar ndóigh, beidh na Cluichí OIlimpeacha i mBéising roimh dheireadh an tSamhraidh.

Tá deis ag an Aire Cumarsáid beart a dhéanamh don Ghaeilge a thabharfaidh go libhéal eile úsáid na teanga LAITHREACH.   Is féidir leis rialú a dhéanamh i dtaobh gach imeacht atá ar an liosta d’imeachtaí spóírt atá d’iachaill orthu iad a bheith ar fáil ’saor go h-aer’ go gcaithfear na h-imeachtaí sin a bheith ar fáíl beo ar an dteilifís sa dhá theanga oifigiúíl náisiúnta.  Dá mba mhaith leis an Aire, Eamon Ryan, rud éigean a dhéanamh sa bhreis ar sin, arís gan chostas ar aon duine, d’fhéadfadh sé a rá le RTÉ nó cibé dream go bhfuil na cearta acu do na h-imeachtaí éagsúla, go bhfuil na cearta Ghaeilge á mbronnadh aige ar TG4, staisiún atá cruthaithe acu lena dtuairisciú cumasach spóirt, go bhfuil siad i ndán don dúshlán seo. 

Má tá cearta Ghaeilge ar fáíl le h-aghaidh Wimbledon agus Le Tour, níl aon chúis nach mbéidís ar fáil le h-aghaidh Cluichí Ceannais Peile agus Iomána na hÉireann.  Cheapfá.   

Bhúr mbarúil le bhúr dtoil….

 

28 04, 2008 Posted by igaeilge | Uncategorized | | 6 Comments

An Crann - Dráma na bliana

 

Ní minic a théim go dráma le déanaí.  Go deimhin ní minic a théim amach go h-imeacht chultúrtha las muigh den teach d’aon tsort.  Siontam é an easnamh seo gur beag an rud a bhéarfaidh aon fear - nó bean - le teaghlach paistí amach as an dteach de bharr costaisí gogamántachta agus deacrachtaí eile a bhaineann leis an ‘oíche amuigh’. 

Ach mura mbeadh an deis agam dul taobh amuigh den doras arís i mbliana, bhéinn sásta chomh fada is go raibh sé de phribhléid agam freastal ar oíche dramaíochta den chéad scoth in Ionad Chultúrtha Bhaile Bhuirne i gContae ChorcaÍ Dé hAoine.

Céad leiriú a bhí ann.  Dráma nua ó pheann neamh choitianta Liam O Muirthille, file, iriseoir agus dramadóir a thug ar an saol roimhe seo saothair ildánacha ar nós ‘An Tine Chnámh’ agus ‘Fear an Tae’. 

Chonac an dhá dhráma sin agus bhain mé sult astu.  Ach bhain mé an taitneamh ar fad go deo as an dráma nua seo - An Crann.  Dráma é ina raibh crann ag a lár ach bhí an crann agus an choill inar fhas sí faoi bhagairt ó lucht ‘forbartha’.  Dráma mar sin a bhí abharthach do saol na linne seo, trath go bhfuil Teamhair na Rí féin faoi bhagairt ó lucht forbartha. 

Beidh an dráma le feiscint ag an bhFéile Náisiúnta Dramaíochta i Luimneach an deireadh seachtaine seo chughainn. Tá sé le bheith ar an ardán oíche Dé hAoine ag 8.30in in Amharclann an Belltable.  Má tá tú i Luimneach nó gar do, ná caill an dráma seo.   Agus má tá tú i Luimneach fán thart ar son roinnt dramaí eile, leagan Ghaeilge de ‘The Odd Couple’ atá á léiriú ag Aisteoiri Bhréanainn agus saothar nua ó pheann Aodh O Domhnaill, An Campa, a bheidh á staitsiú ag Aisteoirí Bulfin. 

Ach, oiche Dé hAoine, b’é Baile Bhuirne príomh ionad an chultúir Ghaelaí, nó is dócha gurb é an t-aon áit sa tír go raibh dráma Ghaeilge ar ardán ann. 

Agus a leitheid de dhráma a léiríodh.  Bhí idir greann agus uafás, ceol agus filíocht, doimhneas agus spraoi ann gur dheacair gan bheith ar do shástacht. Thóg sé céisteanna faoin meas a bhí againn ar ár ndúlra, ar ár gcomhdhaoine, orainn féin.  Ní píosa símplí amharclannaíochta a bhí ann - ach ag an am chéanna, bhí rian mhaistriúil Liam Uí Mhathúna le braistint ann, a fheabhas is a tháinig na h-eilimíntí ar fad le chéile an dhá uair a mhair an dráma, idir aisteoireacht foirne, idir ceol agus greann, idir soilsiú, seit agus staitsíocht. 

Ní scaoilfidh mé aon rún faoin scéal - ach déirfidh mé an méid seo.  Tá ardán náisiúnta tuillte ag an dráma seo.  Is é seo an cineal dráma ar cheart a chur i láthair Amharclann na Mainistreach le cur ina luí ar an amharclann náisiúnta dráma sa teanga náisiúnta ‘eile’ a léiriú ar an ardán roimh dheireadh na bliana seo. 

Nuair a deirim gurb é seo dráma na bliana, dar liom, ní le droch mheas é sin don saothar úr ó Joe Steve O Neachtain, Faoi Dheireadh Thiar.  Nara fada go mbeidh deis agam an dráma brea sin, atá go leor dea thuairiscí léite agus cloiste agam ina thaobh, a fheiceáil i ndeisceart na tíre!

Liam O Muirthille, údar An Crann, ag glacadh le Gradam na hAmharclanna�ochta ón gComhlachas Náisiúnta Drama�ochta ag an gcéad léiriú


27 04, 2008 Posted by igaeilge | Uncategorized | | No Comments

Dia, polataíocht agus SAM

Tá an t-Urramach Jeremiah Wright i mbéal an phobail le cúpla mí anuas.  Is ar eaglais Wright a théann Barack Obama lena chlann gach Domhnach nó, is cirte a rá, gur Eaglais Wright a théidís gach Domhnach.

Tá fócas ar Wright de bharr an méid atá ráite aige ina chuid searmóíntí.  Mar shampla ar 16 Meán Fómhair 2001, rinne sé comparáid idir an sléacht a rinne lucht 9/11 ar Nua Eabhrac, Washington agus Pennsylvania, agus an sléacht a rinne SAM ar Hiroshima agus Nagasaki. 

“We bombed Hiroshima, we bombed Nagasaki, and we nuked far more than the thousands in New York and the Pentagon, and we never batted an eye,”

In agallamh atá déanta aige agus atá ar fáil anseo tá sé ráite aige gur cuireadh a ráitis as a riocht sa chiall is ná raibh ann ach ’soundbites’ ó searmóintí níos faide a thug míniú ar a bhí le rá aige.  Tá leitheidí O’Reilly ar Fox News tar éis bheith ag diriú ar Wright le tamall agus ní raibh aon deacracht ag Hillary Clinton ceisteanna a thogaint faoi ach an oiread.  (Dála an scéil, cad ab ainm don fear eaglasta a tháinig chuig Hillary agus Bill an uair go raibh siad faoi bhrú de bharr an scannaill faoi Monica Lewinsky agus an caidreamh a bhí ag an tUachtarán Clinton “leis an bean sin“. 

Cé eile ach Jeremiah Wright!

Ait an scéal go bhfuil an oiread san bainte ag an gcreideamh leis an bpolataíocht i SAM. Ní fhéadfadh a leitheid tarlú in Éirinn, an bhféadfadh?  

Freagra amháin ar an gceist sin.

Ian Paisley.

 

26 04, 2008 Posted by igaeilge | Uncategorized | | 1 Comment

An bealach a théann blag i bhfeidhm

Bhí mé ag éisteacht ar maidin le Newstalk - cathain a bheidh a leitheid ar fáil i nGaeilge? - agus chuala mé Lucinda Creighton TD, an t-é a toghadh i sean suiochán Michael McDowell ag caitheamh anuas ar Declan Ganley agus Ulick McEvaddy, beirt fhear gnó mór le rá atá in éadan Chonradh Liospóin.  Dar le Lucinda Creighton, bhí an cheangal idir an bheirt seo agus seirbhisí faisnéise Mheirceá agus ag saothrú go leor dá chomhlachtaí a bhuiochas de chonarthaí ó Roinn Stait Mheircea. 

Tá’n scéal ar fad ar fáil ar Indymedia, áít a dtugtar léargas an doimhin ar na nascanna idir Ganley, McEvaddy agus SAM. Má tá an méid a scriobhtar ansin fíor, is cinnte go bhfuil ceisteanna le freagairt ag an mbeirt, cad é an fíor údar ar chúl a dtacaíocht don bhFeachtas ‘Níl’. 

Ar maidin inniu, mar a dúirt, bhí an Teachta Creighton le clos ar Newstalk.  Bhí sí, is cosúil, tar éis alt Indymedia a léamh agus seo í anois ag togáil na ceiste thuas.    

Ag eascairt as sin táimse chun ceist a thogáil agus beidh mé ag súil go rachaidh sé i bhfeidhm ar pholaiteoir eigean chun gaoth a chur i seol na ceiste.  Cén fath nach gcuireann an tAire Cumarsáide, Eamon Ryan, ceangal ar chraoltóirí na tíre craoladh a dhéanamh i nGaeilge ar na h-imeachtaí móra spoirt atá ar an liosta go mbeadh siad ar fáil ’saor go h-aer’?  San áireamh ansin tá cluichí ceannais na hÉireann sa pheil agus san iomáint, cluichí idirnáisiúnta na hÉireann i sacar agus i rugbaí (agus i gcruicéad!), rasaí móra. 

 

26 04, 2008 Posted by igaeilge | Uncategorized | | 3 Comments