iGaeilge

- neamhspleach, laethúil, i nGaeilge

Pádraig Ó Cuanacháin – i bParrthas na nGael go raibh sé

Chuala mé an scéal inniu go raibh Pádraig Ó Cuanacháin ar shlí na firinne. Duine abea Pádraig a chuir an ‘gníomh’ i ‘ghníomhaí teanga’.  

Pádraig Ó Cuanacháin 1932-2008 

Is boichte sinn de bharr é bheith caillte ach is saibhre an tír agus an teanga de bharr an meid a rinne sé.Chas mé le Pádraig beagnach cúig bliain is fiche ó shin den chéad uair nuair a tháinig sé go Cúil Aodha le labhairt leis an óg eagras ann. Bhíos mar runaí ar Óg Eagras Chúil Aodha ag an am – Eoghan Ó Lionaird abea an chathaoirleach.   D’iarr sé orainn leacht cuimhneacháin a nochtadh do Sheán Ó Riordáin ar ar an teach inar saolaíodh an sár fhile i mBaile Mhuirne i nGaeltacht Mhúsgraí.  Agus sinn ag nochtadh an leachta seo, mhol Eoghan Ó Lionaird, ar iarratas ó Phádraig, go mbunófaí Gaelscoil i mBaile An Chollaigh mar leacht chuimhneacháin bheo ar an fhile.  Ar ndóigh bhí an obair déanta ag Pádraig Ó Cuanacháin roimhe sin agus an Fhomhar sin i 1983 – nochtadh an leacht i mí Bealtaine – osclaíodh an scoil, Gaelscoil Uí Riordáin.  Tá breis is scór bunscoil Ghaeilge oscailte i gCorcaigh ó shin agus dornán gaelcholáistí.   Tá athas orm gur chas mé ar fhear chomh gniomhach agus chomh h-eifeachtach le Pádraig.  Guím comhbhrón ar a bhean Nóirín agus ar a chlann.     Tá an príomhscéal faoi i Lá Nua inniu – www.nuacht.com 

3 03, 2008 - Posted by igaeilge | Uncategorized | , , | 4 freagra

4 freagra »

  1. [...] go bhfuil Gael Taca go brea bríomhar agus iad ag iompar an lochrann a thug bunaitheoir an eagrais, Pádraig O Cuanacháin a cailleadh níos luaithe i mbliana, agus an creideamh a bhí go smior ann an Ghaeilge a bheith [...]

    Pingback by Ealaíon agus CLG ar ais ar chlár an Oireachtais « iGaeilge | 10 10, 2008 | Reply

  2. [...] go bhfuil an seirbhís seo á chur ar fáil i gCorcaigh, bunait Ghael Taca. Bhí baint ag Pádraig O Cuanacháin leis an mbeart seo agus is cinnte go bhfuil baint nach beag ag muintir Mhúscraí, leitheidí [...]

    Pingback by Éacht an “Echo” « iGaeilge | 20 10, 2008 | Reply

  3. [...] nó díomua, i gceann coicise beidh an blag seo bliain d’aois agus tá súil agam roinnt fhorbairtí nua a fhogairt chun an ocáid – nó is ocáid dom é fiú [...]

    Pingback by iGaeilge | 17 02, 2009 | Reply

  4. [...] an chéad teachtaireacht le scéal tragóideach, bás obann is ró óg duine de laochra móra na Gaeilge, Pádraig Ó [...]

    Pingback by Tá iGaeilge aon bhliain d’aois inniu…. « iGaeilge | 2 03, 2009 | Reply


Leave a comment